Sracfhéachaint ar 2024

A | An bhliain in íomhánna
B | An bhliain i bhfigiúirí

 
Start Scroll

A | An bhliain in íomhánna

Feabhra

Formheas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le haistriú páirteach na dlínse réamhrialaithe chuig an gCúirt Ghinearálta

Chun freagracht na dlíthíochta idir dhá Chúirt an Aontais Eorpaigh a athchothromú agus chun a chur ar chumas na Cúirte Breithiúnais díriú níos mó ar a ról mar chúirt bhunreachtúil agus uachtarach, sheol an Chúirt Bhreithiúnais iarraidh chuig reachtóir an Aontais, i mí na Samhna 2022, chun Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leasú lena n-iarrtar aistriú páirteach dlínse réamhrialaithe chuig an gCúirt Ghinearálta. Tar éis roinnt míonna de scrúdú agus d’idirbheartaíocht mar chuid den phróiseas reachtach, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa an t-athchóiriú tábhachtach sin an 27 Feabhra le tromlach mór.

Feabhra

Cruinniú idirnáisiúnta ‘Ceartas, na Glúine amach anseo agus an Comhshaol’ ag Comhairle Bhunreachtúil na Fraince

Chuaigh Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, go Páras le haghaidh cruinniú idirnáisiúnta a d’eagraigh an Chomhairle Bhunreachtúil agus an Institiúid um Staidéar agus Taighde ar an Dlí agus ar an gCeartas. Leis an gcomhdháil seo, nach raibh a leithéid ann riamh cheana, tháinig na céadta uachtarán agus breithiúna ó chúirteanna uachtaracha náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta le chéile chun plé a dhéanamh ar thionchar méadaitheach choincheap na ‘nglún amach anseo’ i gcásanna a bhaineann leis an gcomhshaol.

Márta

Cuairt Uachtarán Phoblacht na Seice, Petr Pavel

Chuir Koen Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, Jan Passer, Breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, Petra Škvařilová-Pelzl agus David Petrlík, Breithiúna den Chúirt Ghinearálta fáilte roimh Uachtarán Phoblacht na Seice, Petr Pavel. Le linn cruinniú le foireann institiúid náisiúntachta Phoblacht na Seice, bhí deis ag an toscaireacht breathnú ar phéinteáil Na cestě ón bpéintéir Seiceach Míla Doleželová, ar iasacht ó Ollscoil Masaryk, lena teachtaireacht dóchais, saoirse agus daonnachais.

© shutterstock.com

Márta

An chéad idirphlé bliantúil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chúirt

Ag tógáil ar cháilíocht na malartuithe a tharla le linn an phlé ar an dréacht-Rialachán maidir le haistriú dhlínse réamhrialaithe na Cúirte Breithiúnais chuig an gCúirt Ghinearálta in ábhair shonracha áirithe, roghnaigh an Pharlaimint agus an Chúirt Bhreithiúnais leanúint dá n-idirphlé ar bhonn cruinniú bliantúil atá dírithe ar ábhair shuime choitinn i ndáil le dea-riarachán an cheartais agus le hurraim dhian ar scaradh na gcumhachtaí. Dhírigh na cruinnithe ar an dearcadh atá ag saoránaigh na hEorpa ar an gceartas agus ar an urraim don smacht reachta agus ar aon fheabhas a d’fhéadfaí a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais bhreithiúnaigh, chun sprioc an cheartais a thabhairt níos gaire do shaoránaigh na hEorpa.

Márta

Gealltanas sollúnta ag triúr Comhaltaí nua de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Arna gceapadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, thug comhaltaí nua Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Katarína Kaszasová, Alejandro Blanco Fernández agus João Leão, a ngealltanas sollúnta os comhair na Cúirte.

Aibreán

Oscailt taispeántais stairiúil sa Chúirt

Osclaíodh taispeántas ar stair na hinstitiúide sa Chúirt. Comhdhéanta de ghrianghraif, saothair ealaíne agus nithe neamhchoitianta, agus taispeánann sé stair na gcúirteanna agus a foirgneamh agus tá fáilte roimh gach cuairteoir.

