An Palais
Is é Palais reatha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh aghaidh an phobail ar cheartas san Aontas Eorpach ó 2008 i leith. Tá cúig sheomra cúirte ann ina dtarlaíonn éisteachtaí, Tuairimí agus breithiúnais.
Tógadh Palais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i dtús na 1970idí. Rinneadh athchóiriú iomlán air go luath sna 2000idí agus is é aghaidh an phobail ar cheartas an Aontais ó 2008 i leith. Tá fáilte roimh an bpobal freastal ar éisteachtaí na Cúirte Breithiúnais sa Palais.
Agus é déanta as cruach agus gloine, léiríonn an Palais bunús na hinstitiúide go discréideach mar institiúid bhreithiúnach an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach. Tá cúig sheomra cúirte ann ar leibhéil éagsúla:
- Mór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais
- Seomra Cúirte Auguste Rodin
- Seomra Cúirte HAP Grieshaber
- Seomra Cúirte Karin Törnell
- Seomra Cúirte Daina Dagnija
Agus hallaí móra idirnasctha ar a dtugtar salles des Pas Perdus ann roimhe sin, is sna seomraí cúirte a áitíonn na páirtithe a gcásanna, a thugann na hAbhcóidí Ginearálta a dtuairimí agus a thugann na Breithiúna a gcinntí.
Tá dhá sheomra comhdhála móra sa Palais freisin, seomra comhdhála Agatha Barbara agus seomra comhdhála Stella Soulioti, a úsáidtear le haghaidh seimineáir, cruinnithe agus imeachtaí eile.
