A | An Chúirt Bhreithiúnais in 2023
Déileálann an Chúirt Bhreithiúnais leis na nithe seo a leanas go príomha:
- iarrataí ar réamhrialú
I gcás ina bhfuil amhras ar chúirt náisiúnta maidir le léiriú ar riail an Aontais nó maidir lena bailíocht, cuirfidh sí bac ar na himeachtaí os a comhair agus cuirfidh sí an t-ábhar faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Nuair a bheidh an t-ábhar soiléirithe ag cinneadh na Cúirte Breithiúnais, beidh an chúirt náisiúnta in ann an díospóid atá os a comhair a réiteach. I gcásanna ina n-éilítear freagairt laistigh de thréimhse an-ghearr (mar shampla, maidir le tearmann, rialú teorann, fuadach leanaí, etc.), déantar foráil do nós imeachta práinne um réamhrialú (‘PPU’);
-
caingne díreacha, a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- gníomh de chuid an Aontais a chur ar neamhní (‘caingean le haghaidh neamhniú’) nó
- dearbhú nach gcomhlíonann Ballstát dlí an Aontais (‘imeachtaí maidir le mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh’). Mura gcomhlíonfaidh an Ballstát an breithiúnas inar cinneadh nár chomhlíon sé a chuid oibleagáidí, féadfaidh leis an dara caingean, ar a dtugtar caingean maidir le ‘mainneachtain dhúbailte oibleagáidí a chomhlíonadh’, an Chúirt Bhreithiúnais a spreagadh chun pionós airgid a fhorchur air.
- achomhairc i gcoinne bhreitheanna na Cúirte Ginearálta, agus féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Ginearálta a chur ar neamhní ina ndiaidh;
- iarrataí ar thuairim maidir le comhaontú atá beartaithe ag an Aontas a thabhairt i gcrích le tríú Stát nó le heagraíocht idirnáisiúnta (arna dtíolacadh ag Ballstát nó ag Institiúid Eorpach) a bheith ag luí leis na Conarthaí.
Gníomhaíocht agus forbairt na Cúirte Breithiúnais
Bhí na míonna deiridh 2023 marcáilte le caibidlíochtaí maidir leis an iarraidh reachtach a rinne an Chúirt Bhreithiúnais chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i mí na Samhna 2022, d’fhonn dhlínse na Cúirte chun réamhrialuithe a thabhairt i sé réimse shonracha a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta (cáin bhreisluacha, dleachtanna máil, an Cód Custaim, rangú earraí de réir taraife san ainmníocht chomhcheangailte, cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí, agus scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil) agus, ar an dara dul síos, raon feidhme na meicníochta, a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2019, a leathnú chun achomhairc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta a ligean isteach roimh ré. Ba é aidhm na iarrata reachtaí sin cothromaíocht níos fearr a áirithiú, ar mhaithe le leas an duine aonair ceartas ardchaighdeáin a thabhairt laistigh de thréimhsí ama réasúnta, san ualach oibre idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, ar a bhfuil beirt bhreithiúna in aghaidh an Bhallstáit ó mhí Iúil 2022 (54 san iomlán).
Mar sin beidh an Chúirt Bhreithiúnais in ann díriú níos mó ar a croíchúraimí mar chúirt bhunreachtúil agus uachtarach an Aontais. Mar a tharla le blianta beaga anuas, is sainairíonna de chuid na dlíthíochta a tugadh os comhair na Cúirte, cibé acu trí réamhrialú nó caingne díreacha (go háirithe caingne mar gheall ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh), ná saincheisteanna íogaire a bhaineann go rialta leis an Mór-Dhlísheomra, amhail luachanna an smachta reachta a chaomhnú i gcomhthéacs na n-athchóirithe breithiúnacha náisiúnta, an bheartais tearmainn agus inimirce, cosaint sonraí pearsanta agus cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta san aois dhigiteach, an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe, agus saincheisteanna comhshaoil, fuinnimh agus aeráide.
Beidh aistriú páirteach dhlínse an réamhrialaithe chuig an gCúirt Ghinearálta bunaithe ar dhá bhunphrionsabal, arna rialú ag breithnithe a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, luas agus trédhearcacht: an prionsabal ‘ionad ilfhreastail’, ar dá réir a gcaithfear aon iarraidh ar réamhrialú a chur faoi bhráid na Cúirte i gcónaí, a chinnfidh cibé acu an dtagann nó nach dtagann cás a tharchuirtear i gcomhair réamhrialú go heisiach faoi cheann amháin nó níos mó de na hábhair shonracha thuasluaite, agus an prionsabal aistrithe iomlán na gcásanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú go léir a bhaineann go heisiach le ceann amháin nó ceann eile de na hábhair shonracha sin. Más rud é, ar an taobh eile, nach dtagann an cás faoina raon feidhme go heisiach, go háirithe sa mhéid go n-ardaíonn sé ceisteanna neamhspleácha maidir le léiriú an dlí phríomhúil nó na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, déileálfaidh an Chúirt leis.
Ní dochar, áfach, tarchur chun réamhrialú a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta do cheart na Cúirte Ginearálta an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Bhreithiúnais má mheasann sí go n-éilíonn an cás cinneadh prionsabail ná do cheart na Cúirte Breithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh, go heisceachtúil, ar an gcinneadh a thug an Chúirt Ghinearálta i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go mbainfí an bonn d’aontacht nó de chomhsheasmhacht dhlí an Aontais.
Tar éis roinnt míonna de scrúdú agus caibidlíocht, thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an iarraidh reachtach seo i mí na Nollag 2023. Mar chuid den chomhaontú seo, tá sé ordaithe go bhfoilseofar na pléadálacha nó na barúlacha i scríbhinn arna gcur isteach ag páirtí sna himeachtaí maidir leis an tarchur le haghaidh réamhrialú ar shuíomh gréasáin na Cúirte laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis chlabhsúr an cháis, mura ndéanfaidh an páirtí sin agóid i gcoinne foilsiú.
Tráth scríofa na tuarascála seo, ní raibh an t-amchlár beacht chun na leasuithe ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a ghlacadh go foirmiúil ná an dáta a thiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm tugtha chun críche fós, agus tá obair fós le déanamh, go háirithe maidir le leasú a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, a bheidh ag teastáil chun an t-athchóiriú a chur chun feidhme. Mar sin féin cruthaítear leis an bhformheas seo, i bprionsabal, go bhféadfaí feidhmiú chúirteanna an Aontais a ath-shainmhíniú sna blianta amach romhainn.
Tháinig athrú ar chomhdhéanamh na Cúirte in 2023, nuair a d’imigh an tAbhcóide Ginearálta Pitruzzella tar éis dó a bheith ceaptha ina bhreitheamh i gCúirt Bhunreachtúil na hIodáile.
Maidir leis na staitisticí don bhliain seo caite, léiríonn siad arís nádúr marthanach ghníomhaíochtaí na Cúirte Breithiúnais le blianta beaga anuas. In 2023, tugadh 821 chás os comhair na Cúirte Breithiúnais, níos mó ná mar a tugadh in 2022, agus cuireadh deireadh le 783 chás, líon sách cosúil leis na trí bliana roimhe sin. Ba é meántréimhse na n-imeachtaí, gach cineál cásanna le chéile, ná 16.1 mí, agus ba é líon na gcásanna ar feitheamh an 31 Nollaig 2023 ná 1149.
