Cé hiad na Comhaltaí
Koen Lenaerts
Koen Lenaerts
Uachtarán
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Koen Lenaerts in 1954 in Mortsel (an Bheilg). Bhain sé céim amach sa dlí in 1977 ó Katholieke Universiteit Leuven (Ollscoil Chaitliceach Leven, an Bheilg) sular lean sé ar aghaidh lena chuid staidéir in Ollscoil Harvard (Ollscoil Harvard, Stáit Aontaithe Mheiriceá). Bhain sé amach Máistreacht sa Dlí ann in 1978 agus Máistreacht i Riarachán Poiblí in 1979. D’fhill sé ar an Katholieke Universiteit Leuven, áit ar bronnadh dochtúireacht sa dlí air in 1982.

Ba ag an ollscoil chéanna seo a thosaigh sé ar a ghairm bheatha in 1979 mar chúntóir, ansin mar Ollamh le Dlí Eorpach in 1983. Le linn a ghairm acadúil, mhúin sé freisin i gColáiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg) ó 1984 go 1989, chomh maith le Scoil Dlí (Scoil Dlí Harvard, Stáit Aontaithe), mar Ollamh ar cuairt, in 1989.

Chuaigh an tUas. Lenaerts isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar rúnaí dlí don bhreitheamh René Joliet, post a bhí aige ó 1984 go 1985, sular chleachtaigh sé mar dhlíodóir ó 1986 go 1989 ag barra na Bruiséile.

Ceapadh é ina bhreitheamh i gCúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach ón 25 septembre 1989, an lá a suiteáladh an chúirt nua-chruthaithe seo. Shuigh sé ansin ar feadh níos mó ná ceithre bliana déag, sular ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Bhreithiúnais ón 7 Deireadh Fómhair, 2003. Chuir a chomhghleacaithe feidhmeanna Uachtarán dlísheomra de chúram air ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile, ón 9 Deireadh Fómhair 2006 go 8 Deireadh Fómhair 2012, agus ansin feidhmeanna Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais ar an 9 Deireadh Fómhair 2012.

Toghadh é ina Uachtarán ar an gCúirt Bhreithiúnais ón 8 Deireadh Fómhair 2015 agus tá an post aige ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Ball de Academia Europaea, Londain
  • Ball den Chomhairle Chomhairleach den British Institute of International and Comparative Law
  • Ball den Bhord Comhairleach den Centre of Law and Governance in Europe, University College London
  • Ball de Chomhairle Fhondúireacht Acadamh Dlí na hEorpa (ERA), Trier
  • Ball den Kuratorium den Max-Planck-Institut für ausländisches öffentliches Recht und Völkerrecht, Heidelberg
  • Ball de choiste dréachtaithe Europarecht
  • Ball den choiste dréachtaithe den European Law Review
  • Ball den choiste dréachtaithe den International Comparative Jurisprudence, Mykolo Romerio universitetas
  • Ball de choiste dréachtaithe S.E.W. Tijdschrift voor Europees en economisch recht
  • Ball den Choiste Acadúil den Cahiers de droit européenne
  • Ball den Choiste Acadúil den Columbia Journal of European Law
  • Ball den Choiste Acadúil den European Constitutional Law Review
  • Ball den Choiste Acadúil den European Public Law
  • Ball den Choiste Acadúil den Europejski Przegląd Sądowy
  • Ball den choiste dréachtaithe de L’actualidad administrativa
  • Ball den choiste dréachtaithe den EStAL (European State Aid Law Quarterly)
  • Ball den Choiste Acadúil den European Journal of Human Rights
  • Ball den Choiste Acadúil den Lex ET Scientia International Journal (LESIJ), Universitatea Nicolae Titulescu din Bucuresti
  • Ball den Choiste Acadúil de Concurrences, Revue des droits de la concurrence
  • Ball den Choiste Acadúil de World Competition. Law and Economics Review
  • Ball den Bhord Comhairleach den EU Tax Review
  • Ball den choiste oinigh den Revista Română de Drept European
Teidil agus gradaim onóracha
  • Teideal na n-uaisle : Baron (2005)
  • Comhalta Oirirce Helen DeRoy, University of Michigan Law School (2005)
  • Honorary Master of the Bench of the Inner Temple, Londain (2010)
  • Doctor honoris causa, université de Poitiers (2016)
  • Doctor honoris causa, Mykolo Romerio universitetas (2017)
  • Doctor honoris causa, université de Namur (2017)
  • Doctor honoris causa, Universitatea Nicolae Titulescu din Bucuresti (2017)
  • All European Academies Madame de Staël Prize for Cultural Values (2017)
  • Doctor honoris causa, Sofijski universitet ‘Sveti Kliment Ohridski’ (2018)
  • Doctor honoris causa, Universiteti Europian i Tiranës (2018)
Lars Bay Larsen
Lars Bay Larsen
Leas-Uachtarán
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Lars Bay Larsen in 1953 in Gladsaxe, København (an Danmhairg). Rinne sé staidéar ag Københavns Universitet (Ollscoil Chóbanhávan, an Danmhairg). Bhain sé céim amach san eolaíocht pholaitiúil ann in 1976. In 1978 chláraigh sé arís i scoil dlí na hollscoile céanna agus bhain sé céim sa dlí amach ann in 1983.

Nuair a d’fhág sé an ollscoil, ceapadh é mar státseirbhíseach in Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge, áit ar oibrigh sé ó 1983 go 1985. Ina dhiaidh sin, ó 1985 go 1986, ghlac sé post mar cheann rannóige ag an Advokatsamfund (Cumann Barra na Danmhairge). Ag filleadh ar Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge, bhí post mar Cheann Roinne aige ó 1986 go 1991, mar Cheann Rannáin ó 1991 go 1995, mar Cheann na Roinne Póilíní ó 1995 go 1999 agus mar Cheann na Roinne Dlí ó 2000 go 2003. Ba le linn na tréimhse seo a rinne sé ionadaíocht ar an Danmhairg ar Choiste K-4 ó 1995 go 2000, ar Ghrúpa Lárnach Schengen ó 1996 go 1998 agus ar bhord stiúrthóirí Europol ó 1998 go 2000. Glacadh é mar dhlíodóir sa Danmhairg in 1991, agus in 2003, d’aistrigh sé a shlí bheatha chun dul isteach sa bhreithiúnacht agus chuaigh sé isteach sa Højesteret (an Chúirt Uachtarach, an Danmhairg), áit a bhí sé mar bhreitheamh go dtí 2006.

Le gairm beatha an Uasail Bay Larsen, léirítear an bealach maith ina mbíonn an cleachtas agus an teagasc ag teacht lena chéile, ós rud é go raibh sé ina léachtóir ó 1984 go 1991, agus ansin, ó 1991 go 1996, ina ollamh comhlach i ndlí an teaghlaigh ag an Københavns Universitet. Ó 2008, bhí sé ina léachtóir i ndlí coiriúil na hEorpa in Ollscoil Luxembourg.

Tá an tUasal Bay Larsen ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ón 11 Eanáir 2006. Agus é tofa ag a chomhghleacaithe mar Uachtarán ar dhlísheomra, tá dhá théarma i ndiadh a chéile caite aige sa phost sin, ón 9 Deireadh Fómhair 2012 go dtí an 8 Deireadh Fómhair 2018.

Teidil agus gradaim onóracha
  • Ridder af 1. grad af Dannebrogordenen (Ridire den Chéad Chéim den Ord Dannebrog) (2002)
Alexander Arabadjiev
Alexander Arabadjiev
Uachtarán an Chéad Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Alexander Arabadjiev in 1949 in Blagoevgrad (an Bhulgáir). Rinne sé staidéar ar an dlí ag an Sofiyski universitet “Sv. Kliment Ohridski” (Ollscoil Sóifia Naomh Kliment d’Ohrid, an Bhulgáir), áit ar bhain sé céim amach ann in 1972.

In 1975, ceapadh é ina bhreitheamh ag an Rayonen sad Blagoevgrad (Cúirt Dúiche Blagoevgrad, an Bhulgáir) agus shuigh sé ann go dtí 1983, an bhliain a chuaigh sé isteach san Okrazhen sad Blagoevgrad (Cúirt Réigiúnach Blagoevgrad, an Bhulgáir), áit ar obair sé go dtí 1986. Ansin chuaigh sé isteach i seirbhís Varhoven Sad (an Chúirt Uachtarach, an Bhulgáir) idir 1986 agus 1991, agus shuigh sé ar an Konstitutsionen sad (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bhulgáir) ó 1991 go 2000. Ceapadh é ina chomhalta den Choimisiún Eorpach um Chearta an Duine ó 1997 go 1999.

Idir 2001 agus 2006, chuir sé a ghairm bheatha bhreithiúnach ar fionraí go sealadach chun dul ag obair i bpróiseas aontachais na Bulgáire leis an Aontas Eorpach, inar ghlac sé páirt ghníomhach mar chomhalta de Pharlaimint na Bulgáire, agus mar bhreathnóir i bParlaimint na hEorpa freisin ó mhí Lúnasa 2005 go dtí mí na Nollag 2006. Ó 2002 go 2003, ghlac sé páirt san fhorbairt de réitigh straitéiseacha ar na dúshláin a bhí os comhair an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs mhéadú 2004, mar chomhalta den Choinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa.

Ar an 12 Eanáir 2007, cúpla lá tar éis aontachas na Bulgáire leis an Aontas Eorpach, ceapadh an tUasal Arabadjiev mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais agus tá an post sin aige ó shin. Agus é tofa mar Uachtarán ar dhlísheomra ag a gcomhghlacaithe, tá sé ina shuí sa Chúirt sa cháil sin ón 9 Deireadh Fómhair 2018.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Uachtarán ar an gCoiste Stiúrtha den Balgarska asotsiatsia po pravo na Evropeyskia sayuz
  • Uachtarán ar Choiste Eagraíochta na Comhdhála “2022” de Chónaidhm Idirnáisiúnta Dhlí na hEorpa (FIDE), a bheidh ar siúl sa Bhulgáir
Teidil agus gradaim onóracha
  • Ord “Stara Planina, Première classe” (arna fhógairt an 18 Nollaig 2009 ag Uachtarán Phoblacht na Bulgáire)
Alexandra (Sacha) Prechal
Alexandra (Sacha) Prechal
Uachtarán an Dara Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Alexandra (Sacha) Prechal in 1959 i bPrág (an tSeicslóvaic). Bhain sí céim i ndlí poiblí na hÍsiltíre amachag an Rijksuniversiteit Groningen (Ollscoil Groningen, an Ísiltír) in 1983 agus dochtúireacht sa dlí ag an Universiteit van Amsterdam (Ollscoil Amstardam, an Ísiltír) in 1995.

Thosaigh a ghairm acadúil in 1983 : abhuí lena cuid staidéir dlí bhí sí ina léachtóir i scoil dlí Universiteit Maastricht (Ollscoil Maastricht, an Ísiltír) go dtí 1987, agus bhí sí ina léachtóir ó 1991 go 1995 san Europa Instituut den scoil dlí den Universiteit van Amsterdam. Bhí sí ina Ollamh le dlí na hEorpa sa scoil dlí ag an Tilburg University (Ollscoil Tilburg, an Ísiltír) ó 1995 go 2003, ansin ag an Universiteit Utrecht (Ollscoil Utrecht, an Ísiltír). Ó 2003, mhúin sí go leor mac léinn agus rinne sí gníomhaíochtaí taighde i réimsí éagsúla de dhlí AE. Ó shin i leith, tá baint ghníomhach aici le bainistíocht an ardoideachais agus an taighde, go háirithe mar chomhalta de bhord stiúrthóirí den Europa Instituut ag an Universiteit Utrecht. Ó 1992 go 2007, bhí sí ina comhordaitheoir eolaíoch ar Líonra saineolaithe dlí i réimse an chomhionannais inscne an Choimisiúin Eorpaigh.

Tá doimhneacht a saineolais soiléir nuair a fheictear don iliomad altanna atá foilsithe aici ach tá sí soiléir chomh maith óna tiomantas do sheirbhís an dlí mar chomhalta de bhord eagarthóireachta roinnt revues juridiques náisiúnta agus idirnáisiúnta. D’aithin Koninklijke Nederlandse Akademie van Wetenschappen (Académie royale des sciences des Pays-Bas) a hoilteacht, agus bhronn siad stádas comhalta uirthi in 2008.

Idir 1987 agus 1991, d’oibrigh sí mar Rúnaí Dlí le Thijmen Koopmans agus ansin le Paul Kapteyn sa Chúirt Bhreithiúnais.

Ceapadh Prechal mar bhreitheamh den chúirt sin an 10 Meitheamh 2010. Thogh a comhghleacaithe í mar Uachtarán ar dhlísheomra an 9 Deireadh Fómhair 2018, agus tá sí sa phost sin ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Koninklijke Nederlandse Akademie van Wetenschappen
  • Comhalta den European Women Lawyers Association
  • Comhalta den Societas Iuris Publici Europaei
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den “Sociaal Economische Wetgeving”
  • Comhalta de choiste dréachtaithe den “Review of European Administrative Law”
  • Comhalta de chomhairle chomhairleach den “Common Market Law Review”
  • Comhalta den chomhairle chomhairleach den “European Constitutional Law Review”
  • Comhalta eagarthóireachta den lámhleabhar ar dhlí AE “Europees recht, Algemeen deel”
  • Comhalta eagarthóireachta den lámhleabhar “Europeanisation of Public Law” agus a choibhéis Ollainis “Inleiding tot Europees bestuursrecht”
  • Comhalta de choiste moltaí den Europa Instituut (Universiteit Utrecht)
  • Comhalta den Nederlandse Vereniging voor Europees Recht
  • Comhalta den Nederlandse Juristenvereniging
Teidil agus gradaim onóracha
  • Doctor honoris causa, Ollscoil Tilburg
Küllike Jürimäe
Küllike Jürimäe
Uachtarán an Tríú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Küllike Jürimäe in 1962 in Haapsalu (an Eastóin). Bhain sí amach céim sa Dlí (comhionann le Máistreacht) in 1986 ag Tartu ülikool (Ollscoil Tartu, an Eastóin).  Lean sí lena cuid staidéir ardoideachas i gColáiste Taidhleoireachta na hEastóine, ar bhain sí céim amach ann i 1992. Sa bhliain 2003, ag deireadh cúrsa staidéir ag an Università degli Studi di Padova (Ollscoil Padova, an Iodáil) agus University of Nottingham (Ollscoil Nottingham, an Ríocht Aontaithe), bhain sí amach European Master i gCearta an Duine agus Daonlathú.

Ó 1986 amach, bhí post mar Ionchúisitheoir aici i dTaillinn (an Eastóin) ar feadh cúig bliana. Ó 1991 go 1993, chomhlíon sí a cuid feidhmeanna mar Chomhairleoir Dlí agus ansin, ó 1992 go 1993, mar Chomhairleoir Ginearálta le Eesti Kaubandus-Tööstuskoda (Comhlachas tráchtála agus tionsclaíochta na hEastóine). Idir 1993 agus 2004, ghníomhaigh sí i gcáil breitheamh ag Tallinna Ringkonnakohus (Cúirt Achomhairc Thaillinn, an Eastóin).

