An Stiúrthóireacht um Theicneolaíochtaí Faisnéise

Tá a seirbhís TF féin ag an gCúirt, a bhfuil ról lárnach aici maidir lena córais faisnéise a fhorbairt, a dhaingniú, a oibriú agus a fheabhsú.

Rannchuidíonn an Stiúrthóireacht TF le nuachóiriú na Cúirte trí fhís agus straitéis dhinimiciúil TF a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Dírítear sa straitéis sin ar struchtúr TF na Cúirte a shimpliú agus ar thacú le hiarrachtaí na Cúirte feabhas leanúnach a chur ar a próisis inmheánacha agus ar a tírdhreach teicneolaíochta.

Tá Saotharlann Nuálaíochta thiomnaithe ag Stiúrthóireacht TF atá dírithe ar nuálaíocht a chur chun cinn sa Chúirt trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Tá an tSaotharlann Nuálaíochta dírithe go háirithe ar an gcaoi ar féidir an intleacht shaorga a úsáid go sábháilte chun cabhrú leis an gCúirt ina misean.

Tá a Straitéis SI féin glactha ag an gCúirt.

Bainistíonn an Stiúrthóireacht TF seirbhísí físchomhdhála, sruthaithe agus ilmheán eile freisin. Chun teagmháil a dhéanamh le foireann ilmheán na Cúirte, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig multimedia-audience@curia.europa.eu.