Eolas faoin ilteangachas agus faoin ilteangachas dlíthiúil

Comhdhéanta de 3 imleabhar agus ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, tugann an obair ar ilteangachas míniú don léitheoir ar an ilteangachas dlíthiúil mar atá sé ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déantar cur síos freisin ar ghnéithe éagsúla den ilteangachas mar a léirítear iad ag pearsantachtaí mór le rá ó na Ballstáit.

In Imleabhar 1 déantar cur síos ar fheidhmiú ilteangach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mínítear éabhlóid agus raon feidhme an ilteangachais dhlíthiúil agus conas a bhainistítear an t-ilteangachas sa Chúirt.

In Imleabhar 2 , tugtar le chéile rannchuidithe, ar ábhar an ilteangachais, ó phearsantachtaí mór le rá lena gcumhdaítear teangacha oifigiúla uile an Aontais agus na mBallstát.

Cuirtear aistriúchán d’Imleabhar 2 ar fáil in Imleabhar 3 i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.