Ceapadh í mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar an 12 Bealtaine 2004. Is Breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais í ón 23 Deireadh Fómhair 2013 anuas.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de Chomhairle Rialaithe de Shubstaint an Dlí bhunreachtúil in Acadamh Eolaíochtaí na hEastóine
  • Comhalta Comhairle Rialaithe agus Stiúrthóir ar Chomhlachas na mBreithiúna Eorpacha i nDlí na hIomaíochta
  • Comhalta den Eesti Kohtunike Ühing
  • Comhalta den Eesti Juristide Liit
Teidil agus gradaim onóracha
  • Gradam "Ord Réalt Bán na hEastóine 3ú grád" (2021)
Constantinos Lycourgos
Constantinos Lycourgos
Uachtarán an Cheathrú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Constantinos Lycourgos in 1964 i Niocóis (an Chipir). Bhain sé céim sa dlí amach in 1985, agus ansin Dioplóma Ardléinn i ndlí an Chomhphobail san université Panthéon-Assas Paris II (Ollscoil Pháras II, Panthéon-Assas) (an Fhrainc) in 1987, áit ar chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí in 1991.

Glacadh isteach é mar abhcóide sa Chipir in 1993, agus bhí sé ag cleachtadh ag barra na Niocóise go dtí 1996, nuair a ceapadh é mar Chomhairleoir Speisialta ar Ghnóthaí Eorpacha d’Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Cipire. Bhí an post sin aige go dtí 1999, ansin bhí sé mar Chomhairleoir ar dhlí an Chomhphobail do Sheirbhís Dlí Phoblacht na Cipire, ó 1999 go 2002. Idir 1998 agus 2003, bhí sé mar chuid de mhisean na Cipire a bhí freagrach as an idirbheartaíocht maidir le haontachas leis an Aontas Eorpach, agus é ina chomhalta ag an am céanna, ó 2002 go 2014, de thoscaireachtaí Gréigeacha na Cipire a raibh baint acu  leis an idirbheartaíocht chun socrú cuimsitheach a fháil ar fhadhb na Cipire.

Mar thoradh ar a chuid saineolais, ghlac sé post mar Phríomh-Oifigeach Dlí ó 2002 go 2007, agus ansin, ó 2007 go 2014, mar Phríomhdhlíodóir Phoblacht na Cipire. Ó 2003 go 2014, ceapadh é mar cheann roinne ar Roinn Dlí na hEorpa i seirbhís dlí Phoblacht na Cipire agus iarradh air freisin, ó 2004 go 2014, ionadaíocht a dhéanamh ar rialtas na Cipire mar ghníomhaire os comhair chúirteanna an Aontais Eorpaigh.

Ceapadh an tUasal Lycourgos mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 8 Deireadh Fómhair 2014 agus tá sé sa phost sin ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Board of Trustees d’Acadamh Eorpach an Dlí (ERA)
  • Comhbhunaitheoir de Chomhlachas Dhlí Fuinnimh na Cipire
Eugene Regan
Eugene Regan
Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Eugene Regan in 1952 i gCill Chuan (Éire). Rinne sé staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (Éire), áit ar bhain sé amach máistreacht sa Pholaitíocht agus Eacnamaíocht in 1974 agus máistreacht san eacnamaíocht pholaitiúil in 1975. Chríochnaigh sé a chuid staidéir le máistreacht sa dlí idirnáisiúnta agus sa dlí comparáideach ag Université libre de Bruxelles (Saor-Ollscoil na Bruiséile, an Bheilg) in 1979.

In 1975, d’oibrigh sé mar anailísí eacnamaíoch ar feadh bliana le Cumann Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) (Baile Átha Cliath). Ó 1975 go 1979, rinne sé roinnt gníomhaíochtaí chun earnálacha talmhaíochta na hÉireann a chosaint trí cheannas a ghlacadh ar Oifig IFA laistigh de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Ceapadh é mar Ard-Stiúrthóir ar Chumann Onnmhaireoirí Feola na hÉireann  ó 1980 go 1984. Tar éis tréimhse idir 1985 agus 1988, nuair a bhí sé ina chomhairleoir beartais do Peter Sutherland, an Choimisinéir iomaíochta laistigh den Choimisiún Eorpach, d’fhill sé ar ghníomhaíochtaí san earnáil talmhaíochta ó 1989 go 1995, mar Stiúrthóir Bainistíochta de chuideachta mhór thábhachtach i margadh thrádáil feola na hÉireann.

Bhí an tUasal Regan ina abhcóide ag Cumann Onórach Óstaí an Rí ó 1985 agus bhí sé ag cleachtadh ag Barra na hÉireann ó 1995 go 2005, agus mar Abhcóide Sinsir ó 2005 go 2015. Ó 2007 go 2011, bhí sé mar  sheanadóir sa Seanad (Éire).

Ceapadh an tUasal Regan ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2015. Toghadh é mar Uachtarán ar dhlísheomra an 9 Deireadh Fómhair 2018.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Stiúrthóir ar Ionad na hÉireann um Dhlí na hEorpa, Baile Átha Cliath (Éire)
  • Bencher of the Honorable Society of King’s Inns, Dublin (Éire)
Maciej Szpunar
Maciej Szpunar
an Chéad Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Maciej Szpunar in 1971 in Krakow (an Pholainn). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ag an Uniwersytet Śląski (Ollscoil Silesia, an Pholainn) in 1995 agus ó Choláiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg) in 1996. Chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí in 2000, agus rinne sé Iardhochtúireacht san Eolaíocht Dhlíthiúil in 2009, ansin ceapadh é mar ollamh le dlí in 2013 ag an Uniwersytet Śląski. In 1998, mar thoradh ar a chuid oibre ollscoile chuaigh sé go Jesus College in Cambridge (an Ríocht Aontaithe) mar “Visiting Scholar”, ansin chuig Ollscoil Liège (an Bheilg) in 1999 agus chuig an Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans (an Iodáil) in 2003.

In 2001, chuaigh sé isteach go Barra Katowice chun dul i mbun ghairm an dlíodóra, áit ar oibrigh sé go dtí 2008. Ba ag an am seo freisin go raibh sé mar chuid de choiste dlí idirnáisiúnta príobháideach an  choimisiúin do chódú an dlí shibhialta in Aireacht Dlí agus Cirt na Polainne.

Bhí post aige mar Leas-Státrúnaí den Choiste um Lánpháirtiú Eorpach (an Pholainn) ó 2008 go 2009, sula ndeachaigh sé isteach in Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Polainne idir 2010 agus 2013. Le linn na dtrí bliana sin, rinne sé ionadaíocht thar ceann rialtas na Polainne mar ghníomhaire i líon mór cásanna os comhair chúirteanna an Aontais.

Agus é fós ceangailte le réimse an taighde ollscoile, bhí sé mar chuid den bhord eagarthóireachta de roinnt tréimhseachán dlí, a thug deis dó iliomad foilseachán a scríobh i réimse dhlí na hEorpa agus I réimse an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.

Ceapadh an tUasal Szpunar mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ar an 23 Deireadh Fómhair 2013 agus tá sé ag gníomhú mar Chéad Abhcóide Ginearálta ón 11 Deireadh Fómhair 2018.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Chomhairle Chomhairleach d’Acadamh an Dlí Eorpaigh in Trier
  • Comhalta comhlach den Acadamh Idirnáisiúnta um Dhlí Comparáideach
  • Comhalta den Ghrúpa Eorpach um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach
  • Comhalta den ghrúpa taighde ar dhlí príobháideach an Aontais atá ann cheana “Acquis Group”
  • Comhalta den European Law Institute
  • Comhalta de Choimisiún na hEolaíochta Dhlíthiúla agus Eacnamaíochta d’Acadamh Eolaíochtaí na Polainne
  • Comhalta de Bhord Bainistíochta Fhondúireacht Choláiste na hEorpa, in Natolin (an Pholainn)
  • Comhalta de Bhord Comhairleach Eolaíoch an tionscadail dár teideal “Le droit procédural comparé et la justice”, den Max Planck Institute Luxembourg for International, European and Regulatory Procedural Law ; comhalta den Segment 15 “Cross-border and the international dimensions”
  • Comhairleoir ar an tionscnamh den European Law Institute dár teideal “Concept and Role of Courts in Family and Succession Matters”
  • Comhalta de choistí eagarthóireachta na tréimhseacháin dlí seo a leanas : Europejski Przegląd Sądowy, Kwartalnik Prawa Prywatnego, Nowa Europa – Przegląd Natoliński, University of Warsaw Journal of Comparative Law, Problemy Współczesnego Prawa Międzynarodowego, Europejskiego i Porównawczego, ERA Forum – Journal of the Academy of European Law, The e-Competition Bulletin, Polski Proces Cywilny et Zeszyty Naukowe Uniwersytetu Jagiellońskiego – Prace z Prawa Własności Intelektualnej
Teidil agus gradaim onóracha
  • Krzyż Oficerski Orderu Odrodzenia Polski (cros oifigeach an oird Polonia Restituta)
Siniša Rodin
Siniša Rodin
Uachtarán an Naoú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Siniša Rodin in 1963 in Zagreb (an Chróit). Bhain sé céim sa dlí amach ó Sveučilište u Zagrebu (Ollscoil Zagreb, an Chróit) in 1987 agus lean sé lena staidéir ollscoile i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit a bhfuair sé Máistreacht sa Dlí ó University of Michigan (Ollscoil Michigan) in 1992. Agus é ar ais sa Chróit, lean sé lena staidéir in Sveučilište u Zagrebu, áit a bhain sé dochtúireacht sa dlí amach in 1995. Ó 2001 go 2002, bhí sé ina Fulbright Fellow agus Visiting Scholar ag Harvard University (Ollscoil Harvard, Stáit Aontaithe Mheiriceá).

Ba le Sveučilište u Zagrebu mar Ollamh Cúnta a thosaigh sé ar a shlí bheatha ghairmiúil in 1987. Ó 2003, tá post aige mar Ollamh le Dlí an Aontais ann, agus, in 2006, bronnadh Ollúnacht Jean Monnet air agus is sealbhóir ad personam air sin é ó 2011. In 2012, bhí sé ina Ollamh ar Cuairt in Cornell Law School (Scoil Dlí, Ollscoil Cornell, Na Stáit Aontaithe). Le linn a shlí bheatha acadúla, d’fhoilsigh an tUasal Rodin roinnt saothar a chuir le scaipeadh dhlí an Aontais sa Chróit.

Idir 2006 agus 2011, bhí an tUasal Rodin mar chuid den fhoireann Chrótach a shainigh creat caibidlíochta agus próiseas aontachais na Cróite leis an Aontas agus chomh maith leis sin bhí sé, ó 2009 go 2010, ina bhall de Choimisiún na Cróite um Leasuithe Bunreachtúla agus ina Chathaoirleach ar an Meitheal um Aontachas na Cróite leis an Aontas.

Agus é an chéad Bhreitheamh Crótach a ceapadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais, tá an tUasal Rodin in oifig ó 4 Iúil 2013.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Ball de chomhairle chomhairleach an World Jurist Association (WJA) (Washington DC, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
  • Ball de Chomhairle Acadúil Dhámh an Dlí d’Università del Salento (Ollscoil Salento, an Iodáil)
Irmantas Jarukaitis
Irmantas Jarukaitis
Uachtarán an Deichiú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Irmantas Jarukaitis in 1973 in Prienai (an Liotuáin). Bhain sé céim sa dlí amach in 1997 chomh maith le dochtúireacht in 2008 in Vilniaus universitetas (Ollscoil Vilnias, an Liotuáin). Chuir sé tús lena shaol proifisiúnta mar theagascóir san ollscoil sin mar Léachtóir Cúnta agus ansin mar Ollamh Comhlach ó 1999 go 2018. Ghlac sé dualgais eile air féin chomh maith a chuaigh chun tairbhe an taighde dlí, a léirítear leis an méid foilseacháin atá aige i réimsí an dlí Eorpaigh agus an dlí bhunreachtúil. I dteannta a dhualgais ollscoile, bhí páirt ghníomhach aige i mbunú Chomhlachas na Liotuáine um Dhlí Eorpach, a bhfuil sé mar chomhbhunaitheoir de.

In 1997, chuaigh sé i mbun seirbhíse a thír dhúchais nuair a ceapadh é i Roinn an Dlí Eorpaigh ag Aireacht Dlí agus Cirt na Liotuáine: ann bhí sé ina Phríomh-Shaineolaí agus, ina dhiaidh sin, ina Cheannasaí ar Rannóg, ó 2002 go 2003, agus ansin ina Leas-Ard-Stiúrthóir ó 2004 go 2010. Idir 2010 agus 2018, bhí dualgais bhreithiúnacha aige mar bhreitheamh ag an Lietuvos vyriausiasis administracinis (Cúirt Uachtarach Riaracháin na Liotuáine), a raibh sé mar Leas-Uachtarán uirthi ó 2012 go 2017. Ó 2015 go 2017, ainmníodh é mar Uachtarán Gníomhach ar an gcúirt sin agus é, ag an am céanna, ag an Teisėjų taryba (Comhairle Bhreithiúnach, an Liotuáin).

Tá an tUasal Jarukaitis ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ón 8 Deireadh Fómhair 2018.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Lietuvos Europos teisės asociacija
  • Comhalta den Chomhlachas um Bhreithiúna Eorpacha i réimse Dhlí na hIomaíochta
Niilo Jääskinen
Niilo Jääskinen
Uachtarán an Ochtú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Niilo Jääskinen in 1958 in Mikkeli (an Fhionlainn). Bhain sé céim sa dlí in 1980 agus Dioplóma Ardléinn sa Dlí in 1982 ag an Helsingin yliopisto (Ollscoil Heilsincí, an Fhionlainn). In 2008, ba ag an ollscoil sin a chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí. Thosaigh a spéis sa teagaisc go han-luath agus ba ag an Helsingin yliopisto a thosaigh sé mar léachtóir le dlí in 1980, post a bhí aige go dtí 1986.

In 1983, bhí sé mar Rúnaí Dlí ar feadh bliana agus mar bhreitheamh sealadach ag an Rovaniemen kihlakunnanoikeus (Cúirt Chéadchéime Rovaniemi, an Fhionlainn). Tar éis dó gníomhú mar chomhairleoir dlí in Aireacht Dlí agus Cirt na Fionlainne ó 1987 go 1989, ceapadh é ina Cheannasaí ar an Rannóg um Dhlí na hEorpa ansin agus bhí sé i gceannas ar an tseirbhís sin ó 1990 go 1995. Ag an am céanna, bhí sé ina chomhairleoir dlí ag Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Fionlainne idir 1989 agus 1990. Le freagracht as ceisteanna dlí agus institiúideacha, ghlac sé páirt san idirbheartaíocht ar aontachas na Fionlainne leis an Aontas Eorpach sular ghlac sé post mar chomhairleoir agus rúnaí do ghnóthaí Eorpacha ar Phríomh-Choiste Pharlaimint na Fionlainne ó 1995 go 2000.

Ceapadh an tUasal Jääskinen chuig seirbhís bhreithiúnach na Fionlainne mar bhreitheamh sealadach ag an Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Fhionlainn) ó 2000 go 2002, agus bhí sé mar bhreitheamh ann ó 2003 go 2009.

Chuaigh sé isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar Abhcóide Ginearálta an 7 Deireadh Fómhair 2009, post a bhí aige go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2015. Ag filleadh ar a thír dhúchais, bhí sé mar bhreitheamh ag an Korkein hallinto-oikeus ó 2015 go 2019, agus bhí sé mar leas-uachtarán ann ó 2018 go 2019.

