Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cosaint dhlí an Aontais a chinntiú
Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar cheann de na seacht n-institiúid Eorpacha.
Mar institiúid bhreithiúnach de chuid an Aontais, is é an cúram atá uirthi a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais trí léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gConarthaí a áirithiú agus trí athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gníomhartha arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú.
Cabhraíonn an Institiúid le luachanna an Aontais a chaomhnú agus, trína cásdlí, leis an Eoraip a thógáil.
Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh comhdhéanta de dhá chúirt: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta.
Réamhrá an Uachtaráin
Gach bliain, tugtar san Athbhreithniú ar an mbliain, tuarascáil bhliantúil na Cúirte, amharc siar ar an mbliain a d’imigh thart agus féachtar don mhéid a d’fhéadfadh tarlú sa todhchaí. Deis atá ann freisin breathnú ar ár ngnímh i gcomhthéacs níos leithne stair na hInstitiúide agus na lánpháirtíochta Eorpaí
Koen Lenaerts
Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
An 10 Nollaig 1952, le linn shuí oscailte na Cúirte a bunaíodh le Conradh Pháras, rinne Massimo Pilotti, an chéad uachtarán ar an gCúirt, tagairt ina óráid don fhile agus polaiteoir Iodálach Dante Alighieri: ‘ubicumque potest esse litigium, ibi debet esse judicium’ (‘i gás agóid a bheith ann, ní mór go mbeidh breithiúnas ann mar réiteach’). Luaigh sé freisin go raibh mar mhisean ag an gCúirt a chinntiú do chách — ‘Stát, cuideachta nó daoine aonair fiú’ — meas ar na teorannacha inár gá comhlachtaí an Chomhphobail a choinneáil.
An lá céanna, chuir Jean Monnet fáilte roimh an gcúirt nua ‘ní hamháin mar Chúirt an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach ach freisin mar Chúirt Eorpach uachtarach chónaidhme fhéideartha’, siombal ar ‘údarás deiridh an dlí sa Chomhphobail’. Níos mó ná 70 bliain níos déanaí, spreagann na príomhbhunaitheoirí sinn go fóill inár n-obair laethúil. Soiléirítear leo an dul chun cinn a rinneadh in 2025 agus na dúshláin atá in ann dúinn in 2026.
Ba é 2025 an chéad bhliain iomlán den athchóiriú a tháinig i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2023, lena bhforáiltear don aistriú páirteach dlínse chun réamhrialuithe ón gCúirt Bhreithiúnas a shannadh don Chúirt Ghinearálta in 6 ábhar shonracha (CBL, dleachtanna máil, an Cód Custaim, rangú taraife, cearta aerphaisinéirí agus córas trádála astaíochtaí). Táthar an-sásta leis na torthaí a baineadh amach go dtí seo. Tá an t-athchóiriú bunaithe ar shásra ‘one-stop shop’, faoina gcuirtear gach iarratas ar réamhrialú faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, a chinneann ansin tar éis breithniú inmheánach an bhfuil siad le haistriú go dtí an Chúirt Ghinearálta nó le fanacht sa Chúirt Bhreithiúnais. Ónar tháinig an t-athchóiriú i bhfeidhm, láimhseáil an one-stop shop níos mó ná 100 iarraidh ar réamhrialú, agus aistríodh thart ar 90 % acu sin go dtí an Chúirt Ghinearálta mar tháinig siad faoi réir ceann de na sé ábhar shonracha a míníodh thuas.
Tháinig roinnt athruithe ar chomhdhéanamh chúirteanna an Aontais in 2025 freisin. Sa Chúirt Bhreithiúnais, ceapadh beirt bhreithiúna nua, duine acu a tháinig ón gCúirt Ghinearálta. Sa Chúirt Ghinearálta, rinneadh cúigear nua a cheapadh, beirt acu sin chun teacht i gcomharbas ar na comhaltaí a ceapadh mar bhreithiúna sa Chúirt Bhreithiúnais. Ina theannta sin, i mí Mheán Fómhair 2025, rinne rialtais na mBallstát téarmaí oifige 19 mbreitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse 2025-2031. An tráth céanna, rinneadh Marc van der Woude a atoghadh mar Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta dá thríú téarma agus atoghadh Savvas Papasavvas mar Leas-Uachtarán.
Le linn 2025, rinne an Institiúid forbairtí ar an athchóiriú ar a beartas cumarsáide, go háirithe trí sheisiúin eolais chlosamhairc arna gcur i láthair ag Comhaltaí na Cúirte Breithiúnais sna cásanna is suntasaí. Tugann breitheamh ón dlísheomra a thug an breithiúnas achoimre bheacht mhínithe ar thionchar an cháis agus conas a réitigh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna dlí a ardaíodh. Ag an am céanna, rinneadh dul chun cinn ar roinnt tionscadail mhóra ionas go bhféadfaí iad a sheoladh an tráth céanna chomh luath agus Eanáir 2026: athdhearadh shuíomh gréasáin Curia, príomhthairseach na hInstitiúide, inneall cuardaigh nua a fhorbairt agus na hathruithe a rinneadh ar Curia Web TV, a bhí ina ardán closamhairc inmheánach roimhe seo, chun é a athrú go huirlis le haghaidh cumarsáid sheachtrach a chuirfidh leis na bealaí cumarsáide atá ann cheana.
Ó thaobh forbairtí teicneolaíochta, tá ról lárnach go fóill ag an intleacht shaorga i ndul chun cinn na hInstitiúide. I mbliana, rinneadh roinnt uirlisí bunaithe ar an intleacht shaorga a sheoladh nó a thástáil, go háirithe Curia AI Brain, ardán don úsáid inmheánach a d’fhorbair an Chúirt í féin lena mbeartaítear a chur ar fáil don fhoireann cúntóirí AI speisialta lena bhfreastal ar shainriachtanais na Cúirte.
Ar deireadh, in 2025 bhí comóradh 25 bliana na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Chun an ócáid sin a cheiliúradh agus an méid a chuir an Chairt leis an gcásdlí agus cearta an duine a chosaint, beidh an chéad fhóram eile na mBreithiúna, a reáchtálfar sa Chúirt i mí an Mhárta 2026, go hiomlán dírithe ar an áit lárnach atá ag an gCairt i ndlíchóras an Aontais.
Leis na tionscadail seo agus le díriú daingean ar an todhchaí, d’fhan an Chúirt dílis dá misean ó 1952 i leith: meas ar an dlí, muinín na saoránach agus seasmhacht dhlíchóras an Aontais a chinntiú.