Koen Lenaerts
Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
![](../assets/img/photos-2023/signature-lenaerts_2.jpg)
Comhaltaí na Cúirte Breithiúnais
Tá 27 mBreitheamh agus 11 Abhcóide Ghinearálta sa Chúirt Bhreithiúnais.
Ceaptar na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta trí chomhaontú a dhéanann rialtais na mBallstát, tar éis dul i gcomhairle le coiste atá freagrach as tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n-iarratasóirí ionchasacha chun na cúraimí lena mbaineann a chur i gcrích. Is téarma oifige sé bliana a bhíonn acu, agus is téarma inathnuaite an téarma sin.
Roghnaítear iad ó na daoine nach bhfuil amhras ar bith ann faoin neamhspleáchas, a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh sna hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha féin, nó ar dlí-eolaithe iad a n-aithnítear a n-inniúlacht.
Feidhmíonn na Breithiúna a ndualgais ar mhodh atá go hiomlán neamhchlaonta agus neamhspleách.
Toghann Breithiúna na Cúirte Breithiúnais idir eatarthu an tUachtarán agus an Leas-Uachtarán. Ainmníonn na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta an Cláraitheoir ar feadh téarma sé bliana.
Tá na hAbhcóidí Ginearálta freagrach as tuairim bhreithiúnach, dá ngairtear ‘Tuairim’, go hiomlán neamhchlaonta agus neamhspleách, a thabhairt sna cásanna a shanntar dóibh. Ní gá do Bhreithiúna na Cúirte Breithiúnais an Tuairim sin a leanúint.
In 2023, níor ceapadh aon chomhalta nua chuig an gCúirt Bhreithiúnais.
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-1.jpg)
K. Lenaerts
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-2.jpg)
L. Bay Larsen
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-3.jpg)
A. Arabadjiev
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-4.jpg)
A. Prechal
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-5.jpg)
K. Jürimäe
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-6.jpg)
C. Lycourgos
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-7.jpg)
E. Regan
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-8.jpg)
M. Szpunar
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-9.jpg)
T. von Danwitz
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-10.jpg)
F. Biltgen
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-11.jpg)
N. J. Cardoso da Silva Piçarra
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-12.jpg)
Z. Csehi
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-13.jpg)
O. Spineanu-Matei
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-14.jpg)
J. Kokott
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-15.jpg)
M. Ilešič
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-16.jpg)
J.-C. Bonichot
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-17.jpg)
M. Safjan
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-18.jpg)
S. Rodin
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-19.jpg)
M. Campos
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-20.jpg)
P. G. Xuereb
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-21.png)
L. S. Rossi
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-22.jpg)
I. Jarukaitis
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-23.png)
P. Pikamäe
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-24.jpg)
A. Kumin
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-25.jpg)
N. Jääskinen
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-26.jpg)
N. Wahl
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-27.jpg)
J. Richard de la Tour
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-28.jpg)
A. Rantos
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-29.png)
I. Ziemele
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-30.png)
J. Passer
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-31.png)
D. Gratsias
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-32.jpg)
M. L. Arastey Sahún
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-33.jpg)
A. M. Collins
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-34.jpg)
M. Gavalec
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-35.jpg)
N. Emiliou
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-36.jpg)
T. Ćapeta
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-37.jpg)
L. Medina
![](../assets/img/members/member-s1/mb-s1-38.jpg)
A. Calot Escobar
An t-ord prótacail amhail an 15/11/2023
B | An Chúirt Ghinearálta in 2023
Féadfar caingne díreacha arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha (daoine aonair, cuideachtaí, comhlachais, etc.), i gcás ina bhfuil baint aonair nó dhíreach acu agus ag na Ballstáit i gcoinne gníomhartha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, chomh maith le caingne díreacha lena lorgaítear cúiteamh as damáiste arna ndéanamh ag na hInstitiúidí nó ag a seirbhísigh, a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta ag an gcéad chéim.
Tá cuid mhór dá dlíthíocht de chineál eacnamaíoch: maoin intleachtúil (trádmharcanna, dearaí de chuid an Aontais Eorpaigh), iomaíocht, Státchabhair agus maoirseacht baincéireachta agus airgeadais.
Tá dlínse ag an gCúirt Ghinearálta freisin breith a thabhairt i ndíospóidí na seirbhíse sibhialta idir an tAontas Eorpach agus a sheirbhísigh.
Is féidir breitheanna ón gCúirt Ghinearálta a achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais, ach tá na hachomhairc sin teoranta do phointí dlí. I gcásanna a ndearnadh iad a bhreithniú faoi dhó cheana féin (ag bord achomhairc neamhspleách agus ansin ag an gCúirt Ghinearálta), ní cheadóidh an Chúirt Bhreithiúnais don achomharc dul ar aghaidh ach amháin má ardaítear leis saincheist atá suntasach maidir le haontacht, comhsheasmhacht nó forbairt dhlí an Aontais.
Gníomhaíocht agus forbairt na Cúirte Ginearálta
![](../assets/img/Van-der-Woude.jpg)
Marc van der Woude
Uachtarán na Cúirte Ginearálta
Le linn 2023, tháinig athchóiriú na Cúirte Ginearálta, a rinneadh líon na mbreithiúna a dhúbailt (Rialachán Uimh. 2015/2422), i bhfeidhm go hiomlán. Tá fianaise ar an méid sin le feiceáil i staitisticí na cúirte. Chuir an Chúirt Ghinearálta clabhsúr le 904 chás as 868 a taisceadh (gan 404 chás comhionann a taisceadh ag deireadh na bliana san áireamh), rud a laghdaigh líon na gcásanna ar feitheamh. Ina theannta sin, tá meánfhad na n-imeachtaí coinnithe ag leibhéal sásúil: 18.2 mí ar an meán, atá ina tháscaire ar bhainistiú éifeachtach cásanna.
Ag an am céanna, tá comhdhlúthú déanta ag an gCúirt Ghinearálta ar a cleachtas maidir le níos mó cásanna a tharchur chuig foirmíochtaí méadaithe. In 2023, ba trí fhoirmíochtaí méadaithe a bhí 13.6% de na cásanna ar cuireadh clabhsúr leo agus rinneadh 120 cás ar a laghad a tharchur chuig foirmíochtaí den sórt sin. I gcásanna áirithe atá thar a bheith tábhachtach, ní bhíonn drogall ar an gCúirt Ghinearálta a thuilleadh iad a tharchur chuig a Mór-Dhlísheomra de 15 bhreitheamh. Go háirithe, ba san éisteacht fhoirmiúil sin a thug an Chúirt Ghinearálta a breithiúnas in Veiniséala v an Chomhairle maidir le bearta sriantacha a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i gcoinne chuideachtaí agus náisiúnaigh Veiniséala (T-65/18 RENV; féach caibidil ‘Súil siar ar na breithiúnais is tábhachtaí i rith na bliana’). Cuireadh faoi bhráid an Mhór-Dhlísheomra freisin ceithre chás a thug ceithre cinn d’eagraíochtaí breithiúna Eorpacha maidir le plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na Polainne (T-530/22 go T-533/22), agus dhá chás a bhain le bearta sriantacha arna gcur chun feidhme ag an Aontas Eorpach in aghaidh na Rúise mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin (Cásanna T-635/22 agus T-644/22).
