Andria Buhagiar
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim
Rugadh Andria Buhagiar in 1979 in Attard (Málta). Rinne sí staidéar ag L-Università ta' Malta (Ollscoil Mhálta), áit ar bhain sí céim amach sa dlí agus san fhealsúnacht (B.A.) in 2000, dochtúireacht sa dlí (LL.D.) in 2003, agus ansin máistreacht i ndlí an Aontais Eorpaigh agus sa dlí comparáideach (M. Jur.) in 2004.
Glacadh isteach ag Barra Mhálta í in 2004, agus chuir Breitheamh Buhagiar tús lena gairmréim san Oifig um Iomaíocht Chóir, a bhí ceangailte leis an Rannán Tomhaltóirí agus Iomaíochta in Aireacht Iomaíochais agus Cumarsáide Mhálta, áit ar oibrigh sí go dtí 2007.
Ó 2007 go 2019, bhí sí ina Comhairleoir Dlí in Oifig Ard-Ionchúisitheoir Mhálta. Sa chomhthéacs sin, bhí sí ina ghníomhaire de chuid Mhálta, go háirithe, os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus rinne sí ionadaíocht ar Rialtas Mhálta i líon mór imeachtaí os comhair na Cúirte. Ghlac sí páirt freisin, de bhua a dualgas, in ionadaíocht an Rialtais os comhair chúirteanna Mhálta i ndíospóidí a bhain le dlí an Aontais.
Ag an am céanna, ó 2008 go 2012, mhúin sí dlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh agus dlí na maoine intleachtúla ag L-Università ta' Málta mar léachtóir ar cuairt agus ghlac sí páirt i gcoistí cosanta tráchtais maidir le dlí na hiomaíochta.
In 2020, ceapadh Breitheamh Buhagiar mar Leas-Abhcóide Stáit. Agus na dualgais sin á gcomhlíonadh aici, bhí sí, go háirithe, ina príomhchomhairleoir dlí Rialtas Mhálta maidir le dlí an Aontais Eorpaigh agus gníomhaire de chuid Mhálta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Ag an am céanna, shuigh Breitheamh Buhagiar ar Choiste Dlíodóirí agus Ionchúisitheoirí Dlí Mhálta. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i scrúdú ceisteanna a bhain le heagrú agus feidhmiú ghairm an dlí, chuir sí le machnamh ar chaighdeáin eiticiúla agus ghairmiúla is infheidhme maidir le cleachtóirí dlí agus bhí sí rannpháirteach in obair chun feidhmiú cuí riar an cheartais agus comhlíonadh caighdeán gairmiúil a chur chun cinn. Bhí na poist sin aici go dtí 2026.
Ceapadh í mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2026.
