A | An bhliain in íomhánna
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-1.jpg)
Eanáir
Ceiliúradh 70 bliain ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Seolann an Chúirt an comóradh dá ceiliúradh 70 bliain. Is é an téama a ghabhann leis na hócáidí i rith na bliana ná ’Ceartas gar don saoránach’. Ar na hardáin Mastodon agus Twitter, breathnaíonn an Chúirt siar ar na príomhimeachtaí a tharla le 70 bliain anuas.
#CJUEen70jours #CJEUin70days
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-2.jpg)
Márta
Tabhairt isteach an tsínithe leictreonaigh
Maidir le dlús a chur le próisis digitithe, úsáidtear an síniú leictreonach cáilithe chun breithiúnais agus orduithe na Cúirte Ginearálta a shíniú.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-3.jpg)
Márta
Tionscnamh na caingne RT France v an Chomhairle
I gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin agus na smachtbhannaí arna nglacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i gcoinne na Rúise, cuireann cainéal RT France i gcoinne an toirmeasc ar chraoltóireacht a fhorchuirtear air os comhair na Cúirte Ginearálta (T‑125/22).
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-4.jpg)
Márta
Tionscnamh na caingne Hamoudi v Frontex
Éilíonn náisiúnach Siriach damáistí ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) as a iompar neamhdhleathach i gcomhthéacs na hoibríochta ‘frithbheartaíochta’ sa Mhuir Aeigéach an 28 agus an 29 Aibreán 2020 (T‑136/22).
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-5.jpg)
Aibreán
Tionscnamh na gcaingne an Pholainn v an Coimisiún
Déanann an Pholainn agóid os comhair na Cúirte Ginearálta maidir leis an aisghabháil a thionscain an Coimisiún ar an íocaíocht phionósach laethúil EUR 500 000 arna hordú ag an gCúirt Bhreithiúnais (C‑121/21 R) i gcás mianadóireacht ligníte i ‘Mianaigh Turów’ (T‑200/22 agus T‑314/22).
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-6.jpg)
Aibreán
Éisteachtaí ón gCúirt Bhreithiúnais a shruthú
Tá an Chúirt Bhreithiúnais ag cur tús le córas sruthaithe d’éisteachtaí, craoladh de bhreithiúnais agus de léamh tuairimí, lena gcuirtear ar chumas gach duine freastal ar éisteacht cibé áit ina bhfuil cónaí orthu.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-7.jpg)
Bealtaine
Taisceadh na hiarrata ar réamhrialú in Tez Tour
I gcomhthéacs phaindéim Covid-19, iarrann Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (an Liotuáin) ar an gCúirt Bhreithiúnais an Treoir maidir le taisteal láneagraithe agus na socruithe taistil nasctha a léiriú chun soiléiriú a dhéanamh ar na coinníollacha chun conradh taistil láneagraithe a fhoirceannadh gan aon táille a íoc (C‑299/22).
