Eagraíocht riaracháin don cheartas

A | Réamhrá an Chláraitheora
B | Príomhimeachtaí na bliana
C | Caidreamh leis an bpobal

 
Start Scroll

A | Réamhrá an Chláraitheora

Le linn na bliana 2023, thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi chonair an chlaochlaithe, ní hamháin chun ullmhú do dhúshláin a bheidh ann amach anseo, ach chun na deiseanna uile a bheidh ann amach anseo a thapú freisin.

Alfredo Calot Escobar

Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais


Is é Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, Ard-Rúnaí na hInstitiúide, atá i gceannas ar na seirbhísí riaracháin faoi údarás an Uachtaráin.


Le linn na bliana 2023, thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi chonair an chlaochlaithe, ní hamháin chun ullmhú do dhúshláin a bheidh ann amach anseo, ach chun na deiseanna uile a bheidh ann amach anseo a thapú freisin.

Sa réimse breithiúnach, reáchtáladh an nós imeachta reachtach maidir le haistriú páirteach na réamhrialuithe chuig an gCúirt Ghinearálta i rith na bliana, agus thángthas ar chomhaontú polaitiúil i mí na Nollag. Ag an am céanna, bhíomar ag obair go gníomhach chun a áirithiú go gcuirfear an t-athchóiriú chun feidhme go rianúil agus gan stró nuair a thiocfaidh an t-athchóiriú chun feidhme. Tráth cinniúnach a bheidh ann i stair ár n-idirphlé leis na cúirteanna náisiúnta agus beidh sé ina chéim thábhachtach inár n-iarrachtaí chun éifeachtúlacht na hoibre breithiúnaí ag CBAE a fheabhsú a thuilleadh.

Chomh maith leis na hullmhúcháin don aistriú, dhírigh an Chúirt a cuid iarrachtaí ar theicneolaíochtaí nua a chomhtháthú go héifeachtach agus go hordúil. Mar chuid den phróiseas sin, bhíomar ar an gcéad Institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh a d’fhorbair straitéis maidir le hintleacht shaorga a chomhtháthú, lena n-áirítear AI Management Board a bhunú a mbeadh sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe eiticiúla úsáid na hintleachta saorga laistigh den Institiúid agus teorainneacha soiléire a leagan síos maidir lena cur i bhfeidhm. Áirithíonn an Bord, ar a bhfuil Comhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta, go bhfuil na roghanna teicneolaíochta a dhéanann an Institiúid chun uirlisí bunaithe ar an intleacht shaorga a chomhtháthú fónta ó thaobh eitice de agus i gcomhréir le prionsabail na Cúirte. Chun cultúr úsáide freagrach agus slán as uirlisí intleachta saorga a chur chun cinn, ba é ceann de na chéad chéimeanna a ghlac an Bord ná treoirlínte foirne a eisiúint ar úsáid na hintleachta saorga.

Ina theannta sin, tá uirlisí intleachta saorga réidh le hionchorprú inár gcóras bainistithe cásanna amach anseo. Ní hamháin go gcuirfidh sé sin ar chumas na hInstitiúide an leas is fearr is féidir a bhaint as teicneolaíochtaí ceannródaíocha, ach socróidh sé freisin an chéim chun córas cothrománach agus lán-chomhtháite a chruthú, a bheidh deartha chun ár sreafaí oibre a chuíchóiriú agus raon leathan gníomhaíochtaí atriallacha a uathoibriú. Leis an gcur chuige iomlánaíoch sin, tacófar tuilleadh le héagsúlacht shuntasach an tsaineolais laistigh dár bhfoireann, agus forbrófar an éagsúlacht sin agus bainfear leas aisti, rud a fhágfaidh go mbeimid in ann níos mó ama a chaitheamh ar thascanna lena mbaineann spreagadh intleachtúil agus breisluach.

Níor díríodh le bliain anuas, áfach, ach ar bhunchloch a leagan síos don todhchaí; léirigh sé freisin ár dtiomantas seasamh do na luachanna ar ar bunaíodh an Chúirt. Ceann de na luachanna sin, a bhí fite fuaite inár nInstitiúid ó bunaíodh í, is ea éagsúlacht na héagsúlachta - éagsúlacht na gcultúr, na dteangacha agus na dtraidisiún dlí.

