Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Saoraistritheoirí

An tSeirbhís Aistriúcháin

Déanann seirbhís aistriúcháin dhlíthiúil na hinstitiúide, ina a bhfuil 600 dlíodóir, doiciméid bhreithiúnacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a aistriú. Cinntíonn an tseirbhís, mar sin, reáchtáil réidh nósanna imeachta agus scaipeadh ilteangach an chásdlí, rud a thugann rochtain do shaoránaigh uile an Aontais ar cheartas agus cásdlí na hEorpa, beag beann ar a dteanga.

Déanann an tseirbhís réimse leathan téacsanna dlí a aistriú agus iad éagsúil de réir roinnt gnéithe: nádúr an cháis, an t-ábhar, an cineál doiciméid (doiciméid nós imeachta, Tuairimí Abhcóidí Ginearálta, breithiúnais, orduithe), teanga, stíl, fad, cultúr dlíthiúil an údair, etc.

Ag obair don Chúirt

Tá beagnach trian de na téacsanna aistrithe ag comhoibrithe seachtracha (saoraistritheoirí). Is daoine nádúrtha nó dlíthiúla iad seo ar chuir an institiúid conradh i gcrích leo, bunaithe ar na rialacha rúndachta is déine, agus a bhfuil dlúthchaidreamh oibre aici leo. Cé go bhfuil cuspóirí cáilíochta aistriúcháin an-ard, baineann saoraistritheoirí  tairbhe as tacaíocht agus cúnamh sheirbhís aistriúcháin na Cúirte chun é sin a bhaint amach.

Socruithe solúbtha oibre

Tá na saoraistritheoirí saor chun a n-áit oibre a roghnú, ós rud é go ndéanann siad a gcuid oibre ó chian (tríd an teileafón, ríomhphost agus ardáin éagsúla Idirlín a úsáid). Ina theannta sin, is féidir le saoraistritheoirí glacadh leis an méid aistriúcháin a oireann dóibh, ag brath ar na spriocdhátaí éagsúla. Mar sin, is féidir an cineál comhoibrithe seo a dhéanamh mar ghníomhaíocht chomhlántach, go háirithe ag gairmithe dlí.

Nós imeachta roghnúcháin

Roghnaítear saoraistritheoirí trí fhógraí conartha a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tá na fógraí conartha seo, a chlúdaíonn líon mór teaglamaí teanga, buan agus oscailte, i.e. ceadaíonn siad rannpháirtíocht conraitheoirí nua tráth ar bith. Síníonn na daoine a roghnaítear ar bhonn tástálacha aistriúcháin – a dhéantar ó chian –creatchonradh leis an gCúirt.

Margadh oscailte agus iomaíocht leanúnach

Cuirfear conraitheoirí san áireamh i liosta a bhfuil ord an aicmithe bunaithe ar chaighdeán an aistriúcháin, arna mheasúnú le linn na dtástálacha, agus ar iomaíochas an phraghais a ghearrann an conraitheoir. Moltar an obair aistriúcháin dóibh go rialta de réir an oird aicmithe seo. Déantar athbhreithniú air seo go tréimhsiúil de réir chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil, rud a cheadaíonn go háirithe tairiscintí nua a bhreithniú.

Tá an conradh aistriúcháin dhlíthiúil oscailte do chomórtas ar bhonn buan le linn a fhad (48 mí ar a mhéad), ar choinníoll, áfach, nár thángthas ar an líon uasta conraitheoirí don bheart lena mbaineann (d'fhonn an líon uasta conraitheoirí atá údaraithe le haghaidh birt a fháil amach, féach an fógra conartha lena mbaineann).  Faoi réir an fhorchoimeádais sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlíthenach, dá bhrí sin, iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach le linn fhad an chonartha, déanfaidh an Chúirt measúnú rialta ar na hiarratais nua ar rannpháirtíocht a fhaigheann sí.

 

Is féidir iarratais ar fhaisnéis/rannpháirtíocht a sheoladh chuig:

FreelanceGA@curia.europa.eu

Faisnéis phraiticiúil

Féadfaidh aon duine cáilithe ar mian leo aistriúcháin a dhéanamh, mar shaoraistritheoir, do na teaglamaí teanga a léirítear sna fógraí conarthaí iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach.

