An Ard-Stiúrthóireacht Riaracháin
Tacaíonn an Ard-Stiúrthóireacht Riaracháin, a fheidhmíonn faoi údarás Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, le feidhmíocht na Cúirte agus cuireann sí leis an bhfeidhmíocht sin trí bhainistiú a dhéanamh ar an tsócmhainn is luachmhaire atá aici, a muintir. Cuireann sí a bhforbairt ghairmiúil agus a bhfolláine chun cinn i dtimpeallacht oibre atá táirgiúil, comhlíontach agus eiticiúil. Tá thart ar 2,300 oifigeach agus ball foirne eile ag obair sa Chúirt.
Dréachtaíonn an Ard-Stiúrthóireacht Riaracháin meastacháin bhuiséid na Cúirte. A luaithe a ghlacann an t‑údarás inniúil inmheánach iad, bíodh modhnuithe déanta orthu nó ná bíodh, déanann an Ard-Stiúrthóireacht iad a chur i láthair agus a chosaint os comhair an dá bhrainse d’údarás buiséadach an Aontais Eorpaigh — Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh. Tar éis don údarás buiséadach sin an buiséad a fhormheas, déanann an Ard-Stiúrthóireacht maoirseacht ar a chur chun feidhme. Tá buiséad bliantúil na Cúirte os cionn €500 milliún in aghaidh na bliana.
Tá an Ard-Stiúrthóireacht Riaracháin freagrach freisin as foirgnimh agus áiseanna teicniúla na Cúirte a fhorbairt, a chothabháil, a bhainistiú agus a chosaint.
Chun na cúraimí sin a chur i gcrích, tá an Ard-Stiúrthóireacht eagraithe i dtrí stiúrthóireacht:
