Léiriú ginearálta
Marc van der Woude
Marc van der Woude
Uachtarán
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Marc van der Woude in Gorredijk (an Ísiltír). Chríochnaigh sé a chéad bhlianta staidéir ag Rijksuniversiteit Groningen (Ollscoil Groningen, an Ísiltír), áit ar bhain sé céim amach sa dlí in 1983. Lean sé leis an staidéar i gColáiste na hEorpa (an Bheilg) go dtí 1984.

Ó dheireadh a chuid staidéir, bhí baint mhór aige le teagasc agus taighde i gColáiste na hEorpa, áit a raibh sé ina chúntóir go dtí 1986. Bhí sé ina léachtóir ansin ag an Universiteit Leiden (Ollscoil Leiden, an Ísiltír) ó 1986 go 1987. Le linn a ghairmréime, bhí sé de shíor bainteach leis an teagasc agus cuireadh de chúram air, ó 2000, ollúnacht an dlí in Erasmus Universiteit Rotterdam (Ollscoil Erasmus in Rotterdam, an Ísiltír). Údar ar iliomad foilseachán, cuireann sé le forbairt na hoibre i ndlí na hiomaíochta, a bhfuil roinnt tagairtí dó sa tuarascáil ar an ábhar.

I dteannta a thiomantais acadúla, tá an tUas. van der Woude ag cleachtadh an dlí. Ó 1987 go 1989, d’oibrigh sé do Choimisiún na gComhphobal Eorpach, áit ar ghníomhaigh sé mar rapóirtéir don Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta. Ansin chuaigh sé isteach i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus d’oibrigh sé mar Rúnaí Dlí leis na breithiúna Thymen Koopmans agus Paul Joan George Kapteyn ó 1989 go 1992. Cheap an Coimisiún Eorpach é mar riarthóir laistigh den aonad comhordaithe Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, post a bhí aige ó 1992 go 1993 sular ceapadh é ina chomhalta dá Sheirbhís Dlí ó 1993 go 1995. Ón dáta sin amach, bhí sé mar dhlíodóir ag Barra na Bruiséile (an Bheilg), áit ar dhírigh a chleachtas dlíthíochta ar dhlí na hiomaíochta.

Ceapadh an tUas. van der Woude mar bhreitheamh den Chúirt Ghinéarálta ar an 13 Meán Fómhair 2010. Thogh a chomhghleacaithe é ina Uachtarán ar dhlísheomra ón 18 Meán Fómhair 2013 agus ina Leas-Uachtarán ón 20 Meán Fómhair 2016. Ar an 27 Meán Fómhair 2019, toghadh é mar Uachtarán na Cúirte Ginearálta agus tá sé sa phost sin ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Ball de bhord comhairleach den Europäische Rechtsakademie (ERA) Trier (Acadamh Dlí na hEorpa Trier, an Ghearmáin)
  • Ball den “Advisory board of the Toulouse School of Economics executive education program in antitrust” (Scoil Eacnamaíochta Toulouse, an Fhrainc)
  • Ball den Curatorium den Europa Instituut in Leiden
  • Ball den choiste dréachtaithe den Sociaal Economische Wetgeving
  • Ball den Choiste Acadúil de Revue Concurrences
Savvas S. Papasavvas
Savvas S. Papasavvas
Leas-Uachtarán
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Savvas S. Papasavvas in 1969 sa Niocóis (an Chipir). Rinne sé staidéar in Ethnikó kai Kapodistriakó Panepistímio Athinón (Ollscoil Náisiúnta Kapodistrias na hAithne, an Ghréig) agus bhain sé céim arb ionann í agus máistreacht sa dlí (Ptychion) amach in 1991. Lean sé lena chuid staidéir in université de Paris II (Ollscoil Pháras II, An Fhrainc), a bhronn Dioplóma Ard-Léinn sa Dlí Poiblí air in 1992. In 1995, tar éis dó a chuid staidéir dochtúireachta a chríochnú in Université d’Aix‑Marseille III (Ollscoil Aix-Marseille III, an Fhrainc), bronnadh an teideal de dhochtúir sa dlí air.

Glacadh isteach ag Barra na Cipire é, agus mar chomhalta de Bharra Niocóise ó 1993, lean an tUasal Papasavvas lena shlí bheatha mar dhlíodóir go dtí gur ceapadh é chuig an gCúirt Ghinearálta in 2004.

Theagasc sé chomh maith in Panepistímio Kýprou (Ollscoil na Cipire) mar léachtóir ó 1997 go 2002, sular ceapadh é mar léachtóir leis an dlí bunreachtúil ó 2002 go 2004.

Ceapadh an tUasal Papasavvas mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 12 Bealtaine 2004 agus bhí sé ina Uachtarán ar an Dlísheomra ar feadh dhá théarma as a chéile, ón 15 Meán Fómhair 2010 go dtí an 25 Meán Fómhair 2016. Thogh a chomhghleacaithe é mar Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 27 Meán Fómhair 2019 agus is sa cháil sin atá sé ag obair sa Chúirt Ghinearálta ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta bunaidh den European Law Institute
  • Comhalta den European Public Law Organization (EPLO)
  • Comhalta den Societas Iuris Publici Europaei (SIPE)
  • Comhalta bunaidh den Kypriakó Somateío Dikaíou Enérgeias
  • Comhalta den choiste eolaíoch den irisleabhar Dikaiómata tou Anthrópou
  • Comhalta den Choiste Oinigh den comhlachas Hellenic Culture in Luxembourg
Heikki Kanninen
Heikki Kanninen
Uachtarán an Chéad Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Heikki Kanninen in 1952 i Heilsincí (an Fhionlainn). Bhain sé céim san eacnamaíocht amach ó Helsingin kauppakorkeakoulu (Scoil an Ard-Léinn Tráchtála, Heilsincí, an Fhionlainn) in 1976 agus máistreacht sa dlí sa scoil dlí in Helsingin yliopisto (Ollscoil Heilsincí, an Fhionlainn) in 1978. Ba san ollscoil sin a chríochnaigh sé a chuid staidéir in 1988 le Dioplóma Ard-Léinn sa Dlí.

Chuir an tUasal Kanninen tús lena shlí bheatha ghairmiúil in 1978 mar rúnaí dlí ag Korkein hallinto-oikeus (Cúirt Uachtarach Riaracháin, an Fhionlainn) agus ansin, ó 1979 go 1981, tháinig sé chun bheith ina Ard‑Rúnaí ar Hallinnon oikeusturvakomitea (An Coiste um Athchóiriú na Cosanta Dlí sa Riarachán Poiblí, an Fhionlainn), a bhunaigh Rialtas na Fionlainne.

Athghaireadh é chuig Korkein hallinto-oikeus in 1981, áit a raibh sé ina Phríomh-Riarthóir go dtí 1984, sular ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Hallintolainkäyttökomitea (An Coiste Riaracháin um Athchóiriú na Dlíthíochta Riaracháin, an Fhionlainn) ó 1984 go 1985. Idir 1986 agus 1993, chuaigh sé isteach i Stiúrthóireacht na Reachtaíochta in Aireacht Dlí agus Cirt na Fionlainne mar chomhairleoir. Ó 1991 go 1993, bhí post aige freisin in Turvapaikkalautakunta (Bord Achomhairc Dhídeanaithe na Fionlainne). In 1993, d’oibrigh sé mar thaighdeoir in Helsingin yliopiston Kansainvälisen talousoikeuden instituutti (Institiúid an Dlí Eacnamaíoch Idirnáisiúnta, Ollscoil Heilsincí).

Níos déanaí in 1993, ceapadh é ina Leas-Chláraitheoir ar Chúirt Bhreithiúnais Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (AELE) (an Ghinéiv, an Eilvéis).Bhí na feidhmeanna sin aige go dtí 1995. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach mar rúnaí dlí don Bhreitheamh Leif Sevón ó 1995 go 1998.

Nuair a d‘fhill sé ar an bhFionlainn, bhí post aige mar bhreitheamh in Korkein hallinto-oikeus ó 1998 go 2005 agus, ag an am céanna, bhí sé ag gabháil d’obair Choiste um Fhorbairt Institiúidí Breithiúnacha na Fionlainne, a raibh sé ina Leas-Uachtarán air ó 2001 go 2003.

Bhí an tUasal Kanninen ina bhreitheamh sa Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh ón 6 Deireadh Fómhair 2005 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2009 agus bhí sé mar Uachtarán an Dlísheomra ón 1 Deireadh Fómhair 2008 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2009. Ceapadh é ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 7 Deireadh Fómhair 2009. Bhí sé mar Uachtarán an Dlísheomra ón 23 Samhain 2011 go dtí an 16 Meán Fómhair 2013. Thogh a chomhghleacaithe é mar Leas-Uachtaráin na Cúirte Ginearálta ón 17 Meán Fómhair 2013 go dtí an 19 Meán Fómhair 2016. I gcomhthráth leis na poist sin, bhí sé ina Chathaoirleach ar Dhlísheomra den Chúirt Ghinearálta. Thogh a chomhghleacaithe é mar Uachtarán an Dlísheomra sa Chúirt sin arís an 21 Meán Fómhair 2016 agus an 30 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de bhord comhairleach den Congrès 2027 de la Fédération Internationale pour le droit européen (FIDE)
  • Comhalta den Académie internationale de droit comparé
  • Comhalta den Société de législation comparée
Teidil agus gradaim onóracha
  • Suomen Valkoisen Ruusun ritarikunnan komentajamerkki (Cros Cheannasaí d’Ord Rós Bán na Fionlainne) (2007)
Vesna Tomljenović
Vesna Tomljenović
Uachtarán an Dara Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Vesna Tomljenović sa bhliain 1956 in Rijeka (an Chróit). Bhain sí máistreacht sa dlí amach in 1979 ó Sveučilište u Rijeci (Ollscoil Rijeka), chomh maith le máistreacht sa dlí in 1984 agus dochtúireacht sa dlí in 1996 ó Sveučilište u Zagrebu (Ollscoil Shágraib, an Chróit). Glacadh léi mar dhlíodóir sa Chróit in 1982.

Idir 2005 agus 2013, bhí sí ina comhordaitheoir ar shainchlár oideachais threasaigh “Dlí na lánpháirtíochta Eorpaí” ag Sveučilište u Rijeci (Ollscoil Rijeka). Idir 2005 agus 2013, bhí an Ollúnacht sa Dlí Idirnáisiúnta agus an Dlí Príobháideach Eorpach aici san ollscoil sin. In 2003, bhí sí ina hollamh ar cuairt sa Scoil Dlí in Tulane University (Ollscoil Tulane, Stáit Aontaithe Mheiriceá) mar chuid den chlár Fulbright. Tá sí ar an liosta eadránaithe den Stalno arbitražno sudište Hrvatske gospodarske komore (Binse Eadrána buan i gComhlachas Tráchtála na Cróite).

Ó 2005 go 2013, ba í Ceann ar Mheitheal na Foirne Caibidlíochta de chuid Phoblacht na Cróite, agus í i gceannas ar chaibidil 28 den acquis communautaire (Cosaint Tomhaltóirí agus Sláinte). Ó 2006, tá sí ina cathaoirleach ar an Hrvatska udruga za poredbeno pravo (Comhlachas Dlí Chomparáidigh na Cróite).

Ceapadh Vesna Tomljenović mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 4 Iúil 2013. Thogh a comhghleacaithe í ina hUachtarán ar Dhlísheomra an 21 Meán Fómhair 2016 agus an 30 Meán Fómhair 2019, agus is sa phost sin atá sí ó shin i leith.

Stéphane Gervasoni
Stéphane Gervasoni
Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Stéphane Gervasoni sa bhliain 1967 in Voiron (an Fhrainc). Bhain sé céim amach ó Institut d’ Études Politiques (IEP) (Institiúid um Staidéar Polaitiúil) de Grenoble (an Fhrainc) in 1988 agus ó École Nationale d’Administration (ENA) (Scoil Náisiúnta an Riaracháin) (an Fhrainc) in 1993 (Promotion Léon Gambetta).

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil sa Chomhairle Stáit (Páras, an Fhrainc) in 1993 mar bhreitheamh faoi oiliúint agus ansin, ó 1996, mar chomhalta sóisearach (grád a bhí aige go dtí 2008, nuair a ceapadh ag grád an chomhairleora stáit é). Sa cháil sin, bhí sé ina bhreitheamh is rapóirtéir sa Roinn Dlíthíochta go dtí 1997, agus ag an am céanna shuigh sé ar an Roinn Gnóthaí Sóisialta (ó 1996 go 1997). I gcomhthráth leis sin, ó 1994 go 1996, cuireadh dualgais choimisinéir rialtais ag Coimisiún Speisialta Achomhairc na bPinsean de chúram air, a bhí ceangailte go sealadach leis an gComhairle Stáit, agus, ó 1995 go 1997, bhí dualgais an chomhairleora dlí d’Aireacht Sheirbhís Sibhialta na Fraince agus do Chathair Pháras air.

In 1997, chuaigh sé isteach i maoracht cheantar Yonne (an Fhrainc) mar ard-rúnaí, agus bhí sé freagrach as dualgais an fho-mhaoir ar an gceantar áitiúil Auxerre freisin, ar dhualgaisiad a chomhlíon sé go dtí 1999. Ansin chuaigh sé isteach i maoracht cheantar Savoi (an Fhrainc), mar ard-rúnaí agus mar fho-mhaor ar an gceantar áitiúil Chambéry (an Fhrainc), ó 1999 go 2001.

Mar thoradh ar na dualgais a chomhlíon sé sa Chomhairle Stáit agus sa riarachán poiblí, chuaigh sé isteach i gCúirt Bhreithiúnas na gComhphobal Eorpach, mar rúnaí dlí le breitheamh Jean-Pierre Puissochet, ó 2001 go 2005. Ceapadh é ina bhreitheamh de Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh ar an 5 Deireadh Fómhair 2005, an lá ar cuireadh an chúirt sin ar bun, agus  í nuachruthaithe ag an am. Chomhlíon sé a dhualgais ann go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2011, agus mar uachtarán an dlísheomra idir an 6 Deireadh Fómhair 2008 agus an 6 Deireadh Fómhair 2011.

Athghaireadh chun na Comhairle Stáit é, agus ó 2011 go 2013, bhí an tUasal Gervasoni ina leas-uachtarán de chuid an Ochtú Dlísheomra i Roinn na Dlíthíochta.

Caitheann sé a dhúthracht le gníomhaíochtaí teagaisc chomh maith, agus é ina léachtóir, ó 1993 go 1995, in Institiúid um Staidéar Polaitiúil, Páras, agus in Université de Luxembourg, (Ollscoil Lucsamburg, Lucsamburg) ó 2016. Ina theannta sin, bhí sé ina lánchomhalta de Bhord Achomhairc d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) ó 2001 go 2005, agus ina chomhalta de Bhord Achomhairc Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) ó 2011 go 2013.

Ceapadh an tUasal Gervasoni mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 16 Meán Fómhair 2013.

Thogh a chomhghleacaithe faoi dhó é mar Uachtarán an Dlísheomra, agus tá sé ina shuí sa cháil sin ón 21 Meán Fómhair 2016.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de chomhlachas scoláirí Institut d’Études Politiques (IEP) (Institiúid um Staidéar Polaitiúil), Grenoble
  • Comhalta de chomhlachas na scoláirí agus na n-iarscoláirí d’École Nationale d’Administration (ENA) (Scoil Náisiúnta an Riaracháin)
  • Comhalta de chomhlachas chomhaltaí na Comhairle Stáit
  • Comhalta de Société de Législation Comparée
  • Comhalta de choiste acadúil an Revue Universelle des Droits de l’Homme
Teidil agus gradaim onóracha
  • Chevalier de la Légion d’honneur (ceapadh é ag foraithne ó Uachtarán Phoblacht na Fraince) (2012)
Dean Spielmann
Dean Spielmann
Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Dean Spielmann in 1962 i Lucsamburg (Ard-Diúcacht Lucsamburg). Bhain sé céim sa dlí amach in 1988 ó Université catholique de Louvain (Ollscoil Chaitliceach Louvain, an Bheilg) sular lean sé dá chuid staidéir in Fitzwilliam College, University of Cambridge (Coláiste Fitzwilliam in Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe), áit ar bhain sé an chéim Master of Laws amach in 1990.

Bhí sé ag cleachtadh mar dhlíodóir ag Barra Lucsamburg ó 1989 go 2004 agus, ina theannta sin, bhí gairm acadúil ar bun aige i dteagasc an dlí choiriúil, chearta an duine agus imeachtaí os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, i measc ábhar eile. Ó 1991 go 1997, bhí post mar chúntóir taighde aige in Ollscoil Chaitliceach Louvain agus mar léachtóir comhlach in Ollscoil Lucsamburg ó 1996 go 2006. Idir 1997 agus 2009, bhí sé ina theagascóir freisin in Université Nancy II (Ollscoil Nancy II, an Fhrainc) agus in 2017 agus 2018, theagasc sé in Institut d'études politiques de Paris (Institiúid Staidéar Polaitiúil Pháras, an Fhrainc).

Tá sé ina údar freisin ar go leor saothar agus alt agus is comhalta é de choistí eolaíocha agus dréachtaithe roinnt irisí dlí.

In 2000, ceapadh é ina chomhalta den Choimisiún Comhairleach um Chearta an Duine i Lucsamburg, coiste dá raibh sé ina chomhalta go dtí 2004. Ó 2002 go 2004 bhí sé ina chomhalta freisin den Choiste um Chearta an Duine agus den Choiste um an Dlí Coiriúil i gComhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE), agus de Líonra an Aontais Eorpaigh de Shaineolaithe Neamhspleácha ar Chearta Bunúsacha chomh maith.

Ceapadh é mar bhreitheamh den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in Strasbourg (an Fhrainc) in 2004, agus ceapadh é ina chathaoirleach rannóige ina dhiaidh sin in 2011, ina leas-uachtarán in 2012 agus ansin ina uachtarán ó 2012 go 2015.

