Freastal ar éisteachtaí mar ghrúpa

Freastal ar éisteacht mar ghrúpa cuairte

Mar riail ghinearálta, tionóltar éisteachtaí ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin le linn théarmaí na Cúirte.

Ba cheart do ghrúpaí ar spéis leo éisteacht sa seomra cúirte a chur san áireamh ina gcuairt dátaí théarmaí na Cúirte a sheiceáil roimh ré.

Is í Seirbhís Cuairteanna na Cúirte a chinneann cé acu éisteacht ar a fhreastalóidh na cuairteoirí. D’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar na nithe seo a leanas:

  • spéiseanna an ghrúpa
  • líon na suíochán sna seomraí cúirte
  • líon na gcuairteoirí atá i láthair
  • teanga an cháis

Cuirtear ateangaireacht go teangacha oifigiúla an Aontais ar fáil do ghrúpaí sceidealaithe.

Tosaíonn na héisteachtaí ag 9:30 de gnáth agus bíonn siad éagsúil ó thaobh faid de.

Le linn na héisteachta, iarrtar ar chuairteoirí rialacha slándála agus rialacha iompair na Cúirte a chomhlíonadh.

Féadfar éisteachtaí a chealú nó a chur ar atráth ó am go ham. Sna cúinsí sin, molfaidh Seirbhís na gCuairteanna clár eile.