Ceapadh an tUasal Jääskinen mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2019, post atá aige ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Choiste Comhairleach den scoil dlí ag an Helsingin yliopisto
Teidil agus gradaim onóracha
  • Ridire den chéad chéim d’Ord Leon na Fionlainne (1994)
  • Cros Cheannasaí d’Ord Rós Bán na Fionlainne (2008)
  • Bonn fiúntais le haghaidh tríocha bliain i Seirbhís an Stáit (2018)
  • Cros Cheannasaí den chéad chéim d’Ord Rós Bán na Fionlainne (2019)
Ineta Ziemele
Ineta Ziemele
Uachtarán an Séú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Ineta Ziemele in 1970 in Jelgava (an Laitvia). In 1993, bhain sí céim sa dlí amach ó Latvijas Universitāte (Ollscoil Laitvia). An bhliain chéanna, rinne sí cúrsa ag déanamh staidéir ar chóras dlí Mheiriceá, ar dhlí agus ar pholasaithe na gComhphobal Eorpach agus ar an eolaíocht pholaitiúil ag Aarhus Universitet (Ollscoil Aarhus, an Danmhairg). Ina dhiaidh sin, in 1994, bhain sí máistreacht sa dlí idirnáisiúnta amach ag Lunds Universitet (Ollscoil Lund, an tSualainn) agus chuir sí críoch lena staidéar in Cambridge University (Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe), áit a bhain sí amach dochtúireacht sa dlí in 1999.

Is mar chúntóir parlaiminte i bParlaimint na Laitvia ó 1990 go 1992 a chuir sí tús lena slí beatha ghairmiúil agus ina dhiaidh sin bhí post aici mar chomhairleoir ag an gCoimisiún um Ghnóthaí Eachtracha de Pharlaimint na Laitvia ó 1992 go 1995. Ainmníodh í mar chomhairleoir do Phríomh‑Aire na Laitvia in 1995 agus bhí an post céanna aici ag an Ard-Stiúrthóireacht um Chearta an Duine ag Comhairle na hEorpa in Strasbourg (an Fhrainc) ó 1999 go 2001.

Ina theannta sin, bhí Ineta Ziemele i mbun teagaisc, ó 1993, mar Léachtóir cúnta sa Roinn um Staidéar Dlí agus Polaitíochta agus sa Roinn Dlí Idirnáisiúnta agus Dlí na Mara ag Latvijas Universitāte. Ina dhiaidh sin, go dtí 1999, bhí sí ina Léachtóir le Dlí Idirnáisiúnta agus Dlí Eorpach agus bhunaigh sí an Institiúid um Chearta an Duine ag Latvijas Universitāte. Bhí sí ina stiúrthóir ar an institiúid sin go dtí an bhliain chéanna sin. Chomh maith leis sin, ba Ollamh Söderberg í agus, ina dhiaidh sin, Ollamh ar Cuairt ag Rīgas Juridiskā augstskola (Ardscoil an Dlí, Riga, an Laitvia). Bhí Ollúnacht sa Dlí Idirnáisiúnta agus Cearta an Duine ansin aici ó 2001. Ó 2001 go 2005, bhí sí ina hOllamh ar Cuairt ag Institiúid Raoul Wallenberg ag Lunds Universitet.

Cuireadh tús le gairmréim bhreithiúnach Ineta Ziemele in 2005 nuair a ainmníodh í mar bhreitheamh ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in Strasbourg; bhí sí ina hUachtarán ar rannán ansin chomh maith go dtí 2014. Ainmníodh í mar bhreitheamh den Latvijas Republikas Satversmes tiesa (An Chúirt Bhunreachtúil, an Laitvia) in 2015 agus bhí sí ina hUachtarán ar an gcúirt sin ó 2017 go 2020.

Ó 2017, is comhalta comhoibrithe í d’Acadamh na nEolaíochtaí, an Laitvia; bíonn sí rannpháirteach sa taighde dlí a bhíonn ar siúl ann chomh maith leis na foilseacháin a bhíonn ann dá réir sin.

Ainmníodh Ineta Ziemele mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ó 6 Deireadh Fómhair 2020, post atá aici ó shin i leith.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta Comhoibrithe d’Acadamh na nEolaíochtaí, an Laitvia
  • Príomheagarthóir de ‘Baltic Yearbook of International Law’
Teidil agus gradaim onóracha
  • Gradaim an Triju Zvaigžņu ordenis (Grád IV) (An Laitvia) (2014)
  • Gradam an Rialtais (an Laitvia) don mhór-ionchur a bhí aici i bhforbairt chóras dlí na Laitvia agus i neartú an daonlathais agus an smacht reachta agus dá héachtaí in eolaíocht an dlí (2016)
  • Gradam oinigh den chéad ghrád den chóras dlí (an Laitvia) (2018)
  • Céim oinigh arna mbronnadh ag an réigiún de Jelgava (an Laitvia) (2018)
Jan Passer
Jan Passer
Uachtarán an Seachtú Dlísheomra
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Jan Passer in 1974 i bPrág (an tSeicslóvaic). Rinne sé staidéar ag an Universita Karlova (Ollscoil Shéarlais, Poblacht na Seice) agus bhain sé céim sa dlí amach ann in 2000, mar aon le máistreacht sa dlí ag an Stockholms universitet (Ollscoil Stócólm, an tSualainn). In 2007, chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí ag an Universita Karlova.

Ó 1997 ar aghaidh, d’oibrigh sé sa réimse breithiúnach ina thír dhúchais, ar dtús mar bhreitheamh faoi oiliúint ag an Městský soud v Praze (Cúirt Chathrach Phrág, Poblacht na Seice), post a bhí aige go dtí 2001, ansin mar bhreitheamh ag an Obvodní soud pro Prahu 2 (Cúirt Dúiche Phrág 2, Poblacht na Seice), ó 2001 go 2005. Ó 2005 go 2016, bhí sé ina bhreitheamh ag an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, Poblacht na Seice).

Mar thoradh ar an taithí a fuair sé le linn a chleachtais, theagasc sé mar léachtóir i ndlí an Aontais, i measc ábhair eile, ag an Universita Karlova ó 2001 go 2003, ag an Masarykova univerzita (Ollscoil Masaryk, Poblacht na Seice) ó 2006 go 2016, agus ag an Univerzita Palackého v Olomouci (Ollscoil Palacký d’Olomouc, Poblacht na Seice) ó 2014 go 2016. Thug an saineolas seo deis teagaisc sa dlí dó chomh maith in Acadamh Dlí agus Cirt Phoblacht na Seice ó 2001 go 2016.

Ceapadh an tUasal Passer ina bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar an 19 Meán Fómhair 2016. Shuigh sé ann ar feadh ceithre bliana, sular ceapadh é, ar an 6 Deireadh Fómhair 2020, mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, agus tá sé fós sa phost sin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta bunaidh den Česká společnost pro evropské a srovnávací právo
Juliane Kokott
Juliane Kokott
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Juliane Kokott in 1957 in Frankfurt am Main (an Ghearmáin). Rinne sí staidéar ar an dlí ag an Universität Bonn (Ollscoil Bonn, an Ghearmáin) agus ag Ollscoil na Ginéive (an Eilvéis) ó 1976 go 1982. Sealbhóir scoláireachta Fulbright, d’fhreastal sí ar an American University, Washington DC (Ollscoil Mheiriceá Washington DC, Stáit Aontaithe Mheiriceá) agus bhain sí amach LL.M ann in 1983. Ar ais san Eoraip, chuaigh sí i mbun tráchtas a scríobh ag an Universität Heidelberg (Ollscoil Heidelberg, an Ghearmáin) agus bhain sí dochtúireacht sa dlí amach ann in 1985. Bhronn Harvard University (Ollscoil Harvard, Stáit Aontaithe Mheiriceá) dochtúireacht uirthi in 1990. Ina theannta sin, in 1985, bhain sí an Dioplóma amach san Acadamh Idirnáisiúnta um Dhlí Bunreachtúil a bhfuil a cheanncheathrú acu sa Túinis.

Ba mar ollamh ar cuairt ag an University of California, Berkeley (Ollscoil California, Berkeley, Stáit Aontaithe Mheiriceá) a thosaigh Kokott a gairm acadúil in 1991. Lean sí ar aghaidh leis an ngairm sin sa Ghearmáin, áit a raibh sí ina hollamh le dlí poiblí na Gearmáine agus eachtrach, le dlí idirnáisiúnta agus le dlí na hEorpa ag an Universität Augsburg (Ollscoil Augsbourg) in 1992, ag an Universität Heidelberg in 1993 agus ag an Heinrich-Heine-Universität Düsseldorf (Ollscoil Heinrich Heine de Düsseldorf) ó 1994 go 1999. In 1999, bhí Ollúnacht aici ag an Universität St. Gallen (Ollscoil Saint Gallen, an Eilvéis), áit ar theagasc sí cúrsaí sa dlí idirnáisiúnta, sa dlí gnó idirnáisiúnta agus i ndlí na hEorpa. In 2000, ba ag Institiúid Dhlí Gnó na hEorpa agus Idirnáisiúnta ag Universität St. Gallen a iarradh uirthi feidhmeanna stiúrthóra a ghlacadh agus ina dhiaidh sin, ó 2001 go 2003, feidhmeanna mar leas-stiúrthóir an chláir speisialtóireachta sa dlí gnó san ollscoil chéanna.

Bhí sí ag obair i gcomhar le rialtas na Gearmáine, a cheap í, in 1995, mar bhreitheamh ionadach don Chúirt Idirnáisiúnta Idir-réitigh agus Eadrána den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE). In 1996, ceapadh í mar Leas-Uachtarán ar an Wissenschaftliche Beirat “Globale Umweltveränderungen” der Bundesregierung (WBGU) (Bord Comhairleach an Rialtais Chónaidhme ar Athrú Chomhshaoil Domhanda, an Ghearmáin).

Ceapadh Kokott mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Breithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2003. Bhí sí mar Chéad Abhcóide Ginearálta ó 2006 go 2007.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de Bhord Stiúrtha an chúrsa Máistreachta i Scoil Dlí Ollscoil Lucsamburg
  • Bunaitheoir agus Uachtarán (leis an Ollamh Pasquale Pistone, IBDF) de Mheitheal an Chumainn Dlí Idirnáisiúnta (ADI) ar an Dlí Cánach Idirnáisiúnta (céim 1: cearta an cháiníocóra; céim 2: nasc agus córas idirnáisiúnta cánach; céim 3: an dlí cánach idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm)
  • Comhalta de na comhairlí comhairleacha den Deutsche Steuerjuristische Gesellschaft (Gníomhaireacht na Gearmáine um Dhlí Cánach), den Berliner Steuergespräche (Plé Fioscach Bheirlín) agus den Steuerrechtswissenschaftliche Vereinigung (Comhlachas um Dhlí Cánach, Heidelberg) (Comhbhunaitheoir)
  • Comhalta den Bhord Bainistíochta d’Institiúid Max Planck um dhlí cánach agus airgeadas poiblí
  • Rannpháirteach i gClár Meantóireachta “Geh deinen Weg” den Deutschland Stiftung Integration agus sa chlár Minerva-Femmenet (clár meantóireachta Chumann Max Planck d’eolaithe óga baineannacha)
  • “Ambassadrice de la Sarre”
Teidil agus gradaim onóracha
  • Buaiteoir Dhuais Dr. Otto Schmidt zur Förderung der Europäisierung und Internationalisierung des Rechts (2020)
Marko Ilešič
Marko Ilešič
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Marko Ilešič in 1947 i Liúibleána (an tSlóivéin). Bhain sé céim sa dlí amach ón Scoil Dlí den Univerza v Ljubljani(Ollscoil Liúibleána, an tSlóivéin) in 1970 sula ndearna sé staidéir dochtúireachta san ollscoil chéanna, áit ar chosain sé a thráchtas in 1984. Chuir sé lena cuid eolas ar an dlí comparáideach i gcúrsaí speisialtóireachta a d’eagraigh Ollscoil Strasbourg (an Fhrainc) agus Universidade de Coimbra (Ollscoil Coimbra, an Phortaingéil), ar bhain sé céim amach ann in 1978 agus 1980.

Thosaigh sé a shlí bheatha acadúil in 1970 mar chúntóir ag Univerza v Ljubljani, áit ar theagaisc sé, mar ollamh, an dlí sibhialta, an dlí tráchtála agus an dlí idirnáisiúnta príobháideach ó 1984 go 2004. Bhí ról gníomhach aige sa bhainistíocht sa Scoil Dlí den Univerza v Ljubljani, ag glacadh feidhmeanna an leas-dhéin chuige féin ó 1995 go 2001, agus feidhmeanna an déin ó 2001 go 2004.

Tar éis dó an scrúdú chun rochtain a fháil ar ghairm an bhreithimh a bhaint amach, bhí an tUasal Ilešič mar bhreitheamh agus ansin mar Uachtarán ar dhlísheomra, ag an Sodišče združenega dela v Ljubljani (Cúirt Oibreachais Liúibleána, an tSlóivéin) ó 1975 go 1986. Údar ar iliomad foilseachán, toghadh é ina Uachtarán ar Aontas Chomhlachais na nDliodóirí Slóivéinise in 1993, post a bhí aige go dtí 2005.

Mar gheall ar an spéis shuntasach a bhí aige i ndlí an spóirt, agus go háirithe an sacar, bhí sé ina chathaoirleach ar Sodišče združenega dela za telesno kulturo (Cúirt Spóirt na Slóivéine) ó 1978 go 1986 ach shuigh sé chomh maith mar bhreitheamh, i gcúirteanna achomhairc Aontas Chumainn Sacair na hEorpa (UEFA) agus Chomhaontas Idirnáisiúnta an tSacair (FIFA). Ghlac sé feidhmeanna bainistíochta freisin mar Uachtarán ar Nogometna zveza Slovenije (Cumann Sacair na Slóivéine) ó 1985 go 1989, de Chumann Sacair na hIúgaslaive idir 1990 agus 1991, agus mar chomhalta de, agus ansin mar leas-uachtarán ar Choiste Oilimpeach na Slóivéine ó 1991 go 2005.

Agus é nasctha go háirithe le cleachtas an dlí tráchtála, bhí sé ina chathaoirleach ar Bhinse Eadrána Liúibleána agus ghníomhaigh sé mar eadránaí ag Comhlachas Tráchtála na hIúgslaive. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina eadránaí ag Comhlachas Tráchtála na Slóivéine agus ag an gComhlachas Tráchtála Idirnáisiúnta i bPáras.

Is é an tUasal Ilešič an chéad bhreitheamh Slóivéinis a ceapadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais, ar an 11 Bealtaine 2004. Tofa ag a chomhghleacaithe mar Uachtarán ar dhlísheomra, chaith sé dhá théarma as a chéile sa phost sin, ón 9 Deireadh Fómhair 2012 go dtí an 8 Deireadh Fómhair 2018.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den International Law Association
  • Comhalta den Choiste Muirí Idirnáisiúnta
  • Comhalta den Chomhlachas Idirnáisiúnta um Dhlí comparáideach
  • Comhalta den Amicale des anciens de l'Union européenne des associations de football
Teidil agus gradaim onóracha
  • Comhalta oinigh, Društvo za pomorsko pravo Slovenije
  • Oirirceas d’obair an tsaoil, Zveza društev pravnikov Slovenije
  • Grande Ufficiale dell’ordine del merito della Repubblica Italiana
  • Comhalta oinigh, Nogometna zveza Slovenije
Jean-Claude Bonichot
Jean-Claude Bonichot
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Jean-Claude Bonichot in 1955 in Metz (an Fhrainc). Bhain sé céim sa dlí amach ó Ollscoil Metz in 1976, ansin, in 1977, bhain se dioplóma amach ón Institut d’études politiques (IEP) de Paris (Institiúid um Staidéar Polaitiúil, Páras). Ansin rinne sé staidéar san École nationale d’administration (ENA) (Scoil Náisiúnta Riaracháin, an Fhrainc) áit ar bhain sé céim amach in 1982 (Promotion Henri-François d’Aguesseau).