Tá na torthaí sásúla seo i bpáirt mar thoradh ar chobhsaíocht chomhdhéanamh na cúirte. Go deimhin, níor fhág ach beirt bhreithiúna an oifig in 2023, is iad sin na Breithiúna Frimodt Nielsen agus Valančius, ar tháinig an Breitheamh Kalėda agus an Breitheamh Spangsberg Grønfeldt ina n-ionad. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as an méid a chuir siad le riaradh cuí an cheartais san Aontas Eorpach. Sa bhliain 2023 freisin d'imigh an Cláraitheoir Coulon, tar éis 18 mbliana de sheirbhís dhílis, agus tháinig a chomharba, an tUasal Di Bucci. Eagraíodh collóiciam ar dhlí nós imeachta an Aontais chun imeacht an Uasail Coulon a chomóradh, le meascán d’ómós agus cur i láthair ardleibhéil.
Le linn 2023, lean an Chúirt Ghinearálta lena próiseas nuachóirithe, go háirithe chun feabhas a chur ar láimhseáil na gcásanna is mó agus is casta. Tuilleann na cásanna seo, go ginearálta i réimse an dlí eacnamaíoch agus airgeadais, cur chuige réamhghníomhach agus sainoiriúnaithe maidir le leithdháileadh acmhainní agus pleanáil oibre araon. Leis an gcur chuige seo, a mbeidh baint ag ionadaithe na bpáirtithe leis, beifear in ann fad na n-imeachtaí a laghdú agus freagairt ar bhealach níos spriocdhírithe d’ionchais na bpáirtithe.
Ina theannta sin, d’fhonn freagairt go hiomlán d’ionchais dhlisteanacha daoine aonair d’fhonn an dlínse a aistriú go páirteach chun réamhrialú a thabhairt i réimsí sonracha áirithe agus an sásra a leathnú lena gcinntear an ligfear d’achomhairc dul ar aghaidh, d’oibrigh an Chúirt Ghinearálta le linn 2023 ar na hathruithe is riachtanacha ar a socruithe eagraíochtúla agus ar a rialacha nós imeachta amach anseo.
![](../assets/img/photos-2023/signature-woude.jpg)
Nuálaíochtaí sa chásdlí
![](../assets/img/Papasavvas.jpg)
Savvas S. Papasavvas
Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta
Bíonn ualach cásanna na Cúirte Ginearálta ag athrú i gcónaí. Arna spreagadh ag na hachomhairc arna dtaisceadh ag dlíthithe, cuireann gach breithiúnas cleite nua leis an sciathán dlí-eolaíochta. Ní haon eisceacht don riail í an bhliain 2023, agus chuaigh an Chúirt Ghinearálta i ngleic le saincheisteanna nua i réimsí traidisiúnta, agus réitigh sí an bealach do dhlíthíocht atá ag forbairt go tapa. Deis a bhí ann freisin don Mhór-Dhlísheomra teacht le chéile ar mhór-shaincheist den chomhbheartas eachtrach agus slándála.
Ó bunaíodh í, tá forfheidhmiú rialacha iomaíochta san áireamh i sainchúram na Cúirte Ginearálta. Mar sin tá saineolas ar leith aici sa réimse seo. Mar sin féin, toisc go bhfuil an timpeallacht dhlíthiúil sa réimse seo, mar atá i réimsí eile, ag síorathrú, bíonn ceisteanna nua ag teacht chun cinn i gcónaí. Is é seo an cás go háirithe i mbreithiúnas an 24 Bealtaine 2023, Meta Platforms Ireland v an Coimisiún (T-451/20), inar scrúdaigh an Chúirt, den chéad uair, dlíthiúlacht iarratais ar fhaisnéis trí théarmaí cuardaigh faoi Rialachán 1/2003 agus dlíthiúlacht nós imeachta seomra sonraí fíorúil chun doiciméid a phróiseáil ina bhfuil sonraí pearsanta íogaire. Bhí ar an gCúirt Ghinearálta a chinntiú go raibh a iarratas teoranta ag an gCoimisiún don fhaisnéis a bhí riachtanach chun na sáruithe toimhdithe a bhí údar lena imscrúdú a fhíorú. (féach alt ‘Fócas’).
Ar an gcaoi chéanna, tá roinnt ceisteanna suimiúla agus nua mar thoradh ar chóras dliteanais neamhchonarthaigh an Aontais Eorpaigh, is cuma cé chomh clasaiceach agus dea-shainithe atá sé. Tugadh caingean os comhair na Cúirte ag lorg cúiteamh as an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a d’fhulaing International Management Group tar éis don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) tuarascáil imscrúdaithe a scaoileadh chuig an bpreas maidir lena stádas dlíthiúil. Mhaígh an t-iarratasóir go raibh iompar an Choimisiúin, a raibh roinnt comhaontuithe déanta aige leis, agus iompar OLAF neamhdhleathach. Chuige sin, i mbreithiúnas an 28 Meitheamh 2023, IMG v an Coimisiún (T-752/20), shoiléirigh an Chúirt Ghinearálta na coinníollacha a bhí le comhlíonadh chun sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí a bhí beartaithe cearta a thabhairt do dhaoine aonair a shuíomh.
Tá baincéireacht agus airgeadas ar cheann de na réimsí dlíthíochta is mó fáis. Go sonrach, beidh an Chúirt Ghinearálta ag éisteacht le líon méadaitheach na n-achomharc ag eascairt as tabhairt isteach an tSásra Réitigh Aonair in 2014. Soláthraíonn an sásra sin creat bainistithe géarchéime baincéireachta chun bainc mhóra i mBallstáit áirithe a réiteach. Braitheann sé go háirithe ar an mBord Réitigh Aonair, atá freagrach as réiteach na mbanc ar a bhfuil dóchúlacht nó cinnteacht go dteipfidh orthu a ullmhú agus a chur chun feidhme. Go háirithe, i roinnt breithiúnas a tugadh an 22 Samhain 2023, rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe maidir le hiarratas chun cinneadh ón mBord Réitigh Aonair a chur ar leataobh maidir le cúiteamh féideartha do scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a ndéanann réiteach bainc difear dóibh (Cásanna Uamtha T-302/20, T-303/20 agus T-307/20 Del Valle Ruíz agus páirtithe eile v CRU, agus Cásanna T-304/20 Molina Fernández v CRU, T-330/20 ACMO agus páirtithe eile v CRU agus T-340/20 Galván Fernández-Guillén v CRU).
