Sracfhéachaint ar 2025

A | An bhliain in íomhánna
B | An bhliain i bhfigiúirí

 
Start Scroll

A | An bhliain in íomhánna

Mí Eanáir

Gealltanas sollúnta an Choimisiúin Eorpaigh

Le linn éisteachtaí foirmiúla a tionóladh i mí Eanáir, i mí Feabhra, i mí an Mhárta agus i mí na Bealtaine, thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus comhaltaí an Choimisiúin an gealltanas sollúnta a éilítear sna Conarthaí mar chuid de cheapachán an Choimisiúin Eorpaigh nua.

Mí Feabhra

Gealltanas Sollúnta an Ombudsman Eorpaigh

Thug Teresa Anjinho, arna toghadh ag Parlaimint na hEorpa mar Ombudsman Eorpach, gealltanas sollúnta os comhair na Cúirte.

Mí an Mhárta

Cuairt sheirbhísí na Cúirte ar ECtHR

Chuaigh toscaireacht ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a raibh an Cláraitheoir agus ceannairí ranna éagsúla de sheirbhísí na Cúirte ina measc, go Strasbourg chun cuairt oifigiúil a thabhairt ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ghlac an toscaireacht páirt i neart cruinnithe timpeall ar bhoird maidir leis na dúshláin agus na deiseanna comhoibrithe idir an dá chúirt.

Mí an Mhárta

Éisteacht shollúnta na n-aitheasc cuimhneacháin

Tugadh ómós sollúnta do Uno Lõhmus, an chéad bhreitheamh ón Eastóin ag an gCúirt Bhreithiúnais (2004-2013), a fuair bás i mí Lúnasa 2024, agus Ena Cremona, an chéad bhreitheamh ó Mhálta ag an gCúirt Ghinearálta (2004-2012), a fuair bás i mí na Bealtaine 2024.

Mí an Mhárta

30 bliain ó aontachas na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach

Tionóladh searmanas ag an gCúirt chun comóradh a dhéanamh ar 30 bliain ó aontachas na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach. Ba é Uachtarán na Cúirte, Koen Lenaerts, a d’oscail an searmanas, agus thug mórphearsana na mBallstát sin óráidí lena linn, arna gcur i láthair ag comhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais.

© European Law Moot Court

Mí Aibreán

Babhta ceannais den chomórtas ‘European Law Moot Court’

In 1988 a eagraíodh ‘European Law Moot Court’ den chéad uair, ba í ollscoil Freiburg (an Eilvéis) a bhuaigh comórtas bréigchúirte na bliana seo 2025.

Mí Aibreán

Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt le chéile dá n-idirphlé bliantúil

Thionól Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt a n-idirphlé bliantúil maidir le feidhmiú chóras breithiúnach an Aontais i Lucsamburg den dara huair. Bunaíodh an t-idirphlé sin i gcomhthéacs an leasaithe ar Reacht na Cúirte Breithiúnais maidir le haistriú cuid den dlínse réamhrialaithe ón gCúirt Bhreithiúnais chuig an gCúirt Ghinearálta in ábhair shonracha.

Mí na Bealtaine

An Chúirt ar Lá na hEorpa

Ghlac an Chúirt páirt sa Phobailín Eorpach, arna eagrú ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh i Lucsamburg ar Lá na hEorpa, i gcomhar le hOifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i Lucsamburg. Bhí an t-imeacht ar siúl in Echternach i mbliana, baile in oirthear Lucsamburg.

Mí na Bealtaine

Trí shaothar ealaíne nua ar iasacht ag an gCúirt

I mí na Bealtaine, tugadh saothair an ealaíontóra Pholannaigh Magdalena Abakanowicz, Figury z cyklu Mędrcy (Samhlacha ón tsraith ‘Sages’) ar láimh go hoifigiúil don Chúirt, ar iasacht ón Ard-Mhúsaem in Wrocław, faoi choimirce Institiúid Adam Mickiewicz.

I mí Dheireadh Fómhair, thug Dánlann Chathair na Bratasláive an phéintéireacht Silence, leis an ealaíontóir Slóvacach Tamara Klimová, ar láimh go hoifigiúil don Chúirt.

Bhronn Músaem Náisiúnta Seandálaíochta Napoli (MANN). an dealbh mharmar, Brád Lykoûrgos, ar an gCúirt i mí Dheireadh Fómhair chomh maith. Léiríonn an obair reachtóir miotasach Sparta.

