Tréimhsí oiliúna

Cuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tréimhsí oiliúna íoctha ar fáil do chéimithe óga. Cuirtear líon teoranta tréimhsí oiliúna ar fáil, timpeall 200 in aghaidh na bliana i seirbhísí na Cúirte (cúig mhí) agus in oifigí na gComhaltaí (trí-cúig mhí). Tá tréimhsí oiliúna ar fáil i Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, a mhaireann idir 10-12 sheachtain. Tá clár oiliúna sonrach ag an gCúirt freisin do bhreithiúna náisiúnta.

Réamhrá

Ó thréimhse oiliúna na Cúirte, gheobhaidh tú scileanna luachmhara, taithí phraiticiúil, agus deis cur le gníomhaíochtaí institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh. Mar oiliúnaí, beidh tú páirteach i dtimpeallacht dhinimiciúil ilteangach, ag bualadh le hoiliúnaithe eile atá ar aon nó pintinn leat agus a bhfuil comhluachanna bunúsacha an Aontais acu maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine.

“My traineeship at the Court of Justice of the European Union has truly been an enriching one. It has given me the opportunity to add a practical dimension to the theory-based knowledge of EU law gained during my studies. In this vein, working in the Press and Information Unit of the Communication Directorate has been instrumental in affording me a holistic, high-level overview of how a case proceeds through the Court – from pleading and deliberation to judgment and translation, all the way to how the final ruling is received by the media and the citizens of Europe. Working with talented and passionate colleagues, who have created such a supportive learning environment for the trainees, has been a particular privilege. The skills and experience I have gained during my time here will no doubt benefit me for years to come, and so I would absolutely recommend this traineeship to everyone!”

Olivia Moore

“I found the Traineeship at the Court to be a great post-grad experience. After graduating, I wanted to start working in the world of law, but I also wanted to travel. The Traineeship allowed me to meet both of these needs. I had been told so often about how quiet Luxembourg is, so I was worried about not having much of a social life while working in the Court. Thankfully, there is a great social aspect to the Traineeship with trips abroad and weekly after-work socials. If you are applying for the Traineeship, don’t be afraid to reach out to past trainees you may know – everyone in the Court was so welcoming and more than happy to answer any questions I had.”

Sorchadh Higgins

Tréimhsí oiliúna do chéimithe óga

Gheobhaidh céimithe óga léargas ar fheidhmeanna na Cúirte agus cuirfidh siad cúraimí i gcrích chun cabhrú le hobair na Cúirte.

Tá líon teoranta tréimhsí oiliúna ar fáil, thart ar 200 in aghaidh na bliana.

Reáchtáiltear iad in Oifigí na gComhaltaí — le Breithiúna nó le hAbhcóidí Ginearálta — nó i seirbhísí riaracháin na Cúirte.

Cineálacha tréimhsí oiliúna

Tréimhsí oiliúna in Oifigí na gComhaltaí

Is féidir le céimithe dlí, go háirithe iad siúd a bhfuil oiliúint acu i ndlí an Aontais Eorpaigh, iarratas a dhéanamh ar thréimhsí oiliúna dlí le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta — sa Chúirt Bhreithiúnais nó sa Chúirt Ghinearálta.

Mar chuid dá ndualgais, glacann oiliúnaithe páirt in obair na hOifige trí chúraimí éagsúla a dhéanamh a bhaineann le cásanna a shanntar don Bhreitheamh nó don Abhcóide Ginearálta agus nach bhfuil céim an phlé bainte amach acu go fóill.

Maireann tréimhsí oiliúna sna hoifigí  idir trí mhí agus cúig mhí de ghnáth. Bíonn dhá thréimhse ann gach bliain.

  • 1 Márta go dtí 31 Iúil
  • 1 Deireadh Fómhair go dtí deireadh mhí Feabhra

Tréimhsí oiliúna sna seirbhísí

Tá tréimhsí oiliúna seirbhíse i ranna riaracháin na Cúirte oscailte do chéimithe in aon réimse staidéir – i roinnt ranna, d’fhéadfadh go mbeadh céim i réimse ar leith, is é sin an dlí, ag teastáil.

Mar chuid dá ndualgais, foghlaimíonn oiliúnaithe faoi na cúraimí sonracha a dhéantar i ngach roinn agus is féidir leo taithí phraiticiúil a fháil faoi mhaoirseacht oifigeach a bhfuil taithí acu.