Ba ar an dáta seo a chuaigh sé isteach sa Chomhairle Stáit mar oifigeach sóisearach agus ghníomhaigh sé mar rapóirtéir i roinn na dlíthíochta go dtí 1985. Ceapadh é mar choimisinéir rialtais agus chuir sé na feidhmeanna sin i gcrích sa tionól agus sna ranna dlíthíochta eile den Chomhairle Stáit idir 1985 agus 1987.

Chomh maith leis sin, cuireadh feidhmeanna seachtracha de chúram air, a bhí nasctha lena taithí sa dlíthíocht riaracháin. Le linn na bliana 1986, ceapadh é mar chomhairleoir dlí don Ard-Stiúrthóir Pleanála agus Tógála ag Aireacht Trealaimh na Fraince. In 1987, chuaigh sé isteach i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach mar Rúnaí Dlí in oifig an Bhreithimh Yves Galmot, ansin in oifig an Bhreithimh Fernand Grévisse, áit ar oibrigh sé go dtí 1991. Ar theacht ar ais sa Fhrainc dó, ceapadh é ina stiúrthóir in oifig an Aire Saothair, Fostaíochta agus Gairmoiliúna, agus ansin ina stiúrthóir in oifig an Aire Státseirbhíse agus Nuachóiriú an Riaracháin Phoiblí.

Idir 1992 agus 1999, meabhraíodh a dhualgais mar choimisinéir rialtais ar an gComhairle Stáit don Uasal Bonichot, agus ina dhiaidh sin ghníomhaigh sé mar mheasúnóir, sular ceapadh é, in 2000, ina Uachtarán ar an 6ú fhoroinn de roinn dlíthíochta na Comhairle Stáit (tugtar "dlísheomraí" orthu inniu), post a raibh aige go dtí 2006. I dteannta na ndualgas sin, d’fheidhmigh sé mar Cheannasaí Mhisin Dlí na Comhairle Stáit ag an gCiste Náisiúnta um Árachas Sláinte do Dhaoine Fostaithe idir 2001 agus 2006.

Údar ar iliomad foilseachán sa dlí riaracháin, dlí an Aontais agus dlí Eorpach um chearta an duine, tá dlúthbhaint ag an Uasal Bonichot leis an oideachas chomh maith, trí ghairm acadúil ilchineálach: idir 1988 agus 2000, bhí sé ina ollamh comhlach in Ollscoil Metz, áit a raibh sé ina chathaoirleach ar roinn an dlí phoiblí ar feadh roinnt blianta. In 1995, bhí sé ina léachtóir ag Scoil Dlí Ollscoil Liège chomh maith (an Bheilg). In 2000, ceapadh é ina ollamh comhlach in Ollscoil Pháras I (Panthéon-Sorbonne), post a bhí aige go dtí deireadh na bliana acadúla 2007. Mar thoradh ar an ngairm acadúil seo bhí sé mar chuid den ghiúiré don Concours d’Agrégation (Comórtas do státseirbhísigh i gcóras oideachas poiblí na Fraince) sa dlí poiblí don bhliain 2000.

Ina theannta sin, bhí sé ina Leas-Ard-Rúnaí, agus ansin ina Ard-Rúnaí ar Institiúid Eolaíochtaí Riaracháin na Fraince agus ina chomhalta de Choiste Feidhmiúcháin Institiúid Idirnáisiúnta na nEolaíochtaí Riaracháin.

Tá sé ina chomhbhunaitheoir ar dhá tréimhseacháin dlí: le Bulletin de jurisprudence de droit de l’urbanisme, a bhfuil sé ina chathaoirleach ar an mbord eagarthóireachta, agus le Bulletin juridique des collectivités locales.

Ceapadh an tUasal Bonichot mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2006. Bhí sé mar Uachtarán ar Dhlísheomra idir an 7 Deireadh Fómhair 2009 agus an 9 Deireadh Fómhair 2012, post atá aige arís ón 9 Deireadh Fómhair 2018.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Cathaoirleach ar an mbord eagarthóireachta den Bulletin de jurisprudence de droit de l’urbanisme
  • Ball den Académie du Morvan
Teidil agus gradaim onóracha
  • Oifigeach san Ordre national de la Légion d’Honneur
  • Oifigeach san Ordre national du Mérite
Thomas von Danwitz
Thomas von Danwitz
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Thomas von Danwitz in 1962 in Bedburg/Erft (an Ghearmáin). Rinne sé staidéar ag an Rheinische Friedrich-Wilhelms-Universität Bonn (Ollscoil na Réine Frédéric-Guillaume in Bonn, an Ghearmáin), áit ar ghlac sé an chéad scrúdú stáit sa dlí in 1986, agus in Ollscoil na Ginéive (an Eilvéis). Thug sé faoi thráchtas ag an Rheinische Friedrich-Wilhelms-Universität Bonn agus bronnadh dochtúireacht sa dlí air in 1988. Iar-mhac léinn de chuid na Scoile Náisiúnta um Ghnóthaí Riaracháin (an Fhrainc), bhain an tUasal von Danwitz dioplóma idirnáisiúnta sa riarachán poiblí amach ann in 1990. In 1992, chríochnaigh sé a thréimhse oiliúna sa dlí in Köln (an Ghearmáin) leis an dara scrúdú stáit sa dlí agus ansin, in 1996, chríochnaigh sé a staidéar iardhochtúireachta ag an Rheinische Friedrich-Wilhelms-Universität Bonn, áit ar oibrigh sé mar chúntóir taighde.

Ag díriú a chuid taighde go príomha ar dhlí poiblí na Gearmáine chomh maith le dlí na hEorpa, theagaisc an tUasal von Danwitz na hábhair seo, ó 1996 go 2003, mar ollamh ag an Ruhr-Universität Bochum (Ollscoil Ruhr in Bochum, an Ghearmáin), áit a raibh post aige mar dhéan ar an scoil dlí ann ó 2000 go 2001. Ó 2003 go 2006, theagaisc sé ag Universität zu Köln (Ollscoil Köln, an Ghearmáin) agus in 2006 ceapadh é mar stiúrthóir ar an Institiúid um Dhlí Poiblí agus Eolaíochtaí Riaracháin ann.

Mar thoradh ar a shlí bheatha acadúil bhí sé mar ollamh ar cuairt ag an Fletcher School of Law and Diplomacy ag Tufts University (Ollscoil Tufts, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 2000, ag Ollscoil François Rabelais de Tours (an Fhrainc) idir 2001 agus 2006, agus ansin in Ollscoil Pháras I Panthéon-Sorbonne (an Fhrainc) idir 2005 go 2006. In 2005, chaith sé tréimhse teagaisc agus taighde ag an University of California, Berkeley (Ollscoil California in Berkeley, Stáit Aontaithe Mheiriceá). In 2004, chuaigh sé isteach mar chomhalta den choiste stiúrtha do Lá Dlíodóirí na Gearmáine (Ständige Deputation des Deutschen Juristentags), a raibh baint aige leis go dtí 2014.

Ceapadh an tUasal von Danwitz mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2006. Agus é tofa mar Uachtarán ar dhlísheomra ag a chomhghleacaithe, shuigh sé sa Chúirt sa cháil sin idir an 9 Deireadh Fómhair 2012 agus an 8 Deireadh Fómhair 2018.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Choiste Eolaíoch de Il Diritto dell’Unione Europea
  • Comhalta den Académie Internationale de droit comparé (AIDC) (Acadamh Idirnáisiúnta um Dhlí Comparáideach)
  • Comhalta den Choiste Foilsitheoireachta de Deutsches Verwaltungsblatt (DVBl)
  • Comhalta den Kuratorium den Max-Planck Instituts für ausländisches und internationales Strafrecht de Freiburg i. Br.
  • Comhalta den Versammlung der Kuratoren den Institut für Europäische Politik (IEP)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Ridire den ordre national du Mérite de la République française (2002)
  • Docteur honoris causa, Ollscoil François Rabelais de Tours (2010)
Marek Safjan
Marek Safjan
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Marek Safjan in 1949 in Vársá (an Pholainn). Rinne sé a staidéir ag Uniwersytet Warszawski (Ollscoil Vársá, an Pholainn). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ann in 1971 agus chosain sé a dhochtúireacht sa dlí ann in 1980. In 1990, bhronn an ollscoil sin Iardhochtúireacht san Eolaíocht Dhlíthiúil air agus, ina dhiaidh sin, in 1998 bhí sé ina Ollamh le Dlí ann.

Ba san Uniwersytet Warszawski chomh maith a chur sé tús lena shaol proifisiúnta agus é ag múineadh an dlí ó 1973 mar chúntóir acadúil san Institiúid um Dhlí Sibhialta. Ó 1991 go 1998, agus é ina Ollamh le Dlí, thug sé léachtaí ann agus bhí sé ina Stiúrthóir ar an Institiúid um Dhlí Sibhialta. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina Leas-Stiúrthóir ar an Ollscoil ó 1994 go 1997.

Trí bhíthin roinnt saothar, rannchuidigh sé go gníomhach leis an taighde i réimsí an dlí shibhialta, dhlí an leighis, agus an dlí Eorpaigh, agus dá dheasca sin rinne sé ionadaíocht ar an bPolainn, ó 1991 go 1997, ar an gCoiste um Bitheitic agus ar an gCoiste um Chosaint Sonraí Pearsanta i gComhairle na hEorpa. Idir 1994 agus 1998, ainmníodh é mar Ard-Rúnaí ar an Rannóg Polannach den Chomhlachas Henri Capitant do Chairde Chultúr Dlí na Fraince.

Chomh maith lena ghníomhaíochtaí acadúla, bhí sé ina Stiúrthóir ar Rannóg an Dlí Shibhialta ag an Instytut Wymiaru Sprawiedliwości (Institiúid Dlí agus Cirt, an Pholainn) ó 1992 go 1997.

Ina dhiaidh sin, thug sé faoi ghairm bhreithiúnach ag an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachtúil, an Pholainn): ainmníodh mar bhreitheamh é in 1997, agus bhí sé ina Uachtarán ar an gCúirt sin ó 1998 go 2006.

Is breitheamh ag an gCúirt Bhreithiúnais é an tUasal Safjan ó 7 Deireadh Fómhair 2009.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta agus Leas-Uachtarán ar an Acadamh Idirnáisiúnta um Dhlí Comparáideach (2010-2019)
  • Comhalta den Acadamh Polannach um Ealaíona agus Léann agus comhalta dá choiste eitice
  • Comhalta den Chomhlachas Idirnáisiúnta “Dlí, Eitic, agus Eolaíocht”
  • Comhalta bunaidh oinigh den Fundacja Służby Rzeczypospolitej (Fondúireacht i Seirbhís ar Phoblacht na Polainne)
  • Comhalta den Chomhlachas Idirnáisiúnta um Dhlí Bunreachtúil
  • Comhalta de Choimisiún Idirnáisiúnta na nDlíodóirí
  • Comhalta den Polskie Stowarzyszenie Prawa Europejskiego
  • Uachtarán Oinigh an Choiste um Aicmiú na nOllscoileanna
Teidil agus gradaim onóracha
  • Grande Ufficiale, arna bronnadh ag Uachtarán Phoblacht na hIodáile (2000)
  • Das große Verdienstkreuz mit Stern des Verdienstordens der Bundesrepublik Deutschland, arna bronnadh ag Uachtarán Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine (2002)
  • The Commander Cross of the Great Prince Gedymin, arna bronnadh ag Uachtarán Phoblacht na Liotuáine (2003)
  • Gradam “Edward Wende” as neartú agus rannchuidiú leis an daonlathas sa Pholainn (2006)
  • Bonn pro merito ó Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa (2007)
  • Gradam “Europejczyk Roku” w kategorii “Uczony”, Monitor Unii Europejskiej (2008)
  • Złota odznaka Adwokatury Polskiej (2008)
  • Gradam « Zasłużony dla Tolerancji » (2008)
  • Krzyż Komandorski Orderu Odrodzenia Polski (2010)
  • Doctor honoris causa, Institiúid Ollscoile Eorpach (2012)
  • Nagroda 100-lecia ZAiKS- Gradam ZAiKS (2020) -wręczana za wybitne osiagniecia w dziedzinie kultury (arna bronnadh ar dhaoine oirní i réimse an chultúir)
François Biltgen
François Biltgen
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh François Biltgen in 1958 i Lucsamburg (Ard-Diúcacht Lucsamburg). In 1981, bhain sé amach máistreacht sa dlí, chomh maith le Dioplóma Ardléinn (DEA) sa Dlí Poiblí in 1982, in Ollscoil an Dlí, eacnamaíocht agus eolaíochtaí sóisialta d’Ollscoil Pháras II Panthéon-Assas (an Fhrainc). An bhliain chéanna, bhain sé céim amach ón Institut d’études politiques de Paris (Institiúid Staidéar Polaitiúil Pháras, an Fhrainc).

Glacadh isteach ag Barra Ard-Diúcacht Lucsamburg é in 1987, áit ar chleachtaigh sé mar dhlíodóir ó 1987 go 1999. I gcomhthráth leis sin, lean sé lena ghairm bheatha pholaitiúil mar rúnaí ar ghrúpa parlaiminte an Pháirtí Shóisialaigh Críostaí i bParlaimint Lucsamburg ó 1983 go 1994, agus, ó 1987 go 1999, mar chomhairleoir i gComhairle Bardais Esch-sur-Alzette (Lucsamburg), ar ceapadh é ina leasmhéara ann ó 1997 go 1999, ceapachán lena gcabhraíodh leis post a bhaint amach mar chomhalta malartach de thoscaireacht Lucsamburg chuig Coiste Réigiúin an Aontais Eorpaigh idir 1994 go 1999. Toghadh é chuig Parlaimint Lucsamburg ar feadh téarma cúig bliana in 1994, agus ghlac sé páirt ghníomhach i ngníomhaíochta reachtacha ann, go háirithe trí ghníomhú mar rapóirtéir do roinnt bhillí a bhain le gníomhartha de chuid dhlí an Aontais.

Tar éis an olltoghcháin in 1999, vótáladh isteach i Rialtas Lucsamburg é agus bhí sé freagrach as roinnt aireachtaí : ceann i ndiaidh a chéile, ceapadh é mar Aire Saothair agus Fostaíochta, mar Aire Gnóthaí Eaglasta, mar Aire don Chaidreamh leis an bParlaimint agus mar Aire Stáit na Cumarsáide ó 1999 go 2004, mar Aire Saothair agus Fostaíochta, mar Aire Gnóthaí Eaglasta agus mar Aire Cultúir, Ardoideachais agus Taighde ó 2004 go 2009, ansin mar Aire Dlí agus Cirt, mar Aire Státseirbhíse agus um Athchóiriú Riaracháin, mar Aire Ardoideachais agus Taighde, mar Aire don Chumarsáid agus do na Meáin agus mar Aire Gnóthaí Eaglasta ó 2009 go 2013.

Léiríonn na misin a rinneadh faoi chuimsiú a fheidhmeanna aireachta na freagrachtaí a bhí aige ar  leibhéal idirnáisiúnta. Mar sin, in 2005, bhí sé ina chathaoirleach ar roinnt foirmíochtaí de Chomhairle an Aontais Eorpaigh. In 2005 agus 2009, bhí an tUasal Biltgen mar chomhchathaoirleach ar Chomhdháil Aireachta Phróiseas Bologna agus, ó 2012 go 2013, ar Chomhdháil idir-aireachta na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (ESA).

