Stiúrthóireachtaí an Aistriúcháin Dhlíthiúil
Tá seirbhís aistriúcháin dhlíthiúil na Cúirte freagrach as riachtanais aistriúcháin uile na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta. Tá sé roinnte ina dhá stiúrthóireacht – Stiúrthóireacht an Aistriúcháin Dhlíthiúil A agus Stiúrthóireacht an Aistriúcháin Dhlíthiúil B. Roinntear na haonaid teanga idir an dá stiúrthóireacht.
Déanann na stiúrthóirí maoirseacht ar gach ceann de na 24 aonad teanga, lena gcumhdaítear teangacha oifigiúla uile an Aontais:
- an Béarla
- an Bhulgáiris
- an Chróitis
- an Danmhairgis
- an Eastóinis
- an Fhionlainnis
- an Fhraincis
- an Ghaeilge
- an Ghearmáinis
- an Ghréigis
- an Iodáilis
- an Laitvis
- an Liotuáinis
- an Mháltais
- an Ollainnis
- an Pholainnis
- an Phortaingéilis
- an Rómáinis
- an tSeicis
- an tSlóivéinis
- an tSlóvaicis
- an Spáinnis
- an tSualainnis
- an Ungáiris
Eascraíonn beartas ilteangachais na Cúirte as a hoibleagáidí faoi Rialacha Nós Imeachta an dá chúirt.
Is féidir aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a úsáid mar theanga de chui an cháis agus cinntíonn na haonaid aistriúcháin go n-aistrítear doiciméid gach cáis go Fraincis, teanga phléití na Cúirte, agus go haon teanga eile a theastaíonn don chás. Ina theannta sin, aistríonn siad breithiúnais agus Tuairimí na Cúirte Ginearálta go gach teanga lena bhfoilsiú. Chun bheith in ann gach teanga a aistriú go gach teanga eile, tá 552 phéire de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ann.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na doiciméid a aistrítear, féach ár leathanaigh ar:
Is doiciméid dhlíthiúla an-teicniúil iad na téacsanna atá le haistriú, mar sin ní fhostaíonn an tseirbhís ach daoine a bhfuil céim sa dlí acu agus a bhfuil sáreolas acu ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais ar a laghad chomh maith lena dteanga dhúchais. Tugtar ‘dlítheangeolaithe’ orthu. Más spéis leat a bheith i do dhlítheangeolaithe, nó a bheith ag obair don Chúirt mar shaoraistritheoir, féach:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi obair Stiúrthóireachtaí an Aistriúcháin Dhlíthiúil, féach ár suíomh gréasáin dírithe ar an Ilteangachas.
