Cearta tomhaltóirí

Tugann dlí an Aontais cosaintí láidre do thomhaltóirí, agus é mar aidhm leis cóir chothrom a chinntiú agus iad ag déileáil le gnólachtaí — go háirithe i réimsí amhail conarthaí, sábháilteacht táirgí agus faisnéis shoiléir. Bhí ról ríthábhachtach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh roinnt uaireanta maidir leis na cosaintí sin a shoiléiriú agus a neartú. Idir chosaint tomhaltóirí ar théarmaí éagóracha conartha agus seasamh lena gcearta agus iad ag siopadóireacht ar líne, chuidigh an Chúirt le cearta tomhaltóirí a mhúnlú agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais.

Cosaint tomhaltóirí

Cumhdaíonn cosaint tomhaltóirí faoi dhlí an Aontais raon leathan réimsí atá ceaptha idirbhearta cothroma, trédhearcacha agus sábháilte a áirithiú idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Trína cásdlí, shoiléirigh an Chúirt conas is ceart dlí tomhaltóirí an Aontais a thuiscint, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud na mBallstát uile. I measc na bpríomhcheisteanna tá:

  • Conas a áirithíonn an tAontas go gcuireann lipéadú táirgí eolais chruinn agus neamh-mhíthreorach ar fáil do thomhaltóirí?
  • Cad iad na cineálacha cleachtas tráchtála atá toirmiscthe faoi dhlí an Aontais chun tomhaltóirí a chosaint ar iompraíocht mhíthreorach nó ionsaitheach?
  • Conas a chosnaíonn dlí an Aontais tomhaltóirí nuair atá táirgí lochtach nó ‘nach bhfuil i gcomhréir’ leis an gconradh díolacháin?
  • Cén chaoi a gcosnaíonn dlí an Aontais tomhaltóirí ar théarmaí éagóracha conartha, go háirithe i gcásanna a bhaineann le hiasachtaí airgeadra eachtraigh agus rioscaí ráta malairte?

Ceanglais maidir le lipéadú

Bunchloch de chosaint tomhaltóirí san Aontas Eorpach is ea lipéadú soiléir agus cruinn ar tháirgí. Ba cheart go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas go leormhaith faoi na comhábhair sa bhia agus sa deoch a cheannaíonn siad ionas gur féidir leo cinntí eolasacha a dhéanamh faoina n-aiste bia.

In 2014, d’fhiafraigh cúirt Ghearmánach den Chúirt Bhreithiúnais an bhféadfadh lipéadú bia a bheith míthreorach dá gcruthódh sé barúil bhréige, fiú nuair a bhíonn liosta na gcomhábhar cruinn. Dhíol Teekanne tae torthaí ina raibh pictiúir de shútha craobh agus bláthanna fanaile ar a phacáistiú, mar aon le tuairiscí amhail ‘blastáin nádúrtha’ agus ‘blas sú craobh-fanaile’. I ndáiríre, ní raibh aon chomhábhar sútha craobh ná fanaile sa tae. Rialaigh an Chúirt go bhféadfadh lipéadú táirge a bheith míthreorach má thugann sé le fios go bhfuil comhábhair ann nach bhfuil sa táirge i ndáiríre — fiú má tá liosta na gcomhábhar ceart agus cuimsitheach. Tá tomhaltóirí i dteideal faisnéis cheart, neodrach agus oibiachtúil nach bhfuil míthreorach (C-195/14 Teekanne).

An bhliain chéanna, d’iarr cúirt Fhrancach treoir ón gCúirt Bhreithiúnais i gcás a bhainn le cion sóidiam in uisce mianraí buidéalaithe. In 2009, d’ordaigh údaráis na Fraince do Neptune Distribution — díoltóir na n-uiscí mianraí súilíneacha Saint-Yorre agus Vichy Célestins — deireadh a chur le maímh go raibh na huiscí íseal i salainn nó sóidiam, amhail ráitis go raibh an cion salainn ‘níos lú ná lítear bainne’. D’fhiafraigh an chúirt Fhrancach den Chúirt Bhreithiúnais ar cheart an cion sóidiam a ríomh bunaithe ar shalann boird amháin (clóiríd sóidiam) nó ar cheart gach cineál sóidiam a áireamh ann, amhail décharbónáit sóidiam. Rialaigh an Chúirt nach mór gach cineál sóidiam — salann boird agus décharbónáit sóidiam — a léiriú ar phacáistiú an uisce bhuidéalaithe. D’fhéadfaí an tomhaltóir a chur amú dá dtabharfaí tuairisc ar uisce mianraí a bheith íseal i salann ach go raibh leibhéil arda décharbónáite sóidiam ann (C-157/14 Neptune Distribution).