Ceapadh an tUasal Biltgen ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2013 agus tá sé sa phost sin ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Choiste Eolaíoch den Revue trimestrielle des droits de l'homme (an Bheilg)
  • Comhalta den Advisory Board d’Ollúnacht Jean-Monnet “Eu Values & DIGitalization for our CommunNITY (DIGNITY)” den Management Center Innsbruck (an Ostair)
  • Comhaltas malartach de choiste eitice Chomhairle Stáit Lucsamburg (don tréimhse ó Eanáir 2021 go Nollaig 2023)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Oifigeach den Ordre du Mérite du Luxembourg (1999)
  • Ard-Oifigeach den Ordre Grand-Ducal de la Couronne de Chêne (2004)
  • Ard-Oifigeach den Ordre de Mérite civil et militaire d’Adolphe de Nassau (2004)
  • Grã-Cruz da Ordem do Infante Dom Henrique (2005)
  • Ceannasaí na Croise Móire, Ord Leoin Phoblacht na Fionlainne (2009)
  • Ordre du Lion d’Or de la Maison de Nassau (2012)
  • Grosser Tiroler Adler-Orden (2012)
  • Ceannasaí in Ord Tuillteanais Phoblacht na hUngáire (2012)
Manuel Campos Sánchez-Bordona
Manuel Campos Sánchez-Bordona
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Manuel Campos Sánchez-Bordona in 1950 in Zafra (an Spáinn). Bhain sé céim sa dlí amach in 1972 ó Universidad de Sevilla (Ollscoil Sevilla, an Spáinn) agus ó Universidad de Granada (Ollscoil Ghreanáda, an Spáinn). Thosaigh sé a shaol proifisiúnta sa dlí mar ionchúisitheoir ag Audiencia Provincial de Palma de Mallorca (Cúirt Réigiúnach Palma de Mallorca, an Spáinn) agus ag Audiencia Provincial de Sevilla (Cúirt Réigiúnach Sevilla, an Spáinn) ó 1977 go 1982.

Ina dhiaidh sin, bhí sé ina bhreitheamh le Cúirt Riaracháin an Tribunal Superior de Justicia de Canarias (Ard-Chúirt Bhreithiúnais na nOileán Canárach, an Spáinn), leis an Audiencia Nacional (Ard‑Chúirt Náisiúnta, an Spáinn), leis an Tribunal Superior de Justicia de Andalucía (Ard-Chúirt Bhreithiúnais na hAndalúise, an Spáinn) agus leis an Tribunal Superior de Justicia de Cantabria (Ard‑Chúirt Bhreithiúnais de Chantabria, an Spáinn). Ó 1989 go 1994, bhí sé ina Uachtarán ar an gCúirt Riaracháin sa chúirt sin.

Tar éis dó post mar rúnaí dlí a bheith aige le hAbhcóide Ginearálta Dámaso Ruiz-Jarabo Colomer ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ó 1995 go 1999, ghlac sé post mar Bhreitheamh i gCúirt Riaracháin an Tribunal Supremo (An Chúirt Uachtarach, an Spáinn) ó 1999 go 2015.

Ag an am céanna leis na poist sin, ba bhall é an tUasal Campos Sánchez-Bordona de Bhord Stiúrthóirí an Chomhlachais um Chomhairlí Stáit agus Uaschúirteanna Riaracháin an Aontais Eorpaigh (ACA‑Europe) ó 2006 go 2014.

Ceapadh é mar Abhcóide Ginearálta ag an gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2015.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Ball den Junta Electoral Central (an Spáinn) ó 2012 go 2015
  • Ball de Choiste Acadúil Revista de Derecho Comunitario Europeo
  • Ball de Choiste Acadúil Revista General de Derecho Europeo
  • Ball de Choiste Acadúil Revista Española de Derecho Europeo
Peter George Xuereb
Peter George Xuereb
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Peter George Xuereb in 1954 in Sliema (Málta). Thosaigh sé ag staidéar in Università ta' Malta (Ollscoil Mhálta), áit ar bhain sé céim sa dlí amach in 1977. Bhain sé máistreacht sa dlí amach in 1979 ag an University of London (Ollscoil Londain, an Ríocht Aontaithe). In 1982, bronnadh dochtúireacht sa dlí air ón University of Cambridge (Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe).

Thosaigh slí bheatha ghairmiúil an Uasail Xuereb mar léachtóir in Ealing College of Higher Education (an Ríocht Aontaithe) ó 1982 go 1984 agus lean sé ag teagasc ag an University of Exeter (Ollscoil Exeter, an Ríocht Aontaithe) ó 1984 go 1990, ansin ag an University of London, Queen Mary agus Westfield College ó 1990 go 1993. Ceapadh é ina ollamh agus, idir 1993 agus 2016, theagasc sé an dlí ag an Università ta' Malta, áit a raibh sé ina cheann ar roinn dhlí na hEorpa agus an dlí chomparáidigh. Ag an am céanna, bhí sé ina Uachtarán ar an Lárionad um dhoiciméadacht agus taighde Eorpach den Ollscoil sin. Leis na feidhmeanna sin, tugadh deis dó a bheith ina údar ar iliomad foilseachán i réimsí éagsúla.

Glacadh leis mar dhlíodóir i gcúirteanna uachtaracha Mhálta ó 1979, agus i dteannta a ghairme mar ollamh bhí sé i gcleachtas san earnáil phríobháideach ó 1993 go 2016, nuair a cheapadh é mar chomhairleoir dlí ann. Bhí sé sa cháil seo freisin, le linn na tréimhse céanna, gur tháinig an tUasal Xuereb isteach i bParlaimint Mhálta mar chomhairleoir. Ó 1995 go 2016, chuidigh sé leis an bhforbairt de scaipeadh dhlí an Aontais mar Uachtarán ar Chomhlachas Dhlí na hEorpa Mhálta.

Ar an 8 Meitheamh 2016, ceapadh an tUasal Xuereb mar bhreitheamh de Chúirt Ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ón 8 Deireadh Fómhair 2018, tá sé ag feidhmiú sa cháil sin sa Chúirt Bhreithiúnais.

Nuno José Cardoso da Silva Piçarra
Nuno José Cardoso da Silva Piçarra
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Nuno Piçarra in 1957 in Sintra (an Phortaingéil). Rinne sé staidéar ar an dlí ag an Universidade de Lisboa (Ollscoil Liospóin, an Phortaingéil); bhain sé céim amach ann in 1980 agus máistreacht sa dlí in 1986. Ina dhiaidh sin, scríobh sé tráchtas sa scoil dlí den Universidade Nova de Lisboa (Ollscoil Nua Liospóin, an Phortaingéil) agus in 2003 bhain sé dochtúireacht sa dlí amach ann.

Mar chuid dá ghairm bheatha acadúil, bhí sé mar chúntóir dlí sa scoil dlí den Universidade de Lisboa idir 1981 agus 1986, ansin mar ollamh ar cuairt ag an Institiúid um Léann Eorpach (Ollscoil Saar), ó 1987 go 1996. Bhí sé mar ollamh cúnta le dlí ag an Universidade Nova de Lisboa ó 2003 go 2008 agus mar ollamh comhlach le dlí ó 2008 go 2018. Ina theannta sin, theagasc sé mar ollamh ar cuairt le dlí ag an Universidad Pontificia Comillas (Ollscoil Phointifiúil Comillas, an Spáinn) ó 2014 go 2018. Taispeántar a thiomantas don taighde eolaíoch san iliomad foilseacháin a bhfuil sé ina údar orthu sa dlí bunreachtúil agus i réimsí dhlí an Aontais agus go háirithe maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, maidir le saorghluaiseacht daoine agus maidir leis an dlí institiúideach.

Ba sa bhliain 1986 a chuaigh an tUasal Piçarra isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais den chéad uair. Bhí sé ina dhlítheangeolaí go dtí 1987, ansin mar athbhreithneoir dlí ó 1987 go 1990. Ceapadh é mar Rúnaí Dlí in 1990 agus chuaigh sé isteach sa Chúirt Ghinearálta in oifig an Uachtaráin José Luís da Cruz Vilaça, áit a raibh sé ag obair ann go dtí 1995, sula ndeachaigh sé isteach in oifig Rui Manuel Gens de Moura Ramos go dtí 1996.

Ó 1996 go 1999, thug rialtas a thíre dúchais feidhmeanna dó mar chomhordaitheoir náisiúnta ar ghnóthaí saorghluaiseachta daoine sa limistéar Eorpach in Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Portaingéile, chomh maith le feidhmeanna mar chomhalta de choiste K4 den Chomhairle agus de Lárghrúpa Bhuanstruchtúr Comhairliúcháin na gComhaontuithe Schengen.

Ceapadh é mar chomhalta na Portaingéile de líonra saineolaithe neamhspleácha FreSsco i réimsí saorghluaiseacht na n-oibrithe agus comhordú na slándála sóisialta laistigh den Aontas Eorpach agus mar chomhalta de líonra acadúil Odysseus maidir le staidéar dlí inimirce agus tearmann san Eoraip, ó 2004 go 2018. Shuigh sé chomh maith ar an mbord bainistíochta de Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i Vín (an Ostair), ó 2015 go 2018.

Ceapadh an tUasal Piçarra mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 8 Deireadh Fómhair 2018, post atá aige ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comheagraí agus rapóirtéir ginearálta den Chomhdháil XXVIII FIDE a reáchtáladh in Estoril (an Phortaingéil) ón 23 go dtí an 26 Bealtaine 2018
Lucia Serena Rossi
Lucia Serena Rossi
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Lucia Serena Rossi in 1958 i Bologna (An Iodáil).  Rinne sí staidéar ag an Università di Bologna (Ollscoil Bologna, an Iodáil) agus bhain sí céim amach sa Dlí ann in 1982 agus ansin, in 1989, bhain sí amach dochtúireacht sa dlí Eorpach.

Ar chomhthráth lena cuid oibre ar a tráchtas, bhí sí fostaithe mar thaighdeoir Dlí ó 1982 go 1987 ag institiúid taighde Iodálach. I 1985, glacadh léi mar dhlíodóir san Iodáil.

 

Bhí post ag an tUasal Rossi, ó 1991 go 1994  mar Ollamh cúnta le Dlí Idirnáisiúnta ag an Università degli Studi di Urbino (Ollscoil Urbino, an Iodáil) agus, ó 1994 go 1997, bhí post aici mar Ollamh Comhlach le Dlí Idirnáisiúnta. Comhalta sa Università di Bologna, bhí sí ina léachtóir le dlí  idirnáisiúnta agus Eorpach ansin ina hOllamh Comhlach ó 1997 go 2000. Ceapadh í ina hOllamh le dlí an Aontais Eorpaigh, agus tá sí ag  teagasc an dlí idirnáisiúnta phoiblí agus an dlí idirnáisiúnta phríobháideach ann ó 2000 anuas.

Cuireann sí le scaipeadh dhlí an Aontais i roinnt ollscoileanna eile: bhí sí ina hollamh ar cuairt in  Ollscoil Robert-Schuman i Strasbourg (an Fhrainc) ó 2000 go 2008, in Ollscoil Nice Sophia-Antipolis (An Fhrainc) in 2004, in Ollscoil Pháras 1 Panthéon-Sorbonne (An Fhrainc) in 2008, in Boston University (Ollscoil Bhostún, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 2014 agus i King’s College London (An Ríocht Aontaithe) ó 2005 go 2015. Mar Léachtóir ar cuairt, d’fhreastail sí freisin ar Tōkyō daigaku (Ollscoil Tóiceo, an tSeapáin) agus Universiteit Gent (Ollscoil Ghent, an Bheilg) in 2004, chomh maith leis an University of Denver (Ollscoil Denver, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 2002 agus in 2009. Tá sí ina húdar ar roinnt leabhar freisin.

Ina theannta sin bhí an tUasal Rossi ina Stiúrthóir ar an Lárionad Taighde Idirnáisiúnta maidir le Dlí na hEorpa ag an Università di Bologna ó 1998 go 2018. Tar éis di feidhmeanna leas-uachtarán Cumann na hIodáile um Dhlí Idirnáisiúnta agus Dlí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, ó 2009-2010, bhí sí mar chuid de chomhchoiste bainistíochta Choláiste Sino-Eorpach Dlí Zhōngguó Zhèngfǎ Dàxué (Ollscoil Eolaíochta Polaitiúla agus Dlí na Síne, an tSín), ó 2011-2013. Ó 2014 go 2018, chuaigh sí isteach i gcoiste Rialúcháin Acadamh an Dlí Eorpaigh (ERA) chun ionadaíocht a dhéanamh ar rialtas na hIodáile a cheap í, ó 2014 go 2017, mar Chomhairleoir Dlí don Roinn Beartais Eorpacha den Uachtaránacht ar Chomhairle Airí na hIodáile.

Údar agus comhúdar roinnt saothar dlí, tá an tUasal Rossi ina léachtóir freisin i gColáiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg) agus in Ollscoil Lucsamburg ó 2019.

Ceapadh í mar Bhreitheamh sa Chúirt Bhreithiúnais ar an 8 Deireadh Fómhair 2018 agus tá sí sa phost ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Società Italiana di Diritto Internazionale e Diritto dell'Unione Europea (SIDI), den Associazione Italiana degli Studiosi di Diritto dell’Unione Europea (AISDUE), den European Law Institute (ELI), den Institut des Affaires Internationales (IAI), den European Union Study Association (EUSA) agus den Acadamh Eolaíoch den Università di Bologna
  • Comhalta den Choiste Comhairleach (advisory board) de Lárionad an Dlí Eorpaigh de Dhámh anDlí in King's College London
  • Comhalta den Choiste Eolaíoch, den stiúrthóireacht nó den bhord eagarthóireachta “Il Foro Italiano”, “Il Diritto dell'Unione europea”, “Studi sull'Integrazione europea”, “Diritto comunitario e degli scambi internazionali”, “Freedom Security and Justice: European Legal Studies”, “Papers di diritto europeo”, “La Cittadinanza europea online”, “Bologna Law Review” agus “European Foreign Affairs Review” (2018-2021)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Ad personam Cathaoirleach Jean Monnet arna bronnadh ag an gCoimisiún Eorpach (2010-2017)
Giovanni Pitruzzella
Giovanni Pitruzzella
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Giovanni Pitruzzella in 1959 in Palermo (an Iodáil). Bhain sé céim sa dlí amach ag an Università degli Studi di Palermo (Ollscoil Palermo, an Iodáil) in 1982. Thug a ghníomhaíochtaí taighde san ollscoil sin deis dó an dlí bunreachtúil a theagaisc ann, ó 1983 go 1986. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé i mbun teagaisc le dlí bunreachtúil ag an Università degli Studi di Cagliari (Ollscoil Cagliari, an Iodáil), áit ar theagasc sé cúrsa dlí poiblí ó 1986 go 1997, agus ansin ag an Università degli Studi di Palermo (Ollscoil Palermo, an Iodáil). Ó 2014 go 2017, theagasc sé i réimse an dlí bhunreachtúil agus dhlí na hiomaíochta ag an Libera Università Internazionale degli Studi Sociali Guido Carli (Saor-Ollscoil Idirnáisiúnta Guido Carli den Staidéar Sóisialta, an Iodáil). Tá sé ina údar ar iliomad leabhar tagartha sa dlí poiblí, sa dlí bunreachtúil, i ndlí an riaracháin agus i ndlí na hiomaíochta.

