Cosaint sonraí le linn do chuairte ar an gCúirt
Déanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil chun cuairteanna saincheaptha a eagrú, slándáil foirgneamh a áirithiú trí fhísfhaireachas agus rialú rochtana, agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní sábháilteachta trí chóras inmheánach tuairiscithe teagmhais. Comhlíontar leis na gníomhaíochtaí sin go léir dlíthe an Aontais maidir le cosaint sonraí.
Cuairteanna a eagrú
Bailíonn an Chúirt sonraí pearsanta agus cuairteanna á n-eagrú aici. Cuidíonn sé sin le teagmháil agus comhfhreagras éifeachtach leis na cuairteoirí a chinntiú, agus na cuairteanna a chur in oiriúint do theanga, d’eolas agus do spéiseanna na gcuairteoirí.
Is í an Stiúrthóireacht um Prótacal agus Chuairteanna a bhainistíonn na sonraí a bhailítear agus ní chomhroinntear iad ach leis na dreamanna seo a leanas:
- eagraithe na gcuairteanna
- na baill foirne a bhuaileann leis na cuairteoirí
- an Stiúrthóireacht Ateangaireachta, más gá ateangaireacht
- na comhlachtaí atá inniúil chun seiceálacha a dhéanamh faoin reachtaíocht, i gcás inarb infheidhme
Láimhseáiltear na sonraí sin ar feadh na tréimhse is gá chun an chuairt a eagrú agus a reáchtáil agus scriostar iad tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis na cuairte.
Faoi Rialachán (AE) 2018/1725, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leat agus, más gá, na sonraí a cheartú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chosaint sonraí le linn cuairteanna nó chun rochtain a fháil ar do shonraí atá á gcoinneáil, déan teagmháil leis an Stiúrthóireacht um Prótacal agus Chuairteanna.
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh freisin leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí am ar bith.
Sruthú na n-éisteachtaí
Cuireann an Chúirt córas sruthaithe ar líne ar fáil le haghaidh éisteachtaí poiblí, breithiúnais agus Tuairimí Abhcóidí Ginearálta a thabhairt, agus suíonna agus imeachtaí foirmiúla áirithe.
Déantar gach iarracht chun a áirithiú nach ndéanfar an pobal atá ag freastal ar an éisteacht a thaifead ar fhíseán. Mar riail ghinearálta, níl ach na breithiúna agus iad siúd atá ag pléadáil os comhair na Cúirte le feiceáil.
Níl an pobal le feiceáil ach i seatanna leathana a thógtar ó chúl an tseomra cúirte.
Tá suíocháin áirithe i ngach seomra cúirte nach féidir a fheiceáil ar cheamara dóibh siúd ar mian leo a chinntiú nach bhfeictear iad.
Físfhaireachas agus fístaifeadadh
Tá córas físfhaireachais i bhfeidhm ag an gCúirt, lena gcumhdaítear an taobh istigh agus an taobh amuigh araon dá foirgnimh. Is é is aidhm dó sin gach duine a théann isteach ina áitreabh a chosaint, chomh maith leis na nithe agus an fhaisnéis atá sna foirgnimh. Coinnítear píosaí taifeadta scannánaíochta ar feadh tréimhse theoranta agus ní féidir ach le líon beag pearsanra údaraithe rochtain a fháil orthu.
Comhlíontar le húsáid ceamaraí agus taifeadadh íomhánna na dlíthe ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas. Cuirtear comharthaíocht shoiléir, lena n-áirítear picteagraim, gar do limistéir a ndéantar faireachán orthu chun daoine aonair a chur ar an eolas faoi láithreacht an chórais físfhaireachais.
Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin bhfístaifeadadh, féach ár mbeartas físfhaireachais, chomh maith lenár bhfógra faisnéise maidir le físfhaireachas.
Rialú rochtana
Tá córas curtha i bhfeidhm ag an gCúirt chun rochtain ar a foirgnimh agus laistigh díobh a rialú. Is é is aidhm dó sin an riosca ionraidh nó gníomhartha mailíseacha a laghdú, rud a chinnteoidh sábháilteacht daoine aonair, faisnéise agus maoine.
Feidhmíonn an córas sin i gcomhréir le rialacha slándála inmheánaí na Cúirte.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcóras rialaithe rochtana, féach ár bhfógra faisnéise maidir le rialú rochtana.
Tuairisciú Teagmhas
Tá nósanna imeachta bunaithe ag an gCúirt chun aghaidh a thabhairt ar aon aimhrialtachtaí, mífheidhmeanna, iarrataí ar chúnamh éigeandála, nó saincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht agus slándáil daoine aonair, maoine nó foirgneamh trí chóras inmheánach tuairiscithe teagmhas.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thuarascálacha ar theagmhais, féach ár bhfógra faisnéise maidir le tuairisciú teagmhas.