Cleachtais tráchtála ionsaitheacha agus mhíthreoracha

Cuireann dlí an Aontais toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha, mhíthreoracha agus ionsaitheacha a d’fhéadfadh iompar eacnamaíoch tomhaltóirí a shaobhadh. Is féidir a áireamh ar na cleachtais sin fógraíocht bhréagach, táillí ceilte agus oirbheartaíocht díolacháin meabhlacha, rud a d’fhéadfadh tomhaltóirí a spreagadh chun cinntí a dhéanamh nach ndéanfadh siad murach sin.

In 2011, d’fhiafraigh cúirt sa Ríocht Aontaithe den Chúirt Bhreithiúnais an gceadaíonn dlí an Aontais do ghnólachtaí aon táille a ghearradh ar thomhaltóirí, fiú táille bheag, chun duais a éileamh ar dúradh leo a bhí buaite acu. Bhí ábhair fógraíochta á seoladh ag cúig chuideachta sa Riocht Aontaithe, ag cur in iúl do na faighteoirí go raibh duais buaite acu ach a d’éiligh orthu glaoch ar uimhreacha ardráta agus teachtaireachtaí SMS a sheoladh chun an duais a fháil. Chuir na cuideachtaí de cheangal ar fhaighteoirí táillí breise a íoc chun tairbhe a bhaint as a nduais: mar shampla, thairg roinnt promóisean crús Meánmhara, ach bhí ar na buaiteoirí íoc freisin as árachas, uasghrádú cábáin, bia, deochanna agus táillí calafoirt. Dúirt an Chúirt go bhfuil cosc ar chleachtais ionsaitheacha ag trádálaithe a chuireann tomhaltóirí amú agus iad ag ceapadh gur bhuaigh siad duais, cé go gceanglaítear orthu táille de chineál éigin a íoc chun an duais a fháil. Is amhlaidh atá fiú más táille íosta í i gcomparáid le luach na duaise nó mura mbaineann an trádálaí tairbhe dhíreach aisti (C-428/11 Purely Creative). 

In 2015, tharchuir cúirt Ghearmánach cás chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an gcuideachta Comtech, a d’úsáid uimhir theileafóin speisialta 0180 le haghaidh seirbhís iardhíola. Cé go n-úsáidtear an réimír 0180 le haghaidh seirbhísí tacaíochta ar ráta náisiúnta de ghnáth, bhí glaonna ar an uimhir sin níos costasaí ná gnáthuimhir líne talún nó fón póca. Rinne grúpa Gearmánach um chosaint tomhaltóirí agóid ina choinne sin mar chleachtas tráchtála éagórach. Rialaigh an Chúirt nár cheart costas na nglaonna ar uimhir iardhíola a bheith níos mó ná costas glao chaighdeánaigh. Trí rátaí níos airde a ghearradh, d’fhéadfaí tomhaltóirí a dhíspreagadh ó línte cabhracha a úsáid chun eolas a lorg nó chun a gcearta tomhaltóirí a dhearbhú, rud a bheadh ina chleachtas tráchtála éagórach (C-568/15 Zentrale zur Bekämpfung unlauteren Wettbewerbs Frankfurt am Main).