Rinne an tUasal Pitruzzella roinnt misin, le linn a ghairm bheatha, chun leasa institiúidí poiblí. Ó 1993 go 1996, bhí sé mar chomhairleoir dlí do rialtas na hIodáile, ansin mar chathaoirleach an choiste chun reacht speisialta réigiún na Sicile a chur i bhfeidhm, ó 1998 go 2002.

Ceapadh é ina chomhalta den Commissione di garanzia del diritto di sciopero nei servizi pubblici essenziali (Coimisiún um dhearbhú an chirt dul ar stailc sna seirbhísí poiblí riachtanacha, an Iodáil) in 2006, agus bhí sé mar Uachtarán de ó 2009 go 2011. Chomh maith leis na feidhmeanna seo, bhí sé mar chomhairleoir dlí d’Aireacht Sláinte na hIodáile, ó 2008 go 2011. Idir 2011 agus 2018, ceapadh é ina Uachtarán den Autorità garante della concorrenza e del mercato italiana (Údarás na hIodáile um áirithiú na hiomaíochta agus an mhargaidh).

I mí Aibreán 2013, ceapadh an tUasal Pitruzzella mar chomhalta den choimisiún le haghaidh athchóirithe institiúideacha i gcúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta. I mí an Mheithimh den bhliain céanna, iarradh air dul isteach mar shaineolaí leis an gcoimisiún um athchóirithe bunreachtúla.

Ar an 8 Deireadh Fómhair 2018, ceapadh an tUasal Pitruzzella mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Choiste Stiúrtha den iris “Le Regioni”
  • Comhalta den Choiste Stiúrtha den Rivista di diritto costituzionale
  • Comhalta oinigh den Associazione Antitrust Italiana
  • Comhalta den Choiste Eolaíoch den Fiscale Europaeum (IFE)
  • Comhalta den Choiste Eolaíoch den irisleabhar “Federalismi”
Priit Pikamäe
Priit Pikamäe
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Priit Pikamäe sa bhliain 1973 in Tallinn (an Eastóin). Bhain sé céim sa dlí amach ó Tartu Ülikool (Ollscoil Tartu, an Eastóin) in 1997 agus lean sé lena staidéir dlí in Ollscoil Poitiers (an Fhrainc). In 2006, bhain sé dochtúireacht sa dlí amach in Tartu Ülikool.

Chomhlíon sé a chéad dhualgais ghairmiúla mar Stiúrthóir an 7ú Oifig de chuid Roinn Chonsalachta Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hEastóine ó 1995 go 1996. Ina dhiaidh sin, ceapadh é mar Stiúrthóir na Roinne Dlí Coiriúla in Aireacht Dlí agus Cirt na hEastóine, post a bhí aige ó 1996 go 2001.

Fuair sé taithí phraiticiúil sa chóras breithiúnach freisin agus chomhlíon sé feidhmeanna Breithimh sa Harju Maakohtu Tallinna kohtumaja (Cúirt Thaillinn, an Eastóin) ó 2001 go 2002, sa Tallinna Ringkonnakohtus (Cúirt Achomhairc Thaillinn, an Eastóin) ó 2002 go 2006, agus den Riigikohus (An Chúirt Uachtarach, an Eastóin) ó 2006 go 2009. Ó 2010 go 2013, bhí sé ina Uachtarán ar an Dlísheomra Coiriúil. Idir 2013 agus 2019, cheap Parlaimint na hEastóine é mar Uachtarán ar an Riigikohus. Ina theannta sin, ceapadh é mar bhreitheamh ad hoc sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (Strasbourg, an Fhrainc) ó 2010 go 2016.

I dteannta a fheidhmeanna breithiúnacha, bhí post aige mar Uachtarán Kohtute Haldamise Nõukoda (an Chomhairle um Riarachán Cúirteanna agus Cúirteanna Achomhairc, an Eastóin) ó 2013 go 2019, agus ansin mar Uachtarán ar Líonra Uachtaráin na gCúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha den Aontas Eorpach ó 2017 go 2019.

Theagasc sé ranganna dlí mar Ollamh ar Cuairt ag Tartu Ülikool ó 2012 go 2017. Ba sa chomhthéacs seo a d’fhoilsigh sé roinnt alt maidir le staidéar ar an dlí coiriúil.

Ceapadh an tUasal Pikamäe mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ar an 6 Feabhra 2019, agus tá sé sa phost sin ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de bhord acadúil na Scoile Dlí de Tartu Ülikool
  • Comhalta bunaidh de Chomhlachas na hEastóine um Chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh
  • Comhalta de Chomhairle Chistiúcháin an Dlí Bhunreachtúil ag Acadamh Eolaíochta na hEastóine
  • Comhalta de Chomhlachas Acadúil Dlí na hEastóine
Teidil agus gradaim onóracha
  • Riigivapi III klassi teenetemärk (2019)
Andreas Kumin
Andreas Kumin
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Andreas Kumin in 1965 in Graz (an Ostair). Rinne sé staidéar ar an dlí ag Karl-Franzens-Universität Graz (Ollscoil Graz, an Ostair) agus bhain sé céim sa dlí amach ann in 1987 agus dochtúireacht sa dlí in 1990. Bhronn an ollscoil chéanna céim san aistriúchán air in 1988. Ba mar chuid dá oiliúint mar státseirbhíseach a ndearna sé an cinneadh chun leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir sa Fhrainc in 1991 sa Scoil Náisiúnta Riaracháin (ENA, an Fhrainc), ar bhain sé céim amach ann sa “cúrsa idirnáisiúnta fada sa riarachán poiblí ” in 1992.

Thosaigh sé a shlí bheatha ghairmiúil mar státseirbhíseach ag Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na hOstaire in 1990 agus lean sé air ann go dtí 1994, ar dtús sa tSeirbhís Dlí agus ansin san Ard-Stiúrthóireacht um Bheartas Lánpháirtíochta Eacnamaíoch agus Eorpach. Ó 1994 go 2000, bhí sé mar chomhairleoir ag Buan-Mhisean na hOstaire chuig Oifig na Náisiún Aontaithe agus na hinstitiúidí speisialaithe sa Ghinéiv (an Eilvéis). Ó 2000 go 2019, lean sé air ag freastal ar Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na hOstaire, ar dtús mar cheannasaí ar an aonad “Saincheisteanna dlí an chéad cholún den Aontas Eorpach” agus ansin, ó 2005 go 2019, mar cheannasaí ar Roinn Dlí na hEorpa.

Dhréachtaigh sé iliomad foilseachán ar dhlí an Aontais lenar cuireadh go mór lena ghairm acadúil, a thosaigh in 2007 mar léachtóir ag an Institiúid um Dlí Eorpach agus Idirnáisiúnta ag an Leopold-Franzens-Universität Innsbruck (Ollscoil Innsbruck, an Ostair), mar léachtóir, ó 2012 go 2018, ag an Diplomatische Akademie Wien (Scoil Céimithe um Staidéir Idirnáisiúnta i Vín, an Ostair) agus, ó 2014 amach, mar chomh-stiúrthóir ar roinnt seimineár ag an Wirtschaftsuniversität Wien (Ollscoil Eacnamíochta Vín, an Ostair). Faoi dheireadh, ar feadh tréimhse ó 2014 go 2019, bronnadh conradh air mar ollamh ag Institiúid Dlí na hEorpa den Karl-Franzens-Universität Graz, áit a bhfuil sé fós ag teagasc i ndiaidh dó a beith ainmnithe mar ollamh oinigh in 2020.

Ceapadh an tUasal Kumin ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 20 Márta 2019, agus tá sé sa phost sin ó shin.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Rannpháirtíocht rialta, arna iarraidh ag Roinn Gnóthaí Eachtracha na hOstaire, i gcruinnithe « Beirat für Europarecht » (Bord Comhairleach Neamhfhoirmiúil ar Dhlí na hEorpa)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Ollamh oinigh le dlí na hEorpa ag an Karl-Franzens-Universität Graz (2020)
Nils Wahl
Nils Wahl
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Nils Wahl in 1961 i Stócólm (an tSualainn). Bhain sé Juris kandidat (LL.M.) amach in 1987 agus dochtúireacht sa dlí in 1995 ó Stockholms Universitet (Ollscoil Stócólm, an tSualainn). Ón dáta sin amach, chuir sé tús lena slí beatha ghairmiúil, a bhí bainte leis an saol acadúil den chuid is mó, mar Ollamh Comhlach (docent) agus le hOllúnacht Jean-Monnet i ndlí na hEorpa, agus ansin, in 2001, mar Ollamh i ndlí na hEorpa ag Stockholms Universitet.

Ó 1993 go 2004, bhí an tUasal Wahl ina Ard-Stiúrthóir ar fhondúireacht a bhí ag obair i réimse na hoiliúna. Ó 2001 go 2006, bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomhlachas Nätverket för europarättslig forskning na Sualainne (An Líonra um Thaighde ar Dhlí na hEorpa ) agus bhí sé mar chomhalta de Rådet för konkurrensfrågor (an Chomhairle um Dhlí na hIomaíochta, an tSualainn).

In 2006, ceapadh an tUasal Wahl mar bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. Bhí sé sa phost sin go dtí 2012 agus ansin chuaigh sé isteach sa Chúirt Bhreithiúnais mar Abhcóide Ginearálta, post a bhí aige ar feadh seacht mbliana. Ó 2019 amach, tá sé ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais.

Jean Richard de la Tour
Jean Richard de la Tour
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Jean Ricard de la Tour in 1959 in Le Dorat (an Fhrainc). Bhain sé máistreacht sa dlí amach in Ollscoil Pháras II (an Fhrainc) in 1982 agus chuaigh sé faoi oiliúint mar bhreitheamh i Scoil Náisiúnta na mBreithiúna (Bordeaux, an Fhrainc), ó 1984 go 1986.

Ainmníodh mar bhreitheamh é in 1986 agus chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil i gCúirt Chéadchéime Limoges (an Fhrainc), mar a bhí sé go 1988, roimh dó bheith, ó 1988 go 1996, ina bhreitheamh sa riarachán lárnach d’Aireacht Dlí agus Cirt na Fraince sa Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Sibhialta agus Dlí agus Cirt. Ó 1996 go 2004, bhí sé ina Bhreitheamh Cúntach ag an gCúirt Achomhairc (Páras, an Fhrainc).

Ina dhiaidh sin, chaith an tUasal Richard de la Tour cuid dá shaol proifisiúnta i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus é ina léitheoir de na breithiúnais ó 2004 go 2006. Ó 2006 go 2012, d’oibrigh sé mar rúnaí dlí ag an gCúirt Bhreithiúnais leis an mBreitheamh Pernilla Lindh agus, ina dhiaidh sin, leis an mBreitheamh Carl Gustav Fernlund.  

In 2012, chuaigh sé ar ais chuig a thír dhúchais nuair a ainmníodh é mar abhcóide ginearálta sa dlísheomra sóisialta ag an gCúirt Achomhairc. Chomhlíon sé a chuid dualgas ann tráth a raibh dualgais air chomh maith mar chomhairleoir speisialta leis an bPríomh-Ionchúisitheoir Poiblí ag an gCúirt Achomhairc, go dtí 2017. Ainmníodh é ansin mar Phríomh-Abhcóide Ginearálta den dlísheomra tráchtála, airgeadais agus eacnamaíochta ag an gCúirt Achomhairc, post a bhí aige ó 2017 go 2020.

Ó 1998 go 2002, i dteannta a dhualgais bhreithiúnacha, bhí sé ina chomhalta den Choimisiún um Thuairisciú agus Staidéar ag an gCúirt Achomhairc agus den Choimisiún um Athbhreithnithe ar Chiontuithe Coiriúla ag an gCúirt Achomhairc ó 1999 go dtí 2004. Ó 2016 go 2020, bhí sé ina Uachtarán ar Bhord Stiúrthóirí na hInstitiúide Náisiúnta um Thraenáil Nótairí (an Fhrainc).

Tá an tUasal Richard de la Tour ina Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ó 23 Márta 2020.

Teidil agus gradaim onóracha
  • Ridire den Ordre de la Légion d’honneur (2016)
Athanasios Rantos
Athanasios Rantos
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Athanasios Rantos in 1953 san Aithin (an Ghréig). In 1976, bhain sé céim sa dlí amach ag an Panepistimio Athinon (Ollscoil na hAithne, an Ghréig) agus chríochnaigh sé a chuid staidéir, in 1990, le máistreacht i ndlí na hEorpa ag an Université libre de Bruxelles (Saor-Ollscoil na Bruiséile, an Bheilg). In 1992, rinneadh “Fellow” de san Institiúid Idirnáisiúnta um Chearta an Duine [an Ghinéiv (an Eilvéis) agus Strasbourg (an Fhrainc)].

In 1978, tar éis bliain a chaitheamh mar dhlíodóir ag Barra na hAithne, ainmníodh é chuig an Symvoulio tis Epikrateias (Comhairle Stáit, an Ghréig): idir 1979 agus 2020, bhí roinnt postanna aige, ceann i ndiaidh a chéile, mar bhreitheamh faoi oiliúint, mar chomhalta sóisearach agus ansin mar chomhairleoir, mar Leas-Uachtarán agus ansin mar Uachtarán. Ó 2000 go 2020, bhí sé ina chomhalta den Anotato Eidiko Dikastirio (an Chúirt Uachtarach Speisialta, an Ghréig) agus, ó 2011 go 2020, mar Uachtarán den Eidiko Dikastirio Agogon Kakodikias (Cúirt Speisialta um Chaingne i gcoinne Breithiúna, an Ghréig). Ó 1996 go 2020, bhí sé ina chomhalta, ansin ina Uachtarán, den Anotato Symvoulio Dioikitikis Dikaiosynis (Comhairle Uachtarach an Bhreithiúnais Riaracháin, an Ghréig). Ó 2011 go 2020, bhí sé mar Uachtarán ar an Peitharchiko Symvoulio Melon Didaktikou Ereunitikou Prosopikou ton Anotaton Ekpaideutikon Idrymaton (Comhairle Araíonachta na Múinteoirí in Institiúidí Ardoideachais, an Ghréig).

I dteannta a fheidhmeanna breithiúnacha, bhí an tUasal Rantos i gceannas ar roinnt misin mar chathaoirleach ar roinnt Ardchoistí maidir le dréachtú reachtaíochta. Bhí sé ina chomhalta den Κentriki Nomoparaskeuastiki  Epitropi (Ardchoiste um Dhréachtú Reachta, an Ghréig). Mar gheall ar a spéis i gcúrsaí teagaisc, theagasc sé cúrsaí i ndlí na hEorpa agus sa dlí riaracháin ag an Ethniki Scholi Dimosias Dioikisis (Scoil Náisiúnta Riaracháin, an Ghréig) ó 1990  go 1994 ach freisin, ó 1995 go 2016, ag an Ethniki Scholi Dikastikon Leitourgon (Scoil Náisiúnta na mBreithiúna, an Ghréig). Mar thoradh ar a chuid machnaimh ar théamaí éagsúla dlí tá an iliomad saothair taighde déanta aige ar ábhair éagsúla, agus tá an formhór acu foilsithe i bhfoiseacháin.

Ceapadh an tUasal Rantos mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais an 10 Meán Fómhair 2020, post atá aige ó shin.

