Éisteachtaí poiblí

Iarrtar ar grúpaí cuairteoirí a bhfuil éisteacht á lorg acu ina gclár na dátaí de théarmaí na cúirte a chinntiú.

Déanann Seirbhís na gCuairteanna an cinneadh maidir le cén éisteacht ar a bhfreastalóidh cuairteoirí ag braith ar suimeanna an ghrúpa, líon suíochán na seomraí cúirte, líon na gcuairteoirí an lá sin, teanga an cháis, srl.

De ghnáth bíonn ateangaireacht i dteangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh ar fáil do ghrúpaí atá ar an sceideal.

Le linn na héisteachta, iarrtar ar chuairteoirí cloí le rialacha slándála agus rialacha iompraíochta na Cúirte.

Féadfar éisteachtaí a chur ar ceall nó ar atráth: sa chás sin, molfaidh Seirbhís na gCuairteanna clár eile.