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, tharchuir cúirt Iodálach cás chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir le ‘díol gan iarraidh’, lena mbaineann íocaíocht a éileamh as táirgí nó seirbhísí a soláthraíodh do thomhaltóir nár iarr an tomhaltóir dóibh. Bhain an cás le Wind Tre agus Vodafone Italia, a dhíol cártaí SIM le seirbhísí idirlín agus glórphoist réamhluchtaithe agus réamh-ghníomhachtaithe, ag gearradh táillí ar úsáideoirí mura n-iarrann siad go sainráite orthu iad a dhíghníomhachtú. Níor cuireadh tomhaltóirí ar an eolas go leordhóthanach faoi na muirir sin, agus d’fhéadfadh naisc a bheith mar thoradh ar an tseirbhís idirlín fiú gan an t-úsáideoir a bheith ar an eolas mar gheall ar aipeanna ‘síor-reatha’. Thug an Chúirt faoi deara gurb ionann an cleachtas sin agus ‘díol gan iarraidh’ agus cleachtas tráchtála éagórach agus ionsaitheach. Ní féidir le tomhaltóirí ‘glacadh faoi shaoirse’ leis na seirbhísí sin mura raibh siad curtha ar an eolas faoina gcostas nó faoin bhfíoras go ndearnadh iad a réamhghníomhachtú agus a réamhlódáil ar an gcárta SIM (C-54/17, C-55/17 Wind Tre).

Táirgí lochtacha

Faoi dhlí an Aontais, ní mór do gach táirge cloí leis na sonraíochtaí a leagtar amach sa chonradh díolacháin. Ciallaíonn sé sin nach mór do tháirgí an tuairisc, an cháilíocht, an fheidhmiúlacht agus an cuspóir a chomhlíonadh. Ina theannta sin, ní mór dóibh a bheith oiriúnach dá ngnáthúsáid, aon sampla nó samhail a thaispeántar a mheaitseáil, na gabhálais uile is gá a áireamh, agus ionchais réasúnta tomhaltóirí a chomhlíonadh.

In 2013, d’iarr cúirt Ollannach treoir ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le cás a thionscain Faber. I mí Mheán Fómhair 2008, chuaigh carr athláimhe Faber trí thine agus scriosadh go hiomlán é ceithre mhí tar éis di é a cheannach. D'áitigh Faber go raibh an garáiste inar cheannaigh sí an carr freagrach. Mar sin féin, bhí díospóid ann leis an ngaráiste go raibh sé faoi dhliteanas agus, ós rud é gur cuireadh an carr á bhriseadh cheana féin, ní fhéadfaí aon imscrúdú a dhéanamh. Chinn an Chúirt go nglactar leis go raibh aon locht ar tháirge a thagann chun solais laistigh de shé mhí ó sheachadadh an táirge ann nuair a seachadadh an táirge. Cé nach mór don tomhaltóir a chruthú gurbh ann don locht, agus gur tháinig sé chun solais laistigh de shé mhí, ní gá dó cúis an lochta ná a thionscnamh a chruthú (C-497/13 Froukje Faber).

Roinnt blianta roimhe sin, d’iarr cúirt Ghearmánach ar an gCúirt Bhreithiúnais an gceadaítear le dlí an Aontais do dhíoltóirí cúiteamh a ghearradh ar thomhaltóirí as úsáid táirgí atá lochtach sula ndéantar iad a ionadú. Sa chás sin, thug tomhaltóir Gearmánach sorn lochtach ar ais chuig Quelle, siopa a dhíolann earraí tí, a chuir fearas nua ina ionad ach a ghearr táille €69.97 uirthi as an bhfearas bunaidh a úsáid. Dúirt an Chúirt nach gceanglaítear ar thomhaltóirí cúiteamh a íoc le díoltóirí as táirgí lochtacha a úsáid sula n-athsholáthraítear iad. Tá díoltóirí freagrach as lochtanna an táirge, agus mar sin ní mór dóibh na hiarmhairtí a sheasamh (C-404/06 Quelle).

