A | An bhliain in íomhánna
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-1.jpg)
Eanáir
Ainm bréige a shannadh do chásanna anaithnide
Tugtar ainm bréige do na teistiméireachtaí anaithnidithe le haghaidh réamhrialú trí úsáid a bhaint as gineadóir ainmneacha uathoibríoch ríomhairithe. Is é is aidhm don tionscnamh seo cosaint sonraí pearsanta a neartú agus é a dhéanamh níos éasca cásanna a shainaithint ag an am céanna.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-2.jpg)
Eanáir
Gealltanas sollúnta ag seisear Comhaltaí nua de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
Arna gceapadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, tugann comhaltaí nua Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Jorg Kristijan Petrovič, Stef Blok, George Marius Hyzler, Lefteris Christoforou, Laima Liucija Andrikienė agus Keit Pentus-Rosimannus, a ngealltanas sollúnta os comhair na Cúirte Breithiúnais.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-3.jpg)
Feabhra
Cuairt toscaireachta na Cúirte i Ríge
Téann toscaireacht, atá comhdhéanta de bhreithiúna Laitviacha na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, Ineta Ziemele agus Inga Reine faoi seach, agus comhaltaí bhainistíocht shinsearach na Cúirte Breithiúnais, go Ríge (an Laitvia) mar chuid de chuairt oibre chun cumarsáid, malartú faisnéise agus comhar idir institiúidí na Laitvia agus an Chúirt a neartú.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-4.jpg)
Aibreán
Leasú ar Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta
D’fhonn córas ceartais nua-aimseartha agus éifeachtúil a chur chun cinn, leasaíonn an Chúirt Ghinearálta a Rialacha Nós Imeachta. Is é is cuspóir do na hathruithe sin nósanna imeachta breithiúnacha a shoiléiriú agus a shimpliú, lena n-áirítear an fhéidearthacht físchomhdháil a úsáid le haghaidh éisteachtaí, síniú leictreonach cinntí agus cásanna píolótacha a ainmniú
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-5.jpg)
Aibreán
Freascó ó Mhúsaem Náisiúnta Seandálaíochta Napoli
Tá Vittoria alata, freascó ó Pompeii, tugtha ar iasacht ag Músaem Náisiúnta Seandálaíochta Napoli (MANN) don Chúirt lena chur ar taispeáint. Siombail na síochána agus an rathúnais ag dul siar go dtí an chéad aois AD, léiríonn an freascó seo an nasc idir an ealaín agus an institiúid bhreithiúnach.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-6.jpg)
Aibreán
Eagraíodh comhdháil nuair a chríochnaigh Emmanuel Coulon mar Chláraitheoir na Cúirte Ginearálta
Ar chríochnú sheirbhís Emmanuel Coulon, Cláraitheoir na Cúirte Ginearálta ó 2005 go 2023, tionóltar comhdháil dar teideal ‘Breithnithe maidir leis an dlí nós imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta’ i Mór-Sheomra na Cúirte Ginearálta.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-7.jpg)
Bealtaine
Babhta ceannais den chomórtas ‘European Law Moot Court’
In 1988 a eagraíodh European Law Moot Court den chéad uair, agus tá sé ar an gcomórtas is mó ar domhan i réimse dhlí an Aontais Eorpaigh. Is í Ollscoil Turin (an Iodáil) an fhoireann a bhuaigh in 2023.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-8.jpg)
Bealtaine
Lá na hEorpa
Chun comóradh a dhéanamh ar Dhearbhú Schuman, osclaíonn an Chúirt a doirse do shaoránaigh chun cabhrú leo tuilleadh a fhoghlaim faoina gníomhaíochtaí. Trí thurais threoraithe, a thairgtear den chéad uair go fíorúil freisin, foghlaimíonn na saoránaigh faoi ról agus feidhmiú an dá chúirt, faoi shaol an cháis agus faoi sheirbhísí na hInstitiúide.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-9.jpg)
Bealtaine
Oscailt Ghairdín an Ilteangachais
Osclaítear Gairdín an Ilteangachais, atá suite i síneadh chearnóg na hInstitiúide, ar Lá na hEorpa. Déanann an spás glas nua seo, lena chineálacha plandaí éagsúla, ceiliúradh ar aontacht na héagsúlachta trí theangacha agus cultúir agus is é bunbhrí na Cúirte é.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-10.jpg)
Bealtaine
Breithiúnas in Meta Platforms Ireland v an Coimisiún
Déanann an Chúirt Ghinearálta, ag féachaint do na bearta tionlacain a rinne an Coimisiún (lena n-áirítear seomra fíorúil sonraí a chur ar bun), caingean Meta Platforms Ireland a dhíbhe agus measann sí gur beart iomchuí é iarraidh an Choimisiúin, i gcomhthéacs imscrúdú ar iompar frithiomaíoch, doiciméid ina bhfuil téarmaí cuardaigh áirithe a thíolacadh chun an córas iomaíoch dá bhforáiltear sna Conarthaí a choinneáil ar bun (T-451/20).
