Túr Rocca

Ainmníodh Túr Rocca ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh as Giustina Rocca, an chéad dlíodóir baineann a taifeadadh, chun béim a leagan ar a tiomantas do rochtain chomhionann ar an dlí agus ar an gceartas, chomh maith le deiseanna comhionanna. Is é an foirgneamh is airde i Lucsamburg é, ina sheasamh ag 118 méadar. An síneadh deiridh a cuireadh le coimpléasc na Cúirte, tá Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais le fáil ann.

Cérbh í Rocca?

Meastar gurbh í Giustina Rocca an chéad dlíodóir baineann sa stair. Chuaigh a hainm síos sa stair mar gheall ar dhámhachtain eadrána a rinneadh an 8 Aibreán 1500 i ndíospóid a bhí curtha faoina cúram le réiteach. I gcúirt ghobharnóir Veinéiseach Trani, thug Giustina Rocca a dámhachtain sa teanga dhúchais - seachas sa Laidin, a bhí ina nós ag an am - ionas go bhféadfadh an pobal a tháinig chun éisteacht léi í a thuiscint. Ansin d’iarr sí ar an bpáirtí nár éirigh léi na táillí is gnách a íoc léi, rud a léirigh, ag am nach raibh rochtain ag mná ar oideachas ná ar chleachtadh an dlí, a mian go gcaithfí léi ar théarmaí comhionanna le fir a raibh cumhachtaí mar sin acu.

Túr Rocca agus a ról sa Chúirt

D’ainmnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an túr is airde i ndiaidh Giustina Rocca chun béim a leagan ar a tiomantas do rochtain chomhionann ar an dlí agus ar an gceartas, chomh maith lena tiomantas do chomhionannas deiseanna i gcomhréir lena cásdlí féin.

Ag seasamh 29 n-urlár agus ag 118 méadar ar airde, is é Túr Rocca an foirgneamh is airde i Lucsamburg.

Mar an síneadh deiridh a cuireadh le coimpléasc na Cúirte, briseann sé leanúnachas thúir Comenius agus Montesquieu d’aon ghnó trína shocrú ag uillinn, rud a chruthaíonn ‘lánstad’ ailtireachta.

Cé gur struchtúr aonair é, is cosúil gur dhá thúr chomhcheangailte atá ann. Is ionann aghaidh amháin agus Túir Comenius agus Montesquieu in aice láimhe, i dtéarmaí struchtúir agus toisí, agus tá an túr eile dubh agus beagán níos airde. Dá bhrí sin, tá Túr Rocca ina dhlúthchuid de choimpléasc na Cúirte, lena mbunaítear idirphlé ailtireachta leis an Palais agus le Túir Comenius agus Montesquieu.

Tá Túr Rocca nasctha leis na foirgnimh eile sa choimpléasc tríd an Galerie, chomh maith le mórstaighre atá cosúil leis an staighre a nascann an Galerie leis an Palais.

Tá deimhniú fuinnimh den scoth ag Túr Rocca, atá coibhéiseach le deimhniú foirgnimh éighníomhaigh. Tá a riachtanais téimh 55% níos ísle i gcomparáid leis an bhfoirgneamh tagartha, rud a laghdaíonn tomhaltas príomhúil fuinnimh agus astaíochtaí CO2 faoi 45%.

Thug oscailt Thúr Rocca i Meán Fómhair 2019 seirbhísí uile na Cúirte le chéile laistigh d'aon choimpléasc foirgnimh amháin, ag aontú na foirne agus na gComhaltaí uile faoi aon díon amháin.

Sa lá atá inniu ann, tá Ard-Stiúrthóireacht an Ilteangachais sa Chúirt- an tseirbhís is mó san Institiúid - lonnaithe i dTúr Rocca, áit a ndéantar ateangaireacht agus aistriúchán cruinn ar imeachtaí dlí agus doiciméid i ngach teanga oifigiúil den Aontas.

Féach freisin