Caighdeáin Eitice do Chomhaltaí agus d’Fhoireann Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Éilíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na caighdeáin ionracais agus discréide is airde ó gach duine a oibríonn ann. Tá feidhm ag na caighdeáin sin maidir le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta agus Cláraitheoirí uile na Cúirte, dá ngairtear a ‘Comhaltaí’ le chéile. Tá feidhm ag na caighdeáin freisin tar éis don Chomhalta an Chúirt a fhágáil. Baineann caighdeáin arda ar an gcaoi chéanna lena foireann freisin.
Tá na caighdeáin eiticiúla seo le fáil i roinnt doiciméid cheangailteacha, go háirithe Conradh an Aontais, Reacht na Cúirte agus Rialacháin Foirne an Aontais. Tá na ceanglais seo go léir curtha i bhfeidhm ag dhá Chód Iompair arna nglacadh ag an gCúirt. Tá Cód amháin ann do Chomhaltaí agus ceann eile don fhoireann. I dteannta a chéile, is iad sin bunchloch chreat eiticiúil na Cúirte.
Comhaltaí
An Cód Iompair
Sa Chód Iompair do Chomhaltaí, tugtar le chéile agus soiléirítear na hoibleagáidí agus na caighdeáin a fhorchuirtear ar na Comhaltaí leis an gConradh, le Reacht na Cúirte agus leis na Rialacha Nós Imeachta. Luaitear leis an gCód nach mór do na Comhaltaí iad féin a dhíriú go hiomlán ar a gcuid oibre sa Chúirt. Ní mór dóibh gníomhú le neamhspleáchas, ionracas, dínit agus neamhchlaontacht iomlán agus dílseacht agus discréid. Tá feidhm aige maidir le Comhaltaí reatha agus iarChomhaltaí na Cúirte araon.
An Cód sa chleachtas
Neamhspleáchas, ionracas agus dínit
Chun neamhspleáchas na gComhaltaí a áirithiú, ní féidir leo aon treoir a lorg ná a leanúint ó na Ballstáit ná ó institiúidí eile den Aontas. Ní cheadaítear dóibh bronntanais a ghlacadh a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar a neamhspleáchas. Ní féidir leo gníomhú ná iad féin a chur in iúl ar bhealach a chaitheann amhras ar a neamhspleáchas, ar a n‑ionracas nó ar dhínit a n‑oifige.
Neamhchlaontacht agus coinbhleachtaí leasa
Ba cheart dóibh aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le coinbhleacht leasa iarbhír nó braite a sheachaint. Chuige sin, ní féidir leo páirt a ghlacadh i gcásanna ina bhféadfadh leas a bheith acu, nó i gcás inar ghníomhaigh siad roimhe sin do cheann de na páirtithe.
Chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú ina leith sin, nuair a théann Comhaltaí i mbun oifige, ní mór dóibh dearbhú leasanna a chur faoi bhráid an Uachtaráin ina liostaítear a sealúchais airgeadais. Foilsítear an fhaisnéis sin, mar aon le CV an Chomhalta, i rannóg na gComhaltaí ar shuíomh gréasáin na Cúirte. Déanann na comhaltaí an dearbhú sin a athnuachan aon uair a athraíonn a staid agus gach athnuachan 3 bliana ar an gCúirt.
Gníomhaíochtaí seachtracha
Más mian le Comhalta páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht sheachtrach, ní mór dó formheas a fháil ó Chomhthionól Ginearálta a gCúirte.
Baineann sé sin le cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a bhfuil dlúthbhaint acu lena gcuid oibre sa Chúirt, lena n‑áirítear:
- Gníomhaíochtaí ina bhfuil an Comhalta ina ionadaí oifigiúil don Chúirt ag imeacht nó ag searmanas.
- Gníomhaíochtaí ina bhfuil leas na hEorpa á chur chun cinn ag an gComhalta. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist:
- Páirt a ghlacadh i gcomhdháil, i seimineáir nó in aon ghníomhaíocht a chuireann dlí an Aontais nó idirphlé breithiúnach chun cinn;
- Teagasc;
- Páirt a ghlacadh i gcruinniú ar chuireadh ó phearsa phoiblí, nó ar a bhfreastalaíonn pearsa phoiblí; nó
- Teideal, onóir nó maisiúchán a fháil.
Foilsíonn an Chúirt liosta bliantúil de na gníomhaíochtaí sin. I gcás inarb infheidhme, áirítear ar an liosta freisin na speansais arna n‑iompar ag an gCúirt i ndáil le gníomhaíocht údaraithe an Chomhalta.
- Liosta de ghníomhaíochtaí seachtracha Chomhaltaí na Cúirte Breithiúnais le bliain anuas.
- Liosta de ghníomhaíochtaí seachtracha Chomhaltaí na Cúirte Ginearálta le bliain anuas.
Tar éis dóibh éirí as oifig
Leanann an Cód d’fheidhm a bheith aige maidir le Comhaltaí fiú tar éis dóibh an Chúirt a fhágáil. Ní mór d’iarChomhaltaí leanúint orthu ag gníomhú le hionracas, le dínit, le dílseacht agus le discréid.
Tar éis dóibh éirí as oifig, ní féidir leo a bheith páirteach
- in aon chás a bhí ar feitheamh sa Chúirt nuair a d’fhág siad a n‑oifig
- in aon chás a bhaineann go soiléir le cásanna ar dhéileáil siad leo sa Chúirt
- in aon chás os comhair na Cúirte ar feadh tréimhse 3 bliana mar ionadaí ar pháirtí
An Fhoireann
Leis an gCód Iompair do’Fhoireann na Cúirte, ceanglaítear orthu iompar eiseamláireach a léiriú, agus cloí leis na caighdeáin eitice is airde agus leis na luachanna a spreagann ceartas na hEorpa.
Díreach cosúil leis na Comhaltaí, ní mór don fhoireann gníomhú le neamhspleáchas, neamhchlaontacht, ionracas agus dílseacht iomlán. Ba cheart dóibh aon choinbhleacht leasa a sheachaint freisin. Ní mór don Chúirt aon ghníomhaíochtaí seachtracha a fhormheas.
Níor cheart don fhoireann dochar a dhéanamh d’údarás, do dhínit ná d’íomhá na Cúirte agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcosnaítear rúndacht, go háirithe in úsáid na teicneolaíochta nó na meán sóisialta.
Ní mór dóibh caitheamh le comhghleacaithe agus le haon duine a théann i dteagmháil leis an gCúirt le sibhialtacht agus aon iompar míchuí, ionsaitheach nó idirdhealaitheach a sheachaint.
Díreach mar a dhéanann na Comhaltaí, tá feidhm fós ag an oibleagáid maidir le rúndacht agus discréid a choinneáil fiú tar éis dóibh an Chúirt a fhágáil, agus ní mór d’iarfhoireann a léiriú go macánta agus feidhmeanna nó tairbhí áirithe á nglacadh acu. Mar gheall ar chineál speisialta a gcuid oibre, tá rialacha sonracha sa Chód freisin do bhainisteoirí agus dóibh siúd a oibríonn go díreach le Breithiúna.