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-11.jpg)
Meitheamh
Comóradh 50 bliain aontachas na Danmhairge agus na hÉireann
In 1973, chuaigh an Danmhairg agus Éire (chomh maith leis an Ríocht Aontaithe) isteach san Aontas Eorpach. Déanann an dá Bhallstát seo comóradh 50 bliain d’aontachas agus den chéad mhéadú ar an Aontas Eorpach.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-12.jpg)
Meitheamh
Vittorio Di Bucci, Cláraitheoir nua na Cúirte Ginearálta, á chur faoi mhionn
Déanann Breithiúna na Cúirte Ginearálta Vittorio Di Bucci a cheapadh mar Chláraitheoir Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar feadh téarma oifige sé bliana. Tagann sé i gcomharbacht ar Emmanuel Coulon.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-13.jpg)
Meitheamh
Glacadh na Straitéise maidir leis an Intleacht Shaorga
Glacann an Chúirt a Straitéis maidir le hUirlisí atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga a chomhtháthú. Leagtar amach sa doiciméad seo na cuspóirí agus na prionsabail maidir le húsáid na n-uirlisí sin, tugtar forléargas ann ar na príomhrioscaí agus moltar rialachas.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-14.jpg)
Iúil
Comóradh 10 mbliana aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach
An 1 Iúil 2013, ba í an Chróit an Ballstát deireanach a tháinig isteach san Aontas Eorpach. 10 mbliana níos déanaí, i mí Eanáir 2023, tháinig sí isteach sa limistéar euro agus i limistéar Schengen freisin. Chun an chéim stairiúil seo a cheiliúradh, reáchtáiltear searmanas i Mór-Sheomra na Cúirte Breithiúnais.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-15.jpg)
Iúil
Breithiúnas in Meta Platforms agus páirtithe eile
Tar éis tarchur a rinne cúirt de chuid na Gearmáine, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhféadfadh údarás iomaíochta náisiúnta a chinneadh gur sáraíodh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) i gcomhthéacs imscrúdú ar mhí-úsáid ceannasachta (C-252/21).