Aibreán

Babhta ceannais den chomórtas ‘European Law Moot Court’

In 1988 a eagraíodh ‘European Law Moot Court’ den chéad uair, agus tá sé ar an gcomórtas is mó ar domhan i réimse dhlí an Aontais Eorpaigh. Bhuaigh Ollscoil Mhaidrid eagrán 2024, a thug aghaidh ar an mbabhta ceannais i gcoinne Ollscoil Roma Tre na hIodáile.

Aibreán

Éisteacht shollúnta aitheasc

Tugtar ómós sollúnta do John L. Murray, breitheamh Éireannach ag an gCúirt Bhreithiúnais (1991-1999), a fuair bás i mí Eanáir 2023; Philippe Léger, Abhcóide Ginearálta na Fraince ag an gCúirt Bhreithiúnais (1994-2006), a fuair bás i mí Eanáir 2023, agus Waltraud Hakenberg, Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta (2005-2016), a fuair bás i mí Eanáir 2024.

Bealtaine

Fóram na mBreithiúna agus comhdháil mar chuid de chomóradh mhéadú 2004

I mBealtaine 2004, tháinig 10 mBallstát nua isteach san Aontas Eorpach: an tSeicia, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Chun comóradh 20 bliain na hócáide seo a cheiliúradh, reáchtáladh Fóram bliantúil na mBreithiúna agus comhdháil sa Chúirt.

Lietuvos nacionalinis muziejus / © Gediminas Trečiokas

Meitheamh

Cur i láthair ar shaothar ealaíne ‘LL’ ón ealaíontóir Liotuánach Kazys Varnelis

Tháinig saothar ealaíne ‘LL’ (1972) ón ealaíontóir Liotuánach Kazys Varnelis os comhair na Cúirte, i láthair an Uachtaráin, Koen Lenaerts, Leas-Aire Dlí agus Cirt na Liotuáine, Jurga Greičienė, agus Cheann roinn íocónagrafaíochta Ard-Mhúsaem na Liotuáine, Jolanta Bernotaitytė.

Meitheamh

Cuairt thoscaireacht na Cúirte Ginearálta i Vársá

Thaisteal toscaireacht ón gCúirt Ghinearálta, ina raibh an tUachtarán Marc van der Woude, breithiúna Polannacha Krystyna Kowalik-Bańczyk agus Nina Półtorak, chomh maith leis an mbreitheamh Liotuánach Saulius Lukas Kalėda, go Vársá, chuig cruinniú arna eagrú ag Cúirt Uachtarach Riaracháin na Polainne agus chuig Barra Vársá, chun ról na Cúirte Ginearálta a chur i láthair agus chun naisc a neartú leis na cúirteanna náisiúnta a dhéileálann leis na hábhair lena mbaineann aistriú páirteach na dlínse réamhrialaithe chuig an gCúirt Ghinearálta.

Meán Fómhair

Leasuithe ar rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais

Tháinig leasuithe tábhachtacha ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair. Cuireadh chun feidhme leo na leasuithe ar Reacht na Cúirte Breithiúnais i gcomhthéacs aistriú páirteach dlínse réamhrialaithe chuig an gCúirt Ghinearálta, is infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair, agus rinneadh nuachóiriú leo ar na himeachtaí os comhair an dá chúirt.

Meán Fómhair

Cuairt ó thoscaireacht Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe

Ag leanúint leis na cruinnithe rialta a bhí ar siúl ó 1998, neartaigh an chuairt seo na dlúthnaisc stairiúla idir Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe agus an Chúirt Bhreithiúnais

Meán Fómhair

Suiteáil Saothar ealaíne sa Ghairdín Ilteangachais

Cuireadh saothar ealaíne Genus, a chruthaigh an t-ealaíontóir Lucsamburgach Simone Decker, i nGairdín an Ilteangachais, ar imeall fhearainn na Cúirte. Dearadh go sonrach don Chúirt é, spreagadh ón ilteangachas é agus is siombail d’éagsúlacht teanga agus chultúrtha an Aontais é.

