Faisnéis maidir le saoirí breithiúnacha

Faoi Airteagal 15 den Phrótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais, fanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go buan i seisiún.

I rith na bliana, áfach, cloíonn an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta araon le tréimhsí saoire breithiúnaí. Ina theannta sin, bíonn tréimhse seachtaine ann nach reáchtáiltear aon éisteachtaí lena linn trí huaire in aghaidh na bliana. Ina ainneoin sin, leanann na Cúirteanna, na Clárlanna agus na seirbhísí riaracháin de bheith ag feidhmiú mar is gnách le linn na dtréimhsí sin, agus is féidir éisteachtaí a sceidealú fós más gá de réir imthosca an cháis.

Ós rud é go bhfuil na Cúirteanna lonnaithe i Lucsamburg, cloíonn siad le laethanta saoire poiblí reachtúla Lucsamburg freisin.

Maireann an bhliain bhreithiúnach ó mhí Mheán Fómhair go mí Lúnasa.

Sa chéad ráithe de gach bliain, foilsíonn an Chúirt a cinneadh maidir leis na laethanta saoire oifigiúla don bhliain bhreithiúnach dár gcionn in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2025/2026

Don bhliain bhreithiúnach 2025/2026, ní bheidh éisteachtaí ar siúl le linn na dtréimhsí seo:

- Lá na Naomh uile:

03.11.2025 > 09.11.2025

- An Nollaig:

22.12.2025 > 11.01.2026

- Carnabhail:

16.02.2026 > 22.02.2026

- An Cháisc:

30.03.2026 > 12.04.026

- Pentecost:

25.05.2026 > 31.05.2026

- Samhradh:

16.07.2026 > 31.08.2026