Ceapadh an tUasal Spielmann ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 13 Aibreán 2016 agus tá sé mar Uachtarán an Dlísheomra sa chúirt seo ón 30 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de Choiste Roinn Lucsamburg san Association Henri Capitant des amis de la culture juridique française
  • Comhalta den choiste oinigh den Fondation René Cassin - Institut international des droits de l’homme
  • Comhalta den bhord bainistíochta den Observatoire luxembourgeois de droit européen (OLDE)
  • Comhbhunaitheoir agus comhstiúrthóir foilsithe ar na Annales du droit luxembourgeois
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den Revue de droit pénal et de criminologie
  • Comhalta den choiste comhairleach den European Review of Private Law
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den irisleabhar Droit des affaires – Het Ondernemingsrecht (DAOR)
  • Comhalta den choiste eolaíoch den Annuaire international des droits de l’homme
  • Comhalta den choiste eolaíoch den Revue trimestrielle des droits de l'homme
  • Comhalta den curatorium comhairleach den bhailiúchán Gearmáinise ar bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (N.P. Engel Verlag)
  • Comhalta den bhord eagarthóireachta den Kritische Vierteljahresschrift für Gesetzgebung und Rechtswissenschaft
  • Comhalta den choiste comhairleach den Revista do Instituto Brasileiro de Direitos Humanos
  • Comhalta den choiste comhairleach d’Irisleabhar na scoile dlí in Universidade Federal do Maranhão (UFMA)
  • Comhalta den choiste eolaíoch den Journal européen des droits de l’homme
  • Comhalta den choiste comhairleach den irisleabhar “The ECHR Law Review”, University of Liverpool
  • Comhalta den Institut Grand-Ducal, section des Sciences morales et politiques (Lucsamburg)
  • Comhalta den Cambridge Society of Luxembourg
  • Comhalta den Oxford and Cambridge Club (Londain)
  • Comhalta den Herbert Howells Society
  • Comhalta den Royal College of Organists
Teidil agus gradaim onóracha
  • Dochtúir Oinigh, Yerevani Petakan Hamalsaran (2013)
  • Ollamh Oinigh, University College London (Ollscoil Londan) (2013)
  • Binseoir Oinigh, Gray’s Inn, Londain (2013)
  • Comhalta Oinigh de Choláiste Fitzwilliam, Ollscoil Cambridge (2013)
  • Ord an Ordre Equestre de Sainte Agathe (San Mairíne) (2014)
  • Ceannasaí den Légion d’honneur, an Fhrainc (2015)
  • Ceannasaí den Ordre du Mérite, Lucsamburg (2015)
  • Dochtúir Oinigh, Universitatea din București (Ollscoil Bhúcairist) (2015)
  • Dochtúir Oinigh, Universitatea Babeș-Bolyai (Ollscoil Babeș-Bolyai) (2015)
  • Dochtúir Oinigh (Hon. LL.D.), University College London (Ollscoil Londan) (2016)
Anna Marcoulli
Anna Marcoulli
Uachtarán an Séú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Anna Marcoulli in 1974 sa Niocóis (an Chipir). Bhain sí céim sa dlí amach ó University of East Anglia (Ollscoil Anglia Thoir, an Ríocht Aontaithe) in 1995 chomh maith le máistreacht sa dlí ó University of Bristol (Ollscoil Bhriostó, an Ríocht Aontaithe) in 1996.

Bhain sí cáilíocht mar dhlíodóir amach sa Chipir in 1997, agus d’oibrigh sí i Seirbhís Dlí Phoblacht na Cipire mar bhall de Roinn Dlí an Aontais Eorpaigh ó 1998 go 2008.

In 2005, chuaigh sí isteach i seirbhís Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach mar shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Dhoiciméadú, post a bhí aici go dtí 2007. Ansin, chuaigh sí isteach i Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh ó 2008 go 2016. In 2012, ghlac sí páirt i mbainistiú obair Uachtaránacht na Cipire ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh mar chomhairleoir dlí.

Ceapadh Anna Marcoulli mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 13 Aibreán 2016. An 30 Meán Fómhair 2019, thogh a comhghleacaithe í ina hUachtarán ar Dhlísheomra, post atá aici ó shin i leith.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta bunaidh den Kypriakó Somateío Dikaíou Enérgeias
Ricardo da Silva Passos
Ricardo da Silva Passos
Uachtarán an Seachtú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Ricardo da Silva Passos i Liospóin (an Phortaingéil) sa bhliain 1953. Bhain sé céim sa dlí amach ó Universidade Clássica de Lisboa (Ollscoil Chlasaiceach Liospóin, an Phortaingéil) in 1975 agus bhain sé dioplóma ardléinn amach ó Université de Strasbourg (Ollscoil Strasbourg, an Fhrainc) in 1978. Ansin chríochnaigh sé a chuid staidéir in Harvard University (Ollscoil Harvard, na Stáit Aontaithe) agus bhain sé máistreacht sa dlí amach ann in 1984.

Ó 1975, chomhlíon sé a dhualgais ar feadh bliain amháin mar leas-ionchúisitheoir poiblí na poblachta ag Tribunal Judicial da Comarca de Cascais (Cúirt Dúiche Cascais, an Phortaingéil) sula ndeachaigh sé isteach i Rúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta an Duine (Comhairle na hEorpa - Strasbourg, an Fhrainc) mar dhlíodóir ó 1978 go 1986. In 1986, chuaigh isteach sa Chúirt Bhreithiúnais mar rúnaí dlí leis an mbreitheamh José Carlos de Carvalho Moitinho de Almeida.

Ó 1988 go 1999 ceapadh mar cheann roinne ar Rúnaíocht an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Chearta na Saoránach é i bParlaimint na hEorpa áit ar tháinig sé chun a bheith ina cheann aonaid i Seirbhís Dlí Pharlaimint na hEorpa idir 1999 agus 2010. Ina dhiaidh sin, sa tseirbhís chéanna, bhí sé ina stiúrthóir um Ghnóthaí Institiúideacha agus Parlaiminte ó 2010 go 2016. In 2002, ceapadh é mar chomhalta de Rúnaíocht an Choinbhinsiúin ar Thodhchaí na hEorpa.

Ceapadh an tUasal da Silva Passos mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 19 Meán Fómhair 2016 agus thogh a chomhghleacaithe é mar uachtarán an dlísheomra ar an 30 Meán Fómhair 2019.

Jesper Svenningsen
Jesper Svenningsen
Uachtarán an Ochtú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Jesper Svenningsen in 1966 in Aalborg (an Danmhairg). Rinne sé staidéar ar an dlí in Aarhus Universitet (Ollscoil Aarhus, an Danmhairg), agus bronnadh juridisk kandidateksamen air in 1989.

Nuair a d’fhág sé an ollscoil, chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar dhlíodóir faoi oiliúint in Kammeradvokaten (gnólacht dlí a fheidhmíonn mar chomhairleoir dlí do Rialtas na Danmhairge, Cóbanhávan) agus ansin bhí sé ina rúnaí dlí faoin Abhcóide Ginearálta Claus Gulmann sa Chúirt Bhreithiúnais ó 1991 go 1993. Chuaigh sé i mbun oibre arís in Kammeradvokaten idir 1993 agus 1995, agus, le linn na tréimhse sin, glacadh leis mar dhlíodóir sa Danmhairg, agus bhí cead aige teacht os comhair an Landsret (An Chúirt Achomhairc, an Danmhairg). Ag an am sin, bhí sé ag teagasc in Københavns Universitet (Ollscoil Chóbanhávan, an Danmhairg) chomh maith, mar léachtóir le dlí an Aontais Eorpaigh.

Idir 1995 agus 1999, bhí sé ina léachtóir agus ansin ina stiúrthóir gníomhach san Institut Européen d’Administration Publique (an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí) (IEAP) i Lucsamburg, seachas in 1997, nuair a thóg sé briseadh ón bpost sin chun seal a chaitheamh le gnólacht dlí de chuid na Danmhairge sa Bhruiséil. In 1999, chuaigh sé isteach sa tseirbhís dlí in Údarás Faireacháin Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus, in 2000, chuaigh sé isteach i seirbhísí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar dhlí-theangeolaí. Anuas ar na poist sin, in 2003 athghaireadh é mar rúnaí dlí don  Uasal Claus Gulmann, a tháinig chun bheith ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais. Ó 2006 go dtí 2013, bhí sé ina rúnaí dlí don Bhreitheamh Lars Bay Larsen sa Chúirt Bhreithiúnais.

Ceapadh an tUasal Svenningsen mar bhreitheamh de Bhinse na Seirbhíse Sibhialta an 7 Deireadh Fómhair 2013 agus d’oibrigh sé ann go dtí gur díscaoileadh an binse sin an 1 Meán Fómhair 2016. Ainmníodh é mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 19 Meán Fómhair 2016 agus thogh a chomhghleacaithe é mar Uachtarán an Dlísheomra an 30 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Dansk Forening for Europaret
Maria José Costeira
Maria José Costeira
Uachtarán an Naoú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Maria José Costeira sa bhliain 1967 in Porto (an Phortaingéil). Bhain sí céim sa dlí amach ó Dhámh an Dlí, Universidade de Coimbra (Ollscoil Coimbra, an Phortaingéil) in 1991 agus in 2001 rinne sí staidéar iarchéime i ndlí na maoine intleachtúla ag Dámh an Dlí, Universidade de Lisboa (Ollscoil Liospóin, an Phortaingéil).

Bhí sí ina dlíodóir faoi oiliúint ag Barra Coimbra (an Phortaingéil) ó 1991 go 1992, agus chuaigh sí isteach i Centro de Estudos Judiciários (Scoil Náisiúnta na mBreithiúna, an Phortaingéil) mar bhreitheamh faoi oiliúint in 1992. Ceapadh ina breitheamh í in 1995, agus shuigh sí ag Tribunal Judicial da Comarca de Cascais (Cúirt Dúiche Cascais, an Phortaingéil) ag Tribunal Judicial da Comarca de Ferreira do Zêzere (Cúirt Dúiche Ferreira do Zêzere, an Phortaingéil) agus ag Tribunal da Pequena Instância Criminal de Lisboa (Cúirt Choiriúil Liospóin, an Phortaingéil) ó 1995 go 1997, ag Tribunal do Comércio da Comarca de Lisboa (Cúirt Tráchtála Liospóin, an Phortaingéil) ó 1999 go 2016, agus ag Tribunal da Relação de Coimbra (Cúirt Achomhairc Coimbra, an Phortaingéil) in 2016. Ní hamháin go raibh sí ag déileáil le cásanna agus í ina breitheamh, ach bhí sí rannpháirteach chomh maith in ionadaíocht na mbreithiúna, agus í ina hard-rúnaí de Chomhlachas na mBreithiúna Portaingéalach ó 2012 go 2015, comhlachas a raibh sí ina cathaoirleach air go dtí 2016.

Agus í ina hollamh ar cuairt, déanann an tUasal Costeira teagasc ar dhlí na maoine tionsclaíochta, ar dhlí na hiomaíochta agus ar an dlí tráchtála ag Dámh an Dlí in Universidade de Lisboa (Ollscoil Liospóin), Universidade de Coimbra (Ollscoil Coimbra), Universidade Nova de Lisboa (Ollscoil Nua Liospóin, an Phortaingéil) agus Universidade Católica Portuguesa (Ollscoil Chaitliceach na Portaingéile, an Phortaingéil), ag Escola de Direito da Universidade do Minho (Scoil Dlí, Ollscoil Minho, an Phortaingéil) agus ag Centro de Estudos Judiciários (Scoil Náisiúnta na mBreithiúna), ó 2003.

Ceapadh an tUasal Costeira ina breitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar an 19 Meán Fómhair 2016 agus thogh a comhghleacaithe mar Uachtarán an Dlísheomra í ar an 30 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de Chomhairle Dhámh an Dlí ag Universidade Nova de Lisboa (Ollscoil Nua Liospóin)
  • Comhalta de choiste eagarthóireachta den Revista de Propriedade Intelectual
  • Comhalta den choiste eagarthóireachta de nuachtlitir dlí arna foilsiú ag Centro Estudos Judiciários
Alexander Kornezov
Alexander Kornezov
Uachtarán an Deichiú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Alexander Kornezov sa bhliain 1978 in Yambol (an Bhulgáir). Bhain sé céim sa dlí amach ó Sofiyski Universitet Sveti Kliment Ohridski (Ollscoil Shóifia “Naomh Kliment Ohridski”, an Bhulgáir) in 2002 agus bhain sé Master of Laws sa Dlí Eorpach amach ó Collège d’Europe in Brugge (Coláiste na hEorpa in Brugge, an Bheilg) in 2004. Thug sé faoi dhochtúireacht sa dlí ag Balgarska Akademia na naukite (Acadamh Eolaíochtaí na Bulgáire), agus chosain sé a thráchtas dochtúireachta ann in 2008.

Ó 2004 go 2006, bhí sé ina abhcóide ag Barra na Bruiséile (an Bheilg), agus é ag cleachtadh i ngnólacht dlí. In 2007, chuaigh sé isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais agus é ina rúnaí dlí don Bhreitheamh Alexander Arabadjiev go dtí 2016.

Bhí Alexander Kornezovina ina léachtóir freisin le dlí nós imeachta an Aontais Eorpaigh ag Universitet za natzionalno i Svetovno Stopanstvo (Ollscoil an Gheilleagair Náisiúnta agus Dhomhanda, an Bhulgáir) ó 2008 go 2012, agus ag Sofiyski universitet Sveti Kliment Ohridski ó 2010 go 2013. Ó 2014 go 2016, bhí sé ina ollamh comhlach le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach in Balgarska Akademia na naukite. Ó 2020, tá dlí soláthair phoiblí an Aontais á theagasc aige in université du Luxembourg (Ollscoil Lucsamburg). Thug sé léachtaí bunaithe ar a chuid saothar ar dhlí an Aontais i roinnt ollscoileanna i mBallstáit éagsúla. Is údar ar an iliomad foilseachán agus saothar ar dhlí an Aontais é.

Bhí Alexander Kornezov ina bhreitheamh de Bhinse na Seirbhíse Sibhialta idir an 13 Aibreán 2016 agus an 31 Lúnasa 2016. Ceapadh é mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 19 Meán Fómhair 2016 agus tá sé ina Uachtarán ar Dhlísheomra inti ón 30 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Bunaitheoir agus comhalta den bhord rialaithe Balgarska asotsiatsia za evopeysko pravo
  • Príomheagarthóir na hirise maidir leis an dlí Eorpach “Evropeiski Praven pregled”
Geert De Baere
Geert De Baere
Uachtarán an Tríú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Geert De Baere sa bhliain 1979 in Antuairp (an Bheilg). Bhain sé céim sa dlí amach ó Universiteit Antwerpen (Ollscoil Antuairp, an Bheilg) in 2002 agus bhain sé Master of Laws amach ó King's College ag University of Cambridge (Coláiste an Rí in Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe) in 2003. Chríochnaigh sé a chuid staidéir le dochtúireacht sa dlí i gColáiste an Rí in Ollscoil Cambridge, áit ar chosain sé a thráchtas in 2007. Mar chuid dá dhochtúireacht, bhí sé ina thaighdeoir ar cuairt ag Columbia Law School ag Columbia University (Scoil Dlí Columbia ag Ollscoil Columbia, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 2005.

Tar éis dó a dhochtúireacht a chríochnú, d’oibrigh sé mar thaighdeoir comhlach iardhochtúireachta ag Universiteit Antwerpen ó 2007 go 2009.

Ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag teagasc dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta ag Katholieke Universiteit Leuven (KUL) (Ollscoil Chaitliceach Leuven, an Bheilg) in 2009 agus é ina léachtóir ar cuairt. Lean sé air ag teagasc mar léachtóir ó 2010 go 2014 agus, ansin, mar léachtóir sinsearach ó 2015.

Idir 2007 agus 2009, bhí an tUasal De Baere ina rúnaí dlí ag an gCúirt Bhreithiúnais don Abhcóide Ginearálta Eleanor Sharpston agus, ansin, ó 2016 go 2017, don Bhreitheamh Alexandra (Sacha) Prechal.

Ceapadh é mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 4 Deireadh Fómhair 2017, áit a bhfuil sé ag obair mar Uachtarán ar Dhlísheomra ón 8 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den International Advisory Board den Jean Monnet Network “EU-China Legal and Judicial Cooperation (EUPLANT)”, ag Queen Mary University of London
  • Comhalta den choiste dréachtaithe ag Europe and the World: A Law Review
  • Eagarthóir ar nótaí cásdlí den Columbia Journal of European Law
  • Comhalta den Academic review Board den Cambridge International Law Journal
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den Oxford Reports on International Law in EU Courts
Marc Jaeger
Marc Jaeger
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Marc Jaeger in 1954 i Lucsamburg (Ard-Diúcacht Lucsamburg). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ó Université Robert Schuman in Strasbourg (Ollscoil Robert Schuman in Strasbourg, an Fhrainc) in 1979 agus lean sé lena chuid staidéir i gColáiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg), coláiste a bhronn Dioplóma san Ard-Léann Eorpach air in 1980.

Glacadh leis an Uasal Jaeger ag Barra Lucsamburg in 1981, áit a raibh sé ag cleachtadh mar dhlíodóir go dtí 1983. Ceapadh é ansin ina attaché de justice ar iasacht d’Ionchúisitheoir Ginearálta Lucsamburg agus bhí na dualgais sin air ar feadh bliana sular ceapadh é ina bhreitheamh i gCúirt Dúiche Lucsamburg ó 1984 go 1986.

Chuaigh sé isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar rúnaí dlí don Abhcóide Ginearálta Jean Mischo, a raibh sé ag obair leis idir 1986 agus 1988, agus ansin chuaigh sé isteach in oifig G. Federico Mancini ó 1988 go 1996.

Chomh maith lena dhualgais bhreithiúnacha, bhí an tUasal Jaeger ina léachtóir in Université du Luxembourg (Ollscoil Lucsamburg) ó 2003, ach ó 2015 chomh maith, in Libera Università Internazionale degli Studi Sociali Guido Carli (Saor-Ollscoil Idirnáisiúnta Guido Carli den Staidéar Sóisialta, an Iodáil). Ó 2001 go 2018, bhí sé ina chathaoirleach ar Institut Universitaire International Luxembourg (Institiúid Ollscoile Idirnáisiúnta Lucsamburg) (IUIL) agus, ó 2011 go 2016, ar Bhord Rialachais Ollscoil Lucsamburg.

Ceapadh an tUasal Jaeger mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 11 Iúil 1996 agus bhí sé ina Uachtarán ar an Dlísheomra ón 10 Meán Fómhair 2004 go dtí an 31 Lúnasa 2007. Thogh a chomhghleacaithe mar Uachtarán na Cúirte Ginearálta agus chaith sé ceithre théarma as a chéile sa phost sin, ón 17 Meán Fómhair 2007 go dtí an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta bunaidh agus cathaoirleach den Observatoire luxembourgeois de droit européen (OLDE)
  • Comhalta den Societas Iuris Publici Europaei e.V. (SIPE)
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den Revue européenne de droit de la consommation (REDC)
  • Comhalta den choiste stiúrtha den Diritto e Politiche dell’Unione Europea (DPUE)
  • Comhalta den choiste eolaíoch den Studi sull’Integrazione Europea (SIE)
  • Comhalta den choiste eagarthóireachta den Revue critique trimestrielle de jurisprudence et de législation (KritV - CritQ - RCrit)
  • Comhalta den chomhairle eolaíochta den Revista Română de Drept European (RRDE)
  • Comhalta den bhord bainistíochta den Fondation Kräizbierg (Lucsamburg)
  • Cathaoirleach den Fondation ADIPH (Lucsamburg)
  • Comhalta de Chomhairle na Saoithe den Luxembourg School of Religion & Society (LSRS)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Chevalier den Ordre Grand-Ducal de la Couronne de Chêne (1999)
  • Oifigeach den Ordre de Mérite du Grand-Duché de Luxembourg (2004)
  • Cavaliere den Gran Croce ordine al Merito della Repubblica italiana (2009)
  • Chevalier den Légion d’honneur (an Fhrainc) (2010)
  • Dottore in Giurisprudenza Honoris Causa, Università degli Studi del Sannio (Benevento, an Iodáil) (2013)
  • Honorary Bencher, Middle Temple (Londain, an Ríocht Aontaithe) (2016)
Sten Frimodt Nielsen
Sten Frimodt Nielsen
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Sten Frimodt Nielsen sa bhliain 1963 i gCóbanhávan (an Danmhairg). Bhain sé céim sa dlí amach ó Københavns Universitet (Ollscoil Chóbanhávan, an Danmhairg) in 1988.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar státseirbhíseach in Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Danmhairge ó 1988 go 1991, sular ceapadh mar rúnaí na hambasáide é ag Buanmhisean na Danmhairge chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac (na Stáit Aontaithe) ó 1991 go 1994. Ar fhilleadh dó ar an Danmhairg, chuaigh sé isteach, ar dtús, sa tSeirbhís Dlí in Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Danmhairge ó 1994 go 1995 agus, ina dhiaidh sin, in Oifig Phríomh-Aire na Danmhairge ó 1995 go 1998, mar chomhairleoir agus ansin mar phríomhchomhairleoir.