Trí bliana ina dhiaidh sin, d’iarr dhá chúirt Ghearmánacha ar an gCúirt Bhreithiúnais an gceanglaítear le dlí an Aontais ar dhíoltóirí na costais a bhaineann le táirgí lochtacha a bhaint agus le hathsholáthair a shuiteáil a chumhdach. Sa chéad chás, cheannaigh an Wittmer tíleanna snasta, ach tar éis suiteála, d’aimsigh sé lochtanna a d’éiligh athsholáthar iomlán na dtíleanna — rud a chosain níos mó ná ceithre oiread an bhunphraghais. Sa dara cás, cheannaigh Putz miasniteoir a bhí lochtach. D’aontaigh sí leis an díoltóir go bhféadfaí an miasniteoir a athsholáthar, ach d’éiligh sí ar an díoltóir an meaisín lochtach a bhaint agus an fearas athsholáthair a shuiteáil, nó íoc as an gcostas a bhaineann le baint agus suiteáil an fhearais nua. D’aontaigh an Chúirt le Putz. Thug sí faoi deara, áfach, gur féidir aisíocaíocht chostas an aistrithe agus na suiteála nua a theorannú bunaithe ar luach an táirge i gcomhréireacht agus ar mhéid a n-easpa comhréireachta  (C-65/09 agus C-87/09 Gebr. Weber agus Putz).

Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra

Foráiltear le dlí an Aontais nach bhfuil tomhaltóirí faoi cheangal ag téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích le díoltóirí nó soláthraithe. Is é is aidhm don phrionsabal sin, a leagtar amach sa Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha, tomhaltóirí a chosaint ar mhí-chothromaíochtaí i gcearta agus oibleagáidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gconarthaí caighdeánacha nach ndéantar idirbheartaíocht aonair orthu. Rialaigh an Chúirt ar go leor cásanna sa réimse sin.

I sraith cásanna, iarradh ar an gCúirt a mhíniú an gá do chúirteanna náisiúnta scrúdú a dhéanamh, as a stuaim féin, an bhféadfadh téarma i gconradh a bheith éagórach.

I gcás amháin, bhí tomhaltóir Ungárach, Sustikné Győrfi, faoi cheangal clásal ina conradh fóin póca inar ainmníodh cúirt ar leith de chuid na hUngáire mar chúirt atá freagrach as aon díospóid a bhaineann leis an gconradh a éisteacht. Bhí an chúirt sin 275 km óna baile, agus bhí naisc iompair phoiblí theoranta aici. I gcás a tugadh os a comhair ina dhiaidh sin, d’fhiafraigh an chúirt sin an raibh an téarma éagórach. Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach mór do chúirteanna náisiúnta scrúdú a dhéanamh, as a stuaim féin, an bhfuil téarmaí conartha éagórach — fiú mura n-ardaíonn an tomhaltóir an tsaincheist (C-243/08 Pannon GSM).

I gcás níos déanaí, shoiléirigh an Chúirt go raibh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le himeachtaí dócmhainneachta freisin. Tháinig an cás sin chun cinn nuair a iarradh ar lánúin Sheiceach iasacht tomhaltóra a aisíoc ina hiomláine mar aon le pionóis throma as mainneachtain urghabháil maoine roimhe sin a nochtadh. Luaigh an Chúirt freisin nach mór do chúirteanna náisiúnta a áirithiú go soláthraítear an fhaisnéis a áirítear i gcomhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí ar bhealach soiléir agus gonta (C-377/14 Radlinger agus Radlingerová).

Sa tríú cás, shoiléirigh an Chúirt freisin an oibleagáid sin i leith téarmaí uile conartha a fhíorú, fiú nuair nach ndéanann an tomhaltóir agóid ina gcoinne. Tháinig sé sin chun cinn i gcás Ungárach inar thug tomhaltóir, Lintner, agóid i gcoinne clásail i gconradh iasachta a chuir ar chumas an bhainc an conradh a athrú go haontaobhach, ach ní gnéithe eile a d’fhéadfaí a mheas a bheith éagórach freisin (C-511/17 Lintner v UniCredit Bank Hungary).

Mhínigh an Chúirt freisin, áfach, na teorainneacha atá le ról na gcúirteanna náisiúnta. Laghdaigh cúirt Spáinneach méid an úis ar íocaíocht dhéanach in iasacht cairr ó 29 % go 19 %. Mar fhreagra ar cheist ó chúirt níos airde a d’éist le hachomharc, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais nach féidir leis na cúirteanna náisiúnta athbhriethniú a dhéanamh ar ábhar téarma éagórach i gconradh – ní mór dóibh ach an téarma a chur ar ceal. (C-618/10 Banco Español de Crédito).

