An Comhairleoir Dlí um Ghnóthaí Riaracháin

Cuireann an Comhairleoir Dlí um Ghnóthaí Riaracháin comhairle dlí ar fáil do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le saincheisteanna a bhaineann lena ról mar chomhlacht riaracháin.

Déanann an Comhairleoir Dlí ionadaíocht ar an Institiúid os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta i ndíospóidí foirne agus i nósanna imeachta dlíthiúla eile.

Téitear i gcomhairle freisin leis an gComhairleoir Dlí maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí na Cúirte agus maidir le conarthaí arna ndéanamh ag an gCúirt.