Taifid lárnach na ngníomhaíochtaí próiseála

Ceanglaítear le hAirteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2018/1725 ar institiúidí agus gníomhaireachtaí an  Aontais a dtaifid ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta a choinneáil i dtaifead lárnach. Tá faisnéis faoin rialaitheoir sonraí, faoin ábhar sonraí, agus faoi chuspóir na próiseála sa taifead seo. Ní mór é a bheith ar fáil go poiblí.

I gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, coinníonn an tOifigeach Cosanta Sonraí taifead lárnach ar na gníomhaíochtaí próiseála.

Is féidir breathnú ar thaifead lárnach na ngníomhaíochtaí próiseála ag bun an leathanaigh seo. Is féidir leat an barra cuardaigh a úsáid freisin.

Tá gach taifead ar leith ar fáil sa teanga inar dréachtaíodh é.

Bainistiú na n-acmhainní daonna agus an riaracháin pearsanra

Bainistiú na gníomhaíochta agus na n-uaireanta dualgais

Slándáil daoine, maoine agus faisnéise

Bainistiú géarchéime agus leanúnachas gníomhaíochta

Bainistiú an ilteangachais, aistriúchán agus ateangaireacht

Leabharlann agus bainistiú na n-acmhainní doiciméadacha

Faisnéis agus cumarsáid

Gníomhaíochtaí prótacail agus cuairteanna

Teicneolaíocht faisnéise

Buiséad, airgeadais agus cuntasaíocht

Bonneagar agus lóistíocht