Ivan Stoynev

Breitheamh

Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Ivan Stoynev in 1981 i Sóifia (an Bhulgáir). Bhain sé céim amach sa dlí in 2005 ó Sofiyski universitet ‘Sveti Kliment Ohridski’ (Ollscoil Shóifia ‘St Kliment Ohridski’, an Bhulgáir). Lean sé lena chuid staidéir in Université Paris-Panthéon-Assas (Ollscoil Páras-Panthéon-Assas, an Fhrainc), áit ar bhain sé máistreacht agus dochtúireacht amach i ndlí an Aontais Eorpaigh in 2007 agus in 2011 faoi seach.

Chuir Breitheamh Stoynev tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar dhlíodóir inmheánach in 2008. Ó 2013 go 2026, bhí sé ina abhcóide ag Barra Shóifia (an Bhulgáir).

Ag an am céanna, thug Breitheamh Stoynev faoi ghairm acadúil freisin. Ó 2013 go 2018, bhí sé ina léachtóir agus ina thaighdeoir, go háirithe i ndlí an Aontais Eorpaigh, ag Sofiyski universitet ‘Sveti Kliment Ohridski’, áit a raibh sé ina léachtóir sinsearach (le creidiúnú chun maoirseacht a dhéanamh ar thaighde) sa réimse sin ó 2018 i leith.

Chomh maith leis sin, mar chuid dá ghníomhaíochtaí teagaisc, ó 2018 go 2022, bhí sé freagrach as an gclár máistreachta idirnáisiúnta ‘Dlí an Aontais Eorpaigh’, a d’eagraigh Centre européen universitaire de l’université de Lorraine (Ionad Ollscoile Eorpach Ollscoil Lorraine) agus Sofiyski universitet ‘Sveti Kliment Ohridski’ i gcomhpháirt. In 2019, ceapadh é ina Uachtarán ar an gCoimisiún Saineolaithe maidir le hEolaíochtaí Sóisialta, Eacnamaíocha agus Dlíthiúla. Ó 2021 go 2026, mhúin sé Fraincis dlíthiúil in Institut français de Bulgarie (Institiúid na Fraince sa Bhulgáir). Ó 2024 go 2026, bhí sé ina shaineolaí náisiúnta ag an nGníomhaireacht Náisiúnta Meastóireachta agus Creidiúnaithe, agus é freagrach as aitheantas a thabhairt do dhioplómaí ardoideachais sa dlí a fuarthas thar lear.

Tá Breitheamh Stoynev ina údar ar an iliomad leabhar agus foilseachán dlí i réimsí dhlí an Aontais Eorpaigh, dhlí na hiomaíochta, an mhargaidh inmheánaigh agus dhlí an fhuinnimh.

Ceapadh Breitheamh Stoynev mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2026.

Ceangail le fondúireachtaí, eagraíochtaí nó institiúidí sna réimsí dlí, cultúir, ealaíon, sóisialta, spóirt nó carthanúla 

Ardrúnaí Chomhlachas Dlí Idirnáisiúnta na Bulgáire

Comhalta de Bhord Chomhlachas Iomaíochta na Bulgáire

Comhalta de Bhord Eagarthóireachta na hirise Advokatski pregled

Teidil agus gradaim onóracha

Chevalier de l’Ordre des Palmes académiques, arna cheapadh ag Aireacht Oideachais Náisiúnta agus Óige Phoblacht na Fraince (2023)