Dimitrios Gratsias
Dimitrios Gratsias
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Dimitrios Gratsias in 1957 san Aithin (an Ghréig). Bhain sé  máistreacht sa dlí amach ón Ethniko kai Kapodistriako Panepistimio Athinon (Ollscoil Náisiúnta agus Chapóidistriach na hAithne, an Ghréig) in 1980 chomh maith le Dioplóma Ardléinn sa Dlí Poiblí (DEA) ó Ollscoil Pháras I, Panthéon-Sorbonne (an Fhrainc) in 1981. An bhliain dár gcionn, bhronn Ionad na hOllscoile um Staidéar Poiblí agus Eorpach (Ollscoil Pháras I, an Fhrainc) teastas staidéir sa Dlí Poiblí air.

In 1985, chuir an tUasal Gratsias tús lena slí beatha ghairmiúil ag an Symvoulio tis Epikrateias (Comhairle Stáit, an Ghréig), áit ar oibrigh sé mar Oifigeach Sóisearach go dtí 1992. In 1992, ceapadh é ina Chomhalta Sóisearach, agus ansin ina Chomhalta den Chomhairle Stáit in 2005. Chomh maith leis na feidhmeanna seo, ceapadh é ina chomhalta comhlach den Anotato Eidiko Dikastirio (An Chúirt Uachtarach Speisialta, an Ghréig) ar feadh dhá bhliain (1998, 1999), agus in 2006, shuigh sé ar an Eidiko Dikastirio Agogon Kakodikias (An Chúirt Speisialta do Chásanna Míthrialach, an Ghréig). In 2008, bhí sé mar chomhalta den Anotato Dikastiko Symvoulio Dioikitikis Dikaiosinis (Chomhairle Uachtarach um Ghiúistíocht Riaracháin, an Ghréig). Le linn na bliana breithiúnaí 2009-2010, bhí sé ina Chigire ar na Cúirteanna Riaracháin.

Idir 1994 agus 1996, chuaigh an tUasal Gratsias isteach sa Chúirt Bhreithiúnais mar Rúnaí Dlí in oifig an Abhcóide Ghinearálta Georges Cosmas.

Bhí an tUasal Gratsias ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ón 25 Deireadh Fómhair 2010 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2021 agus ghlac sé le feidhmeanna mar Uachtarán ar Dhlísheomra ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile, ón 18 Meán Fómhair 2013 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Tá sé ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ón 7 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Elliniki Enosi Evropaikou Dikaiou
Maria Lourdes Arastey Sahún
Maria Lourdes Arastey Sahún
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Maria Lourdes Arastey Sahún in 1959 in Tarragona (an Spáinn). Rinne sí staidéar ag an Universitat de Barcelona (Ollscoil Barcelona, an Spáinn) agus bhain sí céim sa dlí amach ann in 1983 sula ndearna sí gairmoiliúint mar bhreitheamh ó 1984 go 1985 ag an Escuela Judicial (Scoil Náisiúnta na mBreithiúna, an Spáinn).

Ceapadh í mar bhreitheamh ag an Juzgado de Distrito de Sant Feliu de Llobregat (Cúirt Dúiche Sant Feliu de Llobregat, an Spáinn) agus ag an Juzgado de Distrito de Barcelona (Cúirt Dúiche Barcelona, an Spáinn) ó 1985 go 1989. In 1989, sannadh í ar feadh bliana don Juzgado de lo Social nº 7 de Barcelona (Cúirt Saothair agus Slándála Sóisialta Uimh. 7 de Barcelona, an Spáinn) agus ansin chuaigh sí isteach i ndlísheomra sóisialta an Tribunal Superior de Justicia de Cataluña (Ard-Chúirt Bhreithiúnais na Catalóine, an Spáinn), áit ar shuigh sí go dtí 2009. Ceapadh í chuig an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) mar bhreitheamh ó 2009. Ó 2013 go 2021, shuigh sí chomh maith mar bhreitheamh ar an mBinse Riaracháin d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (OTAN) (an Bhruiséil, an Bheilg).

I gcomhthráth lena gairm bhreithiúnach, chuaigh an Uasal Lourdes Arastey Sahún i mbun gníomhaíochtaí teagaisc. Ó 1998 go 2008, bhí post aici mar ollamh comhlach le dlí saothair agus slándála sóisialta ag Universitat de Barcelona. Bhí sí ina léachtóir freisin in ionaid náisiúnta do staidéar bhreithiúnach, go háirithe sa Spáinn (go rialta), sa Bhulgáir (2008) sa Rómáin (2008), agus i Scoil Juan Carlos I de Mheiriceá Láir agus den Mhuir Chairib (2006).  Tugann Lourdes Arastey Sahún léachtaí agus glacann sí páirt i seimineáir i roinnt ollscoileanna. Shuigh sí ar roinnt comhlachtaí a oibríonn i réimsí dhlí AE go háirithe, agus a oibríonn in oiliúint, i measúnú ar inniúlacht na mbreithiúna, agus i réiteach malartach díospóidí chomh maith.

CeapadhLourdes Arastey Sahún ina breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta de Chomhlachas Eorpach na mBreithiúna don idirghabháil (GEMME), iar-Chathaoirleach ar rannóg na Spáinnise agus Iar-Leas-Uachtarán dá Choiste Feidhmiúcháin Eorpach
  • Comhalta den Bhord Comhairleach den Chomhlachas Cairdis idir an Fhrainc agus an Spáinn “MUJERES AVENIR”.
  • Comhalta den Bhord Bainistíochta den Asociación Española para el Estudio del Derecho Europeo (AEDEUR)
  • Comhalta den Asociación Española de Salud y Seguridad Social (AESSS)
  • Comhalta den Institiúid Eorpach um Dhlí (ELI), tar éis dó dul isteach i gcoistí eolaíochta na gcruinnithe bliantúla maidir leis an gcásdlí Eorpach dá “Spanish Hub” (2018, 2019, 2020 agus 2021)
  • Comhalta den Chumann Women in a Legal World
  • Comhalta den Chomhairle Eolaíoch den Femeris Journal of Gender Studies (Universidad Carlos III de Madrid)
  • Comhalta den choiste dréachtaithe den Revista Foro de Seguridad Social
  • Comhalta den Bhord Comhairleach den iris Derecho Social y Empresa
  • Comhalta den ghrúpa saineolaithe den tionscnamh “La voz que nadie escucha”, den Fhondúireacht Gabeiras, ar cheart na mban a mbaintear a saoirse díobh páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha
Anthony Michael Collins
Anthony Michael Collins
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Anthony Michael Collins in 1960 in New Haven (Stáit Aontaithe Mheiriceá). Bhain sé céim amach in Eolaíocht an Dlí ó Chóláiste na Tríonóide (Éire) in 1984 agus bhain sé cáilíocht amach mar Abhcóide ó Chumann Onórach Óstaí an Rí (Baile Átha Cliath) in 1986.

Lean sé lena slí bheatha ghairmiúil ag Barra na hÉireann mar abhcóide, ó 1986 go 1990 agus ó 1997 go 2003, agus mar abhcóide sinsir ina dhiaidh sin, ó 2003 go 2013. Chuir sé a chuid oibre mar abhcóide ar fionraí go sealadach idir 1990 agus 1997 chun dul isteach i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach mar Rúnaí Dlí leis na breithiúna Thomas Francis O’Higgins (ó 1990 go 1991) agus John L. Murray (ó 1991 go 1997). Ceapadh é ina chomhalta de Bhuantoscaireacht Chomhairle Bharraí na hEorpa (CCBE) chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus chuig Cúirt Bhreithiúnais de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (AELE) idir 2006 agus 2013. Ó 2015, bhí post aige mar ollamh comhlach i ndlí an Aontais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (Éire). Tá sé ina údar ar roinnt foilseachán agus leabhar ar dhlí riaracháin na hÉireann agus ar an dlí AE.

Ceapadh an tUasal Collins mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 16 Meán Fómhair 2013 agus ansin, le linn an dá shainordú a cuireadh de chúram air, bhí sé mar Uachtarán ar dhlísheomra ón 21 Meán Fómhair 2016.

Ón 7 Deireadh Fómhair 2021 ar aghaidh, tá sé mar Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Bhord Bainistíochta d’Ionad na hÉireann um Dhlí na hEorpa
  • Binseoir de Chumann Onórach Óstaí an Rí
Miroslav Gavalec
Miroslav Gavalec
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Miroslav Gavalec in 1961 in Zlín (an tSeicslóvaic). Bhain sé amach céim san innealtóireacht mheicniúil i réimsí meaisíní teirmeacha agus trealamh núicléach ag an České vysoké učení technické v Praze (Ollscoil Pholaiteicniúil Prág, an tSeicslóvaic), agus ghlac sé le feidhmeanna éagsúla san earnáil núicléach sa tSlóvaic ó 1986 go 1991.

Mar gheall ar a spéis sna heolaíochtaí sóisialta, rinne sé staidéar ar an dlí ag an Univerzita Komenského v Bratislave (Ollscoil Comenius sa Bhratasláiv, an tSlóvaic) ó 1990 go 1995, áit ar bhain sé amach dioplóma “Magister” sa dlí in 1995, agus bhain sé dochtúireacht sa dlí (PhD) amach san Ollscoil sin in 2010.

In 2001, ceapadh é mar bhreitheamh ar ghnóthaí tráchtála agus teaghlaigh agus mar bhreitheamh riaracháin ag an Okresný súd Bratislava III (Cúirt Dúiche na Bratasláive III, an tSlóvaic). Bhí sé sa phost sin go dtí 2005, nuair a chuaigh sé isteach sa Najvyšší súd Slovenskej republiky (Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice), áit ar shuigh sé ar dtús mar bhreitheamh ar an rannóg riaracháin agus ansin mar Uachtarán ar an gcéad dlísheomra den rannóg riaracháin ó 2009.

I gcomhthráth lena ghairm bheatha bhreithiúnach, tá an tUasal Gavalec domhain i ngníomhaíochtaí teagaisc chomh maith. Idir 2005 agus 2011, bhí sé ina léachtóir ag an Institiúid um Eolaíochtaí Eacnamaíocha agus Bhainistíocht den Paneurópska vysoká škola (Ardscoil Pan-Eorpach, an tSlóvaic).Ó 2006 go 2014, bhí sé ina léachtóir ag Institiúidí an Dlí Riaracháin agus an Dlí Phríobháidigh ag an Paneurópska vysoká škola.

Bhí an tUasal Gavalec ina chomhalta d’Fhóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol ó 2005 go 2020, agus, idir 2006 agus 2015, de Chumann Bhreithiúna Riaracháin na hEorpa.

Ceapadh an tUasal Gavalec mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2021.

Nicholas Emiliou
Nicholas Emiliou
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Nicholas Emiliou in Famagouste (an Chipir). Rinne sé staidéar ag an Ethniko kai Kapodistriako Panepistimio Athinon (Ollscoil Náisiúnta agus Chapóidistriach na hAithne, an Ghréig), áit ar bhain sé céim sa dlí amach in 1986. Lean sé lena chuid staidéir ag an London School of Economics and Political Science (Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitiúla Londain, an Ríocht Aontaithe) agus bhain sé máistreacht i ndlí na hEorpa amach ann in 1987. In 1991, bhain sé dochtúireacht sa dlí amach ó University College London (Coláiste na hOllscoile Londain, an Ríocht Aontaithe).

Is san ollscoil sin a thosaigh sé ar a ghairm bheatha acadúil mar thaighdeoir sóisearach, ó 1988 go 1991. Ina dhiaidh sin chuaigh sé i mbun teagaisc le dlí na hEorpa ag University of Southampton (Ollscoil Southampton, an Ríocht Aontaithe) ó 1991 go 1993, agus ansin ag Queen Mary and Westfield College, University of London (Queen Mary and Westfield College, Ollscoil Londain, an Ríocht Aontaithe), ó 1993 go 1994. Idir 1995 agus 1997, bhí an Ollúnacht Jean Monnet i gComhtháthú na hEorpa aige ag University of Durham (Ollscoil Durham, an Ríocht Aontaithe). Ó 1994 go 1997, i gcomhthráth leis na gníomhaíochtaí sin, bhí an tUasal Emiliou mar chomhalta taighde sinsearach oinigh (Honorary Senior Research Fellow) ag University College London agus mar chomhairleoir speisialta d’Aire Ghnóthaí Eachtracha na Cipire.

Idir 1997 agus 1998, bhí sé ina Aire Lánchumhachtach i Roinn an Aontais Eorpaigh d’Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Cipire agus ó ansin, 1998 go 1999, mar Leas-Oifigeach Buan de Phoblacht na Cipire chuig an Aontas Eorpach.

Ó 1999 go 2002, bhí an tUasal Emiliou mar Ambasadóir Lánchumhachtach agus Urghnách Phoblacht na Cipire go hÉirinn.

Idir 2002 agus 2004, chomhlíon sé feidhmeanna mar ionadaí buan do Phoblacht na Cipire ar Chomhairle na hEorpa agus mar ionadaí do Rialtas na Cipire i gcásanna a tugadh os comhair na Cúirte Eorpaigh um Chearta an Duine. In 2004, ceapadh é mar Bhuanionadaí Phoblacht na Cipire chuig an Aontas Eorpach agus bhí an post sin aige go dtí 2008.

Ceapadh an tUasal Emiliou ansin mar Bhuan-Rúnaí d’Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Cipire, post a bhí aige go dtí 2012.

Idir 2012 agus 2017, ceapadh é mar Bhuanionadaí de Phoblacht na Cipire chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac, sular ghlac sé le feidhmeanna mar Bhuanionadaí Phoblacht na Cipire chuig an Aontas Eorpach, ó 2017 go 2021. Shuigh sé freisin ar an mBaicle d’eadránaithe den Bhuan-Chúirt Eadrána sa Háig (an Ísiltír), ó 1995 go 2016.

Ceapadh an tUasal Emiliou mar Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta d’Eagraíocht Eorpach an Dlí Phoiblí (EPLO)
  • Comhalta de Chomhlachas an Dlí Idirnáisiúnta (brainse na Cipire)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Knight Commander with Star, Order of St. Gregory the Great, Vatican (2010)
Zoltán Csehi
Zoltán Csehi
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Zoltán Csehi in 1965 in Budapest (An Ungáir), agus bhain sé céim sa dlí amach ag Eötvös Loránd Tudományegyetem (Ollscoil Loránd Eötvös, An Ungáir) in 1990 chomh maith leis an dioplóma Master of Laws ag an Ruprecht-Karls-Universität Heidelberg (Ollscoil Ruprecht Karl de Heidelberg, An Ghearmáin) in 1991. Rinne sé staidéir dochtúireachta ag Eötvös Loránd Tudományegyetem, agus ba ag an ollscoil sin a chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí in 2004. Bhain sé céim amach freisin i Stair na hEalaíne ó Ollscoil Eötvös Loránd Tudományegyetem in 1992.

Glacadh isteach i mBarra Búdaipeist é, agus lean sé lena shlí bheatha mar dhlíodóir san Ungáir idir 1995 agus 2016. I dteannta a ghníomhaíochtaí mar dhlíodóir, ceapadh é mar eadránaí ag an Pénz és Tőkepiaci Állandó Választottbíróság (Buanchúirt Eadrána na margaí caipitil agus airgeadais, An Ungáir) agus mar eadránaí ad hoc, ó 2004 go 2016.