Ceapadh Gairdín an Ilteangachais chun mósáic bhríomhar theangeolaíoch na hInstitiúide seo againne a cheiliúradh, agus is siombail é anois de thiomantas na Cúirte don éagsúlacht agus don chomhionannas. Mar sin féin, is é an conditio sine qua non chun an éagsúlacht sin a bhaint amach cumas na hInstitiúide tallann a mhealladh ó na Ballstáit uile.

Chuige sin, lean an plé ar an leibhéal idirinstitiúideach, a bhí dírithe ar tharraingteacht Lucsamburg mar ionad oibre a mhéadú, ar aghaidh le diongbháilteacht mhór in 2023. Laistigh den chreat sin, ghlac Coláiste na nArd-Rúnaithe agus Ceann Riaracháin Institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh atá bunaithe i Lucsamburg sraith beart pragmatach a bhí dírithe ar Lucsamburg a chur chun cinn mar áit oibre, ar comhtháthú nuatheachtaithe agus oiliúnaithe a éascú, agus ar dheireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh saoránaigh na mBallstát uile a dhíspreagadh ó dhul isteach in Institiúidí an Aontais atá lonnaithe san Ard-Diúcacht.

Agus í ag iarraidh ionadaíocht chothrom gheografach a bhaint amach, chinn an Chúirt treoirthionscadail a sheoladh chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht gheografach agus chun gairmeacha beatha a chur chun cinn go díreach sna Ballstáit. Sampla iontach de sin ba ea cuairt ar an Laitvia, áit a raibh plé tairbheach ag toscaireacht Comhaltaí agus bainisteoirí sinsearacha le hionadaithe, inter alia, na mbreithiúna, an rialtais, an lucht acadúil agus na meán. Ba é an aidhm a bhí leis misean na Cúirte a chur i láthair, deiseanna gairme a chur chun cinn agus tacú le hoiliúint dlí agus teanga a bhaineann le hobair ár nInstitiúide.

Dá bhrí sin, cloíodh go láidir le tiomantas na Cúirte don tseirbhís phoiblí sa bhliain 2023, agus ár n-acmhainneacht á hathshamhlú ag an am céanna. Táimid tar éis tabhairt faoi thuras sainmhíniú as an nua a dhéanamh, ní hamháin ar an gcaoi a n-oibrímid, ach freisin ar an gcaoi a ndéanaimid ár dtodhchaí a shamhlú. Todhchaí ina rachaidh ár nInstitiúid in oiriúint ní don athrú amháin, ach ina spreagfaidh sí í, leis an tsármhaitheas, an éagsúlacht, an dul chun cinn agus an tiomantas céanna a bhí mar shaintréith againn i gcónaí.

B | Príomhimeachtaí na bliana

An tIlteangachas á cheiliúradh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tá an t-ilteangachas, atá fréamhaithe sna Conarthaí, ina bhunluach ag an tionscadal Eorpach. Is réamhriachtanas é do thrédhearcacht ghníomhaíocht Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus d’infheidhmeacht an dlí Eorpaigh, agus is léiriú é ar urraim dhomhain d’fhéiniúlachtaí agus do chultúir náisiúnta.

Mar chuid lárnach d’imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, comhlíontar leis an ilteangachas dhá bhunriachtanas dhaonlathacha: tugtar leis rochtain chomhionann ar Chúirteanna an Aontais Eorpaigh agus cuirtear cásdlí ar fáil do na saoránaigh Eorpacha uile. Aistríonn seirbhís teanga na hInstitiúide doiciméid agus soláthraíonn sí ateangaireacht ag éisteachtaí; mar thoradh air sin, is féidir leis an gCúirt oibriú i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus suas le 552 phéire teanga a bhainistiú ar bhonn laethúil. Maidir leis na socruithe teanga sin, níl a gcomhionann in aon chúirt eile ar domhan. Dúshlán oibríochtúil leanúnach is ea iad a chur chun feidhme, dúshlán nach féidir a shárú ach amháin trí bhainistiú dian agus éifeachtach a dhéanamh ar na hacmhainní daonna agus teicniúla a úsáidtear.

Cúpla bliain ó shin, thug an Chúirt faoi phlé leathan chun machnamh a dhéanamh ar conas an t-ilteangachas a mhíniú agus a chur chun cinn agus é á chleachtadh laistigh den Institiúid. Spreag sé sin roinnt tionscnamh a raibh sé mar aidhm leo feasacht a mhúscailt maidir le tábhacht an ilteangachais, go háirithe i réimsí dlíthiúla agus acadúla.