Is iad seo a leanas na seirbhísí a ghlacann le hoiliúnaithe:

  1. An Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna
  2. An Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséad
  3. Stiúrthóireacht na bhFoirgneamh agus na Slándála
  4. Stiúrthóireacht an Ilteangachais (aistriúchán dlíthiúil agus ateangaireacht)
  5. Stiúrthóireacht na Leabharlainne
  6. An Stiúrthóireacht um Thaighde agus Doiciméadú
  7. An tAonad um Thionscadail agus Comhordú Téarmaíochta
  8. An Stiúrthóireacht um Prótacal agus Cuairteanna
  9. An Stiúrthóireacht um Theicneolaíocht na Faisnéise
  10. Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  11. An Comhairleoir Dlí um Ghnóthaí Riaracháin
  12. Clárlann Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
  13. Clárlann Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh

Maireann tréimhsí oiliúna seirbhíse cúig mhí de ghnáth. Bíonn dhá sheisiún ann gach bliain.

  • 1 Márta go 31 Iúil
  • 1 Deireadh Fómhair go dtí deireadh mhí Feabhra

Tréimhsí oiliúna san ateangaireacht

Is féidir le céimithe óga san ateangaireacht chomhdhála cur isteach ar thréimhsí oiliúna i Stiúrthóireacht na hAteangaireachta.

Mar chuid dá ndualgais, déanfaidh ateangairí faoi oiliúint a scileanna ateangaireachta a fhorbairt, go háirithe ó thaobh ábhar dlíthiúil de, faoi mhaoirseacht na n‑ateangairí a bhfuil taithí acu. Áirítear leis sin ullmhú comhad, obair ar thaighde téarmaíochta agus cleachtaí praiticiúla i ‘mboth tostach’.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór dhá theanga éighníomhacha ar a laghad nó dara teanga ghníomhach a bheith agat. Ní mór go mbeifí in ann an Fhraincis a léamh freisin.

Maireann tréimhsí oiliúna ateangaireachta idir 10 agus 12 seachtain, agus déantar iarratasóirí a roghnú uair sa bhliain lena gcumhdaítear an bhliain bhreithiúnach iomlán.

Príomhfhaisnéis

An bhfuilim cáilithe chun iarratas a chur isteach?

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit:

  • a bheith i do náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach (féadfaidh eisceachtaí a bheith i bhfeidhm i gcásanna a bhfuil údar cuí leo)
  • céim ollscoile nó dioplóma a bheith agat in aon réimse staidéir – áfach, i gcás Oifigí na gComhaltaí, tá céim sa dlí, san eolaíocht pholaitiúil, san eacnamaíocht nó i réimse gaolmhar ag teastáil
  • sáreolas ar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus eolas maith ar theanga eile de chuid an Aontais a bheith agat. Tá eolas maith ar an bhFraincis nó ar an mBéarla ag teastáil
  • gan post a bheith agat nó tréimhse oiliúna a bheith déanta agat cheana féin — íoctha nó neamhíoctha — a mhair níos mó ná sé seachtaine in institiúid nó i gcomhlacht de chuid an Aontais

An bhfaighidh mé deontas?

Faigheann oiliúnaithe deontas atá coibhéiseach le 75% den íosphá sóisialta d’oibrí oilte in Lucsamburg – arb ionann é agus deontas de thart ar €2,400 in aghaidh na míosa.. Níl an deontas sin faoi réir an chórais cánach is infheidhme a bhaineann le hoifigigh agus gníomhairí eile an Aontais.

Faoi choinníollacha áirithe, gheobhaidh oiliúnaithe liúntas taistil aonuaire, atá socraithe ag €150 faoi láthair.

Níl feidhm ag an luach saothair sin maidir le haon sealanna oiliúna a dhéantar in Oifigí na gComhaltaí lasmuigh den dá thréimhse shocraithe faoi chúrsa oiliúna gairmiúla a bhfaigheann oiliúnaithe deontas, liúntas nó luach saothair ina leith freisin ó fhoinse eile.

Conas iarratas a dhéanamh?

Ní mór iarratas a chur isteach trí EU CV Online.

  • I gcás tréimhsí oiliúna a bheidh ar siúl le linn na tréimhse idir an 1 Márta agus an 31 Iúil, cuir iarratas isteach idir Iúil agus Meán Fómhair na bliana roimhe sin.
  • I gcás tréimhsí oiliúna a bheidh ar siúl le linn na tréimhse idir an 1 Deireadh Fómhair agus deireadh mhí Feabhra, cuir iarratas isteach idir Feabhra agus Aibreán na bliana céanna.
  • I gcás tréimhsí oiliúna ateangaireachta a bhíonn ar siúl le linn na bliana breithiúnaí ar fad, cuir iarratas isteach idir an Iúil agus an Meán Fómhair na bliana roimhe sin.

Tá na spriocdhátaí sonracha iarratais le fail ar EU CV Online.

