Cuairt a thabhairt ar an Leabharlann
Is í Leabharlann Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an leabharlann dlí is fairsinge san Eoraip. Is féidir le gairmithe dlí, múinteoirí ollscoile agus mic léinn iarchéime cuairt a thabhairt ar an leabharlann arna iarraidh sin.
Cead isteach sa Leabharlann
Tá an leabharlann oscailte do bhaill foirne institiúidí an Aontais, do ghairmithe dlí, do mhúinteoirí ollscoile agus do mhic léinn iarchéime. Ní féidir le mic léinn nach bhfuil a gcúrsa ollscoile críochnaithe acu rochtain a fháil ar an Leabharlann.
Más mian leat an Leabharlann a úsáid, déan teagmháil le deasc eolais na Leabharlainne, agus úsáid an rogha ‘leabharlann’ ar an bhfoirm theagmhála más féidir.
Obair chomhairliúcháin
Is féidir leat féachaint ar ábhair sa seomra léitheoireachta, ina bhfuil bailiúcháin faoi dhlí an Aontais, faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlíthe Bhallstáit an Aontais. Is féidir leat gach saothar eile i mbailiúchán na Leabharlainne a iarraidh ag an deasc eolais. Is féidir liosta iomlán an ábhair atá ar fáil a fheiceáil i gcatalóg na leabharlainne.
Is féidir le húsáideoirí ó lasmuigh den Chúirt fótachóipeanna a dhéanamh ar tháille bheag.
Iasachtaí
Ní féidir ach le foireann na Cúirte ábhair a fháil ar iasacht.
Rochtain a fháil ar an Leabharlann
uaireanta oscailte;
- Dé Luain go Déardaoin: 9:00 – 18:30
- Dé hAoine: 9:00 – 17:00
Tabhair faoi deara go laghdaítear uaireanta oscailte le linn saoire bhreithiúnach.
Sonraí teagmhála
- Uimhir theileafóin – Lasc-chlár na cúirte: +352 4303 1
- Uimhir theileafóin – Deasc eolais na leabharlainne: +352 4303 2861
- Seoladh: An Leabharlann, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, L-2925 Lucsamburg
Chun teagmháil a dhéanamh le foireann na Leabharlainne, bain úsáid as an rogha ‘leabharlann’ ar an bhfoirm theagmhála.