In 2023, ba é an 9 Bealtaine (Lá na hEorpa) an dáta a roghnaíodh chun Gairdín an Ilteangachais a oscailt, bunaithe ar dháileacht talún a scaoileadh suas trí sheanchoimpléasc riaracháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a scartáil agus a bhí suite ar imeall fhorais na Cúirte. Forbraíodh an spás glas nua seo i gcomhpháirtíocht le húdaráis Lucsamburg agus tá sé dírithe ar an ilteangachas. Tá sé ar oscailt don phobal agus tá sé beartaithe imeachtaí cultúrtha a óstáil. Ina theannta sin, cuireann sé le caomhnú na bithéagsúlachta i dtimpeallachtaí uirbeacha trí ligean do bhith-thopaicí dul chun cinn a dhéanamh, a bhuí le héagsúlacht na speiceas ina bhfuil sí lonnaithe. Agus é curtha ar Plateau Kirchberg, áit a bhfuil go leor Institiúidí Eorpacha, tugann an gairdín seo ómós d’éagsúlacht teanga an Aontais Eorpaigh, dá Stát óstach (Lucsamburg) agus dá ilteangachas a chuireann go mór leis an aimsir.

Foilsíodh saothar trí imleabhar i mbliana freisin, a aistríodh go teangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh, a bhí tiomnaithe don ilteangachas sa Chúirt agus ar fud an Aontais Eorpaigh. Déantar iniúchadh sa leabhar ar ghnéithe éagsúla de réimeas teanga na hinstitiúide agus ar an gcaoi a dtagann an t-ilteangachas chun cinn, le cabhair óna seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin dlí. Sa dara cuid den leabhar, dar teideal ‘Dialanna turas ilteangach’, tá bailiúchán aighneachtaí ó phearsana aitheanta ó na 27 mBallstát ar daoine aitheanta iad ina réimsí – breithiúna, fealsúna, focleolaithe agus polaiteoirí. Agus iad scríofa i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh, tugann na dialanna seo cuireadh don léitheoir foghlaim faoi choincheapa agus faoi dhúshláin an ilteangachais ar fud na hEorpa. Ar fáil don phobal i gcoitinne in 2024, tá an foilseachán seo bunaithe ar mhachnamh agus ar inspioráid d’aon duine ar spéis leo teangacha agus feidhmiú ilteangach an Aontais Eorpaigh. Ag comhdháil ina dhiaidh sin, tugadh le chéile rannpháirtithe an leabhair seo maidir le bainistíocht na Cúirte agus na nInstitiúidí Eorpacha eile chun machnamh a dhéanamh le chéile ar ábhar ‘Ilteangachas ardcháilíochta i bhfianaise dlús a chur leis an dul chun cinn teicneolaíoch’.

Inrochtaineacht agus cuimsiú – ábhar do chách

Déantar foráil maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus maidir le toirmeasc ar gach cineál idirdhealaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, sna Conarthaí, i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, arna dhaingniú ag an Aontas Eorpach in 2010 agus atá mar chuid lárnach de dhlí an Aontais Eorpaigh.

Bhí meas ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe mar chuid de luachanna na Cúirte i gcónaí mar institiúid. Mar sin féin, bhí roinnt oibre fós ann chun ‘freagracht chomhroinnte’ a dhéanamh d’inrochtaineacht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, sheol an Chúirt tionscadal uaillmhianach idir-rannach ionas go bhféadfadh gach duine aonair rannchuidiú níos mó le timpeallacht ionchuimsitheach a thógáil.

Cumhdaíonn na bearta a glacadh agus na bearta atá beartaithe don todhchaí raon an-leathan réimsí: earcú agus tacaíocht do chomhghleacaithe atá faoi mhíchumas agus dá gcúntóirí, inrochtaineacht an áitribh agus inrochtaineacht dhigiteach agus TF, chomh maith le cumarsáid, ardú feasachta agus oiliúint.

Thar aon ní eile, bunaíodh creat soiléir sa Chúirt chun na coigeartuithe a chur ar fáil dá foireann reatha agus d’iarratasóirí ar phoist atá faoi mhíchumas chun go mbeidh sé níos éasca dóibh obair a dhéanamh agus rochtain a fháil ar fhostaíocht laistigh den Institiúid. Féadfar a áireamh ar na coigeartuithe sin, i measc nithe eile, réitigh theicniúla, athruithe ar an timpeallacht oibre, bearta tacaíochta nó atheagrú dualgas nó uaireanta oibre.

