Cuairteoirí aonair

Is féidir le cuairteoirí aonair freastal ar éisteachtaí poiblí a bheidh ar siúil le linn théarmaí na Cúirte. Go hiondúil, bíonn siad ar siúil ar an Máirt, ar an gCéadaoin, agus ar an Déardaoin agus tosaíonn siad ar 9:30 ar maidin. Féadfaidh fad na n-éisteachtaí a bheith éagsúil. Féach ar an bhféilire breithiúnach chun éisteacht a roghnú. Ní gá clárú le Séirbhís na gCuairteanna roimh ré.

Iarrtar ar chuairteoirí aonair a dteastaíonn uathu freastal ar éisteacht phoiblí den Chúirt  Bhreithiúnais nó den Chúirt Ghinearálta iad féin a chur in aithne ag bealach isteach na gcuairteoirí (plean), lena c(h)árta aitheantais, pas nó ceadúnas tiomána d’fhonn suaitheantas aitheantais a fháil. Moltar do chuairteoirí teacht ar a laghad 15 nóiméad roimh an éisteacht. Tá líon na n-áiteanna teoranta agus ní féidir áit a chur in áirithe. I rith na héisteachta, ní mór do chuairteoirí cloígh le rialacha slándála agus rialacha iompair na Cúirte.