Tionscadal oideachais do dhaltaí meánscoile

Cuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh clár oideachais ar líne ar fáil do dhaltaí meánscoile atá idir 15 agus 18 mbliana d’aois. Is é is aidhm don chlár ról na Cúirte a mhíniú agus tuiscint daoine óga ar a gcearta mar shaoránaigh den Aontas a mhéadú.

Cuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh clár oideachais ar líne ar fáil do dhaltaí meánscoile. Tá imeacht fíorúil i gceist leis an gclár, ina mínítear ról bhreithiúna an Aontais agus ina léirítear an tionchar a bhíonn ag rialuithe na Cúirte ar shaol laethúil shaoránaigh an Aontais. Dírítear ar fheasacht daoine óga a mhúscailt maidir le rannpháirtíocht ghníomhach i ndaonlathas na hEorpa agus maidir leis na saincheisteanna lena mbaineann. Tá sé d’aidhm aige freisin feabhas a chur ar an tuiscint atá acu ar a gcearta mar shaoránaigh den Aontas.

Cé a fhéadfaidh bheith páirteach?

Tá an clár seo deartha do dhaltaí meánscoile idir 15 agus 18 mbliana d’aois.

Ní mór ‘d’eagraí’ gach imeacht a eagrú, i.e. múinteoir nó ceannaire ranga.

Cad atá i gceist leis an gclár?

Is féidir clár gach imeachta a shaincheapadh. Cuideoidh Seirbhís Cuairteanna na Cúirte leat é sin a dhéanamh. Is féidir le heagraithe a gclár a chur in oiriúint trí ghnéithe idirghníomhacha éagsúla a roghnú, lena n-áirítear

  • cruinniú le hoifigeach sinsearach ón gCúirt Bhreithiúnais nó ón gCúirt Ghinearálta a bhfuil an náisiúntacht chéanna aige agus atá ag an ngrúpa. In imthosca áirithe, agus ag brath ar an té atá ar fáil, féadfaidh Breitheamh nó Abhcóide Ginearálta an cur i láthair a thabhairt (45 nóiméad)
  • cur i láthair ar chás ón gCúirt Bhreithiúnais nó ón gCúirt Ghinearálta, atá nasctha le tír thionscnaimh nó le tír spéise an ghrúpa (45 nóiméad)
  • cur i láthair ar na gairmeacha éagsúla sa Chúirt (30 nóiméad)
  • cur i láthair ar ilteangachas ag an gCúirt (30 nóiméad)

Críochnóidh gach eilimint den chlár le seisiún ceisteanna agus freagraí.

Faisnéis thábhachtach eile

Méid an ghrúpa

Ní mór 20 rannpháirtí ar a laghad a bheith ag gach grúpa.

I gcás aon ghrúpa ina bhfuil breis agus 60 rannpháirtí, déanfar an seisiún Ceisteanna agus Freagraí a oiriúnú agus a shocrú i gcomhar le Seirbhís na gCuairteanna.

Dátaí

Is féidir le heagraithe trí dháta fhéideartha a mholadh don chruinniú nach féidir a bheith le linn laethanta saoire breithiúnacha. Déanfaimid iarracht an t-imeacht a eagrú ar cheann de na dátaí sin.

Fad ama (tréimhse)

Molaimid go mairfeadh gach clár dhá uair an chloig ar a mhéad.

Teanga

Is féidir leis an eagraí a roghnú cé acu de 24 theanga oifigiúla an Aontais is mian leo a úsáid.

Treoraíocht

Is é modhnóir a labhraíonn teanga an ghrúpa a threoróidh an clár.

Tacaíocht oideachais

Roimh an imeacht, cuirfimid sraith doiciméad agus naisc ar fáil do na heagraithe chun cabhrú le múinteoirí daltaí a ullmhú sa rang.

Tástálacha teicniúla

Roimh an imeacht, socróimid dáta leis na heagraithe chun an nasc a thástáil (tógfaidh sé seo thart ar 10 nóiméad). Úsáidfidh an Chúirt a hardán Webex don imeacht, ach ní gá do chuairteoirí an feidhmchlár seo a íoslódáil.

Conas is féidir linn clárú?

Ní mór do mhúinteoirí nó ceannairí ranga ar spéis leo imeacht fíorúil a chur ar bun clárú roimh ré. Is féidir le roinnt ranganna ón scoil chéanna páirt a ghlacadh san imeacht céanna.

Más spéis leat cuairt chianda a eagrú do do dhaltaí, líon isteach an fhoirm chlárúcháin seo.