> AN SOLÁTHAR POIBLÍ NUA

Fógra Conartha 2025

Langue cible Descriptif Avis de marché
BG Сключване на рамкови договори за превод на юридически текстове от някои официални езици на Европейския съюз на български

2025/S 199-679881

710685-2025
(С настоящото обявление се променя предишната версия)

ES Celebración de contratos marco para la traducción al español de textos jurídicos a partir de determinadas lenguas oficiales de la Unión Europea 2025/S 199-681563
CS Uzavření rámcových smluv na překlad právních textů z některých úředních jazyků Evropské unie do českého jazyka 2025/S 199-682446
 
DA Indgåelse af flere rammeaftaler vedrørende oversættelse af juridiske tekster fra bestemte af Den Europæiske Unions officielle sprog til dansk 2025/S 199-683330
DE Abschluss von Rahmenverträgen für die Übersetzung juristischer Texte aus bestimmten Amtssprachen der Europäischen Union ins Deutsche 2025/S 199-683002
ET Raamlepingud juriidiliste tekstide tõlkimiseks Euroopa Liidu teatud ametlikest keeltest eesti keelde

2025/S 199-680033

709474-2025
(Käesoleva teatisega muudetakse eelmist versiooni)

EL Σύναψη συμβάσεων-πλαισίων για τη μετάφραση νομικών κειμένων από ορισμένες επίσημες γλώσσες της Ευρωπαϊκής Ενώσεως προς τα ελληνικά 2025/S 199-680189
EN Conclusion of framework contracts for the translation of legal texts from certain official languages of the European Union into English 2025/S 199-679913
FR Conclusion de contrats-cadres pour la traduction de textes juridiques de certaines langues officielles de l'Union européenne vers le français

2025/S 199-681875

709731-2025
(Cet avis modifie la version précédente)

HR Sklapanje okvirnih ugovora za prijevod pravnih tekstova s određenih službenih jezika Europske unije na hrvatski 2025/S 199-683401
IT Conclusione di contratti-quadro per la traduzione di testi giuridici da determinate lingue ufficiali dell'Unione europea in italiano

2025/S 199-681915

712340-2025
(Questo avviso modifica la versione precedente)

LV Pamatlīgumu par juridisku tekstu tulkošanu no noteiktām Eiropas Savienības oficiālajām valodām uz latviešu valodu noslēgšana

2025/S 199-683076

LT Bendrųjų sutarčių sudarymas dėl teisinių tekstų vertimų raštu iš kai kurių Europos Sąjungos oficialiųjų kalbų į lietuvių kalbą 2025/S 199-679646
HU Jogi szövegeknek az Európai Unió egyes hivatalos nyelveiről magyar nyelvre történő fordítására irányuló keretszerződések megkötése 2025/S 199-681414
MT Konklużjoni ta' kuntratti qafas għat-traduzzjoni ta' testi ġuridiċi minn ċerti lingwi uffiċjali tal-Unjoni Ewropea lejn il-Malti 2025/S 199-681146
 
NL Sluiten van raamcontracten voor de vertaling van juridische teksten vanuit een aantal officiële talen van de Europese Unie naar het Nederlands 2025/S 199-679424
PL Zawarcie umów ramowych o tłumaczenie tekstów prawniczych z niektórych języków urzędowych Unii Europejskiej na język polski 2025/S 199-679669
PT Celebração de contratos-quadro para a tradução de textos jurídicos a partir de certas línguas oficiais da União Europeia para português 2025/S 199-680094
RO Încheierea de contracte-cadru pentru traducerea unor texte juridice din anumite limbi oficiale ale Uniunii Europene în limba română 2025/S 199-682924
 
SK Uzavretie rámcových zmlúv na preklad právnych textov z niektorých úradných jazykov Európskej únie do slovenského jazyka 2025/S 199-681609
 
SL Sklenitev okvirnih pogodb za prevajanje pravnih besedil iz nekaterih uradnih jezikov Evropske unije v slovenščino 2025/S 199-679970
FI Puitesopimusten tekeminen oikeudellisten tekstien kääntämisestä tietyistä Euroopan unionin virallisista kielistä suomeen 2025/S 199-683087
SV Ramkontrakt för översättning av juridiska texter från vissa av Europeiska unionens officiella språk till svenska 2025/S 199-679878

 

Doiciméid tairisceana:

Iarscríbhinn 1 – Cumas gairmiúil (EN)
Iarscríbhinn 2 – Foirm chlárúcháin éigeantach (EN)
Iarscríbhinn 3 – Foirm ‘Eintiteas dlíthiúil’ EN | FR
Iarscríbhinn 4 – Dearbhú ar onóir maidir leis na critéir eisiaimh agus na critéir roghnúcháin (EN)word-icon
Iarscríbhinn 5 – Leathanach cumhdaigh na tairisceana EN word-iconFR word-icon
Iarscríbhinn 6 – Togra airgeadais (‘Tairiscint phraghais’) EN word-iconFR word-icon
Iarscríbhinn 7 – Dréacht-chreatchonradh ENFR

Féach ar an bhfíseán: conas a oibríonn seirbhís aistriúcháin na Cúirte agus cad lena mbímid ag súil ónár saoraistritheoirí.

 

Sprioctheanga

Cur síos

Fógra conartha

GA

Tabhairt i gcrích creatchonarthaí le haghaidh téacsanna dlí i dteangacha oifigiúla áirithe den Aontas Eorpach a aistriú go Gaeilge

2025/S 143-494210