Ina dhiaidh sin, chun an leas is fearr is féidir a bhaint as rochtain fhisiciúil ar shaoráidí na Cúirte – cibé acu d’fhoireann na hInstitiúide, do dhlíodóirí agus do ghníomhairí, do shaorateangairí agus do gach cuairteoir ar bhonn níos leithne – rinneadh roinnt beart. Rinneadh uasghrádú ar na bealaí isteach chuig na foirgnimh agus rinneadh an nós imeachta aslonnaithe a oiriúnú níos fearr. Déanfar athmheasúnú ar na saoráidí sonracha do sheomraí cúirte. Is é is aidhm do phlean gníomhaíochta níos fadtéarmaí a chinntiú go gcomhlíonfar na caighdeáin nua maidir le hinrochtaineacht foirgneamh.

Díríonn inrochtaineacht dhigiteach agus faisnéise ar fhoireann inmheánach agus ar úsáideoirí seachtracha araon. Tá feabhas á chur ar shuíomh gréasáin CVRIA, ó thaobh a struchtúir, fheidhmiúlachta agus ábhair de, agus rinneadh inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chomhtháthú ‘by design’ in ionad oibre digiteach na Cúirte amach anseo. Ar deireadh, tá Tuairiscí na Cúirte Breithiúnais ag cloí leis na moltaí inrochtaineachta ó 2021 agus is féidir iad a léamh trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cúnta.

Ar deireadh, tugtar faoi fheachtais múscailte feasachta, faisnéise agus oiliúna go rialta chun ní hamháin cuimsiú, meas frithpháirteach agus comhar a chur chun cinn, ach chun tacaíocht a chur chun cinn freisin do dhaoine faoi mhíchumas agus dá gcúntóirí.

Katia Vermeire

Cúntóir sa Stiúrthóireacht um Thaighde agus Doiciméadú

‘Ó thús thionscadal na Cúirte maidir le hinrochtaineacht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas, rinne mé obair dheonach chun cabhrú leis an tionscadal toisc nach dtugtar dóthain aitheantais fós do dhaoine faoi mhíchumas inár saol laethúil. Tá an tionscadal seo go háirithe gar do mo chroí. Mar dhuine faoi mhíchumas, ba mhaith liom mo thaithí a roinnt chun cabhrú le daoine i gcúinsí comhchosúla.

Tá sé tábhachtach feasacht a mhúscailt i measc ár gcomhshaoránaigh agus ár gcomhghleacaithe. Sula raibh mé i mo dhuine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ní raibh aon smaoineamh agam ar na deacrachtaí a bhí roimh dhaoine faoi mhíchumas agus a gcúntóirí.

Tugaimis tacaíocht dá chéile! Má dhéanaimid ár bpáirt, ní hamháin gur féidir linn timpeallacht oibre inrochtana a thógáil ach is féidir linn timpeallacht chothrom a thógáil freisin.’

An Intleacht Shaorga: an straitéis a glacadh lena húsáid sa Chúirt

Le roinnt blianta anuas, tá an Chúirt ag rianú forbairtí i réimsí na hintleachta saorga agus na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn d’fhonn na teicneolaíochtaí sin a shainaithint a d’fhéadfadh feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibríochtaí na hInstitiúide.

Ó 2019 i leith, tá an Innovation Lab sa Stiúrthóireacht um Theicneolaíocht Faisnéise ag tacú leis an gCúirt ina claochlú digiteach. I gcomhar leis na ranna ábhartha, déanann an Innovation Lab feidhmiúlachtaí agus gnéithe na n-uirlisí éagsúla a shainaithint, a anailísiú agus a thástáil. Amach anseo, úsáidfear na huirlisí sin i gcomhréir le ceanglais rúndachta, slándála agus cosanta sonraí. Ó bunaíodh an Innovation Lab, cuireadh thart ar 30 moladh chun cinn, rinneadh tástáil ar thart ar 20 ceann acu agus tá cuid acu i bhfeidhm cheana féin nó i mbun forbartha.