Ar deireadh, gan dearmad a dhéanamh ar cheann de na forbairtí cásdlí is suntasaí le bliain anuas, bhí breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2023, Veiniséala v an Chomhairle (T-65/18 RENV; féach an chaibidil dar teideal ‘Súil siar ar na breithiúnais is tábhachtaí i rith na bliana’). Agus í ina suí mar Mhór-Dhlísheomra, rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar dhlíthiúlacht na mbeart sriantach i gcoinne tríú Stát, sa chás seo Veiniséala, mar gheall ar mheath leanúnach ar staid na tíre sin ó thaobh an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine. Sa chomhthéacs sin, bhí ar an gCúirt Ghinearálta breithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna íogaire a bhain le ceart an tríú Stát chun éisteacht a fháil agus na sáruithe líomhnaithe ar an dlí idirnáisiúnta a mhaígh sí.
![](../assets/img/photos-2023/signature-papasavvas.jpg)
Comhaltaí na Cúirte Ginearálta
Tá an Chúirt Ghinearálta comhdhéanta de bheirt bhreithiúna ó gach Ballstát.
Roghnaítear breithiúna na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Is iad rialtais na mBallstát a cheapann, de thoil a chéile, na breithiúna, tar éis dóibh dul i gcomhairle le painéal atá an cúram air tuairim a thabhairt maidir le hoiriúnacht na n-iarrthóirí. Is téarma oifige sé bliana a bhíonn acu, agus is téarma inathnuaite an téarma sin. Ainmníonn siad Uachtarán agus Leas-Uachtarán as a measc féin ar feadh téarma trí bliana. Ainmníonn siad an Cláraitheoir ar feadh téarma oifige sé bliana.
Feidhmíonn na Breithiúna a ndualgais ar mhodh atá go hiomlán neamhchlaonta agus neamhspleách.
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-1.jpg)
M. van der Woude
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-2.jpg)
S. S. Papasavvas
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-3.jpg)
D. Spielmann
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-4.png)
A. Marcoulli
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-5.jpg)
F. Schalin
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-6.png)
R. da Silva Passos
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-7.jpg)
J. Svenningsen
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-8.png)
M. J. Costeira
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-9.jpg)
K. Kowalik-Bańczyk
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-10.jpg)
A. Kornezov
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-11.png)
L. Truchot
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-12.jpg)
O. Porchia
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-13.jpg)
M. Jaeger
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-14.png)
H. Kanninen
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-15.png)
J. Schwarcz
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-16.png)
M. Kancheva
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-17.jpg)
E. Buttigieg
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-18.jpg)
V. Tomljenović
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-19.jpg)
S. Gervasoni
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-20.jpg)
L. Madise
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-21.jpg)
N Półtorak
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-22.jpg)
I. Reine
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-23.jpg)
P. Nihoul
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-24.jpg)
U. Öberg
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-25.jpg)
C. Mac Eochaidh
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-26.jpg)
G. De Baere
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-27.jpg)
R. Frendo
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-28.png)
T. R. Pynnä
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-29.jpg)
J. C. Laitenberger
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-30.jpg)
R. Mastroianni
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-31.png)
J. Martín y Pérez de Nanclares
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-32.jpg)
G. Hesse
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-33.jpg)
M. Sampol Pucurull
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-34.jpg)
M. Stancu
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-35.jpg)
P. Škvařilová-Pelzl
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-36.png)
I. Nõmm
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-37.jpg)
G. Steinfatt
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-38.png)
R. Norkus
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-39.jpg)
T. Perišin
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-40.jpg)
D. Petrlík
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-41.jpg)
M. Brkan
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-42.png)
P. Zilgalvis
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-43.jpg)
K. Kecsmár
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-44.jpg)
I. Gâlea
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-45.jpg)
I. Dimitrakopoulos
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-46.jpg)
D. Kukovec
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-47.jpg)
S. Kingston
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-48.jpg)
T. Tóth
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-49.jpg)
B. Ricziová
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-50.jpg)
E. Tichy-Fisslberger
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-51.jpg)
W. Valasidis
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-52.jpg)
S. Verschuur
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-53.jpg)
S. L. Kalėda
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-54.jpg)
L. Spangsberg Grønfeldt
![](../assets/img/members/member-s2/mb-s2-55.jpg)
V. Di Bucci
An t-ord prótacail amhail an 27/9/2023
C | Cásdlí in 2023
- Fócas Nasc idir cosaint sonraí pearsanta agus dlí na hiomaíochta
- Fócas Cumhachtaí rialála FIFA agus UEFA agus dlí an Aontais Eorpaigh
- Fócas Cosaint sonraí pearsanta agus sáruithe a bhaineann le hiomaíocht idir gnóthais a chomhrac
- Fócas Cuideachtaí Eorpacha a chosaint ar smachtbhannaí seach-chríochacha na Stát Aontaithe
- Súil siar ar na breithiúnais is tábhachtaí i rith na bliana
![](../assets/img/photos-2023/focus_courte_icon.jpg)
Fócas
Nasc idir cosaint sonraí pearsanta agus dlí na hiomaíochta
![](../assets/img/photos-2023/Focus/shutterstock_2065679765.jpg)
Breithiúnas in Meta Platforms agus páirtithe eile an 4 Iúil 2023 (C-252/21)
Chuir Údarás Cónaidhme Iomaíochta na Gearmáine cosc ar na cuideachtaí i nGrúpa Meta úsáid a bhaint as an líonra sóisialta Facebook ag a úsáideoirí sa Ghearmáin faoi réir a gcuid sonraí ‘off Facebook’ a phróiseáil gan a dtoiliú. Bhí sé den tuairim nach raibh próiseáil na sonraí atá i gceist i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus, dá bhrí sin, gur bhain Grúpa Meta mí-úsáid as a cheannasacht.
Tar éis do chúirt Ghearmánach an t-ábhar a tharchur chuici i gcomhthéacs imeachtaí arna dtionscnamh ag Grúpa Meta i gcoinne an toirmisc sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil údarás iomaíochta Ballstáit i dteideal a chinneadh go ndearnadh sárú ar RGCS i gcomhthéacs imscrúdú ar mhí-úsáid ceannasachta. Tá sé de cheangal air, áfach, comhoibriú go dílis leis na húdaráis mhaoirseachta shonracha a bhunaítear leis an Rialachán sin. Má bhí an t-iompar a scrúdaíodh ina ábhar do chinneadh ó na húdaráis sin nó ón gCúirt cheana féin, tá an t-údarás iomaíochta faoi cheangal ag a measúnuithe a bhaineann le RGCS.
Rialaigh an Chúirt freisin ar an gceist an gceadaítear sonraí ‘íogaire’, atá toirmiscthe i bprionsabal ag RGCS, a cheadú go heisceachtúil i gcásanna inar fhollas gur chuir an t-ábhar sonraí na sonraí sin ar fáil go poiblí. Ós rud é go dtugann úsáideoir cuairt ar shuíomhanna gréasáin nó ar aipeanna a d’fhéadfadh sonraí íogaire a nochtadh, amhail bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó ghnéaschlaonta, chinn sí nach gciallaíonn sé sin go ndéanann an t-úsáideoir sin a chuid nó a cuid sonraí a phoibliú go follasach de réir bhrí RGCS. Is amhlaidh atá i gcás ina gcuireann úsáideoir faisnéis isteach nó ina gcliceálann sé nó sí ar chnaipí comhtháite, ach amháin má tá rogha déanta go sainráite aige roimh ré na sonraí sin a chur ar fáil go poiblí do líon neamhtheoranta daoine.
