A | Réamhrá an Chláraitheora
Ba chéim thábhachtach í an bhliain 2025 i bhforbairt na hinstitiúide — bliain uaillmhianach, a ceapadh chun a bonn a neartú agus í a ullmhú ag an am céanna do na hathruithe atá le teacht.
Alfredo Calot Escobar
Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais
Agus an uair seo linn ina bhfuil teicneolaíochtaí nua ag teacht chun cinn agus athstruchtúrú áirithe á dhéanamh ar an margadh saothair, ach i gcomhthéacs ina n-aithnítear go bhfuiltear ag súil le cuid mhór ón Aontas freisin, ní mór na luachanna a thacaíonn le feidhmiú na Cúirte — eadhon caighdeán agus luas an chirt, dlúthchaidreamh leis na saoránaigh, éagsúlacht teanga agus chultúrtha nó an bhainistíocht is fearr ar na hacmhainní a gcuirtear ar fáil dóibh — a thabhairt chun cuimhne athuair. Is chun a áirithiú go gcaomhnófar iad a rinne an Chúirt roinnt tionscadail straitéiseacha chun a chur ar a cumas dul i ngleic leis na hathruithe a rabhthas ag súil leo.
Ó thaobh na gníomhaíochta breithiúnaí de, ba é 2025 an chéad bhliain iomlán ó tháinig aistriú páirteach na dtarchur le haghaidh réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais chuig an gCúirt Ghinearálta i bhfeidhm. Chinntigh ranna uile na hinstitiúide, agus ullmhúchán críochnúil déanta acu chuige, go gcuirfí an t-athchóiriú chun feidhme gan bhac gan chonstaic agus go cumasach, rud a léirigh a gcumas dul in oiriúint d’athruithe agus a gcumas tacú leis an dá chúirt i bhfianaise na ndúshlán nua atá rompu amach. Tá an chéad mheasúnú ar chur chun feidhme an athchóirithe an-dearfach ar fad, ós rud é gur baineadh amach na cuspóirí uile: tá an t-aistriú ag cuidiú le feabhas a chur ar láimhseáil na gcásanna agus le lántairbhe a bhaint as an athchóiriú ar struchtúr Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chun tairbhe na ndaoine uile is ábhair don dlí. Ag an am céanna, bhí rath ar thabhairt isteach na rialacha nua maidir le foilsiú na mbarúlacha in imeachtaí um réamhrialú agus is deimhin go bhfaightear tuiscint níos fearr ar an sásra um réamhrialú agus ar na saincheisteanna dlíthiúla atá á bplé dá mbarr.
Ar cheann de thosaíochtaí eile na bliana, bhí sé i gceist go mbeadh an Chúirt i ngaire na saoránach. D'oibrigh ranna cumarsáide agus teicneolaíochta faisnéise na hinstitiúide go dlúth le chéile agus rinne siad iarrachtaí leanúnacha chun suíomh gréasáin nua na Cúirte a dhearadh, ar a bhfuil inneall cuardaigh atá athdheartha go hiomlán agus ar a ndéantar sruthú na n-éisteachtaí ar líne. Ag an am céanna, neartaíodh éagsúlacht na gcainéal cumarsáide, go háirithe le seoladh Curia Web TV, áis nua, nua-aimseartha agus oideachasúil a chuidíonn, trí mheán tarraingteach closamhairc, le tuiscint níos fearr a fháil ar ghníomhaíocht na gCúirteanna. I bhfocail eile, ní hamháin gur chruthaigh an institiúid suíomh gréasáin níos inléite agus níos so-úsáidte: tar éis iarrachtaí a dhéanamh a láithreacht ar na meáin shóisialta a neartú, chuir sí nuachóiriú a bheartais cumarsáide seachtraí i gcrích i dtreo an phobail i gcoitinne agus i dtreo na nglúnta óga.
