An Stiúrthóireacht um Prótacal agus Cuairteanna

Prótacal

Eagraíonn agus bainistíonn foireann an Phrótacail imeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le hionadaíocht na Cúirte agus a Comhaltaí. Áirítear air sin

  • suíonna foirmiúla
  • cuairteanna oifigiúla
  • cuairteanna staidéir ó chúirteanna uachtaracha agus bunreachtúla náisiúnta, chomh maith le cúirteanna idirnáisiúnta
  • Cruinniú bliantúil na mBreithiúna Náisiúnta

Seimineáir agus Cuairteanna

Cuidíonn an tAonad Seimineáir agus Cuairteanna le feasacht na Cúirte a chur chun cinn trí fháiltiú roimh ghrúpaí cuairteoirí agus trí chláir atá saincheaptha dá leasanna a thairiscint. Áirítear air sin

  • seimineáir do bhreithiúna náisiúnta
  • cuairteanna staidéir do ghairmithe dlí agus do mhic léinn dlí
  • seisiúin faisnéise do dhaoine nach dlíodóirí iad
  • cláir oideachais do dhaltaí meánscoile
  • turais ealaíne

Gach bliain, cuireann an Chúirt fáilte roimh thart ar 4,000 gairmí dlí agus 13,000 cuairteoir eile, mic léinn dlí den chuid is mó.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chuairt a thabhairt ar an gCúirt, féach ár leathanach maidir le Cuairt ar an gCúirt.