Ós rud é go bhfuil ceannasacht ag an oibreoir líonra, ní chuireann sé sin cosc ar an úsáideoir toiliú go bailí agus go saor le próiseáil a gcuid sonraí. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag an gceannasacht sin ar shaoirse rogha na n-úsáideoirí, is gné thábhachtach é chun a chinneadh ar tugadh an toiliú sin go bailí. Cuireann an Chúirt leis sin gur faoin oibreoir atá sé a chruthú go bhfuil toiliú den sórt sin ann.
RGCS
Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), déantar dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta a chaighdeánú agus a leagan amach faoi chóras aonair.
Cuireann RGCS oibleagáidí ar aon chomhlacht, poiblí nó príobháideach, chomh luath agus a bhailíonn sé sonraí pearsanta i gcríoch an Aontais Eorpaigh. Bíonn cineálacha éagsúla pionós ar chomhlachtaí nach gcomhlíonann oibleagáidí RGCS.
Sa ré dhigiteach, tugtar le RGCS go leor cearta do dhaoine aonair, amhail an ceart chun faisnéise, an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad agus an ceart rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhailítear nó na sonraí sin a scriosadh, rud a chuidíonn le cosaint a bpríobháideachais a neartú. Meastar gurb iad sin na rialacha is déine ar domhan i réimse na cosanta sonraí.
Sonraí ‘off Facebook’
Bainistíonn Meta Platforms Ireland an líonra sóisialta ar líne Facebook laistigh den Aontas Eorpach. Trí chlárú le Facebook, glacann a úsáideoirí leis na téarmaí ginearálta arna dtarraingt suas ag an gcuideachta sin, ina bhfuil na beartais sonraí agus fianán. De réir na mbeartas sin, bailíonn Meta Platforms Ireland sonraí faoi ghníomhaíochtaí úsáideoirí ar an líonra sóisialta agus lasmuigh de agus nascann sé na sonraí le cuntais Facebook na n-úsáideoirí lena mbaineann. Baineann na sonraí sin, ar a dtugtar sonraí ‘off Facebook’ freisin, le cuairteanna ar leathanaigh ghréasáin agus aipeanna tríú páirtí chomh maith le húsáid seirbhísí eile ar líne a bhaineann le grúpa Meta (lena n-áirítear Instagram agus WhatsApp). Nuair a bhailítear na sonraí sin, is féidir na teachtaireachtaí fógraíochta atá beartaithe d’úsáideoirí Facebook a phearsantú.
![](../assets/img/photos-2023/focus_courte_icon.jpg)
Fócas
Cumhachtaí rialála FIFA agus UEFA agus dlí an Aontais Eorpaigh
![](../assets/img/photos-2023/Focus/The_Super_League_Logo.jpg)
Breithiúnas in European Superleague Company an 21 Nollaig 2023 (C-333/21)
Is iad FIFA agus UEFA na cónaidhmeanna idirnáisiúnta sacair a dhéanann maoirsiú ar sacar gairmiúil san Eoraip. Tá rialacha glactha acu a thugann an chumhacht dóibh comórtais Eorpacha club sacair a údarú agus leas a bhaint as na cearta meáin éagsúla comhfhreagracha. Eagraíonn UEFA comórtais freisin idir clubanna Eorpacha, mar shampla, Sraith na gCuradh.
Tá cinneadh déanta ag 12 chlub sacair Eorpacha comórtas nua sacair a sheoladh: an Superleague. Is dócha go gcuirfidh an tionscadal seo isteach ar reáchtáil chomórtais chlub UEFA agus ar shaothrú na gceart meán comhfhreagrach. Chuir FIFA agus UEFA i gcoinne an tionscadail agus bhagair siad smachtbhannaí a fhorchur ar chlubanna agus imreoirí a chinn páirt a ghlacadh..
Rinne an chuideachta atá freagrach as an tionscadal, European Superleague Company, agóid i gcoinne rialacha FIFA agus UEFA os comhair cúirt i Maidrid, a d’fhiafraigh ar an gCúirt Bhreithiúnais faoina gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais Eorpaigh, a chuireann cosc ar bhacainní ar shaoriomaíocht agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.
I gcomhréir lena cásdlí ‘Bosman’, tá béim curtha ag an gCúirt gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh iad eagrú comórtas spóirt agus saothrú na gceart meán comhfhreagrach.
Rialaigh an Chúirt nach mór na cumhachtaí rialála, maoirseachta agus smachtbhannaí atá ag FIFA agus UEFA maidir le heagrú comórtas sacair a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht lena chéile amhail an tionscadal Superleague, chun a áirithiú nach sáraítear dlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, a fheidhmiú ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach.
Chinn an Chúirt freisin go raibh baol ann go sárófaí dlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh le rialacha FIFA agus UEFA maidir le saothrú chearta na meán mura rachadh siad chun tairbhe na n-imreoirí éagsúla sa chluiche, mar shampla trína chinntiú go ndéanfaí an t-ioncam a ghintear a athdháileadh ar bhonn comhionann. Thug an Chúirt dá haire gur dócha go ndéanfadh na rialacha seo dochar do chlubanna peile Eorpacha, do chuideachtaí a oibríonn i margaí na meán cumarsáide agus do thomhaltóirí agus do lucht féachana, trí chosc a chur orthu leas a bhaint as comórtais nua, a d’fhéadfadh a bheith nuálaíoch nó suimiúil.
Cásdlí ‘Bosman’
Ina breithiúnas suntasach Bosman an 15 Nollaig 1995 (C-415/93), rialaigh an Chúirt, i dtéarmaí ginearálta, gur gníomhaíocht eacnamaíoch atá clúdaithe ag dlí an Aontais é cleachtas an spóirt. Mheas an Chúirt freisin go gcuirtear cosc le saorghluaiseacht oibrithe:
- ar chlásail náisiúntachta arna nglacadh ag cónaidhmeanna spóirt nach bhféadfaidh clubanna spóirt ach líon teoranta imreoirí gairmiúla ar náisiúnaigh de chuid Ballstát eile iad a chur chun páirce, agus
- ar na clásail aistrithe atá leagtha síos ag na cónaidhmeanna sin, nach bhféadfaidh imreoir gairmiúil is náisiúnach de Bhallstát é a fhostú ag club i mBallstát eile ar dhul in éag dá chonradh le club mura mbeidh cúiteamh íoctha aige leis an gclub tionscnaimh.
