Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais

Foilsítear Tuairiscí na Cúirte Eorpaí i dteangacha oifigiúla de chuid an Aontais i gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta. Is foilseachán oifigiúil iad na Tuairiscí de chuid na gcúirteanna a chomhdhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. 

Comhdhéanamh na dTuairiscí

Go dtí an 1 Meán Fómhair 2016, an dáta a aistríodh dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta chuig an gCúirt Ghinearálta, ba Thuairiscí ginearálta na Cúirte a bhí ann i dTuairiscí na Cúirte Breithiúnais ina gcumhdaítear cásdlí de chuid na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, agus Tuairiscí na gCásanna Foirne ina gcumhdaítear cásdlí sheirbhís sibhialta na Cúirte Ginearálta agus Bhinse na Seirbhíse Sibhialta.

Ón 1 Meán Fómhair 2016 ar aghaidh, tá cásdlí (lena gcumhdaítear na cinntí arna dtabhairt ag an gCúirt Ginearálta agus ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le hábhair na seirbhíse sibhialta) foilsithe i dTuairiscí ginearálta na Cúirte amháin. 

Formáid na dTuairiscí

Foilsíodh Tuairiscí ginearálta na Cúirte agus Tuairiscí na gCásanna Foirne i bhformáid páipéir, go dtí 2011 agus 2009 faoi seach. Maidir leis an tréimhse roimh na dátaí sin, is é an leagan páipéir an t-aon fhoilseachán oifigiúil. Tá sé fós ar fáil ó Oifig na bhFoilseachán. Tá leagan pdf na gcinntí atá foilsithe sna Tuairiscí ar fáil freisin ar EUR-Lex.

Ón 1 Eanáir 2012 ar aghaidh (Tuairiscí ginearálta na Cúirte) agus ón 1 Eanáir 2010 ar aghaidh (Tuairiscí na gCásanna Foirne), faoi seach, tá na Tuairiscí foilsithe i bhformáid dhigiteach amháin ar shuíomh EUR-Lex (foilseacháin oifigiúla atá ar fáil saor in aisce). Cuirtear rochtain ar fáil leis an suíomh seo (Curia) ar na Tuairiscí a fhoilsítear ar EUR-Lex.

Is iad cinntí breithiúnacha atá sna na Tuairiscí digiteacha, in éineacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, más ann di, i bhformáid pdf. Chun rochtain ar na doiciméid sin a éascú, cuirtear eilimintí faisnéise eile leo, chomh maith leis na leaganacha html leis na naisc hipeartéacs. Níl an fhaisnéis sin cuid de Thuairiscí digiteacha na Cúirte agus níl aon charachtar oifigiúil aici.

 

Rochtain ar na Tuairiscí ar shuíomh Curia

Cuirtear in iúl leis an leathanach rochtana ar na Tuairiscí na doiciméid arna rangú ar bhonn cáis in ord croineolaíoch na gcinntí.

Tá naisc ag na deilbhíní  agus  sa tábla croineolaíoch chuig an téacs oifigiúil agus chuig an bhfógra doiciméadach in EUR-Lex faoi seach.

Cuirtear in iúl le deilbhín  liata nach bhfuil an doiciméad oifigiúil ar fáil go fóill sa teanga seiceála.

Tá faisnéis maidir le hachomhairc, athbhreithnithe nó ceartúcháin agus naisc chuig bunachar sonraí Curia ar fáil sa tábla croineolaíoch, chun léamh an doiciméid a éascú.

 

Critéir i dtaca leis an cásdlí a fhoilsiú sna Tuairiscí

Tá na critéir i dtaca le foilseachán sna Tuairiscí digiteacha maidir leis an gCúirt Bhreithiúnais agus leis an gCúirt Ghinearálta fós mar an gcéanna mar atá siad i leith na dTuairiscí arna bhfoilsiú i bhformáid páipéir.

An Chúirt Bhreithiúnais

Ón 1 Bealtaine 2004, is iad na doiciméid seo a leanas a fhoilsítear sna Tuairiscí:

  • breithiúnais de chuid na Cúirte Iomláine agus an Mhór-Dhlísheomra;
  • breithiúnais arna dtabhairt, in imeachtaí réamhrialaithe, ag na Dlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu agus ag na Dlísheomraí a bhfuil triúr Breithiúna iontu;
  • breithiúnais arna dtabhairt, in imeachtaí seachas imeachtaí réamhrialaithe, ag na Dlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu nó ag na Dlísheomraí a bhfuil triúr Breithiúna iontu, arna rialú le Tuairim ó Abhcóide Ginearálta; agus
  • Tuairimí arna dtabhairt de bhua Airteagal 218(11) CFAE.

