Spórt

Thar na blianta, bhí ról lárnach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun tírdhreach dhlíthiúil an spóirt a mhúnlú. Rialaigh sí ar shaincheisteanna lena n-áirítear saorghluaiseacht lúthchleasaithe, dlí na hiomaíochta agus craoladh spóirt. Trí chásanna cinniúnacha, Bosman san áireamh, bhí tionchar ag an gCúirt ar an gcaoi a n-eagraítear an spórt, ar an gcaoi a gcaitear le lúthchleasaithe, agus ar an gcaoi ar féidir linn féachaint ar spórt ar fud na hEorpa.

Réamhrá

Is minic gur gníomhaíocht trasteorann é an spórt san Eoraip, le haistriú lúthchleasaithe, eagrú na gcomórtas agus craoltóireacht spóirt ina mbíonn tíortha éagsúla páirteach ann go minic. Rinne an Chúirt soiléiriú roinnt uaireanta ar an gcaoi a bhfuil feidhm ag dlí an Aontais maidir le gnéithe éagsúla den spórt. I measc na bpríomhcheisteanna tá:

  • Cad iad cearta lúthchleasaithe mar oibrithe ó thaobh a saoirse gluaiseachta de?
  • An bhfuil cumhachtaí na gcónaidhmeanna spóirt — go háirithe, an chumhacht atá acu maidir le heagrú na gcomórtas idirnáisiúnta uile a fhormheas — contrártha le dlí iomaíochta an Aontais?
  • An féidir cearta craoltóireachta eisiacha a theorannú chun a áirithiú gur féidir leis an bpobal féachaint ar mhórimeachtaí spóirt ar an teilifís saor in aisce?

Saorghluaiseacht Lúchleasaithe

B’fhéidir go bhfuil Bosman ar cheann de na cásanna cúirte is cáiliúla riamh. Tá an t-ainm ‘Bosman’ tagtha isteach sa stór focal ginearálta spóirt, rud a chruthaigh catagóir aistrithe iomlán nua idir clubanna peile. Bhí fíorscéal daonna taobh thiar den chás seo agus na prionsabail a bhunaigh sé.

Bhí Jean-Marc Bosman ina pheileadóir don chlub Beilgeach RFC Liège. Nuair a chuaigh a chonradh in éag in 1990, theastaigh uaidh foirne a athrú agus bogadh go club na Fraince, Dunkerque. Mar sin féin, cuireadh bac ar an aistriú toisc nár theastaigh ó Dunkerque an táille a d’éiligh Liège a íoc. Chuir Liège Bosman ar fionraí agus bhí sé ar an dúliosta freisin ag na clubanna Eorpacha uile a d’fhéadfadh é a fhostú, rud a d’fhág ní hamháin go raibh sé dífhostaithe, ach do-fhostaithe.

Tharchuir cúirt Bheilgeach an cás chuig an gCúirt Bhreithiúnais, a rialaigh gur chuir na rialacha maidir le táille aistrithe srian ar shaorghluaiseacht imreoirí ar mian leo imirt i mBallstát eile trí chosc a chur orthu a n-iarchlubanna a fhágáil fiú tar éis dá gconarthaí dul in éag. Dúirt an Chúirt freisin nach bhféadfadh sraitheanna sacair teorainneacha a chur le líon na n-imreoirí eachtracha de chuid an Aontais a fhaigheann clubanna i gcluichí. Le rialú Bosman, tugadh isteach ré na n-aistrithe saor in aisce, rud a cheadaigh gluaiseacht níos mó imreoirí ar fud an Aontais (C-415/93 Bosman).

Chuaigh tionchar Bosman níos faide ná sacar, agus chuaigh sé i bhfeidhm ar spóirt eile amhail cispheil, liathróid láimhe agus cruicéad. I gcásanna níos déanaí, rinne an Chúirt tuilleadh forbartha ar an bprionsabal, agus chinn sí go raibh feidhm aige freisin maidir le roinnt lúthchleasaithe nach bhfuil san Aontas. Dá mba as tír iad lúthchleasaí a raibh comhaontú aici leis an Aontas a chuimsigh rialacha maidir le saorghluaiseacht daoine, cumhdaíodh iad leis na prionsabail chéanna. Áiríodh leis na cásanna sin Kolpak (C-438/00 Deutscher Handballbund) a raibh imreoir liathróid láimhe Slóvacach páirteach ann sula raibh an tSlóvaic ina Ballstát, agus Simutenkov, peileadóir Rúiseach a bhí ag imirt sa Spáinn (C-265/03 Simutenkov).