An Chúirt agus spórt
Ó bhreithiúnas Bosman i leith, is iomaí ócáid a bhí ag an gCúirt rialú a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir spórt a chleachtadh i bhfianaise dhlí eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh:
- ní féidir na clásail náisiúntachta dá dtagraítear i mbreithiúnas Bosman maidir le fir agus mná spóirt is náisiúnaigh de na Ballstáit a chur i bhfeidhm maidir le fir agus mná spóirt ó Stát a bhfuil comhaontú comhlachais nó comhpháirtíochta tugtha i gcrích ag an Aontas leis (breithiúnais in Deutscher Handballbund an 8 Bealtaine 2003 (C-438/00) agus Simutenkov an 12 Aibreán 2005 (C-265/03)),
- tagann rialacha frithdhópála an Choiste Oilimpigh Idirnáisiúnta faoi raon feidhme dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh, ach ní thagann siad salach ar a chéile toisc go bhfuil siad riachtanach chun stiúradh cuí comórtas spóirt a áirithiú (breithiúnas in Meca-Medina and Majcen v an Coimisiún an 18 Iúil 2006 (C-519/04 P))
- féadfaidh clubanna sacair liúntas oiliúna comhréireach a éileamh le haghaidh imreoirí óga atá oilte acu nuair is mian leis na himreoirí sin a gcéad chonradh gairmiúil a shíniú le club i mBallstát eile (breithiúnas in Olympique Lyonnais an 16 Márta 2010 (C-325/08)).
![](../assets/img/photos-2023/focus_tribunal-icon.jpg)
Fócas
Cosaint sonraí pearsanta agus sáruithe a bhaineann le hiomaíocht idir gnóthais a chomhrac
![](../assets/img/photos-2023/Focus/shutterstock_2066476382.jpg)
Breithiúnas in Meta Platforms Ireland v an Coimisiún an 24 Bealtaine 2023 (T-451/20)
Cumhachtaí imscrúdaitheacha an Choimisiúin
Le rialacha iomaíochta an Aontais, cuirtear cosc ar chomhaontuithe idir gnóthais, ar chinntí a dhéanann comhlachais gnóthas agus ar chleachtais chomhbheartaithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don trádáil idir na Ballstáit agus a d’fhéadfadh iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh (Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh [CFAE]). Cuireann siad cosc freisin ar ghnóthais a bhfuil ceannasacht acu ar mhargadh mí-úsáid a bhaint as an staid sin, mar shampla trí phraghsanna éagóracha a chur i bhfeidhm, táirgeadh a theorannú nó nuálaíocht a dhiúltú chun dochair do thomhaltóirí (Airteagal 102 CFAE).
Tá ról ríthábhachtach ag Rialachán AE Uimh. 1/2003 i gcur chun feidhme rialacha iomaíochta. Cuireann sé cumhachtaí leathana imscrúdaithe de chúram ar an gCoimisiún Eorpach. Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe, cigireachtaí a dhéanamh agus agallamh a chur ar aon duine a bhféadfadh rochtain a bheith acu ar fhaisnéis ábhartha.
In 2020, i gcomhthéacs imscrúdú ar iompar frithiomaíoch líomhnaithe ar thaobh ghrúpa Facebook, agus é ag úsáid sonraí pearsanta agus i mbainistiú a ardáin líonra shóisialta, chuir an Coimisiún de cheangal ar Meta Platforms Ireland gach doiciméad a d’ullmhaigh nó a fuair triúr feidhmeannach ina raibh téarma sonrach amháin nó níos mó a sholáthar dó.
Áiríodh leis na téarmaí sin, go háirithe, ’big question’ (ceist mhór), ‘for free’ (saor in aisce), ‘not good for us’ (ní maith dúinn) agus ‘shut* down’ (múchadh).
In éagmais na faisnéise sin, bhí Meta faoi réir íocaíocht phionóis fhéideartha €8 milliún in aghaidh an lae.
Os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, rinne Meta agóid i gcoinne dhlíthiúlacht an iarratais sin ar fhaisnéis ón gCoimisiún Eorpach. Dar le Meta, ba léir go raibh na téarmaí cuardaigh sin ródhoiléir agus róghinearálta agus bhí siad mar chuid de ‘cuardaigh faisnéise’ ar scála leathan.
Ag an am céanna, rinne Meta iarratas ar bhearta eatramhacha lena n-iarrtar iarraidh an Choimisiúin a chur ar fionraí ar feitheamh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta maidir le substaint an cháis.
An 29 Deireadh Fómhair 2020, rialaigh Uachtarán na Cúirte Ginearálta maidir leis an iarratas ar bhearta eatramhacha. D’ordaigh sé go gcuirfí cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh ar fionraí go dtí go mbeadh nós imeachta sonrach curtha i bhfeidhm chun na doiciméid a iarradh nach raibh baint acu le gníomhaíochtaí tráchtála Meta agus ina raibh sonraí pearsanta íogaire (‘doiciméid faoi chosaint’) a thabhairt ar aird. Tar éis an ordaithe sin, chuir an Coimisiún nós imeachta maidir le seomra sonraí fíorúil i bhfeidhm i ndáil leis na doiciméid chosanta sin. Faoin nós imeachta sin, ní fhéadfaí na doiciméid a chur sa chomhad ach amháin tar éis do líon teoranta ball den fhoireann atá freagrach as an imscrúdú agus dlíodóirí Meta scrúdú a dhéanamh orthu sa seomra fíorúil sin.
An 24 Bealtaine 2023, rialaigh an Chúirt Ghinearálta maidir le substaint an cháis. Diúltaíodh do chaingean Meta ina hiomláine.
Ina breithiúnas, tharraing an Chúirt Ghinearálta aird ar chumhachtaí leathana imscrúdaitheacha an Choimisiúin Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann gnóthais na rialacha iomaíochta. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach téarmaí cuardaigh sonracha a úsáid.
META
Is cuideachta teicneolaíochta ilnáisiúnta é Meta a bhfuil a oifig chláraithe aige sna Stáit Aontaithe. Chomh maith le Instagram agus WhatsApp, is é ceann dá tháirgí suaitheanta ná a líonra sóisialta Facebook, a ligeann d’úsáideoirí cláraithe próifílí a chruthú, grianghraif agus físeáin a uaslódáil, teachtaireachtaí a sheoladh agus a bheith i dteagmháil le daoine eile. Cuireann Meta seirbhís fógraíochta rúnaicmithe ar líne ar fáil freisin, ar a dtugtar Facebook Marketplace, a chuireann ar chumas úsáideoirí earraí a cheannach agus a dhíol.
Nós imeachta eatramhach
Leis an iarratas ar bhearta eatramhacha, iarrtar oibriú gnímh institiúide a chur ar fionraí láithreach, go dtí go scrúdófar an chaingean agus an breithiúnas críochnaitheach. Chun go n-ordóidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta an beart eatramhach sin, níor cheart, ar an gcéad amharc, an chaingean a bheith gan bhunús. Ní mór don iarratasóir a léiriú freisin, in éagmais fionraí, go bhfulaingeodh sé damáiste tromchúiseach agus doleasaithe. Ar deireadh, ní mór don chinneadh cothromaíocht a bhaint amach idir leas an iarratasóra, ar thaobh amháin, agus leasanna na bpáirtithe eile agus leas an phobail, ar an taobh eile.