Mura gcinnfidh foirmíocht na Cúirte lena mbaineann a mhalairt, ní fhoilsítear iad seo a leanas mar sin, sna Tuairiscí, mar riail:

  • breithiúnais arna dtabhairt seachas in imeachtaí réamhrialaithe, ag na Dlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu gan Tuairim Abhcóide Ghinearálta, agus
  • orduithe.

Ó mhí Mheán Fómhair 2011 ar aghaidh, is féidir leis na Dlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna ann cinneadh a dhéanamh, ar bhonn eisceachtúil, gan réamhrialú a fhoilsiú sna Tuairiscí.

An Chúirt Ghinearálta

Ó Mheán Fómhair 2005, mura gcinnfidh foirmíocht na Cúirte lena mbaineann a mhalairt, foilsítear iad seo a leans sna Tuairiscí:

  • breithiúnais an Mhór-Dhlísheomra;
  • breithiúnais na nDlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu.

 

Déanfaidh foirmíocht na Cúirte cinneadh faoi fhoilseachán breithiúnas de chuid na nDlísheomraí a bhfuil triúr Breithiúna iontu ar bhonn cás ar chás.

Ní fhoilsítear breithiúnais de chuid na Cúirte Ginearálta arna gcinneadh ag Breitheamh aonair ná orduithe maidir le cinneadh breithiúnach sna Tuairiscí, mura gcinntear a mhalairt.

Is féidir cinntí áirithe a fhoilsiú i bhfoirm sleachta.

 

Faisnéis maidir le cinntí nach bhfoilsítear sna Tuairiscí

Is féidir teacht ar na cinntí nach bhfoilsítear sna Tuairsiscí, de bhua na rialacha a leagtar amach thuas, faoin mír “Cásdlí” den suíomh seo sna teangacha atá ar fáil, is é sin, i dteanga an cháis agus i dteanga an phlé.

Tá faisnéis áirithe maidir leis na cinntí sin ar fáil i dTuairiscí ginearálta na Cúirte freisin.

 

Tuairiscí na gCásanna Foirne

An Chúirt Ghinearálta

Go dtí an 31 Lúnasa 2016, foilsíodh cinntí na Cúirte Ginearálta arna dtabhairt ar achomharc sa réimse dlí seirbhíse sibhialta i dTuairiscí na gCásanna Foirne i bhfoirm achoimre sna teangacha oifigiúla go léir, agus ina n-iomláine i dteanga an cháis. I gcásanna ar leith foilsíodh iad i dTuairiscí ginearálta na Cúirte freisin sna teangacha oifigiúla go léir.

Ón 1 Meán Fómhair 2016, tá cinntí de chuid na Cúirte Ginearálta maidir le díospóidí seirbhíse sibhialta foilsithe i dTuairiscí ginearálta na Cúirte, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach thuas.

Binse na Seirbhíse Sibhialta

Go dtí an 31 Lúnasa 2016, foilsíodh cinntí de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta i dTuairiscí na gCásanna Foirne i bhfoirm achoimre sna teangacha oifigiúla go léir, agus ina n-iomláine i dteanga an cháis agus i dteanga an phlé.

I gcás cinntí maidir leis an leas ginearálta, foilsíodh an téacs iomlán sna teangacha oifigiúla eile freisin. 

 

Teangacha oifigiúla

Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh:

Ón 1 Eanáir 1952:

An Ghearmáinis, an Fhraincis, an Iodáilis, agus an Ísiltíris

Ón 1 Eanáir 1973:

An Danmhairgis, an Béarla agus an Ghaeilge

Ón 1 Eanáir 1981:

An Ghréigis

Ón 1 Eanáir 1986:

An Spáinnis agus an Phortaingéilis

Ón 1 Eanáir 1995:

An Fhionlainnis agus an tSualainnis

Ón 1 Bealtaine 2004:

An tSeicis, an Eastóinis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Ungáiris, an Mháltais, an Pholainnis, an tSlóvaicis agus an tSlóivéinis

Ón 1 Eanáir 2007:

An Bhulgáiris agus an Rómáinis

Ón 1ú Iúil 2013:

An Chróitis

 

Leagadh síos bearta maolaithe sealadacha i leith na Máltaise (go dtí an 30 Aibreán 2007) agus i leith na Gaeilge (go dtí an 31 Nollaig 2021) le Rialacháin (CE) Uimh. 930/2004 agus 1738/2006 agus le Rialacháin Uimh. 920/2005 agus 2015/2264 ón gComhairle.