Is féidir go n‑iarrfar ort cóipeanna de dhioplómaí agus/nó de theastais a chur isteach arna iarraidh sin duit mar chuid den nós imeachta réamhroghnúcháin.

Rachaidh roinn acmhainní daonna na Cúirte i dteagmháil leis na hiarratasóirí a n‑éireoidh leo.

Tabhair do d’aire nach dtugann cead isteach ar thréimhse oiliúna stádas oifigigh nó sheirbhísigh den Aontas don oiliúnaí. Ní thugann sé aon cheart ná teidlíocht earcaíochta don oiliúnaí ach oiread.

Clár cuimsitheachta d’iarrthóirí faoi mhíchumas

Tacaíonn an Chúirt le comhdheiseanna agus cóir chomhionann d’iarrthóirí. Tugann sí spreagadh go gníomhach d’iarrthóirí ó réimse leathan cúlra iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta.

Tá clár sonrach ag an gCúirt chun rochtain ar thréimhsí oiliúna a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Cuireann an clár seo 2 thréimhse oiliúna ar fáil in aghaidh gach seisiúin.

Maireann na tréimhsí oiliúna seo idir trí mhí agus cúig mhí agus bíonn siad ar siúl in Oifigí na gComhaltaí nó sna seirbhísí riaracháin.

Conas iarratas a dhéanamh

Iarrfar ar iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar réimse ar leith as na réimsí seo a leanas:

  • Gnóthaí dlí
  • Riarachán
  • Cumarsáid
  • TF
  • Aistriúchán dlíthiúil
  • Taighde dlíthiúil

Is trí EU CV Online a dhéantar an t‑iarratas.

Agus iarratas á dhéanamh acu, iarrfar ar iarrthóirí doiciméid a sholáthar ina sonrófar leibhéal an mhíchumais atá orthu. Déantar é sin chun a chinntiú gur féidir lenár seirbhís leighis measúnú a dhéanamh ar na socruithe is gá chun freastal orthu.

Deontas

Faigheann oiliúnaithe sa chlár seo deontas míosúil agus liúntas taistil aonuaire, agus tá na méideanna sin níos airde ná na méideanna a chuirtear ar fáil faoi chláir oiliúna eile.

Tréimhsí oiliúna do bhreithiúna náisiúnta

Is féidir le breithiúna náisiúnta páirt a ghlacadh i gclár malartaithe arna eagrú ag an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach.

Is féidir le breithiúna faoi oiliúint a bheith ag obair in Oifigí na gComhaltaí (Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta) sa Chúirt Bhreithiúnais nó sa Chúirt Ghinearálta, nó sa Stiúrthóireacht um Thaighde agus Doiciméadú (DRD).

Mar chuid dá ndualgais, feidhmíonn breithiúna faoi oiliúint mar rúnaithe dlí nó mar riarthóirí DRD, ag brath ar an áit a gcuirtear iad.

Tá líon teoranta tréimhsí oiliúna ar fáil, agus glactar le suas le 15 bhreitheamh in aghaidh na bliana. Maireann na tréimhsí oiliúna idir 6 mhí agus 12 mhí.

Príomhfhaisnéis

An bhfuilim cáilithe chun iarratas a chur isteach?

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit:

  • a bheith i seilbh oifig bhreithiúnach — mar bhreitheamh nó mar ionchúisitheoir — i mBallstát den Aontas ar feadh bliain amháin ar a laghad
  • eolas a bheith agat ar dhlí an Aontais
  • eolas foirfe a bheith agat ar theanga oifigiúil den Aontas agus eolas sásúil a bheith agat ar an bhFraincis, chun tacú leis na Comhaltaí cáschomhaid a láimhseáil agus cinntí a dhréachtú

An íocfar mé?

Ní fhaigheann breithiúna faoi oiliúint aon íocaíocht ná cúiteamh ón gCúirt. Ina ionad sin, faigheann siad liúntas laethúil arna mhaoiniú ag an nGréasán.

Conas iarratas a dhéanamh?

Ní mór iarratais a chur isteach chuig an nGréasán. Tá tuilleadh eolais faoi na tréimhsí oiliúna le fáil ar EJTN website.

Oibleagáid discréide

Tá na hoiliúnaithe faoi réir oibleagáid discréide — le linn agus tar éis a dtréimhse oiliúna — maidir le gach fíoras agus doiciméad inmheánach den Chúirt.

Ní mór d’oiliúnaithe formheas a lorg ón gComhalta nó ón gceann aonaid lena mbaineann sula bhfoilseoidh siad aon rud maidir leis an tréimhse oiliúna. Sula gcuirfidh siad tús lena tréimhse oiliúna, ní mór dóibh gealltanas sollúnta a shíniú go n‑urramóidh siad an dualgas sin.