© shutterstock.com

Deireadh Fómhair

Aistriú páirteach na dlínse réamhrialaithe

Tháinig na rialacha a bhaineann le haistriú páirteach dhlínse réamhrialaithe na Cúirte Breithiúnais chuig an gCúirt Ghinearálta i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair. I sé ábhar shonracha, is í an Chúirt Ghinearálta a dhéileálfaidh le cásanna réamhrialaithe a thionscnaítear ón lá inniu ar aghaidh. Bhí an chéad iarraidh ar réamhrialú a aistríodh chuig an gCúirt Ghinearálta an 17 Deireadh Fómhair (T-534/24 Gotek) i gCróitis agus is é an Tribunal administratif d’Osijek (Cúirt Riaracháin, Osijek) a rinne í.

Deireadh Fómhair

Athnuachan pháirteach na Cúirte Breithiúnais agus tosú sheirbhís chomhaltaí nua na Cúirte Ginearálta

Tionóladh éisteacht shollúnta i Mór-Sheomra na Cúirte Breithiúnais, ar an gcéad dul síos, ar chríochnú sheirbhís Lars Bay Larsen, Alexandra Prechal, Jean-Claude Bonichot agus Peter George Xuereb, Lucia Serena Rossi, Priit Pikamäe, Nils Wahl agus Anthony Michael Collins, agus, ar an dara dul síos, mionn naonúr comhaltaí nua den Chúirt Bhreithiúnais, eadhon Bernardus Smulders, Massimo Condinanzi, Fredrik Schalin, Stéphane Gervasoni, Niels Fenger agus Ramona Frendo, mar Bhreithiúna, Dean Spielmann, Andrea Biondi agus Rimvydas Norkus mar Abhcóidí Ginearálta, agus beirt Bhreithiúna nua den Chúirt Ghinearálta, Hervé Cassagnabère agus Raphaël Meyer.

Deireadh Fómhair

Toghadh an Uachtaráin, an Leas-Uachtaráin agus an chéad Abhcóide Ghinearálta de chuid na Cúirte Breithiúnais.

Atogh a chomhghleacaithe Koen Lenaerts ina Uachtarán ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go ceann 3 bliana. Toghadh Thomas von Danwitz ina Leas-Uachtarán ar an gCúirt Bhreithiúnais freisin, agus tháinig sé i gcomharbas ar Lars Bay Larsen. Atoghadh Maciej Szpunar ina Chéad Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais.

© shutterstock.com

Samhain

Mí oiliúna na hIntleachta Saorga

Beartaíodh leis an bhfeachtas oiliúna maidir leis an Intleacht Shaorga (IS) na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann lena húsáid a chur i láthair. An aidhm a bhí ann ná soiléiriú a dhéanamh ar réimse IS agus úsáid eiticiúil agus fhreagrach na n-uirlisí bunaithe ar an teicneolaíocht sin a chur chun cinn.

Samhain

Gealltanas sollúnta ag triúr Comhaltaí nua de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Arna gceapadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, thug comhaltaí nua Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Petri Sarvamaa, Hans Lindblad agus Carlo Alberto Manfredi Selvaggi a ngealltanas sollúnta os comhair na Cúirte.

Samhain

Cuairt na Cúirte Breithiúnais ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine

Thaisteal Uachtarán na Cúirte Koen Lenaerts, in éineacht le toscaireacht ón gCúirt Bhreithiúnais, chuig Cúirt Eorpach um Chearta an Duine don chruinniú bhliantúil. Clúdaíodh trí phríomhábhar sa phlé: ‘Athrú aeráide: dúshlán do dhá chúirt Eorpacha’, ‘Faireachas ar scála mór agus cosaint sonraí pearsanta’ agus ‘Cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint’.

Samhain

An séú cruinniú de chomhfhreagraithe EJN sa Bhruiséil

Tionóladh an séú cruinniú de chomhfhreagraithe Ghréasán Breithiúnach an Aontais sa Bhruiséil, den chéad uair lasmuigh de Lucsamburg, faoi choimirce Chomhairle Stáit na Beilge. Díríodh ar thodhchaí an chomhair laistigh de EJN agus ar an gceist maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an léirmhínithe chomhsheasmhaigh ag cúirteanna náisiúnta sa chruinniú.