Ina theannta sin, chuaigh an tUasal Csehi i mbun teagasc an dlí mar ollamh comhlach, ó 1991 go 2005, agus ansin mar ollamh, ó 2005 go 2016, ag Eötvös Loránd Tudományegyetem. Theagasc sé chomh maith ag an Pázmány Péter Katolikus Egyetem (Ollscoil Chaitliceach Péter Pázmány, an Ungáir), mar Cheann ar Roinn an Dlí Tráchtála ó 2007 go 2013, agus mar ollamh ó 2013. Ansin ghlac sé le feidhmeanna Cheann na Roinne Dlí Príobháidí agus Tráchtála ó 2013 go 2016, agus mar Ollamh Taighde sa Dlí Príobháideach agus Tráchtála ó 2017, chomh maith le Ceann na Roinne Dlí Sibhialta ó 2018. Ó 2013, bhí sé ina ollamh cuairte ag an université catholique de Lyon (Ollscoil Chaitliceach Lyon, An Fhrainc)

Ceapadh an tUasal Csehi mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 13 Aibreán 2016. Bhí sé sa phost sin ar feadh cúig bliana sular ceapadh é mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Eagorthóir Magyar Kereskedelmi Jogi Évkönyv
  • Comheagarthóir du périodique Polgári Jog
  • Comhalta de bhord stiúrthóirí Alapítvány Az Új Polgári TörvénykönyvertMembre du Magyar Tudományos Akadémia Köztestülete
  • Comhalta den Magyar Tudományos Akadémia Köztestülete
  • Comhalta den Gesellschaft für Rechtsvergleichung e.V.
  • Comhalta den Magyar-Német Jogász Egyesület
Octavia Spineanu-Matei
Octavia Spineanu-Matei
Breitheamh
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Octavia Spineanu-Matei in 1967 in Vălenii de Munte (an Rómáin). Bhain sí amach céim sa dlí ag an Universitatea Alexandru Ioan Cuza din Iași (Ollscoil Alexandru Ioan Cuza, an Rómáin) (dioplóma tuillteanais) in 1990 agus dochtúireacht sa dlí ag an Academia de Poliție “Alexandru Ioan Cuza“ (Acadamh na Póilíneachta “Alexandru Ioan Cuza”, an Rómáin) in 1999.

In 1991, chuir sí tús lena slí bheatha ghairmiúil mar bhreitheamh ag an Judecătoria sectorului 4 București (an Chúirt Chéadchéime den 4ú cheantar i mBúcairist, an Rómáin) agus bhí na feidhmeanna sin aici go dtí 1996. Ó 1996 go 1999, bhí sí ag obair mar bhreitheamh ag an Tribunalul București (Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, an Rómáin), a raibh sí ina hUachtarán ar an roinn shibhialta idir 1997 agus 1999. Tar éis di dul isteach sa Curtea de Apel București (Cúirt Achomhairc Bhúcairist, an Rómáin) mar bhreitheamh ó 1999 go 2005, agus í ina hUachtarán ar an rannóg shibhialta ó 1999 go 2003, ceapadh í ina breitheamh ag Înalta Curte de Casație și Justiție (Ard-Chúirt um Achomharc agus Bhreithiúnas, an Rómáin) ó 2006 go 2016.

Ó 2006 go 2016, ceapadh Spineanu-Matei mar chomhalta seachtrach de Mhórbhord Achomhairc Oifig Eorpach na bPaitinní in München (an Ghearmáin).

In 1997, thosaigh sí ag obair in oiliúint na mbreithiúna agus na mbreithiúna faoi oiliúint sa Rómáin mar oiliúnóir ag an Institutul Național al Magistraturii (Institiúid Náisiúnta na Breithiúnachta, an Rómáin), áit a bhfuil sí ina comhalta den chomhairle eolaíochta freisin, agus a raibh sí ina stiúrthóir ann ansin ó 2011 go 2016. Shuigh sí chomh maith ar an mBord Rialaithe den Școala Națională de Grefieri (Scoil Náisiúnta na gCláraitheoirí, an Rómáin). Ó 2012 go 2016, bhí sí ina comhalta de chomhairle na scoil dochtúireachta in Universitatea din București (Ollscoil Bhúcairist, an Rómáin). Tá sí ina comhúdar ar roinnt leabhar agus ina húdar ar iliomad alt sa réimse dlí, agus labhraíonn sí go rialta ag comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta.

CeapadhSpineanu-Matei mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 19 Meán Fómhair 2016. Shuigh sí ansin ar feadh cúig bliana sular ceapadh í ina breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Choiste athbhreithneoirí seachtracha den iris dlíthiúil EuroQuod, arna cur in eagar ag an Institutul Național al Magistraturii
  • Comhalta den Choiste dréachtaithe eolaíoch den Revista română de dreptul proprietății intelectuale, arna cur in eagar ag an Asociația Științifică de Dreptul Proprietății Intelectuale
  • Comhalta den Choiste Comhairleach d’Acadamh an Dlí Eorpaigh (ERA)
Teidil agus gradaim onóracha
  • Ridire den Ordinul Național „Pentru Merit” (Ord Náisiúnta “Tuillteanais”) (arna cheapadh ag Uachtarán na Rómáine as a tuillteanas i bhforbairt na dlí-eolaíochta agus in athchóiriú an chirt) (2000)
Tamara Ćapeta
Tamara Ćapeta
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Tamara Ćapeta in 1967 in Ságrab (An Chróit). Chuir sí tús lena cuid staidéir ag an Sveučilište u Zagrebu (Ollscoil Shágraib, an Chróit), áit ar bhain sí céim amach sa dlí in 1991. Lean sí lena cuid staidéir i gColáiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg)  áit ar bhain sí máistreacht ardléinn amach i ngnóthaí Eorpacha in 1993. Ag filleadh ar Sveučilište u Zagrebu, thosaigh sí ag scríobh tráchtais agus bhain sí dochtúireacht sa dlí amach in 2001.

Thosaigh an tUasal Ćapeta ar a slí  bheatha ghairmiúil in 1992 mar státseirbhíseach in Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Cróite, sa Roinn um Chomhtháthú Eorpach agus i Roinn Ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe le ceanncheathrú san Eoraip. Idir 1994 agus 1997, rinne sí obair thaighde ar phróiseas an chomhtháthaithe Eorpaigh ag an Institiúid za razvoj i međunarodne odnose (Institiúid Forbartha agus Caidrimh Idirnáisiúnta, an Chróit).

Thosaigh sí lena ghairm acadúil in 1997, mar chúntóir acadúil sa Roinn Dlí Tráchtála agus Trádáil Idirnáisiúnta i nDámh na hEacnamaíochta ag an Sveučilište u Zagrebu. Tá sí ina ollamh i nDámh an Dlí ag Sveučilište u Zagrebu ó 2002, áit a raibh sí ar dhuine de bhunaitheoirí na Roinne um Dhlí Poiblí na hEorpa.

Ó 2013 go 2014, ceapadh an tUasal Ćapeta mar Cheann-Aonad ar Aonad Aistriúcháin Teanga na Cróite ag Ard-Stiúrthóireacht Ilteangachais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus ina dhiaidh sin chuaigh sí ar ais i mbun a gníomhaíochtaí teagaisc ag an Sveučilište u Zagrebu. Ó 2015 go 2021, ceapadh í ina Ceann ar Roinn Dlí Poiblí na hEorpa agus ina Stiúrthóir ar an gClár Staidéar Iarchéime i nDlí na hEorpa. Bhí sí mar bhunaitheoir, in 2018, ar Ionad Barr Feabhais Jean Monnet, atá tiomnaithe do thaighde ar an smacht reachta, agus ghlac sí feidhmeanna mar chomhordaitheoir air ó 2018 go 2021.

Is údar í an Uasal Ćapeta ar roinnt foilseachán i réimse dhlí an Aontais Eorpaigh. Tá sí ina bunaitheoir ar iris idirnáisiúnta ar dhlí an Aontais, an t-aon cheann go dtí seo sa Chróit, a raibh sí ina príomh-eagarthóir uirthi freisin ó 2010 go 2015. I dteannta a gníomhaíochta teagaisc ag Sveučilište u Zagrebu, bhí sí mar ollamh ar cuairt i ndlí an Aontais faoi réir Chlár Malairte Dhámh an Dlí in Indiana University (Ollscoil Indiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá) idir 2005 agus 2010, agus ansin in 2016, in University of Pittsburgh (Ollscoil Pittsburgh, Stáit Aontaithe Mheiriceá) agus ag Zhōngguó Zhèngfǎ Dàxué (Ollscoil Eolaíochta Polaitiúla agus Dlí na Síne, an tSín). Déanann sí an dlí a theagaisc freisin do bhreithiúna agus státseirbhísigh na Cróite trí chláir oideachais leanúnacha i ndlí an Aontais, arna n-eagrú ag an Pravosudna akademija (Acadamh Breithiúnach, an Chróit) agus an Državna škola za javnu upravu (Scoil Stáit an Riaracháin Phoiblí, an Chróit).

In 2020, cheap Comhchoiste an Aontais Eorpaigh an tUasal Ćapeta mar chomhalta den phainéal eadrána faoi Chomhaontú Aistarraingthe na Ríochta Aontaithe, post ar scoir sí de tar éis a ceapacháin mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais.

Ceapadh Tamara Ćapeta ina hAbhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair, 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Hrvatske udruge za europsko pravo (CROSEL)
  • Comhalta de Chónaidhm Idirnáisiúnta Dhlí na hEorpa (FIDE)
  • Comhalta den University Association for Contemporary European Studies (UACES)
  • Comhalta den Hrvatski pravni centar (HPC)
  • Comhalta de Chumann Iar-Mhic Léinn Choláiste na hEorpa
  • Comhalta de Chumann Iar-Mhic Léinn Chrótacha Choláiste na hEorpa
  • Comhalta de Chumann Iarbhuaiteoirí Fulbright na Cróite
  • Comhalta den Hrvatske udruge za studij Europske unije (CEUSA)
  • Comhalta den bhord eagarthóireachta den Croatian Yearbook of European Law and Policy
  • Comhalta de choiste eolaíochta an Collana di Diritto per l’Economia del Dipartimento di Studi economico-aziendali e Diritto per l’Economia – de l’Università degli Studi di Milano-Bicocca
Laila Medina
Laila Medina
Abhcóide Ginearálta
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh Laila Medina in 1971 in Jelgava (an Laitvia). Rinne sí staidéar ag an IMO International Maritime Law Institute (IMO Institiúid an dlí idirnáisiúnta muirí, Málta) agus bhain sí máistreacht sa dlí idirnáisiúnta muirí amach in 1995. Níos déanaí, bhain sí máistreacht i ndlí an Aontais amach in 2002 ag an Rīgas Juridiskā augstskola (Ardscoil an Dlí, Riga, an Laitvia).

Ó 1995, thosaigh sí ag obair i seirbhísí Aireacht Iompair na Laitvia mar cheann na rannóige dlí agus mar leas-stiúrthóir ar an roinn mhuirí. D’fheidhmigh sí sna postanna sin go dtí 2002, bliain a ceapacháin san aireacht sin mar chomhairleoir don Státrúnaí ar ghnóthaí Eorpacha.

Ó 2004 go 2005, bhí post ag an Uasal Medina mar Leas-Cheann na hOifige um Ghnóthaí Eorpacha ag Seansailéireacht Stáit Phoblacht na Laitvia.

In 2005, thosaigh sí ag obair i seirbhísí Aireacht Dlí agus Cirt na Laitvia mar Stiúrthóir ar an roinn pleanála beartais. Ó 2006, ceapadh í mar Státrúnaí gníomhach don bheartas earnálach in san Aireacht Dlí agus Cirt, ansin mar Státrúnaí gníomhach don bheartas dlíthiúil ó 2009 go 2021.

Le linn a slí bheatha ghairmiúil tá an Uasal Medina i ndiaidh tabhairt faoi ghníomhaíochtaí teagaisc chomh maith. Idir 1998 agus 2006, bhí sí ina léachtóir le dlí na hEorpa agus le dlí institiúideach an Aontais Eorpaigh ag an Valsts administrācijas skola (Scoil Riaracháin Phoiblí, an Laitvia). In 2012, chuir sí oiliúint ar fáil do na breithiúna agus na nótairí ar Rialachán na Róimhe III. Faoi dheireadh, ó 2008, bhí sí ina comhalta de bhord na scoile dlí ag an Biznesa augstskola Turība (Ardscoil Ghnó Turība, an Laitvia).

Ceapadh an Uasal Medina mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.

Sainchúraimí, poist nó feidhmeanna gan phá eile
  • Comhalta den Eiropas Savienības tiesību asociācija
Teidil agus gradaim onóracha
  • Bonn Onóra an tríú haicme de chóras na mbreithiúna de Phoblacht na Laitvia : as feidhmiú eiseamláireach, macánta agus nuálach de na feidhmeanna oifigiúla i réimse an chirt agus as eolas agus gairmiúlacht na ndaoine a bhaineann leis an gcóras breithiúnach a fhorbairt (2011)
Alfredo Calot Escobar
Alfredo Calot Escobar
Cláraitheoir
Beathaisnéis agus gairmréim

Rugadh an tUasal Alfredo Calot Escobar in 1961 in Valencia (an Spáinn). Rinne sé staidéar ag an Universidad de Valencia (Ollscoil Valencia, an Spáinn), áit ar bhain sé chéim sa dlí amach in 1984.

I mí Eanáir 1986, d’earcaigh an Chomhairle um Chomhlachais Tráchtála de Rialtas Réigiúnach Valencia é le hoibriú mar anailísí gnó le hOifig Tráchtála na Spáinne in Toronto (Ceanada). D’oibrigh sé ann go dtí gur thosaigh sé ina phost i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an 16 Iúil 1986, ar tháinig sé isteach ann tar éis éirí leis i gcomórtas oscailte chun na céad phoist dhlí-theangeolaithe le Spáinnis a líonadh i Stiúrthóireacht an Aistriúcháin.

In 1990, tugadh ardú céime dó chuig post mar athbhreithneoir dlí agus bhí an post seo aige go dtí 1993, nuair a chuaigh sé isteach i seirbhís preasa agus faisnéise na Cúirte.

In 1995, d’éirigh leis i gcomórtas oscailte nua arna eagrú ag Parlaimint na hEorpa. Lig sé seo dó a bheith mar chuid de Rúnaíocht an Choiste um Ghnóthaí Institiúideacha, áit a raibh sé freagrach as tuarascálacha dlí éagsúla a ullmhú le haghaidh na gComhaltaí, go háirithe i gcomhthéacs na Comhdhála Idir-Rialtasaí a bhí ann sular tugadh Conradh Amstardam i gcrích.

In 1996, iarradh air dul isteach in oifig Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, áit ar oibrigh sé mar attaché go dtí 1999, nuair a ceapadh é ina Rúnaí Dlí don Abhcóide Ginearálta Dámaso Ruiz-Jarabo Colomer.

Ag tarraingt ar éagsúlacht a thaithí ghairmiúil, d’fhill sé ar sheirbhís aistriúcháin na Cúirte in 2000 mar Cheann-Roinne na Spáinnise, ar chuidigh sé lena bunú 14 bliana roimhe sin.

In 2001, ceapadh é mar Stiúrthóir an Aistriúcháin, ag am fíor-thábhachtach i stair an ilteangachais, toisc go raibh méadú de dheich mBallstát nua ar an Aontas agus leis sin, tháinig méadú nach mór faoi dhó ar líon na dteangacha oifigiúla, ó 11 go 20.

Tar éis d’athrú teacht ar struchtúr sheirbhísí riaracháin na hinstitiúide, ceapadh an tUasal Calot Escobar mar Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin i Meitheamh 2007.

Toghadh é mar Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais ar an 6 Deireadh Fómhair 2010, post atá aige ó shin tar éis dó athnuachan a fháil in 2016, ag deireadh a chéad téarma.

Teidil agus gradaim onóracha
  • Orden del mérito civil
  • Cruz distinguida de primera clase San Raimundo de Peñafort