Ceiliúrann an Chúirt 20 bliain ó aontachas 10 Stát leis an Aontas Eorpach: Cor Cinniúnach Nua don Eoraip

An 1 Bealtaine 2004, chuaigh 10 mBallstát nua isteach san Aontas Eorpach: Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin. Ba é sin an méadú aonair ba mhó ó thaobh pobal agus tíortha araon. Ina theannta sin, thug an t-aontachas sin réimse leathan de stair náisiúnta, de chultúir agus de thraidisiúin dhlíthiúla chuig spás coiteann dlíthiúil an Aontais. I bhfianaise mhéid an chomhtháthaithe a bhí bainte amach ag an Aontas Eorpach faoi 2004, ar thaobh amháin, agus an éagsúlacht a léirigh na deich mBallstát nua, ar an taobh eile, ní féidir an iomarca béime a chur ar thábhacht na tréimhse sin. Is cóir a rá gur tráth bunreachtúil a bhí i méadú 2004 ann féin – athrú paraidíme – inar tháinig Oirthear agus Iarthar na hEorpa le chéile mar chomhthionscadal bunreachtúil. Leathnaigh an tAontas Eorpach a chuid luachanna agus a phrionsabail chuig codanna den Eoraip a bhfuil stair an-chasta acu. Cé gur tháinig na 10 mBallstát nua isteach san Aontas le diongbháilteacht agus dóchas ar leith don tsaoirse, don cheartas agus don rathúnas, dhéanfaí tástáil ar an diongbháilteacht sin le dúshláin mhóra.

Chun an comóradh tábhachtach a cheiliúradh, reáchtálfaidh an Chúirt an chomhdháil seo Dé hAoine, an 3 Bealtaine 2024, ó 9:00 go 18:00: ’20 bliain ó aontachas 10 Stát leis an Aontas Eorpach: Cor cinniúnach nua don Eoraip’.

Déanfaidh an chomhdháil seo ceiliúradh ar chomóradh 20 bliain ó mhéadú 2004, trí bhreathnú ar an méid a chuir sé le tionscadal lánpháirtithe an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. An bhfuil tionchar aige ar chomhdhlúthú níos mó ar dhlí an Aontais Eorpaigh, chomh maith le rialáil níos mionsonraithe ar roinnt réimsí a thagann faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh? Nó, a mhalairt ar fad, ar chuir sé bacainní nua ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh? 20 bliain ar an mbóthar, cad iad na ceachtanna atá foghlamtha maidir le leathnú agus le doimhniú an tionscadail lánpháirtithe Eorpaigh? Ar chruthaigh an méadú aonair is mó lena rath agus lena dhúshláin Aontas níos láidre de shaoránaigh Eorpacha?

Ní féidir freastal ar an gcomhdháil ach trí chuireadh a fháil. Féadfar breathnú ar an ócáid ar shruthú beo ar an suíomh seo, áfach.

 

Tuilleadh eolais:

20 years logo colours GA