Bearta éifeachtúlachta

Déanann Seirbhís Teanga na Cúirte a dícheall i gcónaí a héifeachtúlacht a mhéadú, agus chun é seo a bhaint amach agus ardchaighdeán á choinneáil aici, díríteara infheistíocht go príomha sna treoracha seo a leanas: an úsáid is fearr is féidir a bhaint as teicneolaíochtaí nua, téarmaíocht, oiliúint agus leas iomlán a bhaint as rannchuidiú na rannpháirtithe seachtracha.

Braitheann dlítheangeolaithe agus ateangairí ar uirlisí atá ag éirí níos forbartha chun tacú leis an ilteangachas. Cé go bhfuil meaisínaistriúchán néarach dosheachanta, ní mór dó a bheith faoi réir rialuithe dochta maidir le téacsanna a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla acu.

Baineann seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin dlí na Cúirte tairbhe as obair théarmaíochta ilteangach a dhéantar i gcomhar le sainaonad, rud a chuireann le cáilíocht agus comhsheasmhacht na n-aistriúchán agus na n-idirghabhálacha ó bhéal. Tá an t-aonad seo freagrach freisin as réamhphróiseáil téarmaíochta agus doiciméadach a dhéanamh ar cuid de na doiciméid. Tá bailiúcháin téarmaíochta agus bunachair shonraí á saibhriú i gcónaí ionas gur féidir na réitigh a aimsítear a athúsáid ar mhaithe le cách, go háirithe trí IATE, an bunachar téarmaíochta is coiteann d'institiúidí uile an Aontais, atá poiblí den chuid is mó.

Chun taighde dlí ilteangach (téacs iomlán) a dhéanamh, bíonn dlítheangeolaithe agus ateangairí ag brath ar EUR-Lex go príomha, a thugann rochtain phoiblí ar dhlí an Aontais Eorpaigh. Ar an suíomh gréasáin seo is féidir breathnú ar reachtaíocht agus cásdlí i leagan ilteangach. Baineann siad úsáid freisin as uirlisí a forbraíodh chun críocha na Cúirte féin (mar shampla an t-inneall cuardaigh i gcásanna EURêka nó suíomh gréasáin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh), nó acmhainní idirinstitiúideacha, amhail an t-inneall cuardaigh Quest nó córas cuimhne aistriúcháin Euramis.

Chomh maith leis na huirlisí traidisiúnta sin, a bhaineann tairbhe as dul chun cinn teicneolaíochta, tá uirlisí nua áirithe a bhaineann go sonrach le réimse na teanga atá ríthábhachtach anois. Áirítear leis sin eagarthóirí aistriúcháin. Bhuaigh Trados Studio, táirge margaidh, an dá chonradh soláthair poiblí idirinstitiúideacha dheireanacha. Taispeánann an timpeallacht oibre seo an buntéacs agus an spriocthéacs ag an am céanna, ionas go dtaispeánfar taobh le taobh na habairtí a aistríodh cheana, atá le haistriú, i bpróiseas an aistriúcháin nó a bhfuil moltaí ann ina leith ón obair roimhe sin nó ón meaisínaistriúchán néarach. Le hailíniú na leaganacha teanga, is féidir, tar éis an aistriúcháin, cur le bunachar sonraí idirinstitiúideach ar a dtugtar Euramis. Ó Trados Studio, is féidir leis an dlítheangeolaí uirlisí aistriúcháin eile a ghníomhachtú, lena n-áirítear na huirlisí téarmaíochta thuasluaite.

Tá rannchuidiú an mheaisínaistriúcháin néaraigh, a d’eascair as Deep Learning, brainse den intleacht shaorga, curtha san áireamh le roinnt blianta anuas. Sa Chúirt Bhreithiúnais, cuimsíonn an timpeallacht aistriúcháin ríomhchuidithe na hinnill néaracha eTranslation, córas arna chruthú agus arna bhainistiú ag na hinstitiúidí Eorpacha, agus DeepL Pro, uirlis mhargaidh. Tá na hinnill néaracha seo dírithe ar chorpas ollmhór de mhíreanna dátheangacha ailínithe, as a “bhfoghlaimíonn” siad. Nuair a bhíonn siad oilte, soláthraíonn na hinnill sin aistriúcháin trí algartaim a shannann meáchain i ndiaidh a chéile do na comhfhreagrais a aimsítear, bunaithe ar chur chuige dóchúlachta, gramadaí, comhthéacsúla agus eile.

Níor cheart go gcuirfeadh rannchuidiú suntasach na n-uirlisí agus na dteicneolaíochtaí sin orainn dearmad a dhéanamh gurb ag daoine amháin, i gcroílár na timpeallachta “méadaithe” seo, an tuiscint is gá chun na réitigh atá beartaithe agus an saineolas teanga agus dlíthiúil is gá a fhíorú.

Is cuid bhunúsach í an ghairmoiliúint leanúnach chun na scileanna gairmiúla a theastaíonn chun na dualgais a bhaineann go sonrach le gairmeacha éagsúla an ilteangachais a chomhlíonadh a chothabháil agus a fhorbairt. Is dlúthchuid de bheartas na seirbhíse é leibhéal an-ard cáilíochta a áirithiú ina seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta agus díríonn sé go príomha ar na réimsí teangeolaíochta, dlíthiúla agus teicniúla.

Tosaíonn forbairt scileanna sna réimsí seo chomh luath agus a théann an fhoireann i mbun a gcuid dualgas, a bhuí le cúrsa atá deartha chun iad a chur ar an eolas maidir le huirlisí agus timpeallacht oibre na seirbhíse. Leantar leis le linn na gairme le hinfheistíocht shuntasach in oiliúint teanga, d’fhonn clúdach teanga na n-ateangairí agus na ndlítheangeolaithe go háirithe a chothabháil agus a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht seo gné dhlíthiúil an ilteangachais a shaibhriú trí chomhdhálacha agus seimineáir rialta a eagrú maidir le réimse sonrach de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta. Ar deireadh, agus i gcomhréir le forbairtí i dtimpeallacht theicniúil na seirbhíse, tá socruithe oiliúna tábhachtacha á gcur chun feidhme chun tacú le hascnamh TF nó le húsáid uirlisí nua oibre.

 

Féach freisin: 

> Ilteangachas – Imleabhar 1