Le blianta fada anuas, tá an Chúirt tiomanta do bheartas láidir comhshaoil, atá dírithe ar na caighdeáin is airde forbartha inbhuanaithe agus meas ar acmhainní nádúrtha. Léiríodh an tiomantas seo ó 2016 i leith lena chlárú EMAS (an Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht); bronntar an deimhniú seo arna rialú ag an Aontas Eorpach ar eagraíochtaí a chomhlíonann caighdeáin dhiana atá nasctha lena mbeartas comhshaoil agus lena n‑iarrachtaí chun an comhshaol a chaomhnú agus a gcleachtais oibre inbhuanaithe.
In 2024 (an bhliain dheireanach a ndearnadh iniúchadh agus bailíochtú ar fheidhmíocht chomhshaoil na Cúirte ag iniúchóir seachtrach deimhnithe, i nDeireadh Fómhair 2025), rinne an Chúirt tuilleadh dul chun cinn i gcúrsaí cosanta comhshaoil, mar a dhéanann sí gach bliain.
Maidir le fuinneamh, laghdaigh an Chúirt a tomhaltas téimh agus leictreachais go mór arís. Tá an fheidhmíocht seo suntasach de bharr gur cuireadh cabhlach iomlán de stáisiúin luchtaithe d'fheithiclí leictreacha agus hibrideacha i mbun seirbhíse in 2024.
Tá torthaí ag teacht ar na hiarrachtaí chun ídiú páipéir a laghdú freisin. Go háirithe, tá úsáid páipéir oifige ag leanúint de bheith ag titim go géar, mar gheall ar athruithe ar nósanna oibre agus ar dhigitiú leanúnach na nósanna imeachta agus na ndoiciméad.
Tá astaíochtaí CO2, atá tar éis titim go mór ó 2015, ag cobhsú anois. Léiríonn an fhorbairt dhearfach seo tionchar nithiúil na dtionscadal a cuireadh i gcrích le blianta beaga anuas, agus trí rannpháirtíocht na foirne agus sna gníomhartha dá bhforáiltear i mbeartas EMAS.
A bhuí leis an leibhéal feidhmíochta comhshaoil a baineadh amach in 2024 agus le comhlíonadh docht riachtanas chóras EMAS, d'éirigh leis an gCúirt a deimhniú EMAS a athnuachan den tríú huair in 2025. Dá bhrí sin, tá sí ag druidim le 2026 — bliain ina mbeidh comóradh 10 mbliana ar a clárú EMAS — leis an tiomantas agus an uaillmhian chéanna a lorg comhshaoil a theorannú.
Tá na táscairí comhshaoil maidir le huisce, dramhaíl, páipéar, téamh agus leictreachas ag teacht leis na táscairí do 2024. Déantar athruithe a chainníochtú trí thagairt do 2015, an bhliain tagartha do scéim EMAS.
Gníomhaíochtaí comhshaoil
-
Athchúrsáil dramhaíola a fheabhsú agus úsáid plaistigh aonúsáide a laghdú
-
Rannpháirtíocht i gcóras rothar féinseirbhíse Vel’OH agus tacaíocht do thaisteal rothaíochta agus traenach d’oibrithe trasteorann.
-
Stáisiún luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha a shuiteáil
-
Feabhas leanúnach a chur ar bhonneagar téimh, aerála agus aerchóirithe
-
3 466 m2 cill fhótavoltach chun 350 204 kWh a tháirgeadh (coibhéiseach le ceanglais bhliantúla 92 theaghais Lucsamburgacha)
Is é Coibhéis Lánaimseartha (FTE) an t‑aonad chun gníomhaíocht ghairmiúil neamhspleách a thomhas maidir le difríochtaí i líon na n‑uaireanta a oibrítear in aghaidh na seachtaine do gach ball foirne de bharr socruithe oibre éagsúla.