Beartas Úsáide Twitter
Bainistíonn Aonad Preasa agus Eolais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na cuntais Twitter @EU_Court_Press agus @Cour_UE_Presse. Ar an meán, cuirtear amach idir tvuít amháin agus trí cinn in aghaidh na seachtaine maidir le breithiúnais chomh maith le hócáidí institiúideacha áirithe (suíonna foirmiúla, cuairteanna prótacail, forbairt seirbhísí atá ar fáil do dhlíodóirí...). Freagraí (@replies) agus teachtaireachtaí díreachaNí chaitear le seoladh teachtaireachtaí díreacha nó tvuíteanna mar iarratas oifigiúil ar eolas. Más gá teagmháil oifigiúil a dhéanamh leis an gCúirt Bhreithiúnais, téigh chuig an leathanach teagmhála. Na cuntais a leantarNí leanann an tAonad Preasa agus Eolais cuntais a gcuid leantóirí go córasach. Ní leanfar a thuilleadh cuntais atá mailíseach go follasach nó a sheolann teachtaireachtaí turscair. Má leanann ceann de chuntais an Aonaid Phreasa agus Eolais cuntais ar bith, ní féidir féachaint air sin mar thoiliú nó tacaíocht do na cuntais sin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. InfhaighteachtCoimeádann an tAonad Preasa agus Eolais gníomhaíocht na gcuntas Twitter cothrom chun dáta agus déanann sé maoirseacht orthu le linn na n-uaireanta oibre ón Luan go dtí an Aoine. Níl an Chúirt Bhreithiúnais freagrach as fadhbanna infhaighteachta le seirbhís Twitter. |