Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais
Cad í Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais?
Is bunluach de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é an t-ilteangachas.
Faoi Airteagal 42 de na Rialacha Nós Imeachta, bunóidh an Chúirt ‘seirbhís aistriúcháin le foireann de shaineolaithe a bhfuil acu oiliúint leormhaith sa dlí agus eolas fairsing ar mhórán de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh’.
Is í an tseirbhís seo, ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais, an tseirbhís is mó laistigh den Institiúid. Cinntíonn an tseirbhís gur féidir rochtain a fháil ar imeachtaí dlí agus ar dhoiciméid i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Is iad sin:
- an Béarla
- an Bhulgáiris
- an Chróitis
- an Danmhairgis
- an Eastóinis
- an Fhionlainnis
- an Fhraincis
- an Ghaeilge
- an Ghearmáinis
- an Ghréigis
- an Iodáilis
- an Laitvis
- an Liotuáinis
- an Mháltais
- an Ollainnis
- an Pholainnis
- an Phortaingéilis
- an Rómáinis
- an tSeicis
- an tSlóivéinis
- an tSlóvaicis
- an Spáinnis
- an tSualainnis
- an Ungáiris
Tá an méid seo a leanas le fáil in Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais
- Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
- dhá Stiúrthóireacht um an Aistriúchán Dlíthiúil (A agus B)
- aonaid fheidhmiúla a láimhseálann cúraimí leathana don tseirbhís ar fad agus a thuairiscíonn go díreach don Ard-Stiúrthóir
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi obair Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais, féach ár suíomh gréasáin dírithe ar an ilteangachas.
