An Anneau

Is é an Anneau, atá timpeall ar an Palais, croílár na Cúirte Breithiúnais. Is ann atá oifigí na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta, chomh maith leis na seomraí comhdhála ina dtéann siad i mbun pléití.

Tá an Anneau, a chiallaíonn ‘fáinne’ i bhFraincis, timpeall ar an Palais. Is ann atá oifigí na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta, chomh maith leis na seomraí comhdhála ina dtéann siad i mbun pléití. Dá réir sin, is é croílár na Cúirte Breithiúnais é.

Agus é suite ar pheiristíl 10 méadar ar airde de 116 cholún, scarann an Anneau go soiléir na spásanna príobháideacha — ina ndíríonn na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta ar a gcuid oibre — ó na spásanna oscailte atá ann don ghné níos poiblí den ghníomhaíocht bhreithiúnach.

Déantar an obair riachtanach a bhaineann le comhlíonadh iarbhír an tasc a chuirtear ar iontaoibh na Cúirte san Anneau.

  • Tugtar na dréacht-bhreithiúnais arna n‑ullmhú ag na Breithiúna tuairiscithe agus Tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta chun críche sna dlísheomraí.
  • Tagann breithiúna atá ina suí ar chás le chéile i gceann de na seomraí comhdhála — gan ateangairí ná cúntóirí — chun an dréacht‑bhreithiúnas a phlé agus a thabhairt chun críche.

Féach freisin