Mí na Bealtaine

Craoladh beo ar fhógairt bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta

Den chéad uair, fógraíodh breithiúnas de chuid na Cúirte Ginearálta beo. Tá an cur chuige sin tar éis cur le forbairt na modhanna agus na mbealaí cumarsáide atá ag an institiúid agus léiríonn sé gur mian léi go n-éascófar rochtain an cheartais Eorpaigh do shaoránaigh an Aontais.

Mí an Mheithimh

An chéad ghearrfhíseán míniúcháin a bhain le breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais a mhíniú

Sheol an institiúid bealach nua cumarsáide: gearrfhíseán míniúcháin le comhalta de chuid na Cúirte atá dírithe ar chur i láthair breithiúnais. Ar an gcaoi sin, tá an Chúirt ag cur le feiceálacht agus inrochtaineacht a cuid cinntí is tábhachtaí don phobal i gcoitinne agus do na meáin.

Mí an Mheithimh

Tabhairt mionna na gComhaltaí nua

Ag éisteacht shollúnta, thug Marko Bošnjak mionn ar ghlacadh a oifige mar Bhreitheamh de chuid na Cúirte Breithiúnais. Thug Danutė Jočienė agus Jörgen Hettne mionn a n-oifige mar Bhreithiúna de chuid na Cúirte Ginearálta.

Mí Iúil

‘EU Legal Summer School’

Ba i gcomhthéacs Lucsamburg a chur chun cinn mar áit fostaíochta d’fhoireann na n-institiúidí Eorpacha a d’eagraigh an Chúirt an chéad ‘EU Legal Summer School’ riamh, ina raibh breis is 30 mac léinn agus gairmí óg ó 24 náisiúntacht Eorpacha páirteach.

Mí Mheán Fómhair

An tríú comhdháil ‘EUnited in Diversity’

Reáchtáil Cúirt Bhunreachtúil na Bulgáire an 3ú Comhdháil ‘EUnited in Diversity’, arna heagrú i gcomhar leis an gCúirt. Dhírigh comhdháil na bliana seo, inar tugadh le chéile cúirteanna bunreachtúla na mBallstát, ar ról an cheartais bhunreachtúil i ndlíchóras comhchoiteann an Aontais Eorpaigh.

Mí Mheán Fómhair

Thosaigh comhaltaí nua ina ndualgais ag Cúirt Bhreithiúnais agus ag an gCúirt Ghinearálta, agus rinneadh athnuachan páirteach ar an gCúirt Ghinearálta

Tionóladh éisteacht shollúnta sa Chúirt chun imeacht comhaltaí áirithe agus mionnú comhaltaí nua a chomóradh. Rinneadh breitheamh de chuid na Cúirte Breithiúnais de Alexander Kornezov. Sa Chúirt Ghinearálta, chuir breithiúna nua tús lena dtéarma oifige: Francesco Bestagno, Raffaella Pezzuto agus Tanja Pavelin.

Mí Mheán Fómhair

Atoghadh Uachtarán agus Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta

Tar éis athnuachan pháirteach Chomhaltaí Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, atoghadh Marc van der Woude ina Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta don tréimhse 2025-2028. Atoghadh Savvas Papasavvas mar Leas-Uachtarán don tréimhse chéanna freisin.

Mí Mheán Fómhair

Cuairt na Cúirte ar Chúirt Bhunreachtúil na Beilge

Thug toscaireacht ón gCúirt cuairt ar Chúirt Bhunreachtúil na Beilge. Bhí na pléití dírithe ar ról na Cúirte Bunreachtúla mar chúirt Eorpach, ar chearta na n-eachtrannach, ar an gcomhionannas inscne agus ar an gcothromaíocht idir slándáil agus príobháideacht i dtimpeallacht dhigiteach.

Mí Mheán Fómhair

Cuairt na Cúirte ar Chúirt Bhunreachtúil na hIodáile

Thug toscaireacht ón gCúirt cuairt ar Chúirt Bhunreachtúil na hIodáile. Bhí na pléití dírithe ar ról na Cúirte Bunreachtúla mar chúirt Eorpach, ar an smacht reachta, ar an tslándáil agus ar an bpríobháideachas, mar aon le plé ar an tearmann agus ar imirce.

Mí Dheireadh Fómhair

Babhta Ceannais Chomórtas Dlíodóirí Óga na hEorpa

Babhta ceannais Chomórtas Dlíodóirí Óga na hEorpa, atá eagraithe ag Acadamh an Dlí Eorpaigh (ERA). Chuir foirne ó fud fad na hEorpa dlí an Aontais chun feidhme maidir le dlí maidir le cúrsaí digiteacha, cosaint sonraí, intleacht shaorga agus ceartas trasteorann. D’aighnigh siad a gcásanna os comhair coiste ina raibh breithiúna de chuid na Cúirte Ginearálta agus de lucht dlí gairmiúil.

Mí Dheireadh Fómhair

Lá Oscailte na Cúirte

Mar a dhéanann sí gach bliain, d’oscail an Chúirt a doirse don phobal i gcoitinne chun a cuid oibre, a cuid staire agus a cuid foirgnimh a chur ar taispeáint. Cuireadh fáilte roimh bheagnach 2 600 cuairteoir ar Lá Oscailte 2025, a chuir eolas ar a dtarlaíonn i ngan fhios don saol mór de ghnáth, ar na nósanna imeachta agus a chas le daoine a oibríonn inti, agus is ar an gcaoi sin a bhfaigheann siad tuiscint ar ról lárnach na Cúirte i misean an Aontais Eorpaigh.

Mí na Samhna

Cuairt na Cúirte ar an gCipir

Thug toscaireacht ón gCúirt Bhreithiúnais cuairt ar an gCipir le haghaidh comhráite leis an gCúirt Bhunreachtúil Uachtarach agus leis an gCúirt Uachtarach maidir leis an gcomhionannas, cosaint sonraí agus an nós imeachta tearmainn. Bhuail an toscaireacht freisin leis an Uachtarán Nikos Christodoulides, le hUachtarán Theach na nIonadaithe Annita Demetriou, leis an Aire Dlí agus Cirt Marios Hartsiotis agus leis an Ard-Aighne George Savvides.

Mí na Samhna

Cuairt na Cúirte ar Chúirt Uachtarach na Spáinne

Thug toscaireacht ón gCúirt Bhreithiúnais cuairt ar Chúirt Uachtarach na Spáinne i Maidrid, áit ar fháiltigh a hUachtarán Isabel Perelló Doménech í. Mar thoradh ar an gcuairt, bhí roinnt comhráite ar théamaí de dhlí an Aontais, ar chosaint na gceart bunúsach agus ar na dúshláin a bhaineann leis an smacht reachta agus an neamhspleáchas breithiúnach.

Mí na Samhna

Cuairt na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine ar an gCúirt

Thug toscaireacht ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine cuairt oifigiúil ar an gCúirt. Cruinnithe timpeall ar bhoird a bhí i gceist léi, agus saincheisteanna coiteanna á bplé, amhail barr leasa an linbh, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh sa ré dhigiteach agus rochtain ar nósanna imeachta tearmainn.

© Gabinete do Presidente, Supremo Tribunal de Justiça

Mí na Samhna

Cruinniú Ghréasán Breithiúnach an Aontais Eorpaigh

Tionóladh an 7ú cruinniú bliantúil de Ghréasán Breithiúnach an Aontais Eorpaigh i Liospóin, agus ionadaithe i láthair ó 47 ndlínse ar baill iad de. Bhí sé dírithe ar an agallamh idir breithiúntacht na hEorpa, agus díríodh ar an oibleagáid atá ar chúirteanna náisiúnta cásanna a tharchur mar chúirt céime deiridh.

Mí na Nollag

Fóram na mBreithiúna

D’fháiltigh an Chúirt do thart ar 150 breitheamh ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Thug an fóram seo deis do bhreithiúna náisiúnta a bheith ag agallamh go díreach le comhaltaí na Cúirte maidir le hábhair leasa choitinn, rud a neartaíonn an dlúthchomhar idir í agus na cúirteanna náisiúnta.

