Treoir maidir leis an bhFéilire Breithiúnach

Taispeánann féilire breithiúnach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na héisteachtaí atá beartaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Ghinearálta don tseachtain reatha agus don cheithre seachtaine ina dhiaidh sin.

Conas is féidir liom an féilire breithiúnach a úsáid?

Tá roinnt bealaí ann chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi na héisteachtaí.

Ón leathanach baile

Leis an uirlis féilire ar an leathanach baile, is féidir rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis faoi na héisteachtaí uile ar dháta faoi leith, trí chliceáil ar an lá sin — nó ar feadh seachtaine, trí chliceáil ar uimhir na seachtaine.

Is féidir leat rochtain a fháil ar an bhféilire ar fad freisin trí chliceáil ar an nasc ‘Cuardaigh’.

Cuardach Casta

Ar an leathanach féilire féin, tugtar an fhaisnéis go léir atá ar fáil faoi chásanna atá le teacht.

Tugann na scagairí ar thaobh na láimhe clé den scáileán deis duit

  • do chuardach a bheachtú chun éisteachtaí agus breithiúnais a aimsiú laistigh de raon dátaí ar leith
  • scagadh de réir an chineáil imeachta
  • do chuardach a bheachtú de réir chás-uimhir nó ainm an cháis
  • na torthaí a theorannú do cheann amháin nó do cheann eile den dá chúirt

Léiríonn an deilbhín ‘sruthú’ streaming an gcuirfear éisteacht ar fáil ar líne. Tabhair faoi deara nach ndéantar éisteachtaí a shruthú beo.

Aithnítear breithiúnais agus tuairimí a shruthófar beo ar an suíomh leis an deilbhín seo: live