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-16.jpg)
Meán Fómhair
Comhdháil ‘Aontaithe san Éagsúlacht II’ sa Háig
Don dara heagrán seo de chomhdhálacha ‘EUnited’, tagann toscaireacht ón gCúirt Bhreithiúnais le chéile sa Háig le breithiúna ó na cúirteanna bunreachtúla agus uachtaracha náisiúnta agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine chun plé a dhéanamh ar an smacht reachta agus ar an ngá atá le héagsúlacht bhunreachtúil na mBallstát a chaomhnú.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-17.jpg)
Meán Fómhair
Beirt Chomhaltaí nua den Chúirt Ghinearálta á gcur faoi mhionn
Glacann Saulius Lukas Kalėda (an Liotuáin) agus Louise Spangsberg Grønfeldt (an Danmhairg) an mionn ag éisteacht shollúnta nuair a théann siad i mbun a ndualgas mar Bhreithiúna den Chúirt Ghinearálta.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-18.jpg)
Meán Fómhair
Comhdháil Ilteangachais sa Chúirt
Ag díriú ar dhul chun cinn teicneolaíoch, pléann cainteoirí agus rannpháirtithe na comhdhála úsáid uirlisí nua éifeachtacha d’obair speisialtóirí i réimsí an aistriúcháin agus na hateangaireachta dlí.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-19.jpg)
Deireadh Fómhair
Bronnadh saothair ealaíne ó Ghailearaí Náisiúnta na Slóivéine
Ar chuairt chuig an gCúirt ó Uachtarán Phoblacht na Slóivéine, Nataša Pirc Musar, tá trí shaothar ealaíne – Poletje (samhradh) agus Zima (geimhreadh) le Tugo Šušnik, chomh maith le Lipizzaner Horse le Janez Boljka – ar iasacht ó Ghailearaí Náisiúnta na Slóivéine le haghaidh taispeántais.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-20.jpg)
Samhain
Fóram na mBreithiúna
Tagann breithiúna na gcúirteanna náisiúnta le chéile sa Chúirt chun saincheisteanna éagsúla a phlé, amhail imeachtaí um réamhrialú, coincheap an neamhspleáchais bhreithiúnaigh faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, cosaint tomhaltóirí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-21.jpg)
Samhain
Gealltanas sollúnta ag ochtar Comhaltaí nua d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Tugann José António Lopes Ranito, Ignacio de Lucas Martín, Miranda de Meijer, Gedgaudas Norkūnas, Anne Pantazi Lamprou, Nikolaos Paschalis, Ursula Schmudermayer agus Andrea Venegoni a ngealltanas sollúnta os comhair na Cúirte ar thús a chur lena bpost in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-22.jpg)
Nollaig
Comhaontú polaitiúil ar aistriú páirteach na dlínse réamhrialaithe chuig an gCúirt Ghinearálta
Ag cruinniú den ‘quadrilogue’ idir ionadaithe Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Choimisiúin Eorpaigh agus na Cúirte Breithiúnais, thángthas ar chomhaontú polaitiúil ar iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le dlínse réamhrialaithe a aistriú go páirteach chuig an gCúirt Ghinearálta.
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-23.jpg)
Nollaig
Breithiúnas in European Superleague Company
Arna iarraidh sin do chúirt de chuid na Spáinne, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór cumhachtaí rialála, rialaithe agus smachtbhannaí FIFA agus UEFA i ndáil le comórtais sacair idirchlubanna a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le chéile, amhail an Superleague, a fheidhmiú ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach, i gcás nach sárófaí dlí na hiomaíochta ná an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar (C-333/21).
![](../assets/img/photos-2023/at-a-glance-timeline/at-a-glance-timeline-24.jpg)
Nollaig
Lá Feasachta Míchumais sa Chúirt
Eagraíonn an Institiúid, atá tiomanta go hiomlán don inrochtaineacht agus don chuimsiú, ceardlanna agus seimineáir ghréasáin chun feasacht a mhúscailt i measc a foirne maidir le cearta daoine faoi mhíchumas.
B | An bhliain i bhfigiúirí
An Institiúid in 2023
An bhliain bhreithiúnach (an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta)
*Ag deireadh na bliana 2023, tugadh sraith eisceachtúil de 404 chás a bhí comhionann go bunúsach, os comhair na Cúirte Ginearálta maidir le cearta a fuarthas nó a bhí á bhfáil faoin scéim pinsean forlíontach do Chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa. Rinneadh na cásanna sin a uamadh. Má áirítear iad mar chás amháin, is iad na glanfhigiúirí ná 1 689 gcás a tugadh isteach agus 2 587 gcás atá ar feitheamh
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
e-Curia : Feidhmchlár chun doiciméid dhlíthiúla a mhalartú leis an gCúirt
Na seirbhísí teanga
Mar institiúid bhreithiúnach ilteangach, ní mór don Chúirt a bheith in ann déileáil le cás, beag beann ar theanga oifigiúil an Aontais inar tugadh an cás isteach. Cinntíonn sí ansin go scaiptear a cásdlí sna teangacha oifigiúla go léir.
![](../assets/img/photos/youtube-logo.png)
An tIlteangachas ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – rochtain chomhionann ar an gceartas a chinntiú