Cuairt ó Chúirt Uachtarach na Laitvia

An 19 agus 20 Deireadh Fómhair 2026, thug toscaireacht ó Chúirt Uachtarach na Laitvia, faoi stiúir an tSeanadóra Normunds Salenieks, Cathaoirleach Roinn na gCás Sibhialta, cuairt ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Chun fáilte a chur rompu, bhí Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais ann, mar aon le Comhaltaí na hinstitiúide ó Laitvia: Ineta Ziemele, Breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais; Laila Medina, Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais; Inga Reine, Breitheamh den Chúirt Ghinearálta; agus Pēteris Zilgalvis, Breitheamh den Chúirt Ghinearálta.

Tharla an chuairt i gcomhthéacs an dlúthchaidrimh sheanbhunaithe atá ag an gCúirt le cúirteanna náisiúnta na mBallstát agus thug sí deis an t-idirphlé breithiúnach a neartú a thuilleadh.

Dé Luain, an 19 Deireadh Fómhair, ghlac comhaltaí na toscaireachta agus chúirteanna an Aontais páirt in dhá sheisiún oibre inar cumhdaíodh:

  • bearta sriantacha i ndlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, lena n-áirítear a dtionchar ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar an gceart rochtana ar dhlíodóir
  • prionsabail dhlí iomaíochta an Aontais agus a n-ábharthacht i ndlíthíocht iomaíochta intíre

Thug na seisiúin sin deis do na rannpháirtithe páirt a ghlacadh i bpléití, tuairimí a mhalartú agus a dtaithí féin a roinnt maidir le hábhair leasa choitinn.

Bhí cur i láthair sa chlár freisin maidir le húsáid uirlisí IS agus maidir le hobair na Stiúrthóireachta um Thaighde agus um Dhoiciméadú.

Dé Máirt, an 20 Deireadh Fómhair, d’fhreastail an toscaireacht ar éisteacht Mhór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais i gCás C-506/25 Raukar-Gamulin agus Páirtithe eile.

Cuireadh clabhsúr leis an gcuairt le turas treoraithe timpeall ar fhoirgnimh na Cúirte.