Chun go mbeifear in ann leas iomlán a bhaint as feidhmiúlachtaí na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a bhfuil gealladh fúthu agus chun ullmhú dá gcomhtháthú, i mí an Mheithimh 2023 ghlac an Chúirt a ‘Straitéis maidir le hUirlisí Intleachta Saorga a Chomhtháthú in oibríochtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’. Le húsáid na n-uirlisí sin, ní hamháin go n-áiritheofar rialú sonraí, ach ní mór urraim do chearta bunúsacha agus don eitic a áirithiú freisin.

Mar an chéad cheann de na hInstitiúidí Eorpacha a ghlac straitéis den sórt sin, agus i bhfad roimh ghlacadh an togra le haghaidh an Ghnímh um an Intleacht Shaorga, shainaithin an Chúirt trí phríomhchuspóir:

  • éifeachtúlacht agus éifeachtacht na bpróiseas riaracháin agus breithiúnach a fheabhsú;
  • feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht cinntí breithiúnacha, agus
  • rochtain ar cheartas agus trédhearcacht do na saoránaigh Eorpacha a fheabhsú.

Bunaíodh coiste eitice, ar a dtugtar ‘AI Management Board (AIMB)’, agus é mar phríomhchúram air treoirlínte a shainiú agus teorainneacha a leagan síos maidir le húsáid uirlisí atá bunaithe ar an intleacht shaorga. Déanfaidh an coiste sin faireachán ar fháil, ar fhorbairt agus ar úsáid na n-uirlisí sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa straitéis. Áirítear ar na prionsabail sin cothroime, neamhchlaontacht agus neamh-idirdhealú, trédhearcacht, inrianaitheacht, rúndacht faisnéise, urraim do phríobháideachas agus sonraí pearsanta, maoirseacht dhaonna agus feabhas leanúnach.

Sa chomhthéacs sin, in 2023, ghlac an Chúirt treoirlínte maidir le húsáid uirlisí bunaithe ar theicneolaíochtaí na hintleachta saorga.

An comhar breithiúnach Eorpach a neartú: an chomhpháirtíocht leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach

Tá an t-idirphlé agus an comhar leis na cúirteanna náisiúnta i gcroílár mhisean na Cúirte. Sampla nithiúil den chomhar sin is ea an caidreamh leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (GEOB) le breis agus 15 bliana anuas. Bunaíodh an Gréasán in 2000 chun tacú le cruthú an limistéir Eorpaigh ceartais, rud a d’fhógair an Chomhairle Eorpach in Tampere (an Fhionlainn), agus tá sé bunaithe ag an nGréasán mar ghníomhaí riachtanach in oiliúint a chur ar ghairmithe ceartais, go háirithe breithiúna agus ionchúisitheoirí náisiúnta. Dá bhrí sin, tugann an Gréasán gach ionad oiliúna breithiúnaí Eorpacha le chéile. Chun béim a leagan ar a tiomantas dá comhpháirtíocht leis an nGréasán, in 2023 ghlac an Chúirt dearbhú dar teideal ‘Tacú leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach chun cultúr breithiúnach Eorpach inbhuanaithe a chruthú’.

Tacú leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach chun cultúr breithiúnach Eorpach inbhuanaithe a chruthú

Le 70 bliain anuas, tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) tiomanta don phlé leis na cúirteanna náisiúnta.

Mar léiriú ar an tiomantas sin, bhunaíomar comhpháirtíocht láidir le GEOB. Is é GEOB an príomh-ardán i measc na mBreithiúna Eorpach chun eolas a roinnt i raon leathan réimsí agus go háirithe dlí na hEorpa. Le breis agus dhá scór bliain, tá gníomhaíochtaí oiliúna trasteorann á n-eagrú ag GEOB do ghairmithe ceartais náisiúnta agus ar an gcaoi sin cuidítear le heolas ar dhlí na hEorpa a neartú.

Tá seimineáir bhliantúla, cuairteanna stáidéir, fóraim agus malartú ar ábhar traenála mar chuid den chomhoibriú seanbhunaithe idir GEOB agus CBAE . Ó 2007 i leith, tá oiliúint fhadtéarmach á heagrú ag GEOB agus CBAE do bhreithiúna agus ionchúisitheoirí náisiúnta lena dtugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh in obair bhreithiúnach oifigí na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta. Tugann an deis seo léargas uathúil dóibh ar mhodhanna oibre CBAE agus cabhraíonn sé go mór dóibh a gcuid eolais ar dhlí agus nósanna imeachta an Aontais a leathnú.