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-8.jpg)
Bealtaine
Babhta ceannais an chomórtais ‘European Law Moot Court’
Is é European Law Moot Court, a eagraíodh den chéad uair in 1988, an comórtas pléadála is tábhachtaí ar domhan do dhlí an Aontais. Is í an Ollscoil Lund (an tSualainn) an fhoireann a bhuaigh eagrán 2022.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-9.jpg)
Bealtaine
Lá na hEorpa
Chun ceiliúradh Dhearbhú Schuman a chomóradh, cuireann an Chúirt fáilte roimh shaoránaigh in Esch-sur-Alzette, Príomhchathair Chultúir na hEorpa in 2022. Sna caolsráideanna i Sráidbhaile na hEorpa, éisteann foirne deonacha na Cúirte leis na saoránaigh agus freagraíonn siad a gcuid ceisteanna. Tá an feachtas ar na meáin shóisialta EU Voice agus Twitter freisin le postálacha lena gcuimsítear na haischlibeanna #ECJDidYouKnow faoi shaol cáis agus #AskCuria, arna ndáileadh mar fhreagra ar cheisteanna arna gcur ag saoránaigh.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-10.jpg)
Bealtaine
Cuairt oifigiúil ó thoscaireacht de chuid na Cúirte ar an gCróit
Buaileann comhaltaí na Cúirte Breithiúnais leis an bPríomhAire, le comhaltaí an rialtais agus le hUachtaráin de chuid Chúirt Uachtarach agus Chúirt Bhunreachtúil na Cróite. Ag comhdháil i Ságrab, pléann siad comhar breithiúnach, an nós imeachta um tharchur chun réamhrialú, ról na gcúirteanna is airde chun aonfhoirmeacht an dlí a áirithiú, téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra agus an barántas gabhála Eorpach.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-11.jpg)
Meitheamh
Ómós do na breithiúna G. Falcone agus P. Borsellino
Ar cheiliúradh 30 bliain ó bhás na mbreithiúna frith-mhaifia Iodálacha Giovanni Falcone agus Paolo Borsellino agus in ómós dóibh siúd go léir a chosnaíonn an smacht reachta, tá an Institiúid ag óstáil go heisceachtúil sa Mhórsheomra léiriú den dráma L’Ultima estate – Falcone e Borsellino trent’anni dopo ó Claudio Fava.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-12.jpg)
Meitheamh
Laethanta Nuálaíochta Idirinstitiúideacha
Cuireann an Chúirt fáilte roimh an gCoiste Idirinstitiúideach um Chlaochlú Digiteach (CITN): tugann ceannairí institiúidí an Aontais i réimse na teicneolaíochta agus na faisnéise aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le ceannasacht dhigiteach, comhroinnt acmhainní digiteacha, intleacht shaorga agus cibearshlándáil.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-13.jpg)
Meitheamh
Cuairt a Soilse, Katerina Sakellaropoulou, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí
Cuireann Uachtarán agus comhaltaí na Cúirte fáilte roimh a Soilse, Katerina Sakellaropoulou, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, ar feadh seisiún oibre. Freastalaíonn sí ar chur i láthair ginearálta maidir leis an Institiúid agus an Ilteangachas.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-14.jpg)
Iúil
Cruinniú Ghréasán Breithiúnach an Aontais Eorpaigh (GBAE)
Tá comhaltaí Ghréasán Breithiúnach an Aontais Eorpaigh, atá deartha chun idirphlé a chur chun cinn idir cúirteanna uachtaracha agus bunreachtúla na mBallstát, ag teacht le chéile chun tuairimí a mhalartú, go háirithe, ar ábhar an cheartais gar don saoránach.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-15.jpg)
Iúil
Taisceadh na hiarrata ar réamhrialú in RTL Nederland agus RTL Nieuws
Diúltaíonn Aireacht Dlí agus Cirt agus Slándála na hÍsiltíre, ar chúiseanna rúndachta, rochtain a thabhairt ar fhaisnéis maidir le tuairt an eitleáin MH17 (a tugadh chun talún os cionn na hÚcráine in 2014) do phreaseagraíocht RTL Nederland. Iarrann Raad van State (an Ísiltír) ar an gCúirt Bhreithiúnais an bhfuil an diúltú sin ag luí leis an tsaoirse chun faisnéis a fháil agus tuairimí a nochtadh (C‑451/22).
