Clárlann na Cúirte Breithiúnais

Áirithíonn Clárlann na Cúirte Breithiúnais riarachán éifeachtúil agus éifeachtach an cheartais. Áirithíonn sí go ritheann imeachtaí breithiúnacha go réidh, ó dhoiciméid nós imeachta a chothabháil go cáschomhaid a bhainistiú. Tá ról lárnach aici maidir le héisteachtaí a eagrú, bunachair sonraí nós imeachta a nuashonrú, agus cumarsáid idir an Chúirt agus na páirtithe i gcás a éascú.

Cad i Clárlann na Cúirte Breithiúnais agus cad iad a cúraimí?

Tá 3 phríomhchúram ar Chlárlann na Cúirte Breithiúnais:

  • Cumarsáid a dhéanamh le páirtithe agus lena n‑ionadaithe agus leis na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta i gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais
  • Feidhmiú réidh imeachtaí a chinntiú agus cáschomhaid a chothabháil
  • Cúnamh dlíthiúil agus teicniúil gníomhach a sholáthar do Chomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus dá bhfoireann

Tá ról lárnach ag Clárlann na Cúirte Breithiúnais chun a áirithiú go n‑éiríonn go réidh le himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais agus go mbainistítear na cáschomhaid i gceart. Feidhmíonn sí mar phointe teagmhála idir ionadaithe na bpáirtithe, breithiúna náisiúnta, seirbhísí riaracháin na Cúirte, agus oifigí Chomhaltaí na Cúirte Breithiúnais, go háirithe seomraí an Uachtaráin. Le linn an phróisis bhreithiúnaigh, cuireann an Chlárlann tacaíocht ghníomhach ar fáil freisin do na Comhaltaí agus dá bhfoirne.

Coimeádann an Chlárlann clár oifigiúil na ndoiciméad nós imeachta agus bainistíonn sí cáschomhaid le haghaidh imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais. Láimhseálann sí fáil, tarchur agus stóráil doiciméad i gcomhréir leis an Reacht agus leis na Rialacha Nós Imeachta, agus san am céanna coinníonn sí comhfhreagras ar bun le páirtithe agus le tríú páirtithe a bhfuil baint acu le cásanna atá ar feitheamh. Déanann an Chlárlann maoirseacht ar fhoilsiú chinntí agus ábhair eile na Cúirte, rud a chinntíonn go gcuirtear na cáschomhaid uile i gcartlann i gceart.

Agus í ag obair go dlúth le hoifigí na gComhaltaí, go háirithe le seomraí an Uachtaráin, agus le seirbhísí riaracháin eile, eagraíonn an Chlárlann éisteachtaí na Cúirte. Bíonn ionadaí ón gClárlann i láthair ag gach éisteacht chun déileáil le haon saincheist nós imeachta agus na miontuairiscí a dhréachtú. Bíonn siad i láthair freisin agus tuairimí agus breithiúnais á dtabhairt. Déileálann an Chlárlann freisin le hiarratais ar aistriúchán doiciméad nós imeachta go teanga an phlé agus teanga an nós imeachta, agus déanann sí na fógraí uile is gá le linn an nós imeachta.

Is é an Cláraitheoir atá freagrach ar deireadh as obair na Clárlainne. Mar sin féin, i bhfianaise dhualgais fhadréimseacha an Chláraitheora mar Ard-Rúnaí na hInstitiúide, déantar reáchtáil laethúil na Clárlainne a tharmligean chuig an Leas-Chláraitheoir, a fhaigheann tacaíocht ó bheirt cheann aonaid. I dteannta a chéile, tá siad i gceannas ar fhoireann ina bhfuil thart ar 50 duine. Pléann ranna éagsúla, gach ceann acu faoi mhaoirseacht riarthóra teanga, le comhaid na gcásanna i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Tugann foireann thiomnaithe aire do na córais TF, na cartlanna agus na staitisticí.

I measc a freagrachtaí teicniúla, déanann an Chlárlann

  • an córas stórála leictreonach do dhoiciméid nós imeachta a chothabháil
  • bunachair shonraí nós imeachta a bhainistiú agus a nuashonrú
  • maoirseacht ar fheidhmchlár e-Curia , rud a chuireann ar chumas malartú leictreonach slán doiciméad nós imeachta idir an Chúirt agus páirtithe
  • staitisticí breithiúnacha a tháirgeadh.

Tacaíonn an Chlárlann freisin leis an gCoiste um Reacht agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte. Rannchuidíonn sí le dréachtú agus nuashonrú téacsanna nós imeachta, chomh maith le comhordú a dhéanamh ar a n‑aistriúchán agus a bhfoilsiú. Ina theannta sin, glacann oifigigh na Clárlainne páirt i bpléití le grúpa oibre ‘Cúirt Bhreithiúnais’ na Comhairle agus, nuair is gá, i gcruinnithe Pharlaimint na hEorpa – go háirithe nuair a bhíonn tograí chun an Reacht a leasú á mbreithniú.

Conas Teagmháil a Dhéanamh le Clárlann na Cúirte Breithiúnais

I gcomhthéacs cásanna atá ar feitheamh, is féidir dul i dteagmháil leis an gClárlann trí úsáid a bhaint as na modhanna a luaitear ar an leathanach Doiciméid a thaisceadh sa Chúirt Bhreithiúnais.

Is féidir iarratais a bhaineann le cosaint sonraí i gcomhthéacs cásanna dúnta a sheoladh chuig an gCúirt tríd an bpost nó trí ríomhphost:

Clárlann na Cúirte Breithiúnais
Rue du Fort Niedergrünewald
L-2925 Lucsamburg

ECJ.Registry@curia.europa.eu

Má tá ceisteanna agat i leith an féidir leis an gCúirt do chás a éisteacht, féach An féidir liom mo chás a thabhairt os comhair na Cúirte.

Má tá aon cheist eile agat, bain úsáid as an bhfoirm theagmhála chun teagmháil a dhéanamh leis an gCúirt.

Féach freisin