Ó 1998 go 2001, chuaigh sé isteach i mBuanionadaíocht na Danmhairge chuig an Aontas Eorpach mar aire-comhairleoir. Ó 2001 go 2002, chuaigh sé isteach arís in Oifig Phríomh-Aire na Danmhairge mar chomhairleoir speisialta maidir le cúrsaí dlí, mar cheann roinne agus mar chomhairleoir dlí ó 2002 go 2004, agus ansin mar leas-státrúnaí agus mar chomhairleoir dlí ó 2004 go 2007.

Chaith an tUasal Frimodt Nielsen a dhúthracht freisin le teagasc, ó 1988 go 1991, mar léachtóir sa dlí idirnáisiúnta agus Eorpach in Københavns Universitet (Ollscoil Chóbanhávan), áit ar ghlac sé feidhmeanna mar ollamh comhlach ina dhiaidh sin.

Ceapadh an tUasal Frimodt Nielsen mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 17 Meán Fómhair 2007. Chuir a chomhghleacaithe dualgais de chúram air mar uachtarán an dlísheomra ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile, ón 18 Meán Fómhair 2013 go dtí an 31 Lúnasa 2019.

Teidil agus gradaim onóracha
  • Ridire den chéad chéim d’ord Dannebrog
Juraj Schwarcz
Juraj Schwarcz
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Juraq Schwarcz sa bhliain 1952 in Košice (an tSlóvaic). Bhain sé máistreacht sa dlí amach in 1975 agus dochtúireacht sa dlí amach in 1979 ó Univerzita Komenského v Bratislave (Ollscoil Comenius, an Bhratasláiv, an tSlóvaic).

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar dhlíodóir cuideachta ó 1975 go 1990 agus, in 1991, chuaigh sé isteach i mbreithiúna a thíre dúchais mar chláraitheoir le freagracht as an gclár tráchtála ag an Mestský súd v Košiciach (Cúirt Chathrach, Košice, an tSlóváic). An bhliain dár gcionn, ceapadh ina bhreitheamh den chúirt sin é. Idir 1992 agus 2009, shuigh sé freisin mar bhreitheamh ag an Krajský súd v Košiciach (Cúirt Réigiúnach Košice, an tSlóvaic) agus idir 1994 agus 2009, bhí sé mar Uachtarán an Dlísheomra. Idir 2005 agus 2009, ainmníodh é mar uachtarán Choláiste an Dlí Tráchtála. In 2004, chuaigh sé isteach i nDlísheomra an Dlí Tráchtála de Najvyšší súd Slovenskej republiky (Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice) mar bhreitheamh ar iasacht ar feadh bliain amháin.

Ó 1997 go 2009, bhí sé ina chomhalta seachtrach de Roinn an Dlí Tráchtála agus Gnó in Univerzita Pavla Jozefa Šafárika v Košiciach (Ollscoil Pavol Josef Šafárik, Košice, an tSlóvaic) agus ina chomhalta den fhoireann teagaisc ag Justičná akadémia Slovenskej republiky (Acadamh na mBreithiúna de Phoblacht na Slóvaice) ó 2005 go 2009.

Ceapadh an tUasal Schwarcz ina bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 7 Deireadh Fómhair 2009.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Societas Iuris Publici Europaei e. V. (SIPE)
Mariyana Kancheva
Mariyana Kancheva
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Mariyana Kancheva in 1958 in Tryavna (an Bhulgáir). Bhain sí céim sa dlí amach in 1984 ó Sofiyski universitet “Sveti Kliment Ohridski” (Ollscoil Shóifia “Naomh Kliment Ohridski”, an Bhulgáir), agus máistreacht sa dlí Eorpach in 2009 ó Institut d’études européennes (an Institiúid um Léann Eorpach) de Université libre de Bruxelles (Saor-Ollscoil na Bruiséile, an Bheilg).

Chuir sí tús lena slí bheatha ghairmiúil mar bhreitheamh faoi oiliúint ag Sofiyski Okrazhen Sad (Cúirt Réigiúnach Shóifia, an Bhulgáir) idir 1985 agus 1986. Bhí sí ina comhairleoir dlí ó 1986 go 1988, roimh di tosú mar dhlíodóir ag Barra Shóifia (an Bhulgáir) go dtí 2011, agus sa Bhruiséil (an Bheilg) ó 2007 go 2011. Idir 1992 agus 1994, bhí Mariyana Kancheva ina hArd-Stiúrthóir ar Oifig na Seirbhísí don Chór Taidhleoireachta in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Bulgáire. Le linn a gairmréime, dhírigh sí go háirithe ar roinnt réimsí dlí, lena n-áirítear dlí na maoine intleachtúla (agus í cláraithe le Clár na nIonadaithe ar Dhlí na Maoine Intleachtúla in Patentno Vedomstvo na Republika Bulgaria) (Oifig Paitinní Phoblacht na Bulgáire) agus an dlí eacnamaíochta (agus í cláraithe le Clár na gComhlachtaí um Leachtú agus Glacadóireacht ag Aireacht Dlí agus Cirt na Bulgáire).

Chomh maith leis sin, is eadránaí i réiteach díospóidí tráchtála í sa Bhulgáir. Mar chomhairleoir dlí i bParlaimint na Bulgáire, rannchuidíonn sí le dréachtú téacsanna reachtacha éagsúla. Is údar í ar roinnt foilseachán ar an dlí Eorpach. Ina theannta sin, labhair Mariyana Kancheva ag go leor seimineár, fóraim agus comhdhálacha ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ceapadh Mariyana Kancheva mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 19 Meán Fómhair 2011.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de Chomhlachas Eorpach na mBan-Dlíodóirí (EWLA)
  • Comhalta den Association Femmes d’Europe (Comhlachas Mhná na hEorpa)
  • Comhalta oinigh den Asoziaziya na zhenite advokati
  • Comhalta d’Acadamh an Dlí Eorpaigh (ERA)
Teidil agus gradaim onóracha
  • ‘An Phlaic Airgid’, teideal onórach arb í an gradam is airde de Bharra na Bulgáire, arna deonadh ag an gComhairle Bharra Shóifia (2014)
  • Duais Náisiúnta Cirt ‘Thémis’, gradam onórach a bronnadh sa chatagóir ‘Ceartas gan Teorainneacha’ (2017)
  • Bonn iubhaile 15 bliana an Fondatsia ‘Tsentar za obuchenie na advokati Krastyu Tsontchev’ (Fondúireacht ‘Ionad Oiliúna Dhlíodóirí Krastyu Tsontchev’), mar aitheantas ar “a cuid oibre suntasach mar Léachtóir chun Cáilíochtaí Dhlíodóirí na Bulgáire a fheabhsú” (2020)
  • Duais Náisiúnta Cirt ‘Thémis’, gradam onórach speisialta a bronnadh sa chatagóir ‘Lánpháiritú agus Comhar Eorpach’ (2020)
Eugène Buttigieg
Eugène Buttigieg
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Eugène Buttigieg sa bhliain 1961 in Sliema (Málta). Rinne sé staidéar ar an dlí in Università ta' Malta (Ollscoil Mhálta) agus bhain sé dochtúireacht sa dlí (LL.D) amach ann in 1986. In 1991, bhain sé máistreacht sa dlí Eorpach amach ó University of Exeter (Ollscoil Exeter, an Ríocht Aontaithe) agus, in 2004, bhain sé dochtúireacht sa dlí amach ó University of London (Ollscoil Londan, an Ríocht Aontaithe).

Glacadh leis mar dhlíodóir i Málta in 1987, agus chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil in Aireacht Dlí agus Cirt Mhálta mar oifigeach dlí ó 1987 go 1990. Ansin chuaigh sé isteach, mar oifigeach sinsearach dlí, in Aireacht Gnóthaí Eachtracha Mhálta, ó 1990 go 1994.

Ó 1994 ar aghaidh, chaith an tUasal Buttigieg a dhúthracht le teagasc den chuid is mó: bhí sé ina léachtóir ó 1994 go 2001, ina léachtóir sinsearach ó 2001 go 2006, agus ina ollamh comhlach ó 2007 ar aghaidh ag Università ta' Malta (Ollscoil Mhálta). In 2009, bronnadh Ollúnacht Jean Monnet i ndlí an Aontais Eorpaigh air, agus in 2019, tugadh ardú céime dó mar ollamh. Ina theannta sin, tá sé ina ollamh ar cuairt le dlí na hiomaíochta ag Queen Mary University of London (Ollscoil Queen Mary Londan, an Ríocht Aontaithe). Is údar ar roinnt foilseachán maidir le dlí an Aontais Eorpaigh agus dlí na hiomaíochta é an tUasal Buttigieg.

Ó 1994 go 2005, bhí sé ina chomhalta den Copyright Board, Malta (an Coimisiún um Chóipcheart, Málta) agus idir 1994 agus 2012, bhí sé ina chomhairleoir dlí maidir le dlí an Aontais Eorpaigh, dlí na hiomaíochta, dlí na maoine intleachtúla agus dlí na dtomhaltóirí san earnáil phríobháideach. Is sa cháil sin chomh maith a chuaigh sé isteach in Aireacht Gheilleagar Mhálta agus isteach sa Malta Competition and Consumer Affairs Authority (Údarás Mhálta um Ghnóthaí Iomaíochta agus Tomhaltóra) ó 2000 go 2012. Ó 2001 go 2009, bhí sé ina chomhalta freisin de Malta Resources Authority (Údarás Mhálta um Bhainistiú Acmhainní).

Ceapadh an tUasal Buttigieg ina bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 8 Deireadh Fómhair 2012.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhbhunaitheoir agus leas-uachtarán ar an Maltese Association for European Law (Comhlachas Mhálta um Dhlí Eorpach)
Viktor Kreuschitz
Viktor Kreuschitz
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Viktor Kreuschitz sa bhliain 1952 i mBúdaipeist (an Ungáir). Bhain sé dioplóma sa dlí amach ó Universität Wien (Ollscoil Vín, an Ostair) in 1980, chomh maith le dochtúireacht sa dlí in 1981.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar chúntóir taighde in Institut für Staats- und Verwaltungsrecht de Universität Wien (Ollscoil Vín) in 1980 sula ndeachaigh sé isteach, mar státseirbhíseach, sa Roinn Gnóthaí Bunreachtúla de Sheansailéireacht Chónaidhme na hOstaire ó 1981 go 1997. Ina theannta sin, ceapadh é mar chomhalta den Datenschutzkommission (Coiste um Chosaint Sonraí, an Ostair) idir 1987 agus 1997.

Ansin chuaigh sé isteach i Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh mar chomhairleoir dlí agus rinne sé ionadaíocht ar an institiúid seo, ó 1997 go 2013, i líon mór cásanna os comhair chúirteanna an Aontais agus os comhair Chúirt Bhreithiúnais Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa.

Ceapadh an tUasal Kreuschitz mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 16 Meán Fómhair 2013.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Österreichische Gesellschaft für Europarecht
  • Comhalta den European Law Institute (ELI) (an Institiúid Eorpach um Dhlí)
Lauri Madise
Lauri Madise
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Lauri Madise sa bhliain 1974 in Tartu (an Eastóin). Bhain sé céim sa dlí amach ó Tartu Ülikool (Ollscoil Tartu, an Eastóin) in 1998 agus ó Université de Poitiers (Ollscoil Poitiers, an Fhrainc) in 1995.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar chomhairleoir d’Aireacht Dlí agus Cirt na hEastóine ó 1995 go 1999, sular ceapadh é mar cheannasaí na rúnaíochta de Choiste Bunreachtúil Pharlaimint na hEastóine, ó 1999 go 2002.

In 2002, chuaigh an tUasal Madise isteach i mbreithiúna a thíre dúchais mar bhreitheamh sa Tallinna Ringkonnakohus (Cúirt Achomhairc Thaillinn, an Eastóin). In 2005, ceapadh é chomh maith mar chomhalta de Choimisiún Scrúduithe na mBreithiúna agus ghlac sé páirt in obair reachtach maidir leis an dlí bunreachtúil agus dlí an riaracháin.

Ceapadh an tUasal Madise mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 23 Deireadh Fómhair 2013.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de Chomhlachas na mBreithiúna Eastónacha
Constantinos Iliopoulos
Constantinos Iliopoulos
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Constantinos Iliopoulos san Aithin (an Ghréig) in 1948. Bhain sé céim sa dlí amach ó Panepistimio Athinon (Ollscoil na hAithne, an Ghréig) in 1971 chomh maith le céim san eacnamaíocht ó Oikonomiko Panepistimio Athinon (Ollscoil na hEacnamaíochta, an Aithin, an Ghréig) in 1974. Thug sé faoi dhochtúireacht sa dlí in Universität Hamburg (Ollscoil Hamburg, an Ghearmáin), áit ar chosain sé a thráchtas maidir le dlí na hiomaíochta in 1984.

Glacadh isteach ag Barra na hAithne an tUasal Iliopoulos in 1973, áit ina raibh sé ag cleachtadh mar dhlíodóir go dtí 2016. Ó 1992 go 2006, bhí sé ina chomhalta den Elliniki Epitropi Antagonismou (Coimisiún na hIomaíochta Heilléanaí). Ó 2002 go 2003, bhí sé ina chomhairleoir dlí do Rialtas na Cipire agus é ag plé le cúrsaí a bhaineann le dlí na gcuideachtaí agus na maoine intleachtúla i gcomhthéacs aontachas na Cipire leis an Aontas Eorpach. Ó 2007 go 2009, bhí sé ina chomhairleoir dlí d’Aire Forbartha Eacnamaíche agus Fuinnimh na Gréige.

Anuas ar na poist sin, bhí sé i mbun teagaisc sa scoil dlí in Universität Hamburg agus é ina chúntóir i Roinn an Dlí Eorpaigh ó 1980 go 1984, ina léachtóir leis an dlí Eorpach, dlí Eorpach na dtomhaltóirí, dlí Eorpach na gcuideachtaí, an dlí tráchtála Eorpach agus dlí Eorpach na maoine intleachtúla idir 1992 agus 2006, agus ina ollamh ar cuairt in 2015. Bhí sé i mbun teagaisc freisin agus é ina ollamh le dlí eacnamaíoch idirnáisiúnta agus Eorpach sa scoil dlí ag Democritio Panepistimio Thrakis (Ollscoil Dhaonlathach na Tráicia, an Ghréig) ó 2007 go 2015, agus ansin ó 2015 go 2016 mar ollamh i gcúrsa máistreachta sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí Eorpach an fhuinnimh. Ó 2016 i leith, tá an tUasal Iliopoulos ina ollamh agus ina léachtóir oinigh le dlí Eorpach an fhuinnimh mar chuid den chúrsa máistreachta sin.

Tá sé ina údar ar an iliomad foilseachán agus tá sé bainteach le taighde dlí ina thír dhúchais laistigh den Elliniki Enosi Eyropaikou Dikaiou (An Cumann Heilléanach um Dhlí Eorpach), a raibh sé ina chisteoir air ó 1987 go 2002, ina ardrúnaí air idir 2002 go 2019 agus ina chomhalta dá bhord bainistíochta ó 2019 i leith. Ó 2012 go 2016, bhí sé ina chomhalta bunaidh agus ina ardrúnaí ar Elliniki Enosi Dikaiou Energeias (Comhlachas Heilléanach um Dhlí an Fhuinnimh), agus tá sé ina uachtarán ar an gcomhlachas sin ó 2017 i leith.

Agus é páirteach i gcultúr dlí na Gearmáine mar thoradh ar a chuid staidéar dochtúireachta in Hamburg, tá sé ina leas-uachtarán ar Chomhlachas Dhlíodóirí na Gearmáine agus na Gréige (Hamburg) ó 1987 i leith, agus ina ardrúnaí ar Chomhlachas Dhlíodóirí na Gréige agus na Gearmáine (an Aithin) ó 1990 i leith. Idir 2005 agus 2011, bhí sé ina chomhalta freisin den bhord bainistíochta de Κentro Diethnous kai Eyropaikou Oikonomikou Dikaiou sti Thessaloniki (Lárionaid Thessaloniki um Dhlí Eacnamaíoch Idirnáisiúnta agus Eorpach, an Ghréig).

Ceapadh an tUasal Iliopoulos mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 13 Aibreán 2016.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta bunaidh agus Uachtarán Oinigh den European Federation of Energy Law Associations
  • Comhalta den choiste acadúil den Interdisciplinary Research Center for Energy ag an scoil dlí in European University Cyprus.
Virgilijus Valančius
Virgilijus Valančius
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Virgilijus Valančius in 1963 in Plungė (an Liotuáin). Bhain sé céim sa dlí amach in Vilniaus universitetas (Ollscoil Vilnias, an Liotuáin) in 1986 agus dochtúireacht sa dlí in Mykolo Romerio universitetas (Ollscoil Mykolas Romeris, an Liotuáin) in 2000. In 2008 chuir sé a iarratas isteach ar chéim iardhochtúireachta (habilitation) chuig Mykolo Romerio universitetas, a bhronn an teideal seo air sa bhliain 2008.

In 1986, chuir an tUasal Valančius tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar ionchúisitheoir, post a bhí aige go dtí 1990. Idir 1991 agus 1994, chuaigh sé isteach i seirbhís na mbreithiúna ina thír dhúchais mar bhreitheamh agus ansin, ó 1993 go 1994, mar Leas-Uachtarán den Vilniaus miesto apylinkės teismas (Chúirt Dúiche Vilnias, an Liotuáin). Idir 1995 agus 2002, ceapadh é ina bhreitheamh den Lietuvos apeliacinis teismas (Cúirt Achomhairc na Liotuáine), áit a raibh sé ina chathaoirleach freisin ar an dlísheomra sibhialta. Ó 2002 go 2013, bhí sé ina bhreitheamh den Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Cúirt Uachtarach Riaracháin na Liotuáine), a raibh sé ina Uachtarán uirthi idir 2002 agus 2008.