Samplaí de théarmaí éagóracha

In 2022, d’fhiafraigh cúirt Pholannach den Chúirt Bhreithiúnais an bhfuil costais chreidmheasa neamhúsmhara éagórach má tá siad ró-ard i gcomparáid leis an tseirbhís a sholáthraítear. Rinne triúr tomhaltóirí Polannacha comhaontuithe creidmheasa lena n-áirítear costais agus táillí breise suntasacha, cuid acu a d’éiligh íocaíochtaí in airgead tirim ag baile an tomhaltóra. Rialaigh an Chúirt go bhfuil téarma conarthach éagórach má chruthaíonn sé éagothroime shuntasach i gcearta na bpáirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra — mar shampla, más léir go bhfuil costais neamhúsmhara díréireach le méid na hiasachta nó na seirbhíse a sholáthraítear (C-321/22 Provident Polska).

Bliain ina dhiaidh sin, d’iarr cúirt Laitviach treoir maidir le cás a bhain le conradh 15 bliana idir imreoir cispheile óg agus cuideachta a thairgeann seirbhísí forbartha gairme. Chumhdaigh an conradh seirbhísí éagsúla lena n-áirítear oiliúint, tacaíocht leighis agus margaíocht, mar mhalairt ar 10 % de ghlanioncam an imreora ó ghníomhaíochtaí spóirt gairmiúla. De réir mar a d’éirigh leis an imreoir, bhí a thuilleamh os cionn €16 mhilliún, rud a spreag íocaíocht os cionn €1.6 milliún leis an gcuideachta. Ceistíodh cothroime an ghealltanais fhadtéarmaigh sin a d’fhéadfadh a bheith ródhian faoi dhlí an Aontais. Rialaigh an Chúirt go bhféadfaí a mheas go bhfuil na téarmaí sin éagórach. Bhí ar an gcúirt náisiúnta measúnú a dhéanamh ar a gcothroime, agus é á chur san áireamh an bhfuil na téarmaí soiléir agus intuigthe. Ní mór na téarmaí a bheith trédhearcach freisin: ní mór faisnéis leordhóthanach a sholáthar don tomhaltóir chun meastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí airgeadais an ghealltanais (C-365/23 Arce).

Iasachtaí in airgeadraí eachtracha

Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais freisin ar roinnt cásanna a bhaineann le hiasachtaí a thógtar amach in airgeadraí eachtracha, agus scrúdaigh sí an bhfuil téarmaí na n-iasachtaí sin — go háirithe maidir le rioscaí an ráta mhalairte — cothrom agus soiléir do thomhaltóirí. D’éist an Chúirt go leor cásanna inar thóg tomhaltóirí iasacht amach in airgeadra eachtrach agus, tar éis athruithe ar an ráta malairte, ina raibh aisíocaíochtaí i bhfad níos airde os comhair an tomhaltóra.

Chinn an Chúirt, agus iasacht á deonú acu in airgeadra eachtrach, nach mór do bhainc faisnéis leordhóthanach a sholáthar chun go mbeidh tomhaltóirí in ann cinntí stuama agus eolasacha a dhéanamh. Ní mór do thomhaltóirí a bheith in ann iarmhairtí airgeadais na dtéarmaí conartha sin a thuiscint agus a mheas go hiomlán (C-186/16 Andriciuc agus páirtithe eile). Leathnaigh an Chúirt ar an rialú sin i gcás eile, á rá nach mór téarma riosca malairte eachtraí a bheith soiléir don tomhaltóir, ina fhoclaíocht agus ina thionchar araon  (C-51/17 OTP Bank agus OTP Faktoring).

Shoiléirigh an Chúirt freisin, i gcás ina dtógann tomhaltóir iasacht amach in airgeadra eachtrach agus nach eol dó go bhfuil téarma sa chomhaontú éagórach, nach féidir leo a bheith faoi réir aon tréimhse teorann chun méideanna a aisíoc bunaithe ar an téarma sin. Luaigh sé freisin nach bhfuil an fhaisnéis a chuir an t-iasachtóir ar fáil faoin riosca malairte eachtraí trédhearcach má ghlacann sé leis go bhfanfaidh an ráta malairte cobhsaí le linn thréimhse na hiasachta (C-609/19, C-776/19, C-782/19 BNP Paribas Personal Finance).