Tá buntáistí ag baint leis an gcomhpháirtíocht rathúil sheanbhunaithe seo ar thrí leibhéal éagsúla ar a laghad. Ar an leibhéal náisiúnta, tugann sé cabhair do ghairmithe ceartais a ndualgais náisiúnta a bhaint amach nuair a fhilleann siad ar a dtíortha féin, le tuiscint i bhfad níos fearr acu maidir lena ról i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Laistigh den Chúirt, cuireann láithreacht breithiúna agus ionchúisitheoirí náisiúnta le héagsúlacht na gcultúr dlíthiúil, rud a bhí fíorthábhachtach don Institiúid i gcónaí. I gcomhthéacs níos leithne, cabhraíonn an comhoibriú den sórt sin plé a chur chun cinn idir breithiúna Eorpacha agus náisiúnta, rud a áirithíonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais ar fud na hEorpa.

D’fhonn an comhoibriú a neartú tuilleadh, leanfaidh CBAE ag brath ar thacaíocht láidir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhthéacs chreat Rialachán (AE) 2021/693 lena mbunaítear an Clár um Cheartas. Braitheann an Chúirt freisin ar thacaíocht ón gCoimisiún, atá i gceannas ar an gClár um ‘Cheartas’ a chur i bhfeidhm trína Chlár Oibre agus d’aithin sí ‘ról uathúil’ GEOB maidir le hoiliúint bhreithiúnach san Aontas Eorpach ina Straitéis Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach 2021-2024 (Teachtaireacht COM(2020) 713).

Anuas air sin, tuigeann CBAE cé chomh tábhachtach is atá cothromaíocht gheografach in eagrú na hoiliúna fadtéarma do bhreithiúna agus ionchúisitheoirí náisiúnta agus cé chomh tábhachtach is atá ionadaíocht do gach cultúir náisiúnta dhlíthiúla sa chomhthéacs sin. Dá bhrí sin, féachann sí le tacú le tionscnaimh múscailte feasachta i ngach Ballstát agus a cumarsáid ar oiliúint fhadtéarmach ag CBAE a neartú. Ba chóir go gcabhródh na hiarrachtaí sin, in éineacht le hiarrachtaí na mBallstát agus GEOB, comhoibriú a chur chun cinn idir na breithiúna náisiúnta agus Eorpacha, lena leagtar béim ar na buntáistí dóibh go léir.

Is é ceann de shaintréith CBAE ó bunaíodh í dlúthchaidreamh a choimeád le breithiúna náisiúnta agus cuireann a comhar le GEOB go mór leis an misean tábhachtach seo. Tá sé ríthábhachtach an chomhpháirtíocht a neartú toisc go dtéann tionchar na comhpháirtíochta sin i bhfad níos faide ná inniúlacht níos fearr a bhaint amach i ndlí an Aontais – cuireann an chomhpháirtíocht le fíorchultúr breithiúnach Eorpach a fhorbairt agus le esprit de corp sláintiúil i measc breithiúna Eorpacha, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon.

Dá bhrí sin, roghnaigh an Chúirt agus an Líonra roinnt tionscadail nua a sheoladh chun a gcomhar a neartú, go háirithe trí líon na mbreithiúna náisiúnta ar féidir leo tabhairt faoi thréimhse oiliúna fhadtéarmach sa Chúirt a mhéadú. Chuige sin, tá dhá shraith beart beartaithe. Is é is aidhm don chéad cheann feasacht a ardú i measc gairmithe laistigh de chórais cheartais na mBallstát maidir leis an bhféidearthacht tréimhsí fadtéarmacha a bheith ann sa Chúirt chun níos mó iarratasóirí a mhealladh. Is é sprioc an dara ceann aon bhacainní teanga ar na tréimhsí oiliúna sin a shárú, tríd an saineolas oiliúna teanga agus na hábhair teagaisc a d’fhorbair an Chúirt a chur ar fáil do GEOB.

Ingrid Dercalves

Ard-Rúnaí GEOB

‘Tá rún daingean ag GEOB idirphlé bunriachtanach a chur chun cinn idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta, arb iad “gnáthchúirteanna dhlí an Aontais Eorpaigh” iad freisin. Is díol sásaimh dúinn tacaíocht na Cúirte don iarracht sin trí roinnt caingne a thionscnamh chun rannpháirtíocht breithiúna ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gclár oiliúna na Cúirte a spreagadh tuilleadh. Tá súil againn go mbeidh 2024 fós ina bhliain chun an comhar riachtanach agus torthúil a neartú!’