Ó 1997, bhí baint ag an Uasal Valančius leis an teagasc chomh maith mar léachtóir ag Vilniaus universitetas. Theagasc sé freisin ag Mykolo Romerio universitetas mar léachtóir ó 1998 go 2000 agus mar ollamh comhlach idir 2000 agus 2008. Idir 2002 agus 2006, ceapadh é ina Cheann ar an Roinn Nós Imeachta Shibhialta agus ceapadh ina ollamh é in 2008.

Ó 2006 go 2008 bhí sé ina chathaoirleach ar an Association européenne des magistrats (Comhlachas Eorpach na mBreithiúna) (AEM), agus bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an Union internationale des magistrats (Comhlachas Idirnáisiúnta na mBreithiúna) (UIM) ó 2006 go 2014. Bhí sé ina chomhalta freisin de Chomhairle Chomhairleach na mBreithiúna Eorpacha (CCJE) ó 2000 go 2014, agus bhí sé ina chomhalta den bhord bainistíochta de Chomhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh (ACA-Europe) ó 2010 go 2013. Bhí sé ina chomhalta freisin de choiste comhairleach d’Acadamh an Dlí Eorpaigh (ERA) idir 2008 agus 2011.

Ceapadh an tUasal Valančius mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 13 Aibreán 2016.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den choiste comhairleach d’fhoireann eagarthóireachta an nuachtáin dhémhíosúil Zeszyty Naukowe Sądownictwa Administracyjnego du Naczelny Sąd Administracyjny (An Ard-Chúirt Riaracháin, an Pholainn)
  • Cathaoirleach Oinigh ar an Association européenne des magistrats (Comhlachas Eorpach na mBreithiúna)
Nina Półtorak
Nina Półtorak
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Nina Półtorak sa Pholainn sa bhliain 1971. Bhain sí céim sa dlí amach in 1995 agus chosain sí a tráchtas dochtúireachta sa dlí in 2001 ag Uniwersytet Jagielloński (Ollscoil Iagailleonach Kraków, an Pholainn). In 2011, bronnadh an teideal “Dochtúir san Eolaíocht Dhlíthiúil” uirthi.

Glacadh isteach i mBarra na Polainne í in 2000, agus d’oibrigh sí sa cháil sin le roinnt gnólachtaí dlí idir 2000 agus 2012 agus í ag cur a cuid saineolais ar dhlí na Polainne agus ar an dlí Eorpach ar fáil agus rinne sí ionadaíocht ar chliaint os comhair na gcúirteanna is airde sa tír. In 2012, chuaigh sí isteach i mbreithiúnacht na Polainne mar bhreitheamh ag Wojewódzki Sąd Administracyjny w Krakowie (an Chúirt Riaracháin, Kroków) agus, in 2014, tugadh ar iasacht í do Naczelny Sąd Administracyjny (an Ard‑Chúirt Riaracháin, an Pholainn). Idir 2013 agus 2016, ceapadh í ina stiúrthóir ar Roinn Dlí na hEorpa in Naczelny Sąd Administracyjny.

Chomh maith leis sin, theagasc sí an dlí ar an leibhéal ollscoile, mar léachtóir idir 1995 agus 2003 agus mar ollamh comhlach le hOllúnacht Dhlí an Aontais Eorpaigh ó 2003 go 2013 ag Uniwersytet Jagiellońsk, áit a ndearna sí taighde ollscoile, roinnt ábhar a theagasc (an dlí bunreachtúil agus dlí riaracháin an Aontais Eorpaigh ina measc). Rinne sí maoirseacht ar thráchtais mháistreachta agus dochtúireachta sna hábhair sin chomh maith. Bhí sí i gceannas ar chláir staidéir iarchéime i ndlí an Aontais freisin ag Uniwersytet Jagielloński ó 2006 go 2016. Rinne sí taighde dlí mar Visiting Scholar ag Oxford University (Ollscoil Oxford, an Ríocht Aontaithe) in 1998 agus ag European University Institute (an Institiúid Ollscoile Eorpach, Flórans, an Iodáil) in 2005. Is údar í ar roinnt foilseachán sa dlí Eorpach agus bíonn sí ag teagasc ag Uniwersytet Jagielloński ó 2013 i leith mar ollamh le dlí an Aontais Eorpaigh.

Ceapadh Nina Półtorak mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 13 Aibreán 2016.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Polskie Stowarzyszenie Prawa Europejskiego
  • Comhalta den Research Network on EU Administrative Law (ReNEUAL)
  • Comhalta de choiste dréachtaithe na hirise dlí “Europejski Przegląd Sądowy”
  • Comhalta de choiste dréachtaithe na hirise dlí “Państwo i Prawo”
  • Comhalta de bhord comhairleach na hirise dlí “The Polish Review of International and European Law”
Teidil agus gradaim onóracha
  • Gradam Phríomh-Aire na Polainne as tráchtas dochtúireachta eisceachtúil (2002)
  • Gradam ag Comórtas Náisiúnta na hIrise Dlí “Państwo i Prawo” don tráchtas dochtúireachta is fearr (2002)
  • Gradam Fundacja Promocji Prawa Europejskiego don leabhar “Odpowiedzialność odszkodowawcza państwa w prawie Wspólnot Europejskich” (2003)
  • Gradam ag comórtas na hirise dlí “Dziennik Gazeta Prawna” do na comhairleoirí is fearr i ndíospóidí cánach (2009)
  • Gradam an tSeansailéara de Uniwersytet Jagielloński as obair acadúil eisceachtúil (2011)
  • Gradam an Aire Eolaíochta agus an Ardoideachais (an Pholainn)(2012)
  • Gradam ag Comórtas Náisiúnta na hIrise Dlí “Państwo i Prawo” don tráchtas is fearr (2013)
Fredrik Schalin
Fredrik Schalin
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Fredrik Schalin in 1964 i Stócólm (an tSualainn). Bhain sé dioplóma sa dlí amach in 1991 ó Stockholms universitet (Ollscoil Stócólm, an tSualainn), chomh maith le céim sa dlí in 1990 agus Céim Ardléinn i nDlí an Chomhphobail agus sa Dlí Eorpach in 1994 ó université de Paris I Panthéon-Sorbonne (Ollscoil Pháras I Panthéon-Sorbonne, an Fhrainc).

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar rúnaí dlí ag Södertälje tingsrätt (Cúirt Chéadchéime Södertälje, an tSualainn) ó 1991 go 1993 agus ansin ag Svea hovrätt (an Chúirt Achomhairc, Stócólm, an tSualainn) ó 1994 go 1995. Bhí sé ina bhreitheamh ag Gotlands tingsrätt (Cúirt Chéadchéime Gotland, an tSualainn) agus ag Norrtälje tingsrätt (Cúirt Chéadchéime Norrtälje, an tSualainn) ó 1995 go 1996 agus ansin ag Svea hovrätt ó 1996 go 1997.

In 1997, bhí sé ina leas-rúnaí ar Choiste Parlaiminteach Aireacht Airgeadais na Sualainne, sular ceapadh é mar Chomhairleoir Dlí do Ghnóthaí Eorpacha in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Sualainne in 1999.

Chuaigh sé isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar rúnaí dlí don Bhreitheamh Hans Ragnemalm in 1998, agus arís ó 1999 go 2006 don Bhreitheamh Stig von Bahr.

Nuair a d’fhill sé ar a thír dhúchais, bhí an tUasal Schalin ina oifigeach dlí ó 2006 go 2008 agus, tar éis dó clárú le Barra Stócólm in 2008, thosaigh sé a ghairm bheatha mar dhlíodóir. In 2009, d’fhill sé ar an mBreithiúnacht mar bhreitheamh agus ansin mar Uachtarán ar Södertörns tingsrätt (Cúirt Chéadcheime Södertörn, an tSualainn), post a bhí aige go dtí 2016.

Tá speisialtóireacht aige freisin sa teagasc agus bhí sé ina léachtóir in Stockholms universitet ó 2006 go 2008 agus in Domstolsakademin (Acadamh Chúirteanna na Sualainne) ó 2011.

Ceapadh an tUasal Schalin mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 8 Meitheamh 2016

Inga Reine
Inga Reine
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Inga Reine in 1975 i Ríge (an Laitvia). Bhain sí céim sa dlí amach ó Latvijas Universitātē (Ollscoil na Laitvia) in 1996 agus bhain sí máistreacht amach ó European Inter-University Centre for Human Rights and Democratisation (EIUC) (an Lárionad Eorpach Idir-Ollscoileanna um Chearta an Duine agus um Dhaonlathú, an Iodáil) in 1998.

Chuir sí tús lena slí bheatha ghairmiúil mar oifigeach dlí ag an Oifig um Chearta an Duine sa Laitvia ó 1995 go 1999, sular thosaigh sí ag obair leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) mar chomhairleoir ar an misean sa Chosaiv ó 1999 go 2002 agus ar mhisean Mhontainéagró ó 2002 go 2003.

Idir 2003 agus 2012, lean sí dá gairm mar dhlíodóir in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Laitvia agus rinne sí ionadaíocht ar Rialtas na Laitvia in eagraíochtaí idirnáisiúnta atá saindírithe ar chearta an duine. Le linn na tréimhse sin, ceapadh í freisin mar chomhalta de Choiste Stiúrtha Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine (comité directeur pour les droits de l’homme) (CDDH).

In 2012, ainmníodh an tUasal Reine ina ceann rannóige ar Bhuanionadaíocht na Laitvia chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil, agus bhí sí sa phost sin go dtí 2015. Chomh maith leis sin, bhí sí ina comhairleoir dlí ó 2012 go 2016.

Ceapadh Inga Reine mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 8 Meitheamh 2016.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Eadránaí i gCúirt Idir-réitigh agus Eadrána ESCE
Teidil agus gradaim onóracha
  • Atzinības krusts (IV. šķira) (2011)
René Barents
René Barents
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh René Barents sa bhliain 1951 in Rotterdam (an Ísiltír). Bhain sé céim sa dlí le speisialtóireacht san eacnamaíocht amach ó Erasmus Universiteit (Ollscoil Erasmus, an Ísiltír) in 1973. Chríochnaigh sé a oideachas ollscoile le dochtúireacht sa dlí ó Universiteit Utrecht (Ollscoil Utrecht, an Ísiltír), agus chosain sé a thráchtas ann in 1981.  

Is san Institiúid Eorpach den Universiteit Utrecht a chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar thaighdeoir, ó 1973 go 1974, agus ansin mar léachtóir dlí, ó 1974 go 1979, go háirithe i réimsí dhlí na hEorpa agus an dlí eacnamaíoch. Theagasc sé sa cháil seo freisin ag Universiteit Leiden (Ollscoil Leiden, an Ísiltír), ó 1979 go 1981. Ceapadh ina ollamh ag Universiteit Maastricht (Ollscoil Maastricht, an Ísiltír) é, áit ar theagasc sé dlí na hEorpa ó 1988 go 2003, agus bhí sé ina ollamh oinigh ar dhlí na hEorpa ann ó 2003. Tá sé ina údar ar roinnt foilseachán maidir le dlí an Aontais, agus chuaigh sé isteach i sa Chúirt Bhreithiúnais in 1981, mar rúnaí dlí leis na habhcóidí Ginearálta Pieter VerLoren van Themmat (ó 1981 go 1986) agus Jean Mischo (in 1986). Ansin chuaigh sé isteach i Rannóg Pearsanra na Cúirte Breithiúnais mar cheannasaí ar an rannóg um theidlíochtaí faoi na Rialacháin Foirne, ó 1986 go 1987.

Idir 1987 agus 1991, bhí post aige i Seirbhís Dlí Choimisiún na gComhphobal Eorpach agus idir 1991 go 2000, bhí sé ina rúnaí dlí arís ag an gCúirt Bhreithiúnais, leis an mbreitheamh Paul Joan George Kapteyn.  Ó 2000 go 2009, bhí sé ina cheann roinne sa Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Dhoiciméadú, ar tháinig sé chun a bheith ina stiúrthóir uirthi, ó 2009 go 2011.

Idir 1993 agus 2011, bhí an tUasal Barents ina chomhairleoir freisin ag an Gerechtshof 's-Hertogenbosch (Cúirt Achomhairc 's-Hertogenbosch, an Ísiltír).

Ceapadh an tUasal Barents mar bhreitheamh ar Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar an 6 Deireadh Fómhair 2011 agus chomhlíon sé a dhualgais ann go dtí an 31 Lúnasa 2016.

Ceapadh ina bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta é ar an 19 Meán Fómhair 2016 agus tá sé ag comhlíonadh a dhualgais ann ón dáta sin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Koninklijke Nederlandse Akademie van Wetenschappen
Paul Nihoul
Paul Nihoul
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Paul Nihoul sa Bhruiséil (an Bheilg) in 1963. Bhain sé céim sa dlí amach ó Université catholique de Louvain (Ollscoil Chaitliceach Louvain, an Bheilg) in 1988 agus bhain sé Master of Laws amach in Ollscoil Harvard (Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 1989. Chuaigh sé i mbun staidéar dochtúireachta sa dlí in Université catholique de Louvain agus chosain sé a thráchtas dochtúireachta in 1998. Bhain sé céim san fhilíocht agus san fhealsúnacht amach san ollscoil sin freisin in 1984.

Glacadh isteach ag Barra Nua-Eabhrac (Stáit Aontaithe Mheiriceá) é in 1990, áit ar chleachtaigh sé mar dhlíodóir agus é ina Attorney and Counselor at Law. Tar éis dó filleadh ar an Eoraip, chuaigh sé isteach i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ó 1991 go 1995 mar rúnaí dlí don Bhreitheamh René Joliet agus ansin don Bhreitheamh John Murray.

Idir 1995 agus 1999, chuaigh sé i mbun gairm ollscoile mar thaighdeoir in Université catholique de Louvain sular ceapadh é ina léachtóir agus, níos déanaí, ina ollamh in Rijksuniversiteit Groningen (Ollscoil Groningen, an Ísiltír) ó 1999 go 2010, agus in Université catholique de Louvain ó 2001 i leith. Bhí sé ina stiúrthóir ar an Lárionad um Dhlí na dTomhaltóirí in Université catholique de Louvain idir 2001 agus 2016. Chomh maith leis sin, ceapadh é ina Uachtarán ar an gCór Acadúil idir 2004 agus 2006, agus ina Uachtarán ar an Institiúid um Staidéar Dlí ó 2012 go 2015 san ollscoil sin. Idir 1999 agus 2009, bhí an Ollúnacht Jean Monnet ag an Uasal Nihoul, arna bronnadh ad personam air ag an gComhairle Eorpach um Thaighde. Theagasc sé in université Paris-Dauphine (Ollscoil Pháras-Dauphine, an Fhrainc) mar ollamh ar cuairt ó 2013 go 2016. Ó 2010 go 2011, bhí sé ina Scoláire Fulbright ag American University (Ollscoil Mheiriceá, Washington DC, Stáit Aontaithe Mheiriceá). Bhí sé ina chathaoirleach ar an Academic Society for Competition Law (Ascola) ó 2013 go 2016.

Ceapadh an tUasal Nihoul mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 19 Meán Fómhair 2016.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Academia Europeae
  • Comhalta de choiste stiúrtha an Academic Society for Competition Law (Ascola)
  • Príomh-dhréachtóir agus, ó ceapadh chun na Cúirte Ginearálta é, comhalta de choiste dréachtaithe roinnt irisí dlí: Journal of European Competition Law and Practice, Journal de droit européen, Competition Law, European Journal of Consumer Law
  • Comhalta de choiste dréachtaithe na n-irisí dlíthiúla seo a leanas: Les Cahiers du juriste, Market and Competition Law Review
  • Stiúrthóir ar an mbailiúchán ‘Europe’, foilsithe ag Larcier
Teidil agus gradaim onóracha
  • Prix d’excellence (Duais Sármhaitheasa), Wallonie-Bruxelles International (2010-2011)
  • Prix de la Communauté française (Gradam Phobal na Fraince), an Bhruiséil, 1984, tráchtas is fearr san fhileolaíocht
Ulf Öberg
Ulf Öberg
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Ulf Öberg in 1966 i Stócólm (an tSualainn). Bhain sé céim sa dlí amach ó Stockholms universitet (Ollscoil Stócólm, an tSualainn) in 1991. Lean sé dá chuid staidéir ag Université de Paris I Panthéon‑Sorbonne (Ollscoil Pháras I Panthéon-Sorbonne, an Fhrainc), áit ar bhain sé iarchéim i ndlí an chómhargaidh amach in 1992. In 1993, bhain sé céim amach ó Institut d’études politiques (Institiúid um Staidéar Polaitiúil Pháras, an Fhrainc) (IEP) i gcaidreamh idirnáisiúnta.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar thaighdeoir ag an nGníomhaireacht Taighde do Chosaint Náisiúnta na Sualainne idir 1992 agus 1994 agus ghlac sé páirt, ó 1993 go 1994, sa chlár oiliúna do státseirbhísigh na Sualainne.

Ó 1994 go 1995, bhí sé ina chomhairleoir dlí maidir le gnóthaí Eorpacha in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Sualainne agus, ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach sa Chúirt Bhreithiúnais mar rúnaí dlí don Bhreitheamh Hans Ragnemalm ó 1995 go 2000.

Ina dhiaidh sin, d’fhill Ulf Öberg ar an Sualainn agus chuir sé tús lena ghairmréim ollscoile mar thaighdeoir agus mar léachtóir in Stockholms universitet. Bhunaigh sé a ghnólacht dlí féin agus bhí sé ag cleacthadh mar dhlíodóir ag Sveriges advokatsamfund (Cumann Bharra na Sualainne) ó 2006 go 2016.

Ceapadh an tUasal Öberg mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 19 Meán Fómhair 2016.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de bhord na scrúduithe agus léachtóir leis an dlí bunreachtúil in Sveriges advokatsamfund i gcomhthéacs oiliúint Chumann an Bharra chun gairm ”advokat” a chleachtadh
  • Comhalta den Centre d’étude et de prospective stratégique (CEPS) (Páras, an Fhrainc)
  • Rannpháirtí in obair le Forum for EU-US Legal-Economic Affaires du Mentor Group (Bostún, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Krystyna Kowalik-Bańczyk
Krystyna Kowalik-Bańczyk
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Krystyna Kowalik-Bańczyk in 1976 in Gdańsk (an Pholainn). Bhain sí céim sa dlí amach in Uniwersytet Gdański (Ollscoil Gdańsk, an Pholainn) in 1999 agus bhain sí Dioplóma Ard-Léinn amach in université des sciences sociales de Toulouse (Ollscoil na nEolaíochtaí Sóisialta, Toulouse, an Fhrainc) in 2000. Ina dhiaidh sin, rinne sí staidéar i gColáiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg) agus bhain sí Master of Laws amach i ndlí na hEorpa in 2002. Chuir sí a tráchtas faoi bhráid Acadamh Eolaíochtaí na Polainne agus bronnadh dochtúireacht sa dlí uirthi ann in 2004.

