Éisteacht: Cás C-474/25 Medienanstalt Berlin-Brandenburg
Dé Máirt an 3 Samhain 2026, éistfidh an Chúirt Bhreithiúnais Cás C-474/25 Medienanstalt Berlin-Brandenburg.
Chinn rialtóir meán ón nGearmáin, faoi dhlí na Gearmáine, go raibh ceangal ar sholáthraí seirbhíse sruthaithe fuaime arna bunú in áit eile san Aontas faisnéis áirithe faoi thrédhearcacht a dhéanamh infheicthe, inrochtana go díreach agus ar fáil i gcónaí ar a aipeanna. Rinne an soláthraí agóid i gcoinne an cheanglais sin, ag maíomh go sáraíonn sé prionsabal ‘na tíre tionscnaimh’ faoin Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus go bhfuil sé ar neamhréir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.
D’iarr cúirt na Gearmáine ar an gCúirt Bhreithiúnais an gcuirtear cosc leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha ar rialacha náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha meán arna mbunú i mBallstát eile faisnéis áirithe faoi thrédhearcacht a dhéanamh inrochtana ar a n-aipeanna.
Beidh an éisteacht seo ar fáil ar Curia Web TV ar ár suíomh gréasáin tar éis di a bheith críochnaithe.
San fhíseán thíos, tugann preasoifigeach na Cúirte forbhreathnú ar fhíorais an cháis agus ar na ceisteanna dlí atá i gceist.