Is í an tarraingteacht an prionsabal atá mar threoir do bheartas roinn acmhainní daonna na Cúirte anuas air sin, a bhfuil go leor tionscnamh curtha chun feidhme tríd chun feabhas a chur ar a cumas iarrthóirí ó na Ballstáit uile agus na próifílí uile a mhealladh. Dá bhrí sin, tá an institiúid tiomanta próisis earcaíochta níos tarraingtí, níos cuimsithí agus níos trédhearcaí a chruthú chun an líon iarrthóirí a bhfuil suim acu a bheith páirteach sa Chúirt a leathnú. Bhí roinnt gníomhartha dírithe ar dhálaí na dtréimhsí oiliúna a fheabhsú go díreach, ar chaoi gurb é atá i gceist leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil d’oiliúnaithe ná go bhfaigheann gach céimí óg ar mian leis eolas a fháil ar an institiúid cothrom na Féinne chuige sin. Ba é a bhí i gceist le cinn eile ná dlús a chur le gníomhartha chun feasacht a mhúscailt i measc na mBallstát ar lú an ionadaíocht a dhéantar ar a náisiúntachtaí san institiúid, agus é de mhian aici éagsúlacht chultúrtha agus teanga a foirne a neartú. Ar deireadh, chuir roinnt tionscnamh ar chumas na Cúirte a beartas inrochtaineachta agus cuimsithe a fhorbairt ar bhealach níos doimhne, chun an deis a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas teacht isteach san institiúid ar bhonn buan agus a áirithiú go mbeidh sé ag éirí níos uaillmhianaí sa réimse sin gach lá.
Agus í díograiseach maidir lena mianach nuálach, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gCúirt ó thaobh na teicneolaíochta de. Leanadh le comhtháthú agus forbairt acmhainní atá bunaithe ar an intleacht shaorga, in éineacht le hobair shuntasach ar fhorbairt creat eiticiúil atá lán-oiriúnaithe do riachtanais mhisean breithiúnach na Cúirte. Ó Chairt Eiticiúil um Chomhtháthú na hIntleachta Saorga a ullmhú chomh fada le treoirlínte sonracha a rialaíonn úsáid uirlisí IS a úsáidtear laistigh den institiúid a fhorbairt, tá an Chúirt ag iarraidh úsáid na n-acmhainní a bhfuil dea-chruthaíocht orthu a éascú, atá ag feabhsú i gcónaí. Mar sin féin, tá tuiscint mhaith ar a gcuid teorainneacha ag teastáil, ar an mbaol a bhaineann leo agus ar an ngá atá leis an maoirseacht dhaonna a chinntiú i gcónaí. Dá bhrí sin, tá an Chúirt ag leanúint ar aghaidh go diongbháilte, ach go cúramach, go háirithe trí na cúrsaí oiliúna a thairgtear don fhoireann a leathnú chun tacú leo i dtaca leis na nuálaíochtaí seo a úsáid.
Luachanna láidre, uaillmhianta soiléire agus tiomantas gan stad gan staonadh i bhfabhar chaighdeán an cheartais Eorpaigh: Achoimre é sin ar an méid a bhí i gceist mar bhliain bhródúil do sheirbhísí na hinstitiúide in 2025.
C | Caidreamh leis an bpobal
Cuairt ar an gCúirt
Oibríonn an Chúirt chun an institiúid a thabhairt níos gaire do shaoránaigh trí chuairteanna agus seimineáir a eagrú a chuidíonn le tuiscint níos fearr ar dhlí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn, a bhuí le cláir shaincheaptha. Tugann na cuairteanna tuiscint níos fearr ar ról chúirteanna an Aontais Eorpaigh agus ar an tionchar praiticiúil a bhíonn ag a cásdlí ar shaol laethúil na saoránach, agus spreagann na seimineáir, atá dírithe go príomha ar bhreithiúna náisiúnta, plé idir breithiúna náisiúnta agus Eorpacha. Fáiltíonn an Chúirt cuairteoirí éagsúla ar a cuid áiseanna, ach cuireann sí cuairteanna fíorúla ar fáil freisin, lena n‑áirítear clár oideachais ar líne a ligeann do dhaltaí meánscoile foghlaim faoi cheartas an Aontais Eorpaigh óna seomraí ranga. In 2025, ghlac 412 dhalta meánscoile páirt sa chlár sin.