Diana-Daniela Popel

Breitheamh faoi oiliúint in oifig an Bhreithimh Ineta Ziemele

‘Deis iontach a bhí sa tréimhse oiliúna sa Chúirt chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcaoi a bhfeidhmíonn an Institiúid, chun mo chuid eolais ar dhlí an Aontais Eorpaigh a chomhdhlúthú trí dheis a thabhairt dom páirt a ghlacadh in obair na Cúirte ó lá go lá, agus aithne a chur ar roinnt gairmithe dlí iontacha. Ag féachaint go háirithe don ról ar leith atá ag breithiúna náisiúnta i gcur chun feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh, molaim go láidir an tréimhse oiliúna d’aon bhreitheamh atá ag obair i gcúirteanna náisiúnta na mBallstát agus ar mian leo taithí an-ghairmiúil agus phearsanta a fháil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí uile na hoifige as an bhfáilte chroíúil a chuir siad romham agus as an tacaíocht a thug siad dom, gan dearmad a dhéanamh ar fhoireann GEOB!'

C | Caidreamh leis an bpobal

 
16 819
gcuairteoir a raibh
 
4 555
ghairmí dlí
 
Cuairteoirí ó chian:
8 %
 
2 095
chuairteoir ag an Lá Oscailte

Cuairteanna ó chian – tionscadal oideachais

Is é is aidhm do chlár oideachais na Cúirte daltaí meánscoile idir 15 agus 18 mbliana d’aois a thabhairt isteach ar obair institiúid bhreithiúnach an Aontais Eorpaigh agus míniú a thabhairt ar an tionchar atá ag cásdlí na Cúirte ar ghnáthshaol laethúil shaoránaigh na hEorpa. Tá sé mar aidhm ag an gclár feasacht na ndaltaí meánscoile óga agus a múinteoirí a ardú maidir le luachanna daonlathacha agus dúshláin dhlíthiúla reatha. In 2023, bhí deis ag thart ar 900 dalta meánscoile cuairt a thabhairt ar an gCúirt mar chuid den chlár seo.

 
2 814
phreaseisiúint
 
625
nuachtlitir
 
547
mbileog ‘info-rapid’
 
14 000
iarratas ar fhaisnéis ón bpobal
(glaonna teileafóin agus ríomhphoist)

Is é an cúram atá ar phreasoifigigh i Stiúrthóireacht na Cumarsáide, a bhfuil oiliúint acu sa dlí, na breithiúnais, na horduithe agus na tuairimí a mhíniú, ach freisin na cásanna atá idir lámha d’iriseoirí ó na Ballstáit uile agus dá gcomhfhreagraithe éagsúla a mhíniú. Eisíonn siad, do dhaoine a bhfuil iarratas déanta acu chuig preasoifig na Cúirte, nuachtlitreacha rialta ag fógairt imeachtaí tábhachtacha nós imeachta agus institiúideacha, chomh maith le bileoga ‘info-rapid’ ar ábhair nach bhfuil clúdaithe ag preasráitis. Déileálann siad freisin le ríomhphoist agus glaonna ón bpobal.

159 000
leantóir ar X
+9 % i gcomparáid le 2022
 
234 810
leantóir LinkedIn
+32 % i gcomparáid le 2022
 
3 600
leantóir Mastodon
 
21 000
leantóir agus
 
253 000
amharc ar YouTube

Coinníonn an Chúirt láithreacht ghníomhach ar líonraí sóisialta trí dhá chuntas X, (ceann i bhFraincis agus an ceann eile i mBéarla), LinkedIn agus Mastodon. Tá líon na leantóirí ar na líonraí seo ag fás i gcónaí, rud a léiríonn suim an phobail in obair na Cúirte agus a dtiomantas di. Tá cainéal YouTube ag an gCúirt freisin a thugann rochtain sna 24 theanga oifigiúla ar éagsúlacht ábhar closamhairc, lena n-áirítear beochan dírithe ar an bpobal i gcoitinne chun míniú a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag cásdlí na Cúirte ar shaol laethúil na saoránach.

go to top