Ó 2002 go 2010, theagasc sí i Vársá na Polainne sa Lárionad don Eoraip in Uniwersytet Warszawski (Ollscoil Vársá) agus in Wyższa Szkoła Prawa i Administracji (Ollscoil an Dlí agus an Riaracháin). Ó 2006 go 2014, i gcomhthráth lena gníomhaíochtaí teagaisc, bhí sí i mbun obair thaighde mar léachtóir (2006) agus ansin mar ollamh comhlach (2014) san Institiúid um Staidéar Dlí in Acadamh Eolaíochtaí na Polainne. Bhí cúrsaí sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais Eorpaigh á dteagasc aici freisin ó 2010 go 2016 mar léachtóir in Politechnika Gdańska (Ollscoil Theicniúil Gdańsk, an Pholainn) agus mar ollamh ar cuairt in université Panthéon-Assas de Paris (Ollscoil Panthéon-Assas, Páras, an Fhrainc), université Sophia-Antipolis de Nice (Ollscoil Sophia-Antipolis, Nice) agus in université du Luxembourg (Ollscoil Lucsamburg).

Tá sí ina húdar ar an iliomad foilseachán i réimse an dlí Eorpaigh agus glacann sí páirt i ndréachtú roinnt saothair dhlí, go háirithe mar chomheagarthóir.

Ceapadh an tUasal Kowalik-Bańczyk mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 19 Meán Fómhair 2016.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comheagarthóir nó comhalta de chomhairle eolaíochta na n-irisí dlí “Europejski Przegląd Sądowy ”, “Yearbook of Antitrust and Regulatory Studies”, “Media Laws” agus “IKAR”
  • Comhalta den choiste comhairleach den athbhreithniú nua ar an “Balkan Yearbook of International and European Law”
  • Comhalta den “steering committee” den Master in European Law (first year) in Ollscoil Lucsamburg
  • Comhalta de bhrainse na Polainne den Chónaidhm Idirnáisiúnta um Dhlí Eorpach (FIDE), den Chumann Acadúil um Dhlí Iomaíochta (ASCOLA) agus den “International Law Association” (ILA)
Colm Mac Eochaidh
Colm Mac Eochaidh
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Colm Mac Eochaidh in 1963 i mBaile Átha Cliath (Éire). Bhain sé céim sa dlí amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann, in 1984.

Glaodh chun Bharra na hÉireann é agus é ina bhall de Chumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, ó 1987, agus chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar oifigeach dlí i ngnóthaí Eorpacha ó 1988 go 1990 ag an Law Society of England and Wales (Dlí-Chumann Shasana agus na Breataine Bige). Ina theannta sin, bhí sé ina ionadaí ar an dlí-chumann seo agus ar an Law Society of Scotland (Dlí-Chumann na hAlban) in institiúidí na gComhphobal Eorpach sa Bhruiséil ó 1990 go 1993.

Idir 1993 agus 2009, d’oibrigh sé mar abhcóide ag Barra na hÉireann, agus glacadh leis mar Abhcóide Sinsir in 2009.

Chomh maith leis sin, bhí sé ina léachtóir le dlí na hiomaíochta ag Cumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, ó 1993 go 1999, agus ansin ag an China-EU School of Law in Zhōngguó Zhèngfǎ Dàxué (Ollscoil Shíneach na hEolaíochta Polaitiúla agus an Dlí, an tSín).

In 2012, ceapadh é mar bhreitheamh in Ard-Chúirt na hÉireann, agus idir 2014 agus 2017, bhí sé ina Uachtarán ar an Dlísheomra um an Inimirce agus an Tearmann sa chúirt sin.

Ceapadh an tUasal Mac Eochaidh mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 8 Meitheamh 2017.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Leas-Uachtarán ar Chumann na hÉireann um Dhlí na hEorpa
  • Binseoir de Chumann Onórach Óstaí an Rí
Ramona Frendo
Ramona Frendo
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Ramona Frendo sa bhliain 1971 agus is as Zetjun (Málta) di ó dhúchas. Bhain sí céim sa dlí amach in 1993 agus dochtúireacht sa dlí amach in 1995 ó Università ta' Malta (Ollscoil Mhálta). Lean sí ar aghaidh lena cuid staidéir ag University of Cambridge (Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe) agus bronnadh máistreacht sa choireolaíocht uirthi ann in 1996. In 2018, chríochnaigh sí a cuid staidéir ollscoile le dioplóma iarchéime sa dlí Eorpach ag King’s College London (Coláiste an Rí, Londain, an Ríocht Aontaithe).

Chuir an tUasal Frendo tús lena slí bheatha ghairmiúil mar dhlíodóir ag Barra Mhálta, post a bhí aici ó 1996 go 2019. Mar thoradh ar a heolas ildisciplíneach, d’oibrigh sí chomh maith mar chomhairleoir dlí d’Aireacht Choimirce Sóisialaí Mhálta ó 1997 go 1998 agus mar shaineolaí dlí ag cúirteanna Vaileite (Málta) idir 1997 agus 2019, agus ag roinnt cuideachtaí árachais, ó 2006 go 2019.

Ó 2006 go 2019, bhí sí ina comhalta de phainéal eadrána náisiúnta Mhálta agus, ó 2009 go 2019, bhí sí ina comhalta de Choimisiún Fostaíochta Mhálta. Ceapadh mar chomhalta den Choimisiún Náisiúnta um an Teaghlach (Málta) í ó 2012 go 2013, tráth a raibh sí ina comhalta den Choimisiún um Athchóiriú Cuimsitheach an Chórais Dlí agus Cirt (Málta) chomh maith agus ansin, idir 2014 agus 2016, bhí sí ina comhalta den Choimisiún um Athchóiriú an Dlí (Málta). Tar éis di a bheith ceaptha in 2016 ag rialtas Mhálta, mar chomhairleoir speisialta don mheitheal um “Víosaí” de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, bhí sí ina cathaoirleach ar an meitheal seo faoi uachtaránacht Mhálta ar an gComhairle sa chéad leath de 2017.

Ceapadh ina breitheamh den Chúirt Ghinearálta í ar an 20 Márta 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de Dhlísheomra Abhcóidí Mhálta
  • Comhalta de na “cairde” d’Acadamh an Dlí Eorpaigh (ERA)
Tuula Riitta Pynnä
Tuula Riitta Pynnä
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Tuula Riitta Pynnä in 1958 in Turku (an Fhionlainn). Bhain sí máistreacht sa dlí amach ó Turun yliopisto (Ollscoil Turku, an Fhionlainn) in 1981, chomh maith le máistreacht sa dlí ó Universität Trier (Ollscoil Trier, an Ghearmáin) in 1993. Bhronn an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí máistreacht uirthi i ndlí na hEorpa in 1994 i gcomhpháirtíocht le Université Nancy 2 (Ollscoil Nancy 2, an Fhrainc) agus Aristotélio Panepistímio Thessaloníkis (Ollscoil Arastatail Thessaloniki, an Ghréig).

In 1981, chuir sí tús lena slí bheatha ghairmiúil agus d’oibrigh sí mar léachtóir in Turun yliopisto go dtí 1982. Ansin chuaigh sí isteach i mbreithiúnacht na Fionlainne mar bhreitheamh sealadach ag Porin raastuvanoikeus (Cúirt Chéadchéime Pori, an Fhionlainn) ó 1982 go 1983. Ceapadh í mar Cheann Seirbhíse ag Porin poliisilaitos, väestökirjatoimiston johtaja (Oifig an Daonra, an Fhionlainn) ar feadh dhá bhliain, sular athghaireadh í chun a dualgas mar bhreitheamh. In 1984, bhí sí ina rúnaí dlí ar feadh bliana agus ina breitheamh sealadach ag Ulvilan Kihlakunnanoikeus (Cúirt Chéadchéime Ulvila, an Fhionlainn). Ó 1985 go 1995, ghníomhaigh sí ar dtús mar bhreitheamh sealadach agus ansin mar bhreitheamh ag Tampereen raastuvanoikeus (Cúirt Tampere, an Fhionlainn) agus ag Pirkanmaan käräjäoikeus (Cúirt Chéadchéime Pirkanmaa, an Fhionlainn) chomh maith.

Idir 1996 agus 2005, chuaigh an tUasal Pynnä isteach in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Fionlainne mar Cheann an Aonaid um Dhlíthíocht an Aontais Eorpaigh agus mar chomhairleoir dlí, agus dá dheasca sin, rinne sí ionadaíocht ar an bhFionlainn sna cásanna a bhí os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach. Ceapadh í ina Ceann Toscaireachta ar Thoscaireacht na Fionlainne sa mheitheal “an Chúirt Bhreithiúnais” de Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus bhí post aici freisin sa ghrúpa “Cairde na hUachtaránachta” ag féachaint d’athchóiriú chóras breithiúnach an Chomhphobail i gConradh Nice.

Ceapadh an tUasal Pynnä ina breitheamh sa dá Chúirt Uachtaracha de chuid na Fionlainne. In 2005, ceapadh í ina breitheamh sealadach agus, in 2006, ceapadh í ina breitheamh in Korkein hallinto‑oikeus (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Fhionlainn). Bhí post aici ansin in Korkein oikeus (an Chúirt Uachtarach, an Fhionlainn) ó 2012 go 2019. Bhí sí ina comhalta freisin de Choiste Araíonachta an Stocmhalartáin Nasdaq OMX Helsinki (Heilsinkí,an Fhionlainn) ó 2015 go 2019, agus ó 2011 go 2019 bhí sí ina comhalta den choiste athbhreithnithe de Suomen Asianajajaliitto (Comhlachas Bharra na Fionlainne), coiste a raibh sí ina cathaoirleach air idir 2013 agus 2019.

Ceapadh an tUasal Pynnä mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de choiste comhairleach na scoile dlí in Turun yliopisto
  • Comhalta de Chomhairle Chomhairleach na Comhdhála 2026 den Chónaidhm Idirnáisiúnta um Dhlí Eorpach (FIDE), a reáchtálfar i Heilsincí
Teidil agus gradaim onóracha
  • Bonn fiúntais le haghaidh tríocha bliain i Seirbhís an Stáit (2015)
  • Cros Cheannasaí d’Ord Rós Bán na Fionlainne (2019)
Laurent Truchot
Laurent Truchot
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Laurent Truchot in 1962 i bPáras (an Fhrainc). Bhain sé céim amach ó Institut d’études politiques (Institiúid um Staidéar Polaitiúi) (IEP) i bPáras (An Fhrainc), in 1984. Ina dhiadh sin, chuaigh sé isteach in École nationale de la magistrature (Scoil Náisiúnta na mBreithiúna) (Bordeaux, an Fhrainc) ó 1986 go 1988.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil ag Tribunal de grande instance de Marseille (Cúirt Réigiúnach, Marseille, an Fhrainc), áit a raibh sé ina bhreitheamh ó 1988 go 1990. Ansin chuaigh sé isteach, mar bhreitheamh, i seirbhís na Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Sibhialta, agus i seirbhís Shéala Aireacht Dlí agus Cirt na Fraince ó 1990 go 1992. Idir 1992 agus 1994, bhí sé ina Leas-Cheann Oifige, agus ansin ina Cheann Oifige, san Ard-Stiúrthóireacht um Iomaíocht, Gnóthaí Tomhaltóirí agus Frithchalaois in Aireacht Geilleagair, Airgeadais agus Tionscail na Fraince. In 1994, ceapadh é ina chomhairleoir teicniúil d’Aire Dlí agus Cirt na Fraince, post a bhí aige go dtí 1995,  go dtí gur ceapadh é mar bhreitheamh den Tribunal de grande instance de Nîmes (Cúirt Réigiúnach, Nîmes, an Fhrainc), post a bhí aige ó 1995 go 1996.

Chuaigh an tUasal Truchot isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar rúnaí dlí don Abhcóide Ginearálta Philippe Léger ó 1996 go 2001. Ansin bhí sé ina bhreitheamh cúntach ag an Cour de cassation (an Chúirt Achomhairc, an Fhrainc) idir 2001 agus 2007.

Bhí sé ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ó 2007 go 2013, áit a raibh sé mar Uachtarán an Dlísheomra ó 2010 go 2013.

Nuair a d’fhill sé ar an Fhrainc in 2013, ceapadh é ina chomhairleoir den Cour de cassation (an Chúirt Achomhairc), post a bhí aige go dtí 2019.

Den dara huair, ceapadh an tUasal Truchot ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Johannes Christoph Laitenberger
Johannes Christoph Laitenberger
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Johannes Christoph Laitenberger sa bhliain 1964 in Hamburg (an Ghearmáin). Rinne sé staidéar ar an dlí in Rheinische Friedrich-Wilhelms-Universität Bonn (Ollscoil Bonn, an Ghearmáin). In 1990, d’éirigh leis sa chéad scrúdú Stáit sa dlí, sa Ghearmáin.

Ansin in 1991, d’oibrigh sé sa Bundestag (Parlaimint na Gearmáine), mar chomhairleoir dlí sna seirbhísí riaracháin.

Bhí sé ina Rechtsreferendar (dlíodóir faoi oiliúint) i gceantar Oberlandesgericht Köln (Uaschúirt Réigiúnach Köln, an Ghearmáin) ó 1991 go 1994. In 1994, d’éirigh leis sa dara scrúdú Stáit sa dlí, sa Ghearmáin.

Idir 1991 agus 1995, bhí sé ina léachtóir agus taighdeoir, go páirtaimseartha, in Rheinische Friedrich‑Wilhelms-Universität Bonn (Ollscoil Bonn). 

In 1995, d’oibrigh sé, go páirtaimseartha freisin, i ngnólacht dlí.

Glacadh leis chun an dlí a chleachtadh sa Ghearmáin, agus bhí sé ina chomhairleoir dlí do chónaidhm gnóthas in 1996, sula ndeachaigh sé isteach in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Bhí sé ina chomhalta d’fhoireann na gcomhairleoirí i Stiúrthóireacht an Riaracháin agus an Phrótacail in Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ó 1996 go 1999, nuair a ceapadh é mar rapóirtéir in Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta sa Choimisiún Eorpach.

Ina dhiaidh sin, rinne sé feidhmeanna éagsúla i gcomhar díreach le comhaltaí den Choimisiún. Idir 1999 agus 2003, cheap an Coimisinéir Eorpach, Viviane Reding, é mar chomhalta dá hoifig, áit ina raibh sé ina cheann oifige ó 2003 go 2004. Idir 2004 agus 2005, chuaigh sé isteach in Oifig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, José Manuel Barroso, mar chomhalta. Idir 2005 agus 2009, ceapadh é mar urlabhraí an Choimisiúin agus mar cheannasaí ar Sheirbhís Urlabhraí an Choimisiúin. Ó 2009 go 2014, chuaigh sé isteach arís in Oifig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, mar cheann oifige.

In 2014, ceapadh é mar Leas-Ard-Stiúrthóir ar Sheirbhís Dlí an Choimisiúin agus ansin, ó 2015 go 2019, bhí sé ina Ard-Stiúrthóir ar Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta sa Choimisiún Eorpach.

Ceapadh an tUasal Laitenberger mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den choiste eagarthóireachta den Europäische Zeitschrift für Wirtschaftsrecht
  • Comhalta den choiste acadúil don iris Concurrences
  • Comhalta den choiste eagarthóireachta den Neue Zeitschrift für Kartellrecht (NZK)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Grande-Oficial da Ordem do Infante D. Henrique, arna bhronnadh air ag Uachtarán Phoblacht na Portaingéile (2014)
Roberto Mastroianni
Roberto Mastroianni
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Roberto Mastroianni sa bhliain 1964 in Cosenza (an Iodáil). Bhain sé céim sa dlí amach ó Università degli Studi di Firenze (Ollscoil Fhlórans, an Iodáil) in 1987 agus máistreacht sa dlí ó Penn State University Dickinson School of Law (Dickinson School of Law, Ollscoil Stáit Pennsylvania, na Stáit Aontaithe) in 1990. Rinne sé staidéar dochtúireachta sa dlí in Università di Bologna (Ollscoil Bologna, an Iodáil) agus chosain sé a thráchtas in 1992. Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar iardhochtúireachta in Université de Genève (Ollscoil na Ginéive, an Eilvéis) ó 1992 go 1993, agus in Universiteit van Amsterdam (Ollscoil Amstardam, an Ísiltír) agus in New York Law School (Scoil Dlí Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe) ó 1993 go 1994.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar thaighdeoir ar an dlí idirnáisiúnta in Università degli Studi di Firenze (Ollscoil Fhlórans) ó 1992 go 1997, sula ndeachaigh sé isteach i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar rúnaí dlí i ndlísheomraí na nAbhcóidí Ginearálta Giuseppe Tesauro agus Antonio Saggio, ó 1997 go 2000. 

Ansin chaith sé a dhúthracht le teagasc, mar ollamh le dlí an Aontais Eorpaigh, in Università degli Studi di Napoli Federico II (Ollscoil Napoli - Frédéric II, an Iodáil) ó 2000 go 2019, tréimhse inar fhoilsigh sé roinnt saothar. Ina theannta sin, theagasc sé dlí an Aontais Eorpaigh agus an dlíthíocht Eorpach in Université Paris 2 – Panthéon-Assas (Ollscoil Pháras II, Panthéon-Assas, an Fhrainc) ó 2011 go 2013, mar ollamh ar cuairt. Theagasc sé dlí an Aontais Eorpaigh freisin in Libera Università Internazionale degli Studi Sociali Guido Carli (Ollscoil Luiss Guido Carli, an Róimh, an Iodáil) ó 2013 go 2017. In 2015, ceapadh é mar ollamh le dlí na hiomaíochta comparáidí in Sturm College of Law in University of Denver (Ollscoil Denver, na Stáit Aontaithe) inar theagasc sé go dtí 2019.

Idir 1993 agus 2019, bhí an tUasal Mastroianni ina dhlíodóir cáilithe chun pléadáil os comhair uaschúirteanna na hIodáile. Ó 2013 go 2015, bhí sé ina chomhalta den choiste stiúrtha den Società Italiana di Diritto Internazionale (SIDI) (Cumann na hIodáile um Dhlí Idirnáisiúnta) agus den Associazione Italiana Studiosi di Diritto dell'Unione Europea (AISDUE) (Comhlachas na hIodáile um Scoláirí Dlí AE) ó 2018 go 2021. Ceapadh é ina theannta sin mar chomhairleoir do Rialtas na hIodáile maidir le gnóthaí reachtacha sa Roinn Gnóthaí Eorpacha ó 2015 go 2018.

Ceapadh an tUasal Mastroianni mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Associazione Italiana Studiosi di Diritto dell'Unione Europea (AISDUE) (Comhlachas na hIodáile um Scoláirí Dlí AE)
  • Comhalta den Società Italiana di Diritto Internazionale (SIDI) (Cumann na hIodáile um Dhlí Idirnáisiúnta)
  • Comhalta den European Law Institute (ELI) (Institiúid Eorpach um Dhlí)
  • Comhalta de choiste eagarthóireachta nó de choiste acadúil na n-irisí dlí “Il Diritto dell'Unione Europea”, “Rivista italiana di diritto pubblico comunitario”, “Studi dell’integrazione europea”, “Diritto, mercato e tecnologia”, “Federalismi”, “The Journal of Media Law” agus “Media Laws - Rivista di Diritto dei Media”
  • Comhalta den Choimisiún meastóireachta maidir le cáiliú na n-iarrthóirí mar ollamh ollscoile le dlí an Aontais Eorpaigh san Iodáil (2019 go 2021)
José Martín y Pérez de Nanclares
José Martín y Pérez de Nanclares
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh José Martín y Pérez de Nanclares in 1965 in Vitoria-Gasteiz (an Spáinn). Bhain sé céim sa dlí amach ag Universidad de Salamanca (Ollscoil Salamanca, an Spáinn) in 1988. Idir 1988 agus 1989, rinne sé staidéar ar an dlí bunreachtúil in Universität zu Köln (Ollscoil Köln, an Ghearmáin) agus bhain sé máistreacht sa dlí Eorpach amach in 1991 ó Universität Saarbrücken (Ollscoil Saarbrücken, an Ghearmáin). In 1994, chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí ag Universität Saarbrücken agus ag Universidad de Salamanca.