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-16.jpg)
Meán Fómhair
An Chúirt i gcoinne na géarchéime sláinte
Ina tuarascáil iniúchóireachta, molann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa acmhainneacht na Cúirte le linn phaindéim Covid-19, toisc gur fhreagair an Institiúid go tapa agus go solúbtha, ag tógáil ar na hinfheistíochtaí a rinneadh cheana sa chlaochlú digiteach.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-17.jpg)
Meán Fómhair
Cuairt na Cúirte ar an Róimh
Tagann comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus Chúirt Bhunreachtúil na hIodáile le chéile sa Róimh chun téamaí maidir leis an bhféiniúlacht náisiúnta, comhionannas na mBallstát roimh na Conarthaí, an smacht reachta agus neamhspleáchas na mbreithiúna, chomh maith le tosaíocht dhlí an Aontais a mhalartú.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-18.jpg)
Meán Fómhair
Toghtar Uachtarán, LeasUachtarán, Uachtaráin Dlísheomraí na Cúirte Ginearálta agus athnuachan pháirteach na Cúirte Ginearálta
Tráth athnuachan pháirteach na Cúirte Ginearálta, atoghann a phiaraí Marc van der Woude (an Ísiltír) mar Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta ar feadh tréimhse trí bliana. Is amhlaidh atá i gcás Savvas Papasavvas (an Chipir), a atoghtar mar Leas-Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta. Thogh Breithiúna na Cúirte Ginearálta deichniúr Uachtarán Dlísheomra freisin ar feadh tréimhse trí bliana.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-19.jpg)
Meán Fómhair
Taisceadh na hiarrata ar réamhrialú in Bundesamt für Asyl und Fremdenwesen
Fiafraíonn Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) an ionann cás na mban san Afganastáin, tar éis ghabháil cumhachta ag an Talaban, agus géarleanúint lena mbronntar stádas dídeanaí (C‑608/22).
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-20.jpg)
Deireadh Fómhair
Lá Oscailte
D’fhonn feasacht an phobail a ardú maidir le ról na Cúirte agus luachanna an Aontais, cuireann foireann agus comhaltaí na Cúirte fáilte roimh shaoránaigh don Lá Oscailte. Faigheann siad amach faoin Institiúid agus a feidhmiú, ach freisin faoi shaol cáis agus obair na seirbhísí.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-21.jpg)
Samhain
Searmanas chun ceiliúradh 70 bliain na Cúirte a chomóradh
I gcomhar leis an gCúirt, eisíonn Post Luxembourg stampa cuimhneacháin chun 70 bliain na hInstitiúide a chomóradh. Tá an tionscnamh seo mar chuid de thraidisiún fada chun ceiliúrthaí tábhachtacha na Cúirte a chomóradh.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-22.jpg)
Samhain
Cuairt ó thoscaireacht de chuid Chúirt Uachtarach na hÚcráine ar an gCúirt
Cuireann an Chúirt fáilte roimh thoscaireacht ó Chúirt Uachtarach na hÚcráine i gcomhthéacs phróiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas, atá ina hiarrthóir ar aontachas ó mhí an Mheithimh 2022. Is é is aidhm don chruinniú seo comhar a bhunú, go háirithe maidir le luachanna bunúsacha an Aontais, idir an dá chúirt.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-23.jpg)
Nollaig
Fóram Urghnách na mBreithiúna
Don chruinniú bliantúil sin, eagraíonn an Chúirt Fóram Speisialta in éineacht leis na príomh-cuairteoirí, Uachtaráin na gcúirteanna is airde sna Ballstáit, Uachtaráin ECHR agus Chúirt CSTE, chomh maith le hiarchomhaltaí na Cúirte. Arna chumhdach sa téama ‘Ceartas gar don saoránach’, tugtar isteach an Fóram trí ghearrscannán lena léirítear, ón tús, stair na Cúirte, ina gcomhcheanglaítear íomhánna de chartlanna, óráidí ó chomhaltaí na hInstitiúide agus agallaimh le hollúna dlí.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-24.jpg)
Nollaig
Éisteacht Fhoirmiúil don cheiliúradh 70 bliain
Cuireann an Chúirt fáilte roimh na húdaráis is airde i Lucsamburg, roimh ionadaithe sinsearacha ó institiúidí an Aontais Eorpaigh agus roimh rannpháirtithe Fhóram na mBreithiúna ag an éisteacht fhoirmiúil, a chraoltar beo, lena ndéantar 70 bliain ó shuí foirmiúil Chúirt Bhreithiúnais an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) a chomóradh.
