Institiúid atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

 
Start Scroll

Le roinnt blianta anuas, tá beartas comhshaoil uaillmhianach á shaothrú ag an gCúirt atá dírithe ar na caighdeáin is airde maidir le forbairt inbhuanaithe agus caomhnú an chomhshaoil a bhaint amach.

Faoi mar a tharlaíonn gach bliain, tugann an Institiúid cuntas ar fhorbairtí sna táscairí is déanaí atá ar fáil di, eadhon na táscairí sin le haghaidh 2021.

Tá bainistiú ar champas foirgneamh na hInstitiúide agus bainistiú laethúil na n-acmhainní agus na n-uirlisí a chuirtear ar fáil di bunaithe ar an imní leanúnach maidir le meas ar an gcomhshaol, mar a léirítear le clárú EMAS (Eco-Management and Audit Scheme) ó 2016 i leith. Déantar clárú EMAS, arna chruthú le rialachán Eorpach, a dheonú d’eagraíochtaí a chomhlíonann coinníollacha dochta atá nasctha lena mbeartas comhshaoil agus lena n-iarrachtaí chun an comhshaol agus an fhorbairt inbhuanaithe a chaomhnú. Is aitheantas láidir é ar thiomantas éiceolaíoch na Cúirte agus ar an ardfheidhmíocht chomhshaoil a baineadh amach.

Ina ráiteas bliantúil comhshaoil, chuir an Chúirt cuntas mionsonraithe i láthair ar a feidhmíocht chomhshaoil agus ar thionscadail éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo laistigh den institiúid. Mar shampla, d’fhorbair an Chúirt modúl oiliúna ar líne do gach duine nua chun iad a chur ar an eolas faoi ghnéithe comhshaoil a gcuid oibre laethúla, ag spreagadh nósanna cearta a ghlacadh ó thaobh na ríomhaireachta agus an trealaimh oifige, na húsáide fuinnimh, uisce agus cóireála dramhaíola de, chomh maith lena ngluaiseachtaí.

I measc na ngníomhartha nithiúla a rinneadh le déanaí, chuir an Chúirt líonra d’fhoinsí uisce ar fáil dá foireann, d’fhonn úsáid na mbuidéal plaisteacha a laghdú go mór. Nuair a tháinig siad ar ais ag obair sna hoifigí tar éis na paindéime, dháil an Chúirt buidéil uisce in-athúsáidte freisin chun iad a spreagadh na foinsí seo a úsáid. Leis an gcóras soláthair uisce óil, faightear réidh le húsáid buidéal plaisteach.

Maidir le tomhaltas páipéir, tá spriocanna cainníochtaithe socraithe ag an gCúirt den chéad uair le haghaidh 2022-2023: laghdú 10% i gcomparáid le 2019 in 2022 agus laghdú breise 5% in 2023. Ina theannta sin, i mí Mheán Fómhair 2022, chinn coiste EMAS líon na gclódóirí pearsanta a laghdú faoi leath. Seoladh na chéad chéimeanna den chleachtadh sin i mí na Nollag 2022.

Tá tionchar dearfach ag an bhfeidhmchlár ‘e-Curia’ a úsáid go ginearálta chun doiciméid chúirte a mhalartú idir ionadaithe na bpáirtithe agus cúirteanna an Aontais, ar an gcomhshaol freisin. Mar shampla, dá mba rud é gur comhdaíodh leathanaigh uile na ndoiciméad nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus chuig an gCúirt Ghinearálta trí e-Curia in 2022 (beagnach 1 mhilliún leathanach) i bhfoirm páipéir lena sraitheanna cóipeanna riachtanacha, chruthófaí leis sin doiciméid a bheadh ag teacht le roinnt tonna páipéir, ar doiciméid iad nach mór, ina theannta sin, a iompar go fisiciúil go Lucsamburg.

  • Feabhas leanúnach ar athchúrsáil dramhaíola: sórtáil roghnach agus aisghabháil uirlisí oifige (tionscadal píolótach)
  • Rannpháirtíocht sa chóras rothaíochta féinseirbhíse Vel’OH agus tacaíocht don rothaíocht
  • Feabhas leanúnach a chur ar bhonneagar téimh, aerála agus aerchóirithe
  • Laghdú dramhaíola (oifigí agus lónadóireacht) - 59.8% kg/FTE
  • Laghdú ar thomhaltas uisce - 38.2% m3/FTE
  • Laghdú ar thomhaltas páipéir - 58.4% kg/FTE
  • Laghdú ar thomhaltas leictreachais - 5.9% kWh/FTE
  • 3 466 m2 cill fhótavoltach chun an méid seo a leanas a tháirgeadh 380 041 kWh coibhéiseach le ceanglais bhliantúla 69 dteaghlach
  • Laghdú ar astaíochtaí carbóin - 34.3% kg CO2/FTE

Aonad is ea Coibhéis Lánaimseartha (FTE) chun gníomhaíocht ghairmiúil neamhspleách a thomhas maidir le difríochtaí i líon na n-uaireanta a oibrítear in aghaidh na seachtaine do gach ball foirne de bharr socruithe oibre éagsúla.

Tá na táscairí comhshaoil maidir le huisce, dramhaíl, páipéar agus leictreachas ag teacht leis na táscairí do 2021. Déantar athruithe a chainníochtú trí thagairt do 2015, an bhliain tagartha.

Déantar na luaineachtaí móra sna táscairí éagsúla a mhíniú trí chineál eisceachtúil 2021 mar gheall ar an ngéarchéim sláinte.

go to top