Nollaig

Lá Feasachta Míchumais sa Chúirt

D’eagraigh an Institiúid, atá tiomanta go hiomlán don inrochtaineacht agus don chuimsiú trí thionscnaimh éagsúla, Lá Feasachta Míchumais, arb é téama na bliana seo ná ‘Cuimsiú tríd an spórt: an éagsúlacht, ár neart’.

B | An bhliain i bhfigiúirí

An Institiúid in 2024

81
bhreitheamh ó
27
mBallstát
ón gCúirt Bhreithiúnais
27
mbreitheamh
11
Abhcóide Ghinearálta
an Chúirt Ghinearálta
54
bhreitheamh
Buiséad: EUR
504
mhilliún
2267
oifigeach agus ball foirne
61 %
mná
39 %
fir
Le hionadaíocht na mban i bpoist freagrachta laistigh den riarachán, cuirtear an Chúirt os cionn mheán na nInstitiúidí Eorpacha.
Tá na poist seo a leanas ag mná:
54 %
de phoist mar riarthóirí
46 %
de phoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta
Céatadán na ndoiciméad nós imeachta a seoladh trí e-Curia:
91 %
den Chúirt Bhreithiúnais
96 %
den Chúirt Ghinearálta
11 692
chuntas rochtana e-Curia

An bhliain bhreithiúnach (an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta)

1706
chás a tugadh isteach
1785
chás a socraíodh
2911
chás atá ar feitheamh
Meánfhad na n-imeachtaí:
18.1
Is feidhmchlár teicneolaíochta é e-Curia lena gcuirtear ar chumas ionadaithe páirtithe i gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, chomh maith le cúirteanna agus binsí náisiúnta i gcomhthéacs iarraidh ar réamhrialú os comhair na Cúirte Breithiúnais, doiciméid nós imeachta a mhalartú leis na Clárlanna trí mhodhanna leictreonacha amháin.

e-Curia: feidhmchlár chun doiciméid dhlíthiúla a mhalartú leis an gCúirt

Tá ábhar leabaithe ó YouTube anseo. Ós rud é go bhféadfadh YouTube sonraí pearsanta a bhailiú agus d'iompar féachana a rianú, ní dhéanfaimid an físeán a luchtú ach amháin tar éis duit toiliú a thabhairt d'úsáid a bhaint as fianáin agus teicneolaíochtaí den chineál céanna mar a thuairiscítear ina mbeartas príobháideachais.

Na seirbhísí teanga

Mar institiúid bhreithiúnach ilteangach, ní mór don Chúirt a bheith in ann déileáil le cás, beag beann ar theanga oifigiúil an Aontais inar tugadh an cás isteach. Cinntíonn sí ansin go scaiptear a cásdlí sna teangacha oifigiúla go léir.

24
theanga nós imeachta
552
phéire teanga
608
n-dlítheangeolaí chun doiciméid i scríbhinn a aistriú
1 336 000
leathanach le haistriú
1 371 000
leathanach aistrithe
503
éisteacht agus chruinniú le hateangaireacht chomhuaineach
70
ateangaire le haghaidh éisteachtaí agus cruinnithe

An tIlteangachas ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – rochtain chomhionann ar an gceartas a chinntiú

Tá ábhar leabaithe ó YouTube anseo. Ós rud é go bhféadfadh YouTube sonraí pearsanta a bhailiú agus d'iompar féachana a rianú, ní dhéanfaimid an físeán a luchtú ach amháin tar éis duit toiliú a thabhairt d'úsáid a bhaint as fianáin agus teicneolaíochtaí den chineál céanna mar a thuairiscítear ina mbeartas príobháideachais.

Ag an gCúirt, déantar aistriúcháin i gcomhréir le socruithe teanga éigeantacha lena ndéantar foráil gur féidir gach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a úsáid. Is téacsanna dlí an-teicniúil iad na doiciméid go léir atá le haistriú. Sin é an fáth nach bhfostaíonn seirbhís teanga na Cúirte ach dlítheangeolaithe a bhfuil a n-oideachas sa dlí críochnaithe acu agus a bhfuil sáreolas acu ar dhá theanga ar a laghad seachas a dteanga dhúchais.
go to top