Mar fhreagra ar argóint Meta gurbh ionann imscrúdú ina n-úsáidtear téarmaí cuardaigh agus cur isteach ar phríobháideachas na bhfostaithe lena mbaineann, mheas an Chúirt Ghinearálta gur beart iomchuí é chun cuspóirí leasa ghinearálta a bhaint amach, eadhon an córas iomaíochta atá beartaithe le Conarthaí an Aontais Eorpaigh a choinneáil ar bun.
Chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i ndáil leis sin na bearta tionlacain a glacadh. B’éigean na doiciméid chosanta a tharchur chuig an gCoimisiún ar mheán leictreonach ar leith agus iad a chur i seomra fíorúil sonraí. Ní raibh rochtain ar an seomra sin ach ag líon teoranta ball den fhoireann atá freagrach as an imscrúdú. B’éigean na doiciméid a bhí le cur ar an gcomhad a roghnú i láthair dhlíodóirí Meta. I gcás easaontas leanúnach maidir le rúnaicmiú doiciméid, rinneadh eadráin.
Cás T-452/20
Ar an dáta céanna, ghlac an Coimisiún, i ndáil le Meta Platforms Ireland, iarraidh ar fhaisnéis i gcomhthéacs a imscrúdaithe chomhthreomhair ar chleachtais áirithe a bhaineann le hardán Facebook Marketplace. Rinne an Chúirt Ghinearálta an chaingean le haghaidh neamhniú a thionscain Meta Platforms Ireland i gcoinne an chinnidh sin a dhíbhe i mbreithiúnas ar an lá céanna i gCás T-452/20.
Rinne Meta achomhairc i gcoinne bhreithiúnais T-451/20 agus T-452/20 ón gCúirt Ghinearálta a thaisceadh os comhair na Cúirte Breithiúnais (cásanna ar feitheamh C-497/23 P agus C-496/23 P).
![](../assets/img/photos-2023/focus_tribunal-icon.jpg)
Fócas
Cuideachtaí Eorpacha a chosaint ar smachtbhannaí seach-chríochacha na Stát Aontaithe
![](../assets/img/photos-2023/Focus/IFIC.jpg)
Breithiúnas in IFIC Holding v an Coimisiún an 12 Iúil 2023 (T-8/21)
Éifeacht sheach-chríochach dlíthe arna nglacadh ag tríú tíortha
Tá reachtaíocht sheach-chríochach i gcás ina síneann a héifeacht thar theorainneacha an Stáit a ghlac í. Le Reacht Blocála an Aontais Eorpaigh (Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle), cosnaítear trádálaithe an Aontais ó chur i bhfeidhm seach-chríochach dlíthe tríú tíortha. Ghlac an tAontas Eorpach an dlí sin in 1996 chun cosaint a thabhairt do ghnóthais Eorpacha ar dhírigh na Stáit Aontaithe ar a ngníomhaíochtaí tráchtála le Cúba, leis an Iaráin nó leis an Libia.
In 2018, mar fhreagairt ar tharraingt siar na Stát Aontaithe as socrú núicléach na hIaráine, nuashonraigh an tAontas Eorpach a Reacht Blocála chun smachtbhannaí seach-chríochacha nua-chríochacha na Stát Aontaithe a áireamh ann. Rinneadh an chéim sin i gcomhthéacs thacaíocht an Aontais do chur chun feidhme leanúnach agus iomlán shocrú núicléach na hIaráine, go háirithe trí thacú leis na naisc thráchtála agus eacnamaíocha idir an tAontas Eorpach agus an Iaráin.
In 2018, tharraing na Stáit Aontaithe siar as socrú núicléach na hIaráine, a bhí dírithe ar chlár núicléach na hIaráine a rialú mar mhalairt ar dheireadh a chur le smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na hIaráine. Mar thoradh ar an tarraingt siar sin, d’fhorchuir na Stáit Aontaithe smachtbhannaí arís ar an Iaráin agus liosta de na daoine ar chuir siad bac ar a sócmhainní. Cuireadh toirmeasc arís eile ar thrádáil le haon duine nó eintiteas atá ar an liosta a dhréachtaigh údaráis na Stát Aontaithe. Bhí feidhm ag an toirmeasc sin ar an gcaoi chéanna maidir le gnóthais lasmuigh de na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear gnóthais Eorpacha.
Mar fhreagairt ar na smachtbhannaí sin a thabhairt isteach an athuair, thug an tAontas Eorpach a ‘Reacht Blocála’ cothrom le dáta chun leasanna ghnóthais an Aontais a chosaint. Dá bhrí sin, chun cuideachtaí Eorpacha a chosaint ar éifeachtaí smachtbhannaí na Stát Aontaithe, cuireadh toirmeasc ar na gnóthais sin na smachtbhannaí sin a chomhlíonadh murar údaraigh an Coimisiún Eorpach iad. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfar údarú den sórt sin a dheonú i gcás ina bhféadfadh neamhchomhlíonadh na smachtbhannaí eachtracha dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna an ghnóthais lena mbaineann nó do leasanna an Aontais Eorpaigh.
Is cuideachta Ghearmánach é IFIC Holding AG atá faoi úinéireacht indíreach Stát na hIaráine agus a cuireadh leis an liosta in 2018. Tar éis an liostaithe sin, chuir Clearstream Banking AG, an t-aon bhanc taisce urrús atá údaraithe sa Ghearmáin, isteach ar íocaíocht na ndíbhinní a fuair an IFIC ó ghnóthais éagsúla de chuid na Gearmáine ina bhfuil bunanna aige, agus chuir sé bac orthu ar chuntas ar leithligh.
Ina theannta sin, d’iarr Clearstream go n-údaródh an Coimisiún dó cloí le smachtbhannaí na Stát Aontaithe maidir le hurrúis nó cistí IFIC. Ar dtús, dheonaigh an Coimisiún an t-údarú sin, i mí Aibreáin 2020, ar feadh 12 mhí, agus ansin rinne sé é a athnuachan in 2021 agus 2022. Chuir IFIC in aghaidh na gcinntí sin trí chaingean le haghaidh neamhniú a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta.
Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta caingean IFIC, rud a d’údaraigh do Clearstream Banking AG cloí leis na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Iaráin sna Stáit Aontaithe. Bhí an Chúirt Ghinearálta den tuairim, cé gur ceanglaíodh ar an gCoimisiún leasanna an ghnóthais a d’iarr an t-údarú a chur san áireamh (Clearstream), nach raibh sé d’oibleagáid air leasanna an ghnóthais liostaithe (IFIC) a chur san áireamh ná roghanna eile nach bhfuil chomh trom céanna a fhiosrú ina leith. Mheas sí freisin gur thug na cuspóirí atá á saothrú ag an Aontas Eorpach i gcomhthéacs smachtbhannaí seach-chríochacha arna bhforchur ag tríú tír bonn cirt le ceart éisteachta IFIC a theorannú le linn an phróisis cinnteoireachta sular dheonaigh an Coimisiún a údarú.
