An féidir liom mo chás a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?
Is é an cúram atá ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná a chinntiú go n-urramaíonn institiúidí an Aontais agus na Ballstáit dlí an Aontais agus go gcuireann siad i bhfeidhm é ar an mbealach céanna.
Déanann sí é sin trí éisteacht le cásanna a thugtar os a comhair agus trí chinneadh a thabhairt ina leith.
Mar sin féin, tá na cineálacha cásanna ar féidir léi a éisteacht, agus cé atá in ann iad a thabhairt, sainithe go docht i gconarthaí an Aontais.
Ar an leathanach seo, mínítear duit cad iad na cásanna ar féidir a thabhairt os comhair na Cúirte agus cé a dhéanfaidh amhlaidh agus tugtar tuilleadh faisnéise duit maidir le cá háit ar cheart duit dul mura féidir leis an gCúirt do chás a éisteacht.
Tá dhá chúirt éagsúla i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta. Tá inniúlachtaí soiléire ag gach cúirt maidir leis na cásanna ar féidir leo éisteacht leo.
Tá tuilleadh eolais faoi na cúirteanna sin ar na leathanaigh a bhaineann leo (an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta).
Is mian liom agóid a dhéanamh i gcoinne dlí nó cinneadh den Aontas.
Is féidir le daoine aonair agóid a dhéanamh i gcoinne roinnt dlíthe nó cinntí den Aontas. Mar sin féin, tá rialacha ann atá sainithe go soiléir maidir leis an méid ar féidir agóid a dhéanamh ina leith.
Éisteann an Chúirt Ghinearálta na cásanna sin.
Chun cás a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta, ní mór don ghníomh a bhfuil conspóid á déanamh ina choinne:
- a bheith dírithe go díreach ar an duine. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás cinneadh lena ndéantar sócmhainní duine a chalcadh nó cinneadh iomaíochta lena bhforchuirtear fíneáil ar chuideachta; nó
- a bheith ina ghníomh rialála lena ndéantar difear díreach don duine sin agus nach bhfuil aon bheart cur chun feidhme eile ag teastáil ina leith chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm; nó
- a bheith bainteach go díreach agus go leithleach le staid dhlíthiúil an duine a thionscain an cás.
Tá brí an-sonrach le ‘dá chúram go díreach agus go leithleach’ i ndlí an Aontais. Ciallaíonn sé sin, cé nach n-ainmnítear an duine go díreach leis an ngníomh, go ndéanann sé difear do staid dhlíthiúil an duine sin mar gheall ar shaintréithe áirithe a dhéanann idirdhealú idir é agus gach duine eile.
An bhfuil dlíodóir de dhíth orm?
Tá.
Luaitear go sonrach i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta nach mór do dhlíodóir atá cáilithe chun cleachtadh os comhair cúirt Ballstáit gach cás a thaisceadh.
I bhfianaise chineál an-sonrach na gcásanna sa Chúirt Ghinearálta, moltar, dá bhrí sin, comhairle dlí a lorg sula dtionscnaítear cás.
Ní féidir liom íoc as dlíodóir. An féidir leis an gCúirt ceann a chur ar fáil?
Mura bhfuil sé d’acmhainn agat dlíodóir a fháil, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil.
Ba cheart iarratais ar chúnamh dlíthiúil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhFoirm um Chúnamh Dlíthiúil.
Is féidir an t-iarratas seo a dhéanamh gan cuidiú ó dhlíodóir.
Tabhair faoi deara nach féidir cúnamh dlíthiúil a dheonú ach amháin do chásanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Ginearálta.
Ní féidir leis an gCúirt Ghinearálta na caingne seo a leanas a éisteacht:
- agóid i gcoinne cinntí náisiúnta
- achomhairc i gcoinne breithiúnas ó chúirt náisiúnta
- agóid in aghaidh cinneadh ó chomhlacht idirnáisiúnta eile (mar shampla, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine)
- cásanna arna dtabhairt i gcoinne daoine aonair nó comhlachtaí náisiúnta eile
Déanfar cásanna agus iarratais ar chúnamh dlíthiúil chun cásanna den sórt sin a thabhairt a dhíbhe.
Is mian liom caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh in aghaidh an Aontais
Tugtar os comhair na Cúirte Ginearálta freisin cásanna ina n-éilítear damáistí as díobháil a rinneadh le caingne an Aontais.
Tá na rialacha céanna maidir le hionadaíocht dhlíthiúil agus cúnamh dlíthiúil maidir leis na cásanna sin i bhfeidhm (féach thuas).
Cásanna a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais
Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais cásanna arna dtionscnamh go díreach ag duine aonair a éisteacht. Tá a cásanna teoranta do na nithe seo a leanas:
- iarraidh ar réamhrialú ó chúirteanna náisiúnta
- cásanna idir Institiúidí an Aontais
- cásanna maidir le sárú arna dtionscnamh ag an gCoimisiún nó ag Ballstát in aghaidh Ballstát eile
- achomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta
Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais éisteacht le cásanna arna dtabhairt go díreach ag daoine aonair agus atá dírithe ar dhaoine eile, ar chuideachtaí nó ar údaráis náisiúnta — fiú i gcás ina mbaineann an cás sin le sárú líomhnaithe ar dhlí an Aontais. Sna cásanna sin, is iad na cúirteanna náisiúnta atá inniúil chun an cás a éisteacht agus chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ní cúirt achomhairc ó na cúirteanna náisiúnta í an Chúirt Bhreithiúnais.
Tá fadhb eile agam a bhaineann le dlí an Aontais. Cad is ceart dom a dhéanamh?
Toisc nach féidir cás a thabhairt go díreach os comhair na Cúirte, ní chiallaíonn sé sin nach féidir leat do chearta a úsáid.
Ag brath ar na himthosca, tá féidearthachtaí eile ann.
Cásanna in aghaidh daoine eile, cuideachtaí agus údaráis náisiúnta
Is cuid de dhlí náisiúnta gach Ballstáit é dlí an Aontais, rud a chiallaíonn gur féidir é a úsáid go díreach os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Is féidir le breithiúna náisiúnta dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go díreach sna cásanna atá os a gcomhair. Tugtar ‘éifeacht dhíreach’ dhlí an Aontais air sin.
Dá bhrí sin, má tá cás agat is mian leat a thabhairt n aghaidh cuideachta, duine eile, nó údarás náisiúnta, is féidir leat dul chuig an gcúirt náisiúnta inniúil. Is amhlaidh atá fiú i gcás ina bhfuil feidhm ag dlí an Aontais maidir le do chás.
Éistfidh an breitheamh náisiúnta le do chás ansin agus cuirfidh sé dlí an Aontais i bhfeidhm más iomchuí. Má thagann ceist chun cinn maidir leis an gcaoi ar cheart dlí an Aontais a chur i bhfeidhm nó a léiriú sa chás sin, nó an sáraíonn an dlí náisiúnta dlí an Aontais, is féidir le breithiúna náisiúnta ceisteanna a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Ag an bpointe seo, bheadh deis ag an duine a thug an cás, trína ndlíodóirí, a dtuairimí a chur in iúl don Chúirt Bhreithiúnais.
Freagraíonn an Chúirt Bhreithiúnais, nó ag brath ar an ábhar, an Chúirt Ghinearálta, na ceisteanna sin ansin agus cuireann sí an chúirt náisiúnta ar an eolas faoin léiriú ceart ar dhlí an Aontais. Ligeann sé seo do na breithiúna náisiúnta leanúint leis an gcás agus an dlí ceart a chur i bhfeidhm ar na fíricí os a chomhair. Féadfaidh na breithiúna sin cinneadh a dhéanamh ansin an bhfuil reachtaíocht agus cleachtais náisiúnta ag teacht le dlí an Aontais.
Ag brath ar na himthosca agus ar chastacht an cháis lena mbaineann, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach nó inmholta comhairle dlí a lorg.
Níl dlí an Aontais á urramú ag Ballstát nó ag údarás náisiúnta nó tá sé á chur i bhfeidhm go mícheart aige
Rogha 1 – Déan gearán leis an gCoimisiún Eorpach
Má tá gearán agat faoi Bhallstát den Aontas — mar shampla, má chreideann tú go bhfuil dlí an Aontais á shárú ag Ballstát, nó nach bhfuil a dhlíthe agus a chleachtais i gcomhréir le dlí an Aontais — d’fhéadfá gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún. Is é an Coimisiún an institiúid atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh dhlí an Aontais.
D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh mura bhfuil Treoir de chuid an Aontais trasuite ag Ballstát, nó má thug údarás náisiúnta neamhaird ar rialacha an Aontais nó má bhain sé míthuiscint as dlí an Aontais.
Scrúdóidh an Coimisiún do ghearán agus, má mheasann sé go bhfuil bunús maith leis, cuirfidh sé tús le nós imeachta oifigiúil i gcoinne an Bhallstáit sin.
D’fhéadfadh cás os comhair na Cúirte Breithiúnais a bheith mar thoradh air sin. Má chinneann an Chúirt i gcoinne an Bhallstáit, beidh sé d’oibleagáid ar an tír sin dlí an Aontais a chomhlíonadh.
Mura gcomhlíonann an Ballstát é go fóill, d’fhéadfadh an Coimisiún tús a chur le himeachtaí dlí ar leithligh agus a iarraidh ar an gCúirt fíneáil a ghearradh ar an mBallstát go dtí go gcomhlíonfaidh sé an méid sin.
- Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún, féach leathanach gréasáin an Choimisiúin maidir le do chearta bunúsacha san Aontas.
- Is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin freisin tríd an bhfoirm ghearáin a úsáid.
D’fhéadfadh sé go mbeadh Ionadaíocht an Choimisiúin i do Bhallstát in ann tuilleadh eolais a chur ar fáil duit.
Rogha 2 – Cás a thabhairt os comhair cúirt náisiúnta
Mar a luadh thuas, is féidir le cúirteanna náisiúnta dlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le cásanna a thugtar os a gcomhair. Dá bhrí sin, má mheasann tú nach bhfuil dlí an Aontais á chur i bhfeidhm i gceart, d’fhéadfadh sé go mbeifeá in ann cás a thabhairt os comhair cúirt náisiúnta i gcoinne údarás náisiúnta.
Más gá don chúirt náisiúnta, féadfaidh sí ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais.
Achomharc a dhéanamh i gcoinne breithiúnas cúirte náisiúnta
Ní cúirteanna achomhairc ó chúirteanna náisiúnta iad an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta. Ní féidir cás a chinn cúirt náisiúnta a thabhairt os comhair na gCúirteanna sin, fiú má bhaineann an cás le dlí an Aontais.
Gearán a dhéanamh faoi institiúid de chuid an Aontais
Má tá gearán agat faoi dhrochriarachán institiúide den Aontas, d’fhéadfá teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.
Sárú ar chearta an duine
Má bhraitheann tú gur sháraigh údarás náisiúnta do chearta an duine, d’fhéadfá do chás a thabhairt os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.
Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh éagsúil ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Cé go bhfuil Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lonnaithe i Lucsamburg agus gur institiúid den Aontas í, tá an Chúirt um Chearta an Duine lonnaithe in Strasbourg sa Fhrainc agus is cuid de Chomhairle na hEorpa í.
Éisteann an Chúirt um Chearta an Duine le cásanna a thionscnaítear i gcoinne tíortha a shínigh an Coinbhinsiún um Chearta an Duine. Chun cás a thabhairt, ní mór duit ‘gach leigheas intíre’ a ídiú ar dtús. Ciallaíonn sé sin úsáid a bhaint as na nósanna imeachta dlíthiúla atá ar fáil i do thír dhúchais, nó ar a laghad iarracht a dhéanamh iad a úsáid, sula dtéitear i muinín na Cúirte um Chearta an Duine.
Níl a fhios agam fós cad atá le déanamh. An bhfuil duine sa Chúirt ar féidir leo comhairle a chur orm maidir le mo chearta san Aontas Eorpach?
Níl. Ní féidir leis an gCúirt comhairle dlí a sholáthar do dhaoine aonair maidir lena sainfhadhbanna dlí. D’fhéadfadh sé sin dochar a dhéanamh d’obair na Cúirte dá dtiocfadh cás gaolmhar os comhair na Cúirte ina dhiaidh sin.
Mar sin féin, tá seirbhís comhairle saoránach agus gnó ag an Aontas Eorpach, ar a dtugtar Your Europe. Tá go leor eolais ar shuíomh gréasáin Your Europe faoi do chearta faoi dhlí an Aontais. Cuireann an tseirbhís Your Europe — Comhairle comhairle phearsantaithe ar fáil saor in aisce i dteangacha oifigiúla uile an Aontais chun cuidiú le fíorfhadhbanna a bhaineann le dlí an Aontais.