Tuiscint ar cheartas an Aontais
Tá preasoifigigh Stiúrthóireacht na Cumarsáide, dlíodóirí oilte, freagrach as breithiúnais, orduithe agus tuairimí agus cásanna leanúnacha, a mhíniú don lucht iriseoireachta agus do dhaoine eile ar suim leo iad. Dréachtaíonn siad preaseisiúintí chun iriseoirí agus cleachtóirí a chur ar an eolas i bhfíor-am faoi chinntí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta. Eisíonn siad, do dhaoine a bhfuil iarratas déanta acu chuig preasoifig na Cúirte, nuachtlitreacha rialta ag fógairt imeachtaí tábhachtacha nós imeachta agus institiúideacha, chomh maith le bileoga ‘info-rapid’ ar ábhair nach bhfuil clúdaithe ag preasráitis. Ina theannta sin, freagraíonn siad ríomhphoist agus glaonna ón bpobal chuig an gCúirt maidir le gnéithe éagsúla dá cuid oibre (eolas nós imeachta, míniúcháin ar bhreithiúnais, ról na Cúirte, cabhair leis an suíomh gréasáin, srl.).
Fan ar an eolas trí mheán sóisialta na Cúirte
Chun faisnéis a scaipeadh go díreach agus láithreach, tá an Chúirt gníomhach ar na meáin shóisialta trína cuntais LinkedIn agus Mastodon, a dá chuntas X (ceann amháin i bhFraincis agus ceann amháin i mBéarla), agus a cuntais Bluesky agus Threads. Tá cainéal WhatsApp agus cainéal YouTube aici freisin a chraolann ábhar closamhairc éagsúil sna 24 teanga oifigiúla, lena n‑áirítear beochana atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne chun tionchar chásdlí na Cúirte ar shaol laethúil na saoránach a mhíniú, agus cláir Curia Web TV. D’fhoilsigh an Chúirt dhá físeán nua in 2025 ar YouTube:
Trédhearcacht bhreithiúnach
Cad a tharlaíonn nuair nach n-urramaíonn tír dlí an Aontais Eorpaigh?
Seoladh cuntas Instagram na Cúirte in 2025 agus tá sé dírithe ar lucht féachana níos leithne agus níos óige, ag cur a cuid gníomhaíochtaí chun cinn trí chumarsáid amhairc agus mhealltach.
Tá líon na leantóirí ar fud ardáin uile na Cúirte de shíor ag méadú, rud a léiríonn suim an phobail ina gníomhaíochtaí.
Éisteachtaí agus cinntí a leanúint i bhfíor-am
Chun rochtain ar a gníomhaíocht bhreithiúnach a éascú, cuireann an Chúirt córas ar fáil chun éisteachtaí a chraoladh.
Déantar tabhairt breithiúnas ag an gCúirt Bhreithiúnais agus léamh thuairimí na nAbhcóidí Ginearálta a chraoladh beo. Is amhlaidh an scéal freisin i gcás breithiúnais agus tuairimí áirithe de chuid na Cúirte Ginearálta. De réir na Rialacha Imeachta, craoltar éisteachtaí na Cúirte Breithiúnais ina mbíonn argóintí ó bhéal le moill. Baineann sé seo le héisteachtaí os comhair na Cúirte iomláine, an Mhór-Dlísheomra nó, go heisceachtúil, Dlísheomra ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí. Fanann an taifeadadh físe d’éisteacht ar fáil ar shuíomh gréasáin Curia ar feadh míosa.
I gcás breithiúnais chinniúnacha, cuireann breitheamh a bhí ar an gcás cinneadh na Cúirte Breithiúnais i láthair le hachoimre míniúcháin closamhairc, ag úsáid teanga shoiléir agus shothuigthe (féach tuilleadh faoi ‘An córas ceartais Eorpach a dhéanamh níos trédhearcaí’).
Sular gcraoltar na héisteachtaí, cuirtear míniúcháin ar an gcás ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte i dteangacha na héisteachta agus roinntear é ar na meáin shóisialta.