![](../assets/img/photos-2022/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-25.jpg)
Nollaig
Comhdháil ‘Bâtisseurs d’Europe’ Conference
Críochnaíonn an comóradh le cruinniú idirghníomhach idir daltaí meánscoile ó Bhallstáit éagsúla, a bhíonn i láthair ar an láthair nó a ghlacann páirt go cianda trí fhíschomhdháil, agus oifigigh shinsearacha ó na hInstitiúidí Eorpacha.
B | An bhliain i bhfigiúirí
An Institiúid in 2022
![](../assets/img/infographs/ga/section-1-graph-1-ga.png)
Buiséad 2022: 465 mhilliún
81 bhreitheamh
11 Abhcóide Ginearálta
page-s1.sub-2.region-1.infographic-2.paragraph-4
page-s1.sub-2.region-1.infographic-2.paragraph-5
page-s1.sub-2.region-1.infographic-2.paragraph-6
page-s1.sub-2.region-1.infographic-2.paragraph-7
page-s1.sub-2.region-1.infographic-2.paragraph-8
page-s1.sub-2.region-1.infographic-2.paragraph-9
page-s1.sub-2.region-1.infographic-2.paragraph-10
page-s1.sub-2.region-1.infographic-2.paragraph-11
An bhliain bhreithiúnach (an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta)
![](../assets/img/infographs/ga/section-1-graph-2-ga.png)
1 710 cás a tugadh isteach
1 666 chás a socraíodh
2 585 chás atá ar feitheamh
173 288 ndoiciméad nós imeachta a iontráladh ar na Clárlanna
Meánfhad na n-imeachtaí: 16.3 mí
16.4 mí don Chúirt Bhreithiúnais
16.2 mí don Chúirt Ghinearálta
Céatadán na ndoiciméad nós imeachta a seoladh trí e-Curia:
87% an Chúirt Bhreithiúnais
94% an Chúirt Ghinearálta
9 365 chuntas rochtana e-Curia
Is feidhmchlár teicneolaíochta de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é e-Curia lena gcuirtear ar chumas ionadaithe páirtithe i gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, chomh maith le cúirteanna agus binsí náisiúnta i gcomhthéacs iarraidh ar réamhrialú os comhair na Cúirte Breithiúnais, doiciméid nós imeachta a mhalartú leis na Clárlanna trí mhodhanna leictreonacha amháin.
e-Curia : Feidhmchlár chun doiciméid dhlíthiúla a mhalartú leis an gCúirt
féach ar an bhfíseán ar YouTube
Na seirbhísí teanga
Mar institiúid bhreithiúnach ilteangach, ní mór don Chúirt a bheith in ann déileáil le cás, beag beann ar theanga oifigiúil an Aontais inar tugadh an cás isteach. Cinntíonn sí ansin go scaiptear a cásdlí sna teangacha oifigiúla go léir.
![](../assets/img/infographs/ga/section-1-graph-3-ga.png)
24 theanga nós imeachta
552 phéire teanga
612 dhlítheangeolaí chun doiciméid i scríbhinn a aistriú
1 281 000 leathanach le haistriú
1 279 000 leathanach aistrithe
71 ateangaire le haghaidh éisteachtaí agus cruinnithe
526 éisteacht agus chruinniú le hateangaireacht chomhuaineach
Ag an gCúirt, déantar aistriúcháin i gcomhréir le socruithe teanga éigeantacha lena ndéantar foráil do gach péire de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Is téacsanna dlí an-teicniúil iad na doiciméid go léir atá le haistriú. Sin é an fáth nach bhfostaíonn seirbhís teanga na Cúirte ach dlítheangeolaithe a bhfuil a n-oideachas sa dlí críochnaithe acu agus a bhfuil sáreolas acu ar dhá theanga ar a laghad seachas a dteanga dhúchais.
An tIlteangachas ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – rochtain chomhionann ar an gceartas a chinntiú
féach ar an bhfíseán ar YouTube