Cosaint tomhaltóirí ar líne

Sa ré dhigiteach, tá an tsiopadóireacht ar líne ina dlúthchuid den saol laethúil anois, rud a athraíonn an chaoi a gceannaíonn tomhaltóirí earraí agus seirbhísí. Mar sin féin, cé go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar an miondíol mar gheall ar an méadú atá tagtha ar an tsiopadóireacht ar líne sa ré dhigiteach, tá dúshláin agus rioscaí uathúla tugtha isteach aige freisin do thomhaltóirí. Bhí go leor díospóidí os comhair na Cúirte maidir le cearta tomhaltóirí agus iad ag siopadóireacht ar líne. I measc na bpríomhcheisteanna:

  • Cad iad na heisceachtaí ar ‘cheart chun tarraingt siar’ tomhaltóirí agus iad ag siopadóireacht ar líne?
  • Conas ba cheart cnaipí ordaithe a lipéadú chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoina ‘oibleagáid íocaíochta’?

An ceart chun tarraingt siar

Is é an “ceart chun tarraingt siar” an ceart atá agat mar thomhaltóir d’intinn a athrú faoi rud a cheannaigh tú “go cianda”. Bhí sé beartaithe ar dtús ceannacháin trí ordú catalóige agus trí phostdíol a chumhdach, tá an fheidhm chéanna aige anois maidir le ceannach ar líne agus is gné bhunúsach den tsiopadóireacht ar líne é. Faoi dhlí an Aontais, bíonn 14 lá ar a laghad ag tomhaltóirí ón dáta a dhéantar a gceannach a sheachadadh chun a gceart chun tarraingt siar a fheidhmiú. Gan aon chúis a thabhairt, is féidir leat do cheannachán a thabhairt ar ais ar aisíocaíocht iomlán.

Aisíocaíocht costais seachadta

In 2008, ardaíodh an cheist an raibh custaiméir i dteideal aisíocaíocht a fháil, ní hamháin costas an táirge ach na costais seachadta freisin. Thug comhlachas tomhaltóirí Gearmánach an cás i gcoinne cuideachta postdíola, Heinrich Heine. Ghearr Heine ráta caighdeánach €4.95 lena sheachadadh. Má cuireadh táirgí ar ais, níor aisíocadh an tsuim sin. Dúirt an Chúirt go gcuirfeadh sé sin bac ar thomhaltóirí a gceart chun tarraingt siar a fheidhmiú. Dá bhrí sin, b’éigean na costais seachadta a aisíoc. Mar sin féin, dúirt an Chúirt go bhféadfaí a iarraidh ar an tomhaltóir an costas a bhaineann leis an táirge a sheoladh ar ais a íoc. D’fhágfadh sé sin go mbeadh sciar cothrom de na costais idir an tomhaltóir agus an díoltóir (C-511/08 Heinrich Heine).

Filleadh tar éis tréimhse fhada

In 2007, d’iarr cúirt Ghearmánach ar an gCúirt Bhreithiúnais an gcaithfidh tomhaltóir cúiteamh a thabhairt don díoltóir as na hearraí a úsáid sula dtugann sé ar ais iad. Cheannaigh Messner ríomhaire glúine athláimhe ar líne ach chinn sí é a sheoladh ar ais tar éis ocht mí. Cé go raibh sé sin lasmuigh den ghnáth-thréimhse chun tarraingt siar, ní bhfuair Messner fógra éifeachtach maidir le dáta tosaigh na tréimhse sin, mar a cheanglaítear le dlí na Gearmáine. D’áitigh an díoltóir, i gcás ar bith, gur ghá do Messner cúiteamh a íoc leo don tréimhse 8 mí inar úsáid sí an ríomhaire glúine, agus chuir sé in iúl go gcosnódh sé méid áirithe airgid chun ríomhaire comhchosúil a fháil ar cíos ar feadh tréimhse 8 mí. Chinn an Chúirt nach gceanglaítear ar thomhaltóirí a fheidhmíonn a gceart chun tarraingt siar íoc as earraí a úsáid mura rud é gur bhain siad úsáid astu ar bhealach míréasúnta, amhail contrártha do phrionsabal an mheoin mhacánta. Cuireann an ceart sin ar chumas tomhaltóirí na táirgí a scrúdú agus triail a bhaint astu gan aon eagla roimh phionós airgeadais (C-489/07 Pia Messner).