Mí na Nollag

Lá Feasachta Míchumas

Chun Lá Idirnáisiúnta na nDaoine faoi Mhíchumas a chomóradh, d’eagraigh an Chúirt 2 lá chun cur le feasacht. Tugadh an deis do rannpháirtithe, le go leor gníomhaíochtaí amhail an ealaín, an cultúr agus an chumarsáid:, fios a fháil ar na luachanna is dual do dhaoine faoi mhíchumas: an chruthaitheacht, an teacht aniar i bhfianaise na gconstaicí rompu, an fhíre iontu agus an cumas atá acu a bheith ina bhfoinse spreagtha do chách.

Mí na Nollag

Babhta ceannais chomórtas Thémis 2025

Is sa Chúirt a reáchtáladh babhta ceannais an Chomórtais, a bhí oscailte do na giúistísí a bheidh ag an Aontas amach anseo atá i dtosach a gcuid oiliúna. Tá an comórtas seo ar cheann de phríomh-thionscnaimh an Ghréasáin Eorpaigh um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB). Chuir ocht bhfoireann ó shé cinn de Bhallstáit a gcuid oibre i láthair, agus bhuaigh foireann na Rómáine an comórtas.

Mí na Nollag

Cuairt Chomhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa

Thug toscaireacht de chuid CCBE, a dhéanann ionadaíocht ar dhlíchumainn agus ar bharra 46 thír agus faoi stiúir a Uachtaráin, Thierry Wickers, cuairt oifigiúil ar an gCúirt. Díríodh, sna cruinnithe timpeall ar bhoird, ar imeachtaí breithiúnacha, neamhspleáchas na ndlíodóirí agus forbairtí teicneolaíochta, lena n-áirítear an intleacht shaorga agus craoladh éisteachtaí.

B | An bhliain i bhfigiúirí

An Institiúid in 2025

81
bhreitheamh
27
mBallstát
An Chúirt Bhreithiúnais
27
mbreitheamh
11
Abhcóide Ghinearálta
An Chúirt Ghinearálta
54
bhreitheamh
2 302
oifigeach agus ghníomhaire
61 %
mná
39 %
fir
Buiséad: EUR
537
mhilliún
Tá na poist seo a leanas ag mná:
54 %
de phoist mar riarthóirí
50 %
de phoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta
Le hionadaíocht na mban i bpoist freagrachta laistigh den riarachán, cuirtear an Chúirt os cionn mheán na nInstitiúidí Eorpacha.
Céatadán na ndoiciméad nós imeachta a seoladh trí e‑Curia:
92 %
Cúirt Bhreithiúnais
97 %
Cúirt Ghinearálta
12 903
chuntas rochtana e‑Curia
Is feidhmchlár teicneolaíochta é e‑Curia lena gcuirtear ar chumas ionadaithe páirtithe i gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, chomh maith le cúirteanna agus binsí náisiúnta i gcomhthéacs iarraidh ar réamhrialú os comhair na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta, doiciméid nós imeachta a mhalartú leis na Clárlanna trí mhodhanna leictreonacha amháin.

An bhliain bhreithiúnach (an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta)

1 878
gcás a tugadh isteach
2 301
chás a tugadh isteach
2 489
gcás atá ar feitheamh
Meánfhad na n-imeachtaí:
18.2

Na seirbhísí teanga

Mar institiúid bhreithiúnach ilteangach, ní mór don Chúirt a bheith in ann déileáil le cás, beag beann ar theanga oifigiúil an Aontais inar tugadh an cás isteach. Cinntíonn sí ansin go scaiptear a cásdlí sna teangacha oifigiúla go léir

24
theanga nós imeachta
552
phéire teanga
600
dlítheangeolaí chun doiciméid i scríbhinn a aistriú
1 405 000
leathanach le haistriú
1 386 000
leathanach aistrithe
511
éisteacht agus chruinniú le hateangaireacht chomhuaineach
69
n-ateangaire le haghaidh éisteachtaí agus cruinnithe

An tIlteangachas ag CBAE – rochtain chomhionann ar an gceartas a chinntiú
Ag an gCúirt, déantar aistriúcháin i gcomhréir le socruithe teanga éigeantacha lena ndéantar foráil gur féidir gach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a úsáid. Is téacsanna dlí an-teicniúil iad na doiciméid go léir atá le haistriú. Sin é an fáth nach bhfostaíonn seirbhís teanga na Cúirte ach dlítheangeolaithe a bhfuil a n-oideachas sa dlí críochnaithe acu agus a bhfuil sáreolas acu ar dhá theanga ar a laghad seachas a dteanga dhúchais.
go to top