Ealaín sa Chúirt

Eascraíonn féiniúlacht Eorpach as malartuithe agus saibhriú frithpháirteach idir chultúir náisiúnta éagsúla na mBallstát. Leagann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áit a dtarlaíonn idirphlé idir cultúir dhlíthiúla ar bhonn laethúil, tábhacht ar leith ar an ealaín, ar oidhreacht ríthábhachtach í do chultúr na hEorpa.

A bhuí le tacaíocht na mBallstát, caomhnaíonn institiúid bhreithiúnach an Aontais bailiúchán saothar ealaíne a léiríonn oidhreacht ilchultúrtha na hEorpa. Nochtann na saothair seo, ar bronntanais, taiscí agus iasachtaí iad, traidisiúin uathúla na mBallstát agus cuireann siad le cruthú, ina n-éagsúlacht, le “spiorad Eorpach”. De nádúr éagsúil agus ag eascairt ó réanna ar leith, is minic a spreagann siad smaointe na hEorpa, an cheartais, an chomhaontais, an chomhoibrithe agus na síochána.

Leis na chéad saothair – an ceann a thug an Fhrainc ar iasacht in 1969 chun an chéad seomra cúirte den Chúirt a mhaisiú, agus na cinn a choimisiúnaigh Lucsamburg, ó ealaíontóirí a rinne ionadaíocht ar na sé thír bhunaidh, chun an Palais a osclaíodh in 1973 a mhaisiú – cuirtear cinn eile le himeacht ama. Forbraíonn an oidhreacht ealaíne a chaomhnaíonn an Chúirt de réir chéimeanna na tógála Eorpaí agus stair na hinstitiúide féin.

Is spás taispeántais pribhléideach é suíomh ailtireachta iontach fhoirgnimh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh do na saothair ealaíne seo, a thagann ó gach cearn den Eoraip. Dóibh siúd a oibríonn san institiúid agus do chuairteoirí ar an gcúirt, má bhíonn siad in ann iad féin a thumadh leis an tsúil in iliomad na n-oibreacha sin is fianaise é do chómhaireachtáil chomhchuí agus iolrach chultúir éagsúla na mBallstát.

Photos