Caingean le haghaidh neamhniú
Le caingean le haghaidh neamhniú, iarrtar gníomhartha de chuid Institiúidí an Aontais Eorpaigh atá contrártha le dlí an Aontais Eorpaigh a neamhniú. Féadfaidh na Ballstáit, na hInstitiúidí Eorpacha agus daoine aonair, faoi choinníollacha áirithe, caingean le haghaidh neamhniú a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta. Má tá bunús maith leis an ngníomhaíocht, cuirtear an gníomh ar neamhní. Ní mór don institiúid lena mbaineann aon fholús dlíthiúil a líonadh ansin, ar folús dlíthiúil é a chruthaítear le neamhniú an ghnímh.
Cás Bank Melli Iran (C-124/20)
Sa chás seo, d’agair BMI, banc atá faoi úinéireacht stát na hIaráine, ag brath ar an Reacht Blocála os comhair chúirteanna na Gearmáine chun cur i bhfeidhm smachtbhannaí na Stát Aontaithe sa Ghearmáin a chonspóid. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, sa chéad chás dá dtagraítear di i ndáil le Reacht Blocála an Aontais Eorpaigh, go bhféadfaí brath os comhair na gcúirteanna náisiúnta i gcomhthéacs imeachtaí sibhialta ar an toirmeasc a leagtar síos i ndlí an Aontais ar na smachtbhannaí arna bhforchur ag na Stáit Aontaithe i gcoinne na hIaráine a chomhlíonadh.
Súil siar ar na breithiúnais is tábhachtaí i rith na bliana
TOMHALTÓIRÍ
Is é an aidhm atá le bearta Eorpacha a bhaineann le cosaint tomhaltóirí ná sláinte, sábháilteacht, agus leasanna eacnamaíocha agus dlíthiúla thomhaltóirí na hEorpa a chosaint, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu, a mbíonn siad ag taisteal nó a mbíonn siad ag siopadóireacht laistigh den Aontas Eorpach.
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
An Chúirt Bhreithiúnais: cearta thomhaltóirí AE a ráthú
COMHSHAOL
Tá an tAontas tiomanta do cháilíocht an chomhshaoil a chaomhnú agus a fheabhsú, agus do shláinte an duine a chosaint. Tá sé bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim, ar an bprionsabal maidir le cosc agus ar an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’.
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
An Chúirt Bhreithiúnais agus an Comhshaol
SONRAÍ PEARSANTA
Tá bonn láidir agus comhsheasmhach ag Rialacha an Aontais Eorpaigh chun sonraí pearsanta a chosaint. Ní mór próiseáil agus coinneáil sonraí den sórt sin a bheith i gcomhréir leis na coinníollacha dlíthiúlachta a leagtar síos leis na rialacha, go háirithe a bheith teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus gan cur isteach go díréireach ar an gceart chun bpríobháideachais.
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
An Chúirt Bhreithiúnais agus an Saol Digiteach
CÓIR CHOMHIONANN AGUS DLÍ FOSTAÍOCHTA
Tá níos mó ná 240 milliún oibrí san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, baineann líon mór saoránach tairbhe dhíreach as forálacha dhlí fostaíochta na hEorpa, lena leagtar síos íoschaighdeáin maidir le dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta agus, ar an gcaoi sin, lena gcomhlánaítear na beartais atá á saothrú ag na Ballstáit.
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
An Chúirt Bhreithiúnais: an chóir chomhionann a ráthú agus cearta mionlach a chosaint
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
An Chúirt Bhreithiúnais san ionad oibre – cearta oibrithe a chosaint
SAORÁNACHT EORPACH
Gach duine a bhfuil náisiúntacht Stáit de chuid an Aontais Eorpaigh aige, is saoránach den Aontas Eorpach é go huathoibríoch. Beidh saoránacht an Aontais de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní thagann sí ina hionad. Tá cearta sonracha ag saoránaigh an Aontais a ráthaítear le Conarthaí an Aontais.
IMIRCE
Tá sraith rialacha glactha ag an Aontas Eorpach chun beartas imirce Eorpach atá éifeachtach, daonnúil agus sábháilte a chur i bhfeidhm. Leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn, leagtar síos na híoschaighdeáin maidir leis an gcaoi ina gcaitear le hiarrthóirí tearmainn agus a n-iarratas ar fud an Aontais.
AN SMACHT REACHTA
Leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, amhail an Conradh ar an Aontas Eorpach, déantar tagairt shainráite don smacht reachta mar cheann de chomhluachanna coiteanna na mBallstát. Gné bhunriachtanach den smacht reachta is ea neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcúirteanna.
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
An smacht reachta a chur i bhfeidhm san Aontas
MAOIN INTLEACHTÚIL
Leis na rialacha arna nglacadh ag an Aontas chun maoin intleachtúil (cóipcheart) agus tionsclaíochta (dlí trádmharcanna, cosaint dearaí) feabhsaítear iomaíochas gnólachtaí trí thimpeallacht a chothú lena ndéantar cruthaitheacht agus nuálaíocht a chothú.
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
Maoin Intleachtúil sa Chúirt Ghinearálta
BEARTA SRIANTACHA AGUS BEARTAS EACHTRACH
Is ionstraim bhunriachtanach de Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh iad bearta sriantacha nó ‘smachtbhannaí’ chun a luachanna, a leasanna bunúsacha agus a shlándáil a chosaint. Le smachtbhannaí, féachtar le hathrú a dhéanamh ar bheartas nó iompar iad siúd ar a bhfuil siad dírithe.
Beartas trádála
Baineann an beartas trádála le dlínse an Aontais amháin. Leagann an tAontas síos rialacha i ndáil le ceisteanna trádála agus tugann sé comhaontuithe trádála idirnáisiúnta i gcrích. De bharr go bhfeidhmíonn an tAontas d’aon ghuth ar an leibhéal idirnáisiúnta, is fearr ansin a fheidhmíonn an tAontas sa trádáil idirnáisiúnta.
TAX RULINGS
I bprionsabal, is ar na Ballstáit atá an fhreagracht maidir le cánacha díreacha. Mar sin féin, ní mór dóibh bunrialacha an Aontais Eorpaigh a urramú, amhail an cosc ar Státchabhair. Mar shampla, déanann an tAontas faireachán ar dhlíthiúlacht na réamhrialuithe cánach (‘tax rulings’) ó Bhallstáit áirithe lena dtugtar cóireáil cánach ar leith do chuideachtaí.
IOMAÍOCHT
Cuireann an tAontas Eorpach rialacha i bhfeidhm chun saoriomaíocht a chosaint. Toirmiscfear cleachtais arb é is aidhm nó d’éifeacht leo iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh agus féadfar iad a cheadú le fíneálacha.
ROCHTAIN AR DHOICIMÉID
Is prionsabal lárnach de chuid an Aontais é an trédhearcacht sa saol poiblí. D’fhéadfadh aon saoránach nó duine dlítheanach den Aontas, i bprionsabal, rochtain a bheith aige nó aici ar dhoiciméid na nInstitiúidí. I gcásanna áirithe, áfach, féadfar an rochtain sin a dhiúltú má tá bonn cirt leis.
Cuireann an Stiúrthóireacht um Thaighde agus um Dhoiciméadú ar fáil do ghairmithe dlí, ina Cnuasach de résumés, ‘Rogha Breithiúnas Mór’ agus ‘Feasachán Míosúil ar Chásdlí’ na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta.