Túr Montesquieu
Ainmníodh Túr Montesquieu Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh as Charles-Louis de Secondat de la Brède, barún de Montesquieu, a leag a shaothar an bhunchloch do phrionsabal scaradh na gcumhachtaí agus do neamhspleáchas na mbreithiúna. Tá seirbhísí éagsúla de chuid na Cúirte le fáil ann, lena n‑áirítear Clárlann na Cúirte Breithiúnais, agus tugann a aghaidh mogalra alúmanaim anóidithe órga dath órga sainiúil dó.
Cérbh é Montesquieu?
Ba dhlíodóir, breitheamh agus scríbhneoir é Charles-Louis de Secondat de la Brède, barún de Montesquieu (1689-1755). Tá cáil air as a shaothar De l'esprit des lois (‘Spiorad na nDlíthe’), a foilsíodh sa bhliain 1748 tar éis roinnt blianta taistil san Eoraip, ina ndearna sé staidéar ar chórais pholaitiúla, ar gheilleagair, ar aeráidí, ar stair agus ar nósanna na dtíortha inar fhan sé. Ar an gcúis sin, meastar gurbh é Montesquieu ar dhuine de na chéad scoláirí dlí comparáidigh, ach ina cheannródaí sa tsocheolaíocht nua-aimseartha freisin, mhol Montesquieu go ndéanfaí cumhachtaí Stáit a athdháileadh ina mbeadh cumhachtaí an Stáit ar leithligh agus idirspleách, rud a ráthódh go mbeadh siad cothrom. Dá bhrí sin, leag sé síos an dúshraith do phrionsabal scaradh na gcumhachtaí, a mheastar fós inniu a bheith mar bhunchloch d’aon daonlathas.
Túr Montesquieu agus a ról sa Chúirt
Tríd an túr a ainmniú as Montesquieu, ar chuidigh a chuid smaointe le prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna a chruthú, tarraingíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh aird ar na luachanna atá ag na Ballstáit uile, luachanna a shainíonn an tAontas Eorpach mar dhlíchóras uathrialach.
Is cuid den cheathrú síneadh den Palais é Túr Montesquieu.
Tagann a dhath órga ó mhogall alúmanaim anóidithe a fheidhmíonn mar scáth gréine. Baineadh úsáid as an mogall céanna sin freisin sna foirgnimh eile sa Chúirt, chun iomlán ailtireachta aontaithe a chruthú. Tugann an fhí mhiotail chasta seo a féiniúlacht shainiúil don túr trí phatrún a struchtúir, trí ghile a huigeachta agus trí dhoimhneacht a sraitheanna.
Tá 26 urlár Thúr Montesquieu ar airde 103 mhéadar. Tráth a insealbhaithe i mí na Nollag 2008 — in éineacht lena chúpla, Túr Cormenius — ba é Túr Montesquieu an foirgneamh ba mhó sa tír. Tá Túr Rocca níos airde anois.
Sa lá atá inniu ann, tá go leor de sheirbhísí riaracháin na Cúirte lonnaithe i dTúr Montesquieu, lena n‑áirítear Clárlann na Cúirte Breithiúnais agus Stiúrthóireacht na Leabharlainne.