Coinníoll na dtáirgí a cuireadh ar ais

Ardaíodh ceisteanna freisin maidir leis an gcoinníoll nach mór do táirgí a bheith ann nuair a chuirtear ar ais iad, go háirithe maidir le sláinteachas.

In 2017, d’iarr cúirt Ghearmánach ar an gCúirt Bhreithiúnais in 2017 treoir a thabhairt maidir le cás a bhain le tocht a thabhairt ar ais nuair a bhain an custaiméir sceo cosanta a chlúdaigh an tocht sular cuireadh ar ais é. Rialaigh an Chúirt nach bhféadfadh baint sceo cosanta cosc ​​a chur ar thomhaltóir a gceart chun tarraingt siar ó cheannacháin ar líne a fheidhmiú. Thug sí faoi deara go bhféadfaí an tocht a ghlanadh nó a dhíghalrú, cosúil leis an gcaoi a láimhseálann miondíoltóirí éadaí táirgí a thugtar ar ais, ionas go bhféadfaí an t-earra a athdhíol ansin (C-681/17 slewo).

Ticéid le haghaidh imeachtaí

Tá teorainneacha leis an gceart chun tarraingt siar, áfach. Foráiltear go sainráite i ndlí an Aontais nach féidir le custaiméirí tarraingt siar ó cheannach ticéad le haghaidh gníomhaíochtaí fóillíochta atá ceangailte le dátaí sonracha. Is é is aidhm dó sin eagraithe imeachtaí a chosaint ar chealuithe ag an nóiméad deireanach, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé deacair ticéid a athdhíol. I gcinneadh in 2022, dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil feidhm ag an teorainn sin freisin maidir le ticéid arna ndíol ag idirghabhálaithe, amhail gníomhaireachtaí ticéad (C-96/21 CTS Eventim).

Cnaipí ordaithe ar líne

Faoi dhlí an Aontais, nuair a cheannaíonn tú ar líne, ní mór duit a admháil go sainráite go bhfuil a fhios agat go dtugtar ‘oibleagáid íocaíochta’ le fios le d’ordú a dhéanamh. D’fhéadfadh sé, mar shampla, ‘cnaipe ordaithe’ a bhrú ar shuíomh gréasáin a bheith i gceist leis an admháil sin.

In 2021, d’iarr cúirt Ghearmánach ar an gCúirt Bhreithiúnais treoir a thabhairt maidir le conspóid a bhain le tomhaltóir a chliceáil ar chnaipe dar teideal ‘lánáirithint’ ar shuíomh Gréasáin áirithinte óstán. Dúirt an Chúirt, sula ndéanann tomhaltóir ordú ar líne, nach mór don trádálaí iad a chur ar an eolas faoi aon oibleagáid íocaíochta. Cé nach gá dó na focail bheachta sin a úsáid, ní mór an cnaipe ordaithe a lipéadú go soiléir agus a léiriú go mbeidh oibleagáid ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh nuair a chliceálann siad air (C-249/21 Fuhrmann-2).

Conclúid

Léiríonn na breithiúnais sin le chéile tiomantas na Cúirte do chearta tomhaltóirí a chosaint, i margaí traidisiúnta agus i saol na ríomhthráchtála atá ag athrú go tapa araon. Ó lipéadú táirgí agus téarmaí éagóracha conartha go dtí an ceart chun tarraingt siar agus cnaipí orduithe ar líne a rialáil, rinne an Chúirt a rialuithe a oiriúnú go comhsheasmhach chun a áirithiú go leanfaidh cosaint tomhaltóirí de bheith láidir agus ábhartha.