Tréimhsí oiliúna

Mar chéimí óg nó breitheamh náisiúnta, tá an deis agat clár oiliúna a dhéanamh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh, lena ráthaítear urramú dhlí an Aontais do 450 milliún saoránach. Tabharfar leis an gclár seo deis duit d’oiliúint a shaibhriú, ach freisin cur le gníomhaíochtaí na Cúirte, i gcomhthéacs spreagúil, Eorpach agus ilteangach. Buailfidh tú le hoiliúnaithe is céimithe óga eile nó le breithiúna a bhfuil comhluachanna an Aontais acu, bunaithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar urraim do chearta bunúsacha.

stage new page image 1 

"Bhain mé an-taitneamh as m’intéirneacht sa Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg. Thug sé deis iontach dom chun mo scileanna aistriúcháin a fheabhsú agus snas a chur ar mo chuid Gaeilge agus Fraincise. Faigheann tú léargas iontach ar conas a oibríonn an Chúirt go praiticiúil agus tú ag obair mar oiliúnaí. Mholfainn d’éinne iarratas a chur isteach, is áit oibre den scoth í an Chúirt agus is cathair alainn é Lucsamburg!"

David Rainsford

Tréimhsí oiliúna do chéimithe óga

Is é is aidhm don tréimhse oiliúna ná an t-oiliúnaí a oiliúint i ngníomhaíochtaí na hinstitiúide agus chun cúraimí a chur i gcrích chun leasa na hinstitiúide.

Cuirtear líon teoranta tréimhsí oiliúna ar fáil, timpeall 200 in aghaidh na bliana. Féadfaidh siad a bheith i ndlísheomraí na gComhaltaí (Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta), ar feadh tréimhse 3 go 5 mhí, nó i seirbhísí na hinstitiúide, ar feadh tréimhse 5 mhí.

Tá na hoiliúnaithe faoi réir oibleagáid discréide, le linn agus tar éis a dtréimhsí oiliúna, maidir le gach fíoras agus doiciméad inmheánach den institiúid a bhfuil siad curtha ar an eolas fúthu. Mar sin, ní fhéadfaidh siad aon ní a bhaineann lena dtréimhse oiliúna a fhoilsiú ná a chur faoi deara go ndeanfar aon ní a fhoilsiú gan é a chur in iúl ar dtús don Chomhalta nó don cheann aonaid lena mbaineann. Roimh thús na tréimhse oiliúna, tabharfaidh an t-oiliúnaí gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad an dualgas sin.

Treimhsí oiliúna i ndlísheomraí na gComhaltaí (Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta)

Tá na tréimhsí oiliúna sna dlísheomraí dírithe go háirithe ar chéimithe óga dlí a bhfuil cúlra acu i ndlí an Aontais go hidéalach. I gcúrsa a ndualgas, iarrfar ar an duine faoi oiliúint a bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht na ndlísheomraí trí chúraimí éagsúla a chur i gcrích a bhaineann le cásanna a ndéanann an Comhalta den dlísheomra dá sanntar é nó í a leanúint, agus nach bhfuil fós ag céim na bpléití.

Tréimhsí oiliúna sna seirbhísí

I seirbhísí na hinstitiúide a ghlacann le hoiliúnaithe, bíonn an deis ag na hoiliúnaithe sin na feidhmeanna sonracha a dhéantar ansin a fháil amach agus an t-eolas a fuarthas le linn a gcuid staidéir a chur i bhfeidhm. Glacann siad páirt ghníomhach i gcur i gcrích na dtascanna a shanntar dóibh sa chomhthéacs sin, faoi mhaoirseacht oifigeach a bhfuil taithí acu.

Is iad seo a leanas na seirbhísí a ghlacann le hoiliúnaithe:

  1. An Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna
  2. An Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Airgeadais agus Buiséad
  3. Stiúrthóireacht an Ilteangachais (aistriúchán dlíthiúil agus ateangaireacht)
  4. Stiúrthóireacht na Leabharlainne
  5. An Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Dhoiciméadú
  6. An tAonad um Thionscadail agus Comhordú Téarmaíochta
  7. An Stiúrthóireacht um Prótacal agus Cuairteanna
  8. Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  9. An Comhairleoir Dlí um Ghnóthaí Riaracháin
  10. Clárlann Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna i Stiúrthóireacht na hAteangaireachta

Tá na tréimhsí oiliúna i Roinn na hAteangaireachta, a mhaireann idir deich agus dhá sheachtain déag, dírithe go príomha ar chéimithe óga ateangaireachta comhdhála. Is é an cuspóir ná ligean d’ateangairí óga leanúint ina bhforbairt san ateangaireacht, go háirithe san ateangaireacht dhlíthiúil, lena n-áirítear ullmhú comhad, obair ar thaighde téarmaíochta agus cleachtaí praiticiúla i “mboth tostach”. Ní mór go mbeadh ar a laghad dhá theanga éighníomhacha nó dara teanga gníomhach ag iarrthóirí. Ní mór go mbeifí in ann an Fhraincis a léamh. Déantar na hiarrthóirí a roghnú uair sa bhliain, thart ar 15 Meán Fómhair, don bhliain bhreithiúnach ar fad (cuirtear iarratais isteach ón 1 Iúil go dtí an 15 Meán Fómhair gach bliain). 

stage new page image 2 

Riachtanais iontrála, luach saothair agus iarratais

Riachtanais iontrála

- A bheith ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach, mura bhfuil maolú cuí-réasúnaithe ann.

- Ní mór d’iarrthóirí céim iomlán ollscoile sa dlí, san eolaíocht pholaitiúil, san eacnamaíocht nó i réimse gaolmhar, as a leanann céim (nó, go heisceachtúil, cáilíocht choibhéiseach).

- Sáreolas a bheith ag iarrthóirí ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas maith ar theanga oifigiúil eile. Ar chúiseanna seirbhíse, tá sé inmhianaithe eolas maith a bheith ag iarrthóirí ar an bhFraincis.

- Gan tréimhse oiliúna (íoctha nó neamhíoctha) a bheith déanta ag iarrthóirí cheana féin in institiúid nó comhlacht eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Luach saothair

Is é €1 493 méid an deontais in aghaidh na míosa. Níl sé faoi réir an chórais cánach a bhaineann le hoifigigh agus gníomhairí eile an Aontais Eorpaigh. Íoctar síntiús €150 le haghaidh costais taistil do na oiliúna a bhfuil a n-áit chónaithe 200km nó níos mó ó shuíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Ní bhaineann an luach saothair seo le tréimhsí oiliúna a déantar in oifigí príobháideacha na gComhaltaí, lasmuigh den dá thréimhse shocraithe agus mar chuid de chúrsa oiliúna ghairmiúil ina bhfaigheann na hoiliúnaithe deontas, liúntas nó luach saothair.

Conas iarratas a dhéanamh?

Maidir le cúrsaí oiliúna a bheidh ar siúl sa tréimhse ón 1 Márta go 31 Iúil, is féidir iarratas a chur isteach idir an 1 Iúil go dtí an 15 Meán Fómhair na bliana roimhe sin.

I gcás tréimhsí oiliúna a bheidh ar siúl sa tréimhse ón 16 Meán Fómhair go 15 Feabhra (i gcás tréimhsí oiliúna i ndlísheomraí) nó ón 1 Deireadh Fómhair go deireadh mhí Feabhra (le haghaidh tréimhsí oiliúna sna seirbhísí), bíonn an tréimhse iarratais ar oscailt ón 1 Feabhra go dtí an 15 Aibreán den bhliain chéanna.

Ní mór iarratais a chur isteach trí EU CV Online le curriculum vitae mionsonraithe. Mar chuid den phróiseas réamhroghnúcháin agus ar iarratas ina leith, ní mór cóipeanna de dhioplómaí agus/nó de theastais, lena n-áirítear iad siúd a d’eisigh údarás acadúil maidir le cáilíochtaí acadúla nó gairmiúla a chur ar fáil.

Cuireann roinn acmhainní daonna na hinstitiúide an cinneadh a dhéantar ina leith in iúl do na hiarrthóirí roghnaithe i scríbhinn. Ní thugtar stádas oifigeach nó seirbhíseach eile de chuid an Aontais Eorpaigh don oiliúnaí agus ní thugann sé aon cheart ná teidlíocht chun coinne dóibh ach an oiread.

stage new page image 3 

Tréimhsí oiliúna do bhreithiúna náisiúnta

Glacann an Chúirt le breithiúna náisiúnta ar chúrsaí oiliúna mar chuid den chlár malartaithe a eagraíonn an Líonra Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (LEOB), suas le 15 bhreitheamh in aghaidh na bliana ar a mhéid.

Tarlaíonn na tréimhsí oiliúna do bhreithiúna náisiúnta in oifigí príobháideacha Chomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ghinearálta nó sa Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Dhoiciméadú (DRD). Maireann siad ar feadh 6 nó 10 mí. Iarrtar ar bhreithiúna náisiúnta na tascanna céanna a dhéanamh, ag brath ar chomhthéacs na tréimhse oiliúna, agus a dhéanann na rúnaithe dlí nó riarthóirí DRD.

Beidh breithiúna náisiúnta faoi réir oibleagáid discréide, le linn a dtréimhse oiliúna agus dá n-éis, maidir leis na fíorais agus na doiciméid inmheánacha go léir a bhfuil siad tagtha ar an eolas fúthu. Geallann siad gan aon rud a bhaineann leis an tréimhse oiliúna a fhoilsiú ná a chur faoi deara go bhfoilseofar é.

Riachtanais iontrála

- Obair mar ghiúistís (breitheamh nó ionchúisitheoir) i mBallstát den Aontas Eorpach ar feadh bliana ar a laghad.

- A bheith eolach ar dhlí an Aontais.

- Eolas foirfe ar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus leibhéal leordhóthanach ar an bhFraincis chun bheith in ann tacú le comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta agus iad ag láimhseáil cásanna agus i ndréachtú cinntí.

Luach saothair

Ní íocann an Chúirt ná ní chúitíonn an Chúirt an breitheamh náisiúnta ar thréimhse oiliúna. Faigheann sé liúntas laethúil arna mhaoiniú ag LEOB.

Conas iarratas a dhéanamh?

Ní mór iarratais a chur isteach chuig LEOB (GEOB - Tréimhsí oiliúna fadtéarmacha).