In 2008, d’iarr cúirt de chuid na Fraince treoir ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir le conradh ‘joueur espoir’. Bhí conradh den sórt sin sínithe ag Olivier Bernard leis an gclub peile Olympique Lyonnais. Gheall an conradh go rachadh sé faoi oiliúint leis an gclub agus go síneodh sé a chéad chonradh gairmiúil leo má thairg an club ceann dó. Shínigh Bernard le Newcastle United tar éis a thréimhse oiliúna, áfach, agus d’iarr Olympique Lyonnais cúiteamh. D’aontaigh an Chúirt gur chuir na conarthaí seo srian ar shaorghluaiseacht imreoirí. Mar sin féin, chinn an Chúirt  go bhfhéadfadh clubanna sacair cúiteamh a éileamh go dleathach as oiliúint a chur ar imreoirí óga a shínigh a gcéad chonradh gairmiúil le club i mBallstát eile, ar bhealach a bhaineann le costais iarbhír na hoiliúna (C-325/08 Olympique Lyonnais).

In 2022, tharchuir cúirt Bheilgeach cás chuig an gCúirt Bhreithiúnais maidir le hiar-pheileadóir gairmiúil a raibh cónaí air sa Fhrainc agus a rinne agóid i gcoinne cuid de rialacha FIFA maidir le himreoirí a aistriú. Mhaígh sé gur chuir siad cosc air a bheith fostaithe ag club sacair Beilgeach. Dúradh sna rialacha, má chríochnaigh imreoir a chonradh go luath agus gan ‘cúis chóir’, go raibh ar an imreoir agus ar a chlub nua an t-iarchlub a chúiteamh. D’fhéadfadh smachtbhannaí agus iarmhairtí díobhálacha eile a bheith ar an gclub nua freisin, amhail toirmeasc sealadach ar aistriú agus moilleanna maidir le Deimhnithe Aistrithe Idirnáisiúnta a eisiúint. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh rialacha FIFA contrártha le dlí an Aontais, rud a chuir cosc ar shaorghluaiseacht daoine gairmiúla sacair a bhí ag iarraidh a gceird a fheabhsú trí dhul ag obair i gclub nua (C-650/22 FIFA).

Cónaidhmeanna spóirt agus dlí na hiomaíochta

In dhá chás a cinneadh ag deireadh 2023, scrúdaigh an Chúirt Bhreithiúnais an idirghníomhaíocht idir dlí na hiomaíochta agus rialáil an spóirt. Cuireann dlí na hiomaíochta cosc ar mhí-úsáid ceannasachta ar mhargadh. Mar sin féin, is minic a bhíonn an spórt á rialú ag eagraíocht aonair a leagann síos rialacha agus a eagraíonn an spórt.

Bhain an chéad chás leis an Aontas Scátála Idirnáisiúnta (ISU), a fhormheasann gach comórtas idirnáisiúnta scátála. Tá sé de chumhacht ag ISU cosc a chur ar lúthchleasaithe i ngach comórtas má ghlacann siad páirt in imeachtaí nár formheasadh (C-124/21 P International Skating Union v Commission).

Tháinig an dara cás as freagairt FIFA agus UEFA ar an Superleague Eorpach, áit ar bhagair siad smachtbhannaí a fhorchur ar aon chlubanna nó imreoirí a ghlac páirt (C-333/21 European Superleague Company).

Sa dá chás, chinn an Chúirt go bhfuil na cineálacha sin rialacha neamhdhleathach. Ní raibh cumhachtaí FIFA, UEFA ná ISU faoi réir aon chineál creata lena gcinntítear go raibh siad trédhearcach, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Mar thoradh air sin, chuir siad bac ar shaoriomaíocht i margadh an Aontais. Dúirt an Chúirt freisin go ndéanann na rialacha dochar do na himreoirí agus do na lúthchleasaithe, trí chosc a chur orthu páirt a ghlacadh i gcomórtais nua agus nuálacha. Rinne siad dochar freisin do na meáin agus don lucht féachana, rud a bhain an deis dóibh féachaint ar na comórtais seo.

In 2021 freisin, d’iarr cúirt sa Bheilg ar an gCúirt Bhreithiúnais cás a bhain le peileadóir agus le club peile Beilgeach a bhí ag cur in aghaidh rialacha ar imreoirí atá ‘traenáilte sa bhaile’ a mheas. Is é is aidhm don riail sin ná forbairt tallainne áitiúla a spreagadh. Chinn an Chúirt go bhféadfadh na rialacha sin a bheith neamhdhleathach faoi dhlí iomaíochta an Aontais, ós rud é go gcuireann siad teorainn le cumas na gclubanna dul in iomaíocht le chéile trí imreoirí tréitheacha a earcú gan beann ar an áit a raibh siad ‘traenáilte sa bhaile’. Chinn sí freisin go bhféadfadh na rialacha idirdhealú indíreach a dhéanamh in aghaidh imreoirí ó Bhallstáit eile. Mar sin féin, d’fhág an Chúirt faoin gcúirt Bheilgeach é a chinneadh an raibh údar leis na rialacha sin mar gheall ar an gcuspóir earcú agus oiliúint imreoirí sacair gairmiúla óga a spreagadh ar an leibhéal áitiúil C-680/21 Royal Antwerp Football Club).

Féachaint ar spórt

I bprionsabal, tá saoirse ag sealbhóirí ceart imeachtaí spóirt a gcearta craolacháin a dhíol le cibé duine is mian leo. Mar sin féin, faoi dhlí an Aontais, is féidir leis na Ballstáit a áitiú nach mór imeachtaí áirithe a bhfuil ‘mórthábhacht ag baint leo don tsochaí’ a chraoladh ar chainéil saor in aisce. Cuireann sé sin teorainn leis an méid airgid gur féidir le sealbhóirí ceart a fháil le haghaidh na gcearta craolacháin. Bhí cluichí uile an Chorn Domhanda Sacair liostaithe ag an Ríocht Aontaithe agus ag an mBeilg agus bhí cluichí uile EURO liostaithe ag an Ríocht Aontaithe mar imeachtaí ar ‘mórthábhacht’. D’áitigh FIFA agus UEFA nach raibh tábhacht mhór ag baint le go leor de na cluichí do na tíortha sin. Mar shampla, níor cheart a mheas go bhfuil tábhacht leis na cluichí grúpa nach mbaineann foirne ón Ríocht Aontaithe ná ón mBeilg leo. Chomhaontaigh an Chúirt Ghinearálta leis an Ríocht Aontaithe agus leis an mBeilg. D’aithin sé go bhféadfadh na Ballstáit na cluichí uile sna comórtais sin a aicmiú mar mhórimeachtaí sochaíocha. Thug an Chúirt dá haire gur féidir le cluichí ‘neamhphríomha’ fiú tionchar a imirt ar dhul chun cinn na bhfoirne náisiúnta agus ar an gcomórtas ina iomláine. Cé go gcuirfí teorainn le cearta craoltóireachta eisiacha FIFA agus UEFA trí na cluichí sin a thaispeáint ar theilifís saor in aisce, chinn an Chúirt go bhféadfadh údar a bheith leis na srianta sin mar gheall ar an ngá atá ann ceart an phobail chun faisnéis a chosaint agus rochtain oscailte ar imeachtaí a bhfuil tábhacht shochaíoch ag baint leo a áirithiú (T-385/07, T-55/08, T-68/08, FIFA and UEFA v Commission).

In 2008, d’fhiafraigh cúirt de chuid na Ríochta Aontaithe den Chúirt Bhreithiúnais faoin gcaoi ar díoladh cearta craolacháin Premier-League Shasana. Ní raibh cead ag gach craoltóir ach cluichí a thaispeáint i limistéar ar leith. Chiallaigh sé sin nach raibh an lucht féachana teilifíse in ann ach féachaint ar chluichí Premier-League arna dtaispeáint ag craoltóirí an Bhallstáit ina raibh cónaí orthu. Cheannaigh tithe tábhairne sa Ríocht Aontaithe cártaí díchódúcháin ón nGréig a chuir ar a gcumas iad rochtain a fháil ar chluichí Premier-League agus siad a thaispeáint. Dúirt an Chúirt go dtéann aon chórais cheadúnúcháin lena ndeonaítear cearta eisiacha do chraoltóirí laistigh de Bhallstát, agus lena gcuirtear toirmeasc ar lucht féachana féachaint ar na craoltaí le cárta díchódúcháin i mBallstáit eile, i gcoinne dhlí an Aontais. Mar sin féin, chinn sí gur theastaigh údarú chun cluichí a thaispeáint in ionaid phoiblí, amhail tithe tábhairne, má bhí eilimintí atá cosanta ag cóipcheart san áireamh sa chraoladh, amhail an fhíschraolacháin tosaigh nó an ceol  (C-403/08 and C-429/08 Football Association Premier League and Others, Murphy).

I gcás eile, rialaigh an Chúirt maidir le gearrthóga gearra d’imeachtaí spóirt a úsáid i gcláir nuachta. Faoi rialacha an Aontais, ní mór cead a bheith ag craoltóirí gearrthóga a úsáid i dtuairiscí gearra nuachta ar imeachtaí a bhaineann le leas an phobail, fiú nuair a chumhdaítear na himeachtaí le cearta craoltóireachta eisiacha. Cé gur féidir a iarraidh ar an eagraíocht nuachta íoc, ní mór é sin a bheith teoranta do na costais theicniúla a bhaineann le rochtain a fháil ar an gcomhartha. D’áitigh Sky Österreich, a raibh cearta eisiacha aige ar roinnt imeachtaí spóirt, go ndearna sé sin neamhaird ar chostais níos leithne a bhain le ceadúnú agus táirgeadh. Dheimhnigh an Chúirt, áfach, go bhféadfaí cúiteamh as rochtain a dheonú ar chraoltaí a theorannú do chostais theicniúla a bhaineann go díreach leis an gcomhartha a sholáthar. Leis an teorannú sin, cosnaítear ceart bunúsach na saoránach chun faisnéise agus áirithítear rochtain phoiblí ar fhaisnéis thábhachtach faoi mhórimeachtaí amhail cluichí sacair, in ainneoin comhaontuithe eisiachais  (C-283/11 Sky Österreich).

Conclúid

Leis na breithiúnais sin, chinntigh an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint as a gceart chun saorghluaiseachta agus as an gcosaint a thugtar le rialacha iomaíochta an Aontais agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna don áit speisialta atá ag an spórt inár sochaí.