Túr Comenius

Ainmníodh Túr Comenius ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh as Jan Amos Komenský, fealsamh agus oideoir a thacaigh leis an oideachas uilíoch agus le cur chun cinn teangacha mar gheata chun eolais. Mar chuid den cheathrú síneadh a chuir an Chúirt leis an Palais, tá aghaidh shuntasach órga ar an túr, rud a thugann aitheantas ailtireachta uathúil dó. Tá go leor de sheirbhísí riaracháin na Cúirte lonnaithe ann.

Cérbh é Comenius?

Ba é an fealsamh agus an t‑oideolaí Jan Amos Komenský, ar a dtugtar ‘Comenius’ (1592-1670), an chéad duine ar son an oideachais uilíoch. Agus é cinnte de gur cheart an dul chun cinn sóisialta a bheith mar thoradh ar oideachas seachas ar bhreith, throid sé ar son comhdheiseanna agus oideachas do chách, gan beann ar rachmas, reiligiún nó inscne. Deirtear gurb é athair an oideachais nua-aimseartha, agus d’athraigh Comenius as éadan freisin modhanna chun teangacha a mhúineadh, go háirithe Laidin, teanga an eolais, chun an oiread daoine agus ab fhéidir a spreagadh chun í a fhoghlaim. Aistrithe go dtí thart ar 15 theanga, ba iad a théacsleabhair na téacsleabhair ba mhó a úsáideadh san Eoraip ar feadh níos mó ná céad bliain, rud a chuir le leathnú an ilteangachais mar gheata chun eolais.

Túr Comenius agus a ról sa Chúirt

Trí onóir a thabhairt d’ainm Comenius, a thaistil ar fud na hEorpa agus teagasc teangacha níos oscailte agus níos cuimsithí á chur chun cinn aige, leagann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh béim ar thábhacht an ilteangachais. Tugann an Chúirt ómós dóibh siúd a chosnaíonn éagsúlacht teanga na hEorpa.

Tá Túr Comenius mar chuid den cheathrú síneadh ar an Palais.

Tagann a dhath órga ó mhogall alúmanaim anóidithe a fheidhmíonn mar scáth gréine. Baineadh úsáid as an mogall céanna sin freisin sna foirgnimh eile sa Chúirt, chun iomlán ailtireachta aontaithe a chruthú. Tugann an fhíodóireacht mhiotail chasta seo a chéannacht shainiúil don túr trí phatrún a struchtúir, gile a uigeachta agus doimhneacht a shraitheanna.

26 urlár Thúr Comenius ar airde 103 mhéadar. Tráth a insealbhaithe i mí na Nollag 2008 — in éineacht lena chúpla, Túr Montesquieu — ba é Túr Comenius, an foirgneamh ba airde sa tír. Tá Túr Rocca níos airde anois.

Sa lá atá inniu ann, tá go leor de sheirbhísí riaracháin na Cúirte lonnaithe i dTúr Comenius, amhail na Stiúrthóireachtaí um Thaighde agus Dhoiciméadú, TF, Acmhainní Daonna, Foirgnimh agus Slándála, agus Airgeadais.

Féach freisin