Chaith sé a dhúthracht le teagasc an dlí idirnáisiúnta agus chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar léachtóir ag Universidad de La Rioja (Ollscoil La Rioja, an Spáinn) ó 1993 go 1996, agus, ina dhiaidh sin, mar ollamh ó 1996 go 2001. In 1996, ceapadh é ina ardrúnaí ag Universidad de La Rioja, agus, ina dhiaidh sin, ina leas-chathaoirleach taighde ag an ollscoil chéanna ó 1996 go 2000 agus ansin ina leas‑reachtaire ar chaidreamh idirnáisiúnta ó 2004 go 2008. Ba san ollscoil sin, idir 2001 agus 2009, a bhí ollúnacht an dlí idirnáisiúnta phoiblí ag José Martín y Pérez de Nanclares, chomh maith le hOllúnacht Jean Monnet i ndlí an Aontais Eorpaigh. Ó 2009 go 2012, thug Universidad de Salamanca ollúnacht an dlí idirnáisiúnta phoiblí dó, ollúnacht a bronnadh air arís in 2018.

Ó 2012 go 2018, ceapadh é ina stiúrthóir ar an Oifig um Ghnóthaí Dlíthiúla Idirnáisiúnta in Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Comhair na Spáinne. In 2018, bhí sé ina stiúrthóir ar Oifig Consejo de Estado (an Chomhairle Stáit, an Spáinn) ar feadh bliain amháin.

Ceapadh José Martín y Pérez de Nanclares mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Bhuanchúirt Eadrána (an Háig, an Ísiltír)
  • Comhalta den bhord comhairleach den Max-Planck-Institut für ausländisches öffentliches Recht und Völkerrecht
  • Comhalta de bhord feidhmiúcháin Rannóg na Spáinne den Fédération internationale pour le droit européen (FIDE)
  • Comhalta den choiste acadúil den Revista de Derecho Comunitario Europeo
  • Comhalta den chomhairle comhairleach den Institut Barcelona d’estudis internacionals
  • Comhalta de chomhairle dréachtaithe na hirise Cuadernos Europeos de Deusto
  • Comhalta de bhord chomhairleach an Anuario de la facultad de derecho de la Universidad Autónoma de Madrid
Teidil agus gradaim onóracha
  • Dochtúir oinigh Universidad de Piura (Peiriú) (2009)
  • Cruz de la Orden de San Raimundo de Peñafort (2016)
Ornella Porchia
Ornella Porchia
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Ornella Porchia in 1966 in Chivasso (an Iodáil). Bhain sí céim sa dlí amach ó Università degli Studi di Torino (Ollscoil Torino, an Iodáil) in 1991 agus dochtúireacht taighde sa dlí in 1996 ó Università Commerciale Luigi Bocconi (Ollscoil Tráchtála Luigi Bocconi, Milano, an Iodáil).

Chuir sí tús lena slí bheatha ghairmiúil in 1994 mar abhcóide ag Barra Torino agus ina dhiaidh sin mar ollamh cúnta in Università degli Studi di Torino ó 1997 go 2002. Bhí sí ina hollamh comhlach leis an dlí idirnáisiúnta ó 2002 go 2007 agus is ollamh le dlí an Aontais Eorpaigh í ó 2007.

Idir 2010 agus 2014, d’oibrigh sí leis na seirbhísí Staidéir ag an Corte costituzionale (Cúirt Bhunreachtúil na hIodáile). Ó 2014 go 2019, bhí sí ina comhairleoir dlí ag Buanionadaíocht na hIodáile chuig an Aontas Eorpach. Tá sí ina húdar ar roinnt foilseachán ar dhlí an Aontais agus ar an dlí idirnáisiúnta.

Ceapadh Ornella Porchia mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de choiste eolaíoch na n-irisí “Il diritto dell’economia” agus “Studi sull’integrazione europea”
  • Comhalta den European Law Institute (comhalta de choiste comhairleach an tionscadail “Common Constitutional Traditions in Europe”)
  • Comhalta den Associazione Italiana degli Studiosi di diritto dell’Unione europea (AISDUE)
  • Comhalta den Società italiana di diritto internazionale (SIDI)
  • Comhalta (socio corrisponente) den Accademia delle Scienze di Torino
Gerhard Hesse
Gerhard Hesse
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Gerhard Hesse sa bhliain 1970 i Vín (an Ostair). Bhain sé céim sa dlí amach in 1993 agus chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí in 2002 in Universität Wien (Ollscoil Vín, an Ostair).

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil in 1994 ag an tSeansailéireacht Chónaidhme (an Ostair) sa Roinn Gnóthaí Eorpacha. Chaith sé bliain ag obair sa roinn sin sula ndeachaigh sé isteach sa Roinn Gnóthaí Dlíthiúla sa tSeansailéireacht Chónaidhme idir 1995 agus 2000, mar chomhalta ar dtús agus ansin mar cheann roinne. Ó 2000 go 2002, bhí sé ina chomhairleoir dlí don Arbeiterkammer (an Dlísheomra Saothair, an Ostair) sular athghaireadh ar ais chun Sheirbhís Dlí na Seansailéireachta Cónaidhme é mar chomhalta agus mar cheann roinne ó 2002 go 2007. Idir 2007 agus 2010, bhí sé ina chomhairleoir dlí in Oifig Sheansailéir Cónaidhme na hOstaire agus bhí sé ina Ard-Stiúrthóir ar Sheirbhís Dlí na Seansailéireachta Cónaidhme idir 2010 agus 2017. Ó 2017 go 2019, bhí sé ina Ard‑Stiúrthóir ar an tseirbhís dlí san Aireacht um Ghnóthaí Bunreachtúla, Athchóiriú, Dírialáil, Dlí agus Cirt san Ostair.

In 2010, ceapadh é ina chomhalta de Chomhairle na hOstaire um Chosaint Sonraí Pearsanta agus bhí sé sa phost sin go dtí 2019. Chomh maith leis sin, bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta Leabharlann Náisiúnta na hOstaire ó 2017 go 2019. Tá roinnt saothair dlí foilsithe aige a bhuí lena chuid taithí leis an gcóras riaracháin phoiblí san Ostair.

Ceapadh an tUasal Hesse mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Österreichische Juristenkommission
  • Comhalta de Bhord Bainistíochta an Österreichischer Juristentag
Teidil agus gradaim onóracha
  • Silbernes Ehrenzeichen für Verdienste um die Republik Österreich
  • Großes Silbernes Ehrenzeichen mit Stern für Verdienste um die Republik Österreich
Miguel Sampol Pucurull
Miguel Sampol Pucurull
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Miguel Sampol Pucurull in 1974 in Barcelona (an Spáinn). Bhain sé céim sa dlí amach in 1997 agus céim sa bhainistíocht gnó amach in 1998 in Universidad Pontificia Comillas (Ollscoil Phontaifiúil Comillas, an Spáinn).

Chuir sé tús lena shlí bheatha mar abogado del Estado: Ó 2002 go 2005, rinne sé ionadaíocht ar an Stát os comhair chúirteanna na Spáinne sula ndeachaigh sé isteach i seirbhís dlí Aireacht Cultúir na Spáinne ó 2005 go 2006. Ó 2006 go 2007, chuaigh sé isteach i seirbhís dlí Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Spáinne atá freagrach as ábhair a bhaineann le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Ó 2007 go 2014, bhí an tUasal Sampol Pucurull ina abogado del Estado — comhairleoir dlí ag Buanionadaíocht na Spáinne chuig an Aontas Eorpach.  In 2014, chuaigh sé isteach i seirbhís Aireacht Dlí agus Cirt na Spáinne mar Leas-Ardstiúrthóir do Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh agus do Ghnóthaí Idirnáisiúnta den Abogacía General del Estado (Comhairle Dlí Stáit). Mar sin, d’fheidhmigh sé mar abogado del Estado-Jefe in Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Comhair na Spáinne i seirbhís dlí an Stáit atá freagrach as imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go dtí 2019. Le linn na tréimhse sin, bhí sé ina chomhalta de bhord bainistíochta roinnt gnóthais phoiblí, agus chuir a chleachtas dlí le dréachtú roinnt foilseacháin dhlíthiúla.

Ceapadh an tUasal Sampol Pucurull mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Asociación Española para el Estudio del Derecho Europeo
  • Comhalta den Asociación de Abogados del Estado
Teidil agus gradaim onóracha
  • Cruz Distinguida de Primera Clase de San Raimundo de Peñafort del Ministerio de Justicia (2016)
  • Encomienda de la Orden del Mérito Civil del Ministerio de Asuntos Exteriores y Cooperación (2019)
Mirela Stancu
Mirela Stancu
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Mirela Stancu sa bhliain 1974 in Călărași (an Rómáin). Bhain sí céim sa dlí amach in 1998 agus dochtúireacht sa dlí amach in 2009 ó Universitatea din București (Ollscoil Bhúcairist, an Rómáin).

Bhí sí ag cleachtadh mar dhlíodóir ag Barra Bhúcairist (an Rómáin) ó 1999 go 2002, sular chaith sí a dúthracht le dlí nós imeachta a theagasc in Universitatea din București. Ba san ollscoil sin a bhí sí ina léachtóir ó 2002 go 2018 agus ina leachtóir sinsearach ó 2018 ar aghaidh, tréimhsí ina raibh sí ina húdar ar roinnt foilseachán.

Ghníomhaigh an tUasal Stancu i gcáil breitheamh ag Judecătoria Sectorului 3 Bucureşti (Cúirt Chéadchéime an 3ú ceantar de Bhúcairist, an Rómáin) ó 2004 go 2009, ansin ag Tribunalul București (Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, an Rómáin) ó 2009 go 2019. Ceapadh í mar bhreitheamh ar iasacht chuig Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Rómáine in 2005 agus, ó 2007 go 2018, chuaigh sí isteach in Institutul Național al Magistraturii (Institiúid Náisiúnta na mBreithiúna, an Rómáin) mar theagascóir.

In 2011, chuaigh sí isteach i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i ndlísheomra an Bhreithimh Camelia Toader, mar dhlíodóir-riarthóir go dtí 2014.

Ar fhilleadh di ar an Rómáin in 2015, ceapadh í mar Stiúrthóir le freagracht as Gnóthaí Eorpacha, Caidreamh Idirnáisiúnta agus Cláir Consiliul Superior al Magistraturii (Ardchomhairle Bhreithiúnach, an Rómáin), post a bhí aici go dtí 2018.

Ceapadh an tUasal Stancu mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 26 Meán Fómhair 2019.

Petra Škvařilová-Pelzl
Petra Škvařilová-Pelzl
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Petra Škvařilová-Pelzl in 1975 i bPrág (Poblacht na Seice). Rinne sí staidéar ar an dlí i bPoblacht na Seice agus sa Ghearmáin, tréimhse inar bhronn Univerzita Karlova (Ollscoil Karlova, Poblacht na Seice) an teideal Magister iuris (summa cum laude) uirthi. Thosaigh sí ar dhochtúireacht sa dlí in Universität Hamburg (Ollscoil Hamburg, an Ghearmáin), áit ar chosain sí a tráchtas in 2004 (summa cum laude). Bhain sí céim ateangaireachta le Gearmáinis amach freisin in Státní Jazyková škola (Scoil Stáit na dTeangacha, Prág, Poblacht na Seice) in 1995.

Cé gur chuir sí tús lena slí bheatha ghairmiúil mar chúntóir acadúil i gceannas ar an dlí tráchtála, ar an dlí muirí agus ar an dlí eacnamaíoch in Universität Hamburg in 1999, d’éirigh léi i gcomórtas a d’eagraigh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) chun dlíodóirí Seiceacha a earcú sna hinstitiúidí Eorpacha. Dá bhrí sin, bhí sí ina hoifigeach san Ard-Stiúrthóireacht Leabharlainne, Taighde agus Doiciméadachta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d’fheidhmigh sí mar riarthóir dlí ó 2004 go 2019. Idir 2010 agus 2016, bhí na dualgais sin uirthi mar attaché don Ard‑Stiúrthóir. Ó 2017 go 2018, bhí sí ina rúnaí dlí in oifig an Bhreithimh Maria Berger sa Chúirt Bhreithiúnais.

Tá sí ina húdar ar roinnt foilseachán, go háirithe i réimsí a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí comparáideach, agus bhí baint ag an Uasal Škvařilová-Pelzl freisin leis an teagasc mar theagascóir le dlí an Aontais ag Verwaltungsakademie des Bundes in Wien (Acadamh Cónaidhme Vín don Státseirbhís, an Ostair) ó 2009. Ina theannta sin, labhair an tUasal Škvařilová-Pelzl ag go leor seimineár agus comhdhálacha, lena n-áirítear an Fhéile Dlí Dhébhliantúil idir an tSeicia agus an Ghearmáin.

Ceapadh an tUasal Škvařilová-Pelzl  mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Societas Iuris Publici Europaei e.V. (SIPE)
  • A bhuí leis an scoláireacht “Copernicus” in Universität Hamburg agus an scoláireacht Bundestag (Parlaimint na Gearmáine) a bhuaigh sé chun páirt a ghlacadh sa Chéim Pharlaiminteach Idirnáisiúnta (Beirlín, 2004), is comhalta alumni í sna heagraíochtaí sin
Iko Nõmm
Iko Nõmm
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Iko Nõmm in 1977 i dTaillinn (an Eastóin). Bhain sé dioplóma sa dlí amach in 2001 chomh maith le máistreacht sa dlí in 2007 ó Tartu Ülikool (Ollscoil Tartu, an Eastóin). Thug sé faoi dhochtúireacht sa dlí in Tartu Ülikool agus chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí in 2013.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar chomhairleoir ag Tallinna Ringkonnakohus (Cúirt Achomhairc Thaillinn, an Eastóin) ó 2001 go 2002 agus ag Harju Maakohtu (Cúirt Chéadchéime Harjun, an Eastóin) mar bhreitheamh faoi oiliúint. Bhí an tUasal Nõmm ina bhreitheamh sa chúirt sin ó 2002 go 2007, agus in Tallinna Ringkonnakohus ó 2007 go 2019. Ceapadh é mar bhreitheamh sóisearach ag an Riigikohus (an Chúirt Uachtarach, an Eastóin) ó 2015 go 2016 agus bhí sé mar bhreitheamh náisiúnta ar iasacht do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó 2017 go 2018.

Bhí baint ag an Uasal Nõmm le cúrsaí teagaisc chomh maith agus é ina léachtóir in Tartu Ülikool ó 2014 go 2019 agus ag Rannóg Oiliúna an Riigikohus ó 2015 go 2019. Thug sé léachtaí freisin ag Cumann Bharra na hEastóine ó 2015 go 2019 agus bhí sé ina bhall de Bord Scrúduithe um Bhreithiúna na hEastóine idir 2018 agus 2019. Idir 2015 agus 2019, bhí sé ina chomhalta den Choiste Measúnaithe um Inniúlacht Ghairmiúil Bharra na hEastóine.

Ceapadh Iko Nõmm mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Eesti Kohtunike Ühing
Gabriele Steinfatt
Gabriele Steinfatt
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Gabriele Steinfatt in 1977 in Bad Harzburg (an Ghearmáin). Bhain sí céim sa dlí amach ó Universität des Saarlandes (Ollscoil Saarland) in Saarbrücken (an Ghearmáin) agus in Strasbourg (an Fhrainc). Bhain sí máistreacht sa dlí príobháideach amach chomh maith le teastas sa dlí Eorpach ó université Robert Schuman (Ollscoil Robert Schuman, Strasbourg, an Fhrainc) in 2000. In 2002, d’éirigh léi sa chéad scrúdú stáit sa dlí in Saarbrücken. Ó 2002 go 2003, chuaigh sí i mbun staidéar iarchéime in Europa-Institut de Universität des Saarlandes (an Institiúid um Léann Eorpach, Ollscoil Saarland, an Ghearmáin). In 2005, chríochnaigh sí a tréimhse oiliúna sa dlí in Saarbrücken (an Ghearmáin) leis an dara scrúdú stáit sa dlí. Thug sí faoi thráchtas dochtúireachta ag Universität des Saarlandes , áit ar bhain sí dochtúireacht sa dlí amach in 2012.

Bhí Steinfatt ina breitheamh ag Verwaltungsgericht der Freien Hansestadt Bremen (Cúirt Riaracháin Bremen, an Ghearmáin) idir 2005 agus 2017, agus ag Oberverwaltungsgericht der Freien Hansestadt Bremen (Ard-Chúirt Riaracháin, Bremen, an Ghearmáin) ó 2017 go 2019. Le linn na tréimhse sin, ceapadh í mar chomhalta den Dienstgerichtshof für Richter (Cúirt Araíonachta Achomhairc do Bhreithiúna) agus mar chomhalta malartach den Berufsgerichtshofs für Ingenieure (Cúirt Araíonachta Achomhairc d’Innealtóirí).

Mar údar ar roinnt foilseachán, go háirithe i réimse an dlí Eorpaigh, tá speisialtóireacht ag an Uasal Steinfatt sa teagasc chomh maith agus í ina léachtóir in Universität des Saarlandes agus in Universität Bremen (Ollscoil Bremen, an Ghearmáin). Tá sí ag cur oiliúint ar fáil do dhlíodóirí óga le linn a dtréimhse oiliúna, fad is go bhfuil sí féin ina scrúdaitheoir don chéad scrúdú stáit sa dlí.

Ceapadh Gabriele Steinfatt mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Vereinigung der Bremischen Verwaltungsrichterinnen und Verwaltungsrichter
Rimvydas Norkus
Rimvydas Norkus
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Rimvydas Norkus sa bhliain 1979 in Klaipėda (an Liotuáin). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ó Vilniaus universitetas (Ollscoil Vilnias, an Liotuáin) in 2001. Ina dhiaidh sin, chuir sé tús lena staidéar dochtúireachta sa dlí ag Mykolo Romerio universitetas (Ollscoil Mykolas Romeris, an Liotuáin) áit ar chosain sé a thráchtas in 2005.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar chúntóir breithiúnach ag Lietuvos apeliacinis teismas (Cúirt Achomhairc na Liotuáine) ó 1999 go 2000, agus ó 2000 go 2003, bhí sé ina chomhairleoir d’Uachtarán na cúirte sin. Idir 2003 agus 2009, ceapadh é ina stiúrthóir ar an tSeirbhís um Chleachtas Breithiúnach in Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Uachtarach na Liotuáine).

Ó 2009 go 2010, bhí sé ina dhlítheangeolaí i bParlaimint na hEorpa sular fhill sé ar a thír dhúchais chun bheith ina stiúrthóir ar an Roinn um Thaighde Dlí ag Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (Cúirt Uachtarach na Liotuáine) ó 2010 go 2012. Ceapadh é ina bhreitheamh in Lietuvos apeliacinis teismas ó 2012 go 2013 agus ansin bhí sé ina bhreitheamh ar feadh bliain amháin in Lietuvos Aukščiausiasis Teismas, agus bhí sé ina uachtarán ar an gcúirt sin ó 2014 go 2019. Ba é Uachtarán ar Lietuvos Teisėjų taryba (Comhairle Bhreithiúnach na Liotuáine) chomh maith ó 2016 go 2018.

Ó 2007 go 2008, bhí Rimvydas Norkus ag teagasc mar ollamh comhlach ag Mykolo Romerio universitetas, agus bhí sé ina ollamh ag an Institiúid um Dhlí Príobháideach san ollscoil sin ó 2012 go 2019. Chomh maith leis sin, tá sé ina údar ar an iliomad foilseacháin dhlíthiúla.

Ceapadh Rimvydas Norkus mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de choiste comhairleach an Europäische Rechtsakademie (ERA) (2020-2023)
  • Comhalta de chomhairle comhairleach na hirise ERA Forum
  • Comhalta den chomhlachas “The Conference on European Restructuring and Insolvency Law”
  • Comhalta de INSOL Europe Association
Teidil agus gradaim onóracha
  • Bronnadh Cros Oifigeach an Ard-Diúic Gediminas air as an méid suntasach a rinné sé chun an córas náisiúnta breithiúnach a fheabhsú agus chun cur le forbairt na n-eolaíochtaí dlíthiúla (2018)
  • Comhalta onórach de Dhámh an Dlí ag Mykolo Romerio Univeretas (2019)
Tamara Perišin
Tamara Perišin
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Tamara Perišin i Ságrab (an Chróit) in 1979. Bhain sí céim cum laude sa dlí amach ó Sveučilište u Zagrebu (Ollscoil Shágraib, an Chróit) in 2002 agus, in 2003, bhain sí máistreacht sa dlí ó University of Oxford (Ollscoil Oxford, an Ríocht Aontaithe) mar bhuaiteoir na scoláireachta Chevening. Ansin, chuaigh sí i mbun staidéar dochtúireachta sa dlí in Sveučilište u Zagrebu, áit ar chosain sí a tráchtas in 2007. D’éirigh leis an Uasal Perišin i scrúdú Bharra na Cróite in 2009.

Agus í ina taighdeoir, chaith sí tréimhsí i mbun taighde in Asser Instituut (Institiúid Asser, an Ísiltír) in 2004, in Georgetown University (Ollscoil Georgetown, Stáit Aontaithe Mheiriceá), in University of Michigan (Ollscoil Michigan, Stáit Aontaithe Mheiriceá) ó 2005 go 2006 mar Scoláire Fulbright, agus in Max-Planck-Institute (Institiúid Max Planck, Heidelberg, an Ghearmáin) ó 2007 go 2008, áit ar bhain sí scoláireacht iardhochtúireachta amach. Chomh maith leis sin, chuaigh sí faoi oiliúint in eolaíocht an oideachais agus na foghlama ag Central European University (Lár‑Ollscoil na hEorpa, an Ungáir) ó 2007 go 2008. In 2014, tugadh cuireadh di taighde iardhochtúireachta a dhéanamh in Harvard Law School ag Harvard University (Scoil Dlí Harvard, Ollscoil Harvard, Stáit Aontaithe Mheiriceá).

Ó 2002 i leith, tá Tamara Perišin ina comhalta den Sveučilište u Zagrebu, áit a raibh sí ina hollamh agus ina leas-dhéan don chomhar idirnáisiúnta ó 2009 go 2011, ina bhfuil an Ollúnacht Jean Monnet aici ó 2015 i leith, agus ina bhfuil sí ina comhordaitheoir ar Ionad Barr Feabhais Jean Monnet ó 2018 i leith. Bíonn cúrsaí dlí á dteagasc aici, go háirithe dlí poiblí na hEorpa, dlí an mhargaidh inmheánaigh, dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála, éifeachtaí domhanda an dlí Eorpaigh, dlí na hiomaíochta, dlí Eorpach na gcuideachtaí, modheolaíocht an dlí Eorpaigh, agus na prionsabail ghinearálta dlí i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Idir 2015 agus 2016, bhí sí ina hollamh ar cuairt agus ina “John Harvey Gregory Lecturer on World Organization” ag Harvard University, áit a bhfuil cúrsa á theagasc aici ar éifeachtaí domhanda an dlí Eorpaigh.

Mar údar ar an iliomad foilseacháin dhlíthiúla, is í Tamara Perišin príomheagarthóir irisleabhair Chrótaigh atá dírithe go sainiúil ar dhlí an Aontais Eorpaigh (Croatian Yearbook of European Law and Policy) agus tá sí ina comhalta de choiste dréachtaithe an irisleabhair sin.

Ó 2005 go 2011, bhí Tamara Perišin mar chuid den ghrúpa caibidlíochta maidir le haontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach. In 2011, chuir sí oiliúint i ndlí an Aontais ar fáil do státseirbhísigh agus do thaidhleoirí ag Državna škola za javnu upravu (An Scoil Náisiúnta Riaracháin Phoiblí, an Chróit) agus ag Acadamh Taidhleoireachta Aireacht Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Cróite. Ó 2012 go 2013, bhí sí freagrach as oiliúint i ndlí an Aontais a thabhairt do bhreithiúna ag an Pravosudna akademija (Acadamh Breithiúnach na Cróite) agus ag an Općinski sud u Zagrebu (Cúirt Dúiche Shágraib, an Chróit). In 2015 thug sí léachtaí ag an Hrvatska odvjetnička komora (Cumann Bharra na Cróite). Ó 2017 go 2019, bhí sí ina Comhairleoir Speisialta in Aireacht Eolaíochta agus Oideachais na Cróite. Tá comhairle dlí tugtha aici freisin d’aireachtaí agus do dhlíodóirí na Cróite maidir le cur i bhfeidhm cuí dhlí an Aontais i gcásanna atá ar feitheamh os comhair cúirteanna náisiúnta.

Ceapadh Tamara Perišin mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 26 Meán Fómhair 2019.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den Croatian Yearbook of European Law and Policy
  • Comhalta den Hrvatske udruge za studij Europske unije
  • Comhalta den Hrvatske udruge za europsko pravo (CROSEL)
  • Ball de Chevening Alumni Association
  • Comhalta den Oxford University Society (OUS)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Ollúnacht Jean Monnet (2015)
David Petrlík
David Petrlík
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh David Petrlík in 1978 in Plzeň (Poblacht na Seice). Bhain sé máistreacht sa dlí amach in Západočeská univerzita v Plzni (Ollscoil na Boihéime Thiar, Poblacht na Seice) in 2002, tar éis dó staidéar a dhéanamh in Universität Passau (Ollscoil Passau, an Ghearmáin) in 1999-2000. Bhain sé máistreacht sa dlí amach in université Paris I – Panthéon-Sorbonne (Ollscoil Pháras I, Panthéon-Sorbonne, an Fhrainc) in 2003. Bhain sé dochtúireacht sa dlí amach in Univerzita Karlova (Ollscoil Karlova Phrág, Poblacht na Seice) in 2016.

In 2004, chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar chomhairleoir dlí in Aireacht Gnóthaí Eachtracha Phoblacht na Seice agus, tar éis aontachas Phoblacht na Seice leis an Aontas Eorpach, chuaigh sé isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar rúnaí dlí don Bhreitheamh Jiří Malenovský, áit ar oibrigh sé go dtí 2015.

In 2015, chuaigh sé isteach sa Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (ar a dtugtar Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis anois) mar chomhairleoir dlí agus ansin mar Leas-Cheann Rannóige sa Roinn Dlí agus Soláthair Phoiblí. Ó 2018 go 2021, bhí sé ina Cheann Rannóige ar an roinn sin.

Ó 2011, tá an tUasal Petrlík páirteach freisin sa teagasc agus é ina léachtóir le dlí an Aontais Eorpaigh agus le dlí na maoine intleachtúla in Univerzita Karlova (Ollscoil Karlova). Tá sé ina údar ar an iliomad foilseachán sna réimsí seo.

Ceapadh an tUasal Petrlík mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 1 Márta 2021.

Maja Brkan
Maja Brkan
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Maja Brkan sa bhliain 1979 in Maribor (an tSlóivéin). Bhain sí bunchéim sa dlí amach ó Univerza v Ljubljani (Ollscoil Liúibleána, an tSlóivéin) in 2003 chomh maith le máistreacht sa dlí ó New York University (Ollscoil Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 2004. Tá dioplóma aici freisin ó Acadamh an Dlí Eorpaigh ag an Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans ó 2004. Rinne sí a staidéar dochtúireachta sa dlí ag Univerza v Ljubljani, áit ar chosain sí a tráchtas maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh in 2007.

Chuir sí tús lena slí bheatha ghairmiúil mar dhlítheangeolaí i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2004, sular thosaigh sí, mar oiliúnaí, in Oifig an Bhreithimh Aindrias Uí Chaoimh ag an gCúirt Bhreithiúnais in 2005 agus ansin ag Višje sodišče v Ljubljani (an Chúirt Achomhairc Liúibleána, an tSlóivéin) idir 2005 agus 2006.

In 2007, d’fhill sí ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig Oifig an Abhcóide Ginearálta Verica Trstenjak, mar chúntóir dlí ar dtús, ó 2007 go 2008, agus mar rúnaí dlí ina dhiaidh sin ó 2008 go 2011. Idir 2011 agus 2013, bhí sí ina rúnaí dlí in Oifig an Bhreithimh Marko Ilešič.

Ina dhiaidh sin, chuaigh Maja Brkan i mbun teagaisc in Universiteit Maastricht (Ollscoil Maastricht, an Ísiltír) mar léachtóir le dlí an Aontais Eorpaigh ó 2013 go 2018 agus mar ollamh comhlach le dlí an Aontais Eorpaigh idir 2018 agus 2021. Theagasc sí dlí an Aontais Eorpaigh ag Universiteit Hasselt (Ollscoil Hasselt, an Bheilg) chomh maith in 2014 agus in 2017. Mar léachtóir ar cuairt, thug sí léachtaí ag Univerza na Primorskem (Ollscoil Primorskem, an tSlóivéin) in 2011, ag Univerza v Ljubljani in 2014 agus ag Běijīng Shīfàn Dàxué (Gnáth-Ollscoil Bhéising, an tSín) in 2014. Ina theannta sin, chaith sí turais taighde ag an Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans in 2016 agus 2018, ag University of California, Berkeley (Ollscoil California, Berkeley, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 2019, ag Universitat Autònoma de Barcelona (Ollscoil Uathrialach Barcelona, an Spáinn) in 2019, agus ag Univerza v Lbljujani in 2020.

In 2017, ceapadh Maja Brkan mar stiúrthóir comhlach ar an Maastricht Centre for European Law (Ionad Maastricht um Dhlí Eorpach) agus bhí sí sa phost sin ar feadh trí bliana sular ceapadh í mar chomhordaitheoir ar an gclár “Advanced Master in Privacy, Cybersecurity and Data Management” (Máistreacht Ard-Léinn sa Phríobháideachas, sa Chibearshlándáil agus i mBainistíocht Sonraí) in 2021 ag European Centre on Privacy and Cybersecurity (Lárionad Eorpach um Príobháideachas agus um Chibearshlándáil, Ollscoil Maastricht). Ó 2018 go 2020, bhí sí ina comhalta de choimisiún scrúduithe na hollscoile sin.

Idir 2013 agus 2019, bhí sí ina comhalta den chomhairle de European Law Institute (ELI). Idir 2015 agus 2021, bhí sí ina heagarthóir comhlachaithe ar an European Data Protection Law Review (an Iris Dlí Eorpaigh um Chosaint Sonraí) agus, ó 2021 i leith, tá sí ina comhalta den choiste dréachtaithe. Ó 2020 i leith, tá sí ina comhalta de choiste dréachtaithe an ardáin faisnéise EU Law Live.

Tá sí ina húdar ar an iliomad foilseachán ar ábhar dhlí an Aontais Eorpaigh. Tugann ollscoileanna san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe cuireadh go rialta di teacht chun léachtaí a thabhairt.

Ceapadh Maja Brkan mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 6 Iúil 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Distinguished Fellow, Maastricht Centre for European Law
  • Comhalta de choiste dréachtaithe an ardáin faisnéise EU Law Live
  • Comhalta de choiste dréachtaithe an European Data Protection Law Review
  • Comhalta den Pravniško društvo v Mariboru
  • Comhalta den Maastricht Law and Tech Lab
  • Comhalta den European Law Institute
  • Comhalta den European Centre on Privacy and Cybersecurity
  • Comhalta de “Friends of the Hamburg Max Planck Institute for Comparative and International Private Law”
  • Comhalta de Slovensko društvo za evropsko pravo
Teidil agus gradaim onóracha
  • Gradam “Dlíodóir Óg na Bliana 2007”, Zveza društev pravnikov Slovenije (2007)
  • Gradam “J.H.H. Weiler” don alt taighde is fearr i réimse dhlí an Aontais Eorpaigh, Pravna fakulteta Univerze v Ljubljani (2003)
  • Gradam do staidéir dlí rathúla le torthaí den scoth, Dámh an Dlí den Univerza v Ljubljani (2003)
Pēteris Zilgalvis
Pēteris Zilgalvis
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Pēteris Zilgalvis in 1964 in Inglewood (Stáit Aontaithe Mheirceá). Bhain sé céim san eolaíocht pholaitiúil amach in 1986 ó University of California, Los Angeles - UCLA (Ollscoil California, Los Angeles, Stáit Aontaithe Mheiriceá). Lean sé lena chuid staidéir in University of Southern California (Ollscoil California Theas, Stáit Aontaithe Mheiriceá), agus bhronn an ollscoil sin an teideal “dochtúir sa dlí” air in 1990.

Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil an bhliain chéanna, mar phríomhchomhairleoir sa tseirbhís dlí de Latvijas Republikas Vides aizsardzības komiteja, Augstākā padome (Coiste um Chosaint an Chomhshaoil, an Laitvia), post a bhí aige go dtí 1992. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Laitvia. Sa phost sin, bhí sé freagrach as an gcaidreamh le Parlaimint na hEorpa, leis na Náisiúin Aontaithe, le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (United Nations Environmental Programme, UNEP) agus le hEagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO). Glacadh leis mar dhlíodóir in California (Stáit Aontaithe Mheiriceá) ó 1991 i leith.

In 1993, chuaigh an tUasal Zilgalvis isteach sa Bhanc Domhanda mar shaineolaí comhshaoil don réigiún Baltach agus ceapadh é, in 1996, mar chomhairleoir sinsearach ar dhlí an chomhshaoil don tionscadal “Cónaidhm na Rúise: Tionscadal bainistíochta comhshaoil”.

In 1997, ainmníodh é mar Leas-Cheann ar Roinn na Bitheitice i gComhairle na hEorpa, post a bhí aige go dtí 2005. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé isteach sa Choimisiún Eorpach mar Cheann an Aonaid um Rialachas agus Eitic agus ansin, in 2010, mar Cheann an Aonaid um Ghalair Thógálacha agus an tSláinte Phoiblí. Idir 2010 agus 2016, lean sé lena ghairm sa Choimisiún Eorpach mar Cheann ar an Aonad Sláinte agus Dea-Bhail. In 2016, ceapadh é mar Cheann ar an Aonad um Nuálaíocht Dhigiteach agus Blocshlabhra, áit ar oibrigh sé go dtí 2021. Tá sé ina údar ar fhoilseacháin in irisí dlí, go háirithe i réimsí na bitheitice, na dteicneolaíochtaí digiteacha, chearta an duine agus an dlí comhshaoil.

Ceapadh Pēteris Zilgalvis mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 27 Meán Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den Baltic Yearbook of International Law
  • Comhalta den World Economic Forum Digital Currency Governance Consortium
  • Comhalta de chomhairle chomhairleach saineolaithe na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le Beartas Blocshlabhra
Krisztián Kecsmár
Krisztián Kecsmár
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Krisztián Kecsmár in 1975 i mBúdaipeist (an Ungáir). Rinne sé staidéir ar an dlí ag Faculté Jean Monnet in université Paris-Sud (Paris XI) (Dámh Jean Monnet in Ollscoil Pháras-Theas, Páras XI, an Fhrainc) áit ar bhain sé bunchéim sa dlí amach in 1998, máistreacht sa dlí idirnáisiúnta agus sa dlí Eorpach in 1999, mar aon le máistreacht i ngnó agus i dlí an Aontais Eorpaigh in 2000.

Thosaigh an tUasal Kecsmár a shlí bheatha ghairmiúil i ngnólacht dlí san Ungáir ó 2001 go 2005.

In 2005, chuaigh sé isteach i seirbhís an Choimisiúin Eorpaigh mar oifigeach le freagracht as cásanna in Ard‑Stiúrthóireacht na Sochaí Faisnéise agus na Meán Cumarsáide. D’oibrigh sé freisin in Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta ó 2009 go 2015, in 2016 agus ó 2018 go 2021.

Ó Bhealtaine 2015 go dtí Aibreán 2016, bhí Krisztián Kecsmár ar iasacht ón gCoimisiún Eorpach ag Aireacht Dlí agus Cirt na hUngáire mar chomhalta den oifig le freagracht as gnóthaí Eorpacha.

Idir 2016 agus 2018, ceapadh an tUasal Kecsmár mar Státrúnaí don Chomhar Breithiúnach Idirnáisiúnta agus Eorpach in Aireacht Dlí agus Cirt na hUngáire.

Ceapadh Krisztián Kecsmár mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 27 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Príomheagarthóir na hirise dlí “Európai Tükör”
Teidil agus gradaim onóracha
  • Gradam Vladár Gábor (2018)
Ion Gâlea
Ion Gâlea
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Ion Gâlea in 1978 in Iaşi (an Rómáin). Bhain sé céim sa dlí amach ó Universitatea din București (Ollscoil Bhúcairist, an Rómáin) in 2000 chomh maith le máistreacht sa dlí Eorpach ó Université Paris 1 Panthéon Sorbonne (Ollscoil Pháras 1 Panthéon Sorbonne, an Fhrainc) mar chuid de chlár Collège juridique franco-roumain d’études européennes (Coláiste Dlí na Fraince-na Rómáine um Léann Eorpach) arna eagrú i gcomhar le Universitatea din București. Sa bhliain 2002, bhain sé máistreacht i gcaidreamh idirnáisiúnta amach ó Școala Națională de Studii Politice și Administrative (an Scoil Náisiúnta um Staidéar Polaitiúil agus Riaracháin, an Rómáin). Lean sé lena chuid staidéir ag Karl-Franzens-Universität Graz (Ollscoil Graz, an Ostair), áit ar bhain sé máistreacht sa Léann Eorpach amach in 2006. Nuair a d’fhill sé ar an Rómáin, thug sé faoi dhochtúireacht sa dlí in Universitatea din București, áit ar chosain sé a thráchtas in 2008.

Chuir an tUasal Gâlea tús lena shlí bheatha ghairmiúil in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Rómáine mar attaché taidhleoireachta sa Stiúrthóireacht um Dhlí Idirnáisiúnta agus Conarthaí idir 2000 agus 2002, sular ceapadh é mar Cheann na Seirbhíse um Dhlí an Chomhphobail idir 2002 agus 2007. Ó 2007 go 2009, d’oibrigh sé ar mhaithe le leas an phobail mar nótaire.

Nuair a d’fhill an tUasal Gâlea ar an Aireacht Gnóthaí Eachtracha, ainmníodh é mar shaineolaí, agus, níos déanaí, mar stiúrthóir sa Stiúrthóireacht um Dhlí an Aontais idir 2009 agus 2010. Ina dhiaidh sin, ceapadh é ina Ard-Stiúrthóir ar Ghnóthaí Dlíthiúla idir 2010 agus 2016.

Ó 2016 go 2020, ba é Ambasadóir na Rómáine chun na Bulgáire agus, in 2021, ceapadh é mar Ard‑Stiúrthóir ar an Roinn um Chaidreamh Déthaobhach Eorpach agus um Chomhar Réigiúnach san Aireacht Gnóthaí Eachtracha.

Chomh maith leis sin, theagasc an tUasal Gâlea an dlí ag Universitatea din București agus é ina chúntóir ollscoile idir 2002 agus 2012, ina léachtóir ó 2012 go 2016, agus ina léachtóir sinsearach ó 2016 go 2021. In 2021, ceapadh é ina ollamh san ollscoil sin.

Theagasc sé freisin mar ollamh ar cuairt ag an Hayastani divanagitakan dprots’ (Acadamh Taidhleoireachta na hAirméine) in 2010, ag Institutul Diplomatic Român (Institiúid Taidhleoireachta na Rómáine) ó 2009 go 2015, agus ag Universidade da Coruña (Ollscoil Coruña, an Spáinn) in 2015.

Is údar é ar an iliomad foilseacháin dhlíthiúla.

Ceapadh an tUasal Gâlea mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 27 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den Revista română de drept internațional
  • Comhalta de bhrainse na Rómáine de Chomhlachas an Dlí Idirnáisiúnta
  • Comhalta den Societatea Română de Drept European
  • Comhalta den Réseau francophone de droit international
  • Leas-Stiúrthóir ar an Ionad Taighde um Dhlí Idirnáisiúnta agus Trasnáisiúnta ag Universitatea din București
Teidil agus gradaim onóracha
  • Bonn Fiúntas Taidhleoireachta den Chéad Chéim (an Rómáin, 2007)
  • Ord Náisiúnta Fiúntais (an Rómáin, 2009)
  • Ord Náisiúnta na “Seirbhíse Dílse” (an Rómáin, 2013)
  • Ord “Madarski Konnik” den Chéad Chéim (an Bhulgáir, 2021)
Ioannis Dimitrakopoulos
Ioannis Dimitrakopoulos
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Ioannis Dimitrakopoulos in 1971 san Aithin (an Ghréig). Bhain sé céim sa dlí amach in 1992 in Ethniko kai Kapodistriako Panepistimio Athinon (Ollscoil Náisiúnta na hAithne, an Ghréig) agus chríochnaigh sé a chuid staidéir le céim mháistir sa dlí a bhronn Ollscoil Pháras II Panthéon-Assas (an Fhrainc) air in 1994.

Glacadh isteach ag Barra na hAithne é in 1995, áit ar chleachtaigh an tUasal Dimitrakopoulos mar dhlíodóir go dtí 1997.

In 1998, chuaigh sé isteach i seirbhís Symvoulio tis Epikrateias (Comhairle Stáit, an Ghréig) mar iniúchóir agus d’fhóin sé mar chomhalta sóisearach ansin ó 2005 go 2022. Ag an am céanna, bhí sé ina bhall de Choiste Pleanála agus Eagraíochta de Symvoulio tis Epikrateias ó 2009 go 2010. In 2005, chuaigh sé isteach in Oifig an Ombudsman Eorpaigh (Strasbourg, an Fhrainc) ar feadh trí bliana agus bhí sé ina Phríomh-Chomhairleoir Dlí sular fhill sé ar Symvoulio tis Epikrateias in 2008.

Idir 2010 agus 2020, bhí an tUasal Dimitrakopoulos ina Leas-Chathaoirleach freisin ar Bhord Achomhairc na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (Heilsincí, an Fhionlainn).

Ó 2014 go 2015, ceapadh é ina Bhreitheamh cúnta den Anotato Eidiko Dikastirio (An Chúirt Uachtarach Speisialta, an Ghréig) agus den Eidiko Dikastirio tou arthrou 88 par. 2 tou Syntagmatos (Cúirt speisialta arna bunú faoi Airteagal 88(2) de Bhunreacht na Gréige). Ina theannta sin, bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Chumann Bhreithiúna Symvoulio tis Epikrateias idir 2014 agus 2016.

Tá baint aige freisin le taighde agus teagasc: ó 2003 go 2004, bhí sé ina Chomhalta Sinsearach ar Cuairt in Ollscoil California, Berkeley (Ollscoil California, Berkeley, SAM) agus, sa cháil sin, chuir sé cúrsaí ar fáil i ndlí comhshaoil an Aontais agus sa dlí comparáideach. Ó 2010 i leith, tá sé ina Ollamh in Ethniki Scholi Dikastikon Leitourgon (Scoil Náisiúnta na mBreithiúna, an Ghréig). Is údar é ar iliomad foilseachán, lena n-áirítear an dlí Eorpach agus cearta bunúsacha.

Ceapadh an tUasal Dimitrakopoulos mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 13 Eanáir 2022.

Damjan Kukovec
Damjan Kukovec
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Damjan Kukovec in 1977 i Liúibleána (an tSlóivéin). Bhain sé céim sa dlí amach ón Scoil Dlí in Univerza v Ljubljani(Ollscoil Liúibleána, an tSlóivéin) in 2001 chomh maith le máistreacht sa dlí ó Harvard Law School (Scoil Dlí Ollscoil Harvard, SAM) in 2002. Ba san ollscoil sin a rinne sé a chuid staidéir dochtúireachta, agus chosain sé a thráchtas in 2015.

In 2002, chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar dhlíodóir faoi oiliúint ag an Višje sodišče v Ljubljani(Chúirt Achomhairc Liúibleána, an tSlóivéin) agus bhí an post sin aige go dtí 2004. Le linn 2004, chuaigh sé isteach i gCúirt Speisialta do Shiarra Leon (Freetown, Siarra Leone) chomh maith leis an Ustavno sodišče (Cúirt Bhunreachtúil, an tSlóivéin).

In 2005, thosaigh Kukovec ag obair le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar oifigeach dlí sula ndeachaigh sé isteach i seirbhís dlí an Choimisiúin Eorpaigh ó 2006 go 2018. In 2006, glacadh leis, ina theannta sin, ag Barra na Slóivéine.

Ag an am céanna, thug Kukovec faoi ghairm acadúil, i réimse dhlí na hEorpa go háirithe. Idir 2011 agus 2013, mhúin sé an dlí domhanda ag Harvard Law School agus ag an Institute for Global Law and Policy (Institiúid um Dhlí agus Beartais Domhanda) san ollscoil chéanna. Mhúin sé ansin ag roinnt ollscoileanna dlí ar fud an domhain, lena n-áirítear FGV Direito Rio, Rio de Janeiro (Scoil Dlí Fhondúireacht Getulio Vargas, Rio de Janeiro, an Bhrasaíl) in 2014, University of Kent's Brussels School of International Studies (Brussels School of International Studies ag Ollscoil Kent, an Bheilg) in 2016, Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans (IOE, an Iodáil) in 2016 agus 2017, agus Univerza v Ljubljani arís idir 2018 agus 2020. Ó 2018, tá Kukovec mar léachtóir sa dlí agus stiúrthóir comhlach ar an gclár dochtúireachta ag Middlesex University i Londain (Ollscoil Middlesex, an Ríocht Aontaithe).

Is údar é Kukovec ar iliomad fhoilseachán maidir le dlí an Aontais Eorpaigh. Tugann ollscoileanna ar fud an domhain cuireadh dó go rialta teacht mar léachtóir chucu.

Ceapadh Kukovec mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 13 Eanáir 2022.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den ghrúpa RECONNECT
  • Comhalta den British International Studies Association
  • Comhalta den Society of Legal Scholars
  • Comhalta den Slovensko sodniško društvo
  • Comhalta den Pravniško društvo Ljubljana
  • Comhalta den European Society of International Law
  • Comhalta den Klub alumnov Pravne fakultete Univerze v Ljubljani
  • Comhalta den Slovensko društvo za evropsko praavo
  • Comhalta den European Union Studies Association
Teidil agus gradaim onóracha
  • Duais don tráchtas is fearr i ndlí an Aontais, arna bronnadh ag rialtas Phoblacht na Slóivéine (2001)
  • Bonn Óir do Ghnóthachtáil san Oideachas, arna bhronnadh ag Univerza v Ljubljani (2001)
  • Duais Landon Gammon, arna bronnadh ag Harvard Law School (2001)
  • Duais Rotary Club Liúibleána (2008)
  • Duaiseanna acadúla, arna mbronnadh ag Harvard Law School (2009-2012)
  • Senior Fellow of the Higher Education Academy (Ríocht Aontaithe) (2020)
Suzanne Kingston
Suzanne Kingston
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Suzanne Kingston in 1977 i mBaile Átha Cliath (Éire). Bhain sí céim sa dlí amach ó University of Oxford (Ollscoil Oxford, an Ríocht Aontaithe) in 1998 chomh maith le máistreacht sa dlí ó Universiteit Leiden (Ollscoil Leiden, an Ísiltír) in 2000. Ansin chuir sí tús lena staidéar dochtúireachta sa dlí in Ollscoil Leiden, áit ar chosain sí a tráchtas in 2009.

In 1998 glacadh léi mar Abhcóide i gCumann Onórach Gray’s Inn, Londain (an Ríocht Aontaithe). In 2002, chuaigh sí isteach in oifig gnólachta dlí idirnáisiúnta sa Bhruiséil mar dhlíodóir agus chleachtaigh sí dlí ansin go dtí 2004.

Chuaigh an tUasal Kingston isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar Rúnaí Dlí don Abhcóide Ginearálta Leendert Geelhoed, lena raibh sí ag obair idir 2004 agus 2006.

Glacadh leis an Uasal Kingston mar Abhcóide i gCumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath (Éire) in 2007. Tá sí ina dlíodóir ag Barra na hÉireann ó 2007 i leith mar Abhcóide, agus ansin mar Abhcóide Sinsir.

Ina theannta sin, mhúin an tUasal Kingston dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (Éire) mar léachtóir ó 2007 go 2015 agus ansin, ó 2015 ar aghaidh, mar ollamh. Le linn a gairme acadúla, mhúin sí in ollscoileanna eile freisin, lena n-áirítear Columbia University (Ollscoil Columbia, SAM), Cambridge University (Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe), Universiteit Leiden, agus Osgoode Hall Law School of York University in Toronto (Osgoode Hall Law School, Ollscoil York, Toronto, Ceanada). Is údar í ar iliomad foilseachán ar dhlí an Aontais Eorpaigh.

Ceapadh an tUasal Kingston mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 13 Eanáir 2022.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Leas-Uachtarán ar Irish Centre for European Law
  • Ball de Bhord Eagarthóireachta an “Irish Jurist”
Teidil agus gradaim onóracha
  • Buaiteoir Dhuais na Comhairle Eorpaí um Thaighde (2015)
  • Buaiteoir Ghradam Seaimpíní Taighde na hEorpa de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn (2017)
Tihamér Tóth
Tihamér Tóth
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Tihamér Tóth in 1971 in Zalaegerszeg (an Ungáir). Rinne sé staidéar ar an dlí ag an Szegedi Tudományegyetem (Ollscoil Szeged, an Ungáir), áit ar bhain sé céim sa dlí amach in 1994. Rinne sé staidéir dochtúireachta san ollscoil chéanna, agus chosain sé a thráchtas in 2001.

In 1994, chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil san Ungáir mar dhlíodóir san Oifig Gnóthaí Eorpacha, agus é lonnaithe, ceann i ndiaidh a chéile, san Aireacht um Chaidreamh Eacnamaíoch Idirnáisiúnta, san Aireacht Tionscail agus Trádála agus san Aireacht Gnóthaí Eachtracha.

Idir 1997 agus 2001, d’oibrigh sé mar láimhseálaí cásanna ag Oifig Idirnáisiúnta Údarás Iomaíochta na hUngáire. Ó 2001 go 2003, bhí sé ina bhall, agus ansin, ó 2003 go 2009, ina Chathaoirleach, ar an gComhairle Iomaíochta (an Ungáir). Le linn na tréimhse deiridh sin, bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Údarás Iomaíochta na hUngáire freisin.

Ó 2009 go 2022, bhí sé ag cleachtadh mar dhlíodóir san Ungáir, go háirithe i réimse dhlí na hiomaíochta.

Ó 1999, dhírigh Tóth chomh maith ar a ghairm acadúil ag an Pázmány Péter Katolikus Egyetem (Ollscoil Chaitliceach Péter-Pázmány, an Ungáir). Bhí sé ina léachtóir ann idir 1999 agus 2010, ansin bhí sé ina leas-dhéan ann, freagrach as taighde agus caidreamh idirnáisiúnta ó 2010 go 2013, as gnóthaí mac léinn ó 2013 go 2014, agus as caidreamh idirnáisiúnta ó 2015 i leith. Ceapadh Tóth mar ollamh san ollscoil sin in 2018. Idir 2019 agus 2022, bhí Ollúnacht Jean Monnet aige i ndlí na hiomaíochta.

Is údar ar an iliomad foilseachán agus saothar ar dhlí na hiomaíochta é.

Ceapadh Tóth mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 6 Iúil 2022.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den Versenytükör, iris ghairmiúil de chuid Údarás Iomaíochta na hUngáire
  • Comhalta den Ligue internationale du droit de la concurrence (LIDC) agus dá mBord Comhairleach Acadúil
  • Comhalta den Bhord Bainistíochta den Magyar Versenyjogi Egyesület
  • Comhalta den Bhord Comhairleach Idirnáisiúnta den Institute for Consumer Antitrust Studies, Loyola School of Law (Chicago, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
  • Comhalta den Choiste Rialála den American Chamber of Commerce in Hungary
  • Comhairleoir don Choiste Cinnteoireachta den Önszabályozó Reklám Testület
Teidil agus gradaim onóracha
  • A Magyar Érdemrend Lovagkeresztje (polgári tagozat) (2017)
Beatrix Ricziová
Beatrix Ricziová
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Beatrix Ricziová in 1981 sa Bhratasláiv (An tSlóvaic) agus bhain sí máistreacht sa Dlí amach in 2005 agus ansin dochtúireacht sa dlí in 2012 ón Univerzita Komenského v Bratislave (Ollscoil Comenius na Bratasláive, an tSlóvaic).

Chuir sí tús lena saol proifisiúnta mar chúntóir dlí i ngnólacht dlí sa tSlóvaic ó 2002 go 2004. Ó 2003 ar aghaidh, rinne sí tascanna aistriúcháin agus ateangaireachta ar feadh roinnt blianta ag imeachtaí a d'eagraigh bardas Stupava (An tSlóvaic).

Idir 2005 agus 2006, d’oibrigh Beatrix Ricziová mar dhlíodóir san Institiúid um Chomhfhogasú Dlíthe in Oifig Rialtas na Slóvaice, agus ansin idir 2007 agus 2008 in oifig an Phríomh-Ghníomhaire i gceannas ar ionadaíocht na Slóvaice os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, laistigh d'Aireacht Dlí agus Cirt na Slóvaice. Idir 2009 agus 2022, bhí sí mar Phríomhghníomhaire don tSlóvaic os comhair chúirteanna an Aontais.

Bhí sí ina chomhalta freisin, ó 2007 go 2010, de Bhuanchoiste um Chearta Sibhialta agus Tráchtála de chuid Chomhairle Reachtaíochta Rialtas na Slóvaice agus, ó 2012 go 2015, den Choiste um Athchódú an Dlí nóis imeachta Sibhialta sa tSlóvaic.

Ceapadh Beatrix Ricziová mar bhreitheamh den Chúirt Ghinéarálta ar an 6 Iúil 2022.

Emmanuel Coulon
Emmanuel Coulon
Cláraitheoir
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Emmanuel Coulon in Versailles (an Fhrainc) in 1968. Rinne sé staidéar ar an dlí in université Panthéon-Assas (Ollscoil Pháras II, Panthéon-Assas, an Fhrainc) agus rinne sé staidéar ar an mbainistíocht in université Paris-Dauphine (Ollscoil Pháras IX, Paris-Dauphine, an Fhrainc), áit ar bhain sé máistreacht sa dlí amach agus máistreacht sa bhainistíocht, céimeanna a bronnadh air in 1990 agus in 1991 faoi seach. Ansin chuaigh sé go Coláiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg), áit ar bhain sé an chéim Master of Laws amach i ndlí na hEorpa (LLM) in 1992.

In 1993, d’éirigh leis sa scrúdú iontrála san ionad oiliúna réigiúnach do ghairm an dlíodóra i bPáras. In 1995, bhain sé deimhniú inniúlachta do ghairm an dlíodóra amach ó Bharra na Bruiséile (an Bheilg) agus chuaigh sé i mbun cleachtas mar chomhalta den Bharra i ngnólacht dlí idirnáisiúnta. In 1998, bhuaigh sé comórtas oscailte a d’eagraigh Coimisiún na gComhphobal Eorpach.

In 1996, d’earcaigh Uachtarán na Cúirte Ginearálta, Antonio Saggio, an tUasal Coulon chun gníomhú mar rúnaí dlí i meitheal a bhí freagrach as cúrsaí iomaíochta. In 1998, chuaigh sé isteach in oifig phríobháideach an Uachtaráin Bo Vesterdorf mar rúnaí dlí go dtí 2002. In 2003, ceapadh é ina Cheann ar Oifig an Uachtaráin, post nuachruthaithe sa Chúirt Ghinearálta.

An 6 Deireadh Fómhair 2005, ceapadh an tUasal Coulon ina Chláraitheoir den Chúirt Ghinearálta. Tar éis dó a bheith deimhnithe ina phost in 2011 agus in 2017, comhlíonann sé na freagrachtaí a eascraíonn as na téacsanna is infheidhme i gcomhthéacs a thríú téarma oifige.

Is údar ar fhoilseacháin maidir le dlí an Aontais Eorpaigh é, go háirithe i réimsí an dlí nós imeachta agus riar an cheartais.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de choiste